|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 5 de 1974 | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN ACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956 (BUANÚ), 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE A BHEIDH AN tACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956, I bhFEIDHM. [27 Márta, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, a bhuanú. |
1. —(1) Leanfaidh an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1977, agus rachaidh sé in éag ansin. |
[EN] | (2) Aisghairtear leis seo an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forála Sealadacha), 1956 (Buanú), 1971. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1974, a ghairm den Acht seo. |