11 1974


Uimhir 11 de 1974


AN tACHT UM CHAIGHDEÁIN BHIA, 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ CAIGHDEÁIN LE hAGHAIDH BIA DON DUINE A BHUNÚ AGUS A CHUR I bhFEIDHM, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [12 Meitheamh, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “bia” aon substaint a úsáideann an duine mar bhia nó mar dheoch, agus

(a) aon substaint a bhaineann le, nó a úsáidtear i ndáil le, comhdhéanamh nó ullmhú bia don duine,

(b) aon substaint a bhaineann le, nó a úsáidtear i ndáil le, comhdhéanamh nó ullmhú aon substainte den sórt sin a dúradh, agus

(c) guma coganta agus táirgí dá shamhail de chomhdhéanamh agus d'úsáid,

agus folaíonn tagairtí do bhia, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, tagairtí do bhia áirithe, do bhianna áirithe nó d'aicme nó d'aicmí bia;

ciallaíonn “díol” mórdhíol nó miondíol agus folaíonn sé—

(a) rud a thairiscint nó a thaispeáint lena mhórdhíol nó lena mhiondíol,

(b) rud a shealbhú lena mhórdhíol nó lena mhiondíol, agus

(c) rud a sholáthar faoi chomhshocruithe eile conarthacha,

agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Caighdeáin le haghaidh bia.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, an tAire Tionscail agus Tráchtála nó an tAire Sláinte, le rialacháin, foráil a dhéanamh do chaighdeáin maidir le bia agus, go háirithe ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh sé foráil a dhéanamh le rialacháin maidir le haon ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) ainmneacha bia,

(b) tuairiscí bia,

(c) comhdhéanamh agus cáilíocht bia,

(d) modhanna monaraithe agus ullmhaithe bia,

(e) breiseáin a úsáidtear ag monarú nó ag ullmhú bia,

(f) truaillitheoirí (lena n-áirítear iarmhair lotnaidicídí) i mbia,

(g) sláinteachas maidir le bia,

(h) teorainneacha ama chun bia a thomhailt,

(i) pacáistiú, lipéadú agus tíolacadh bia,

(j) iompar, stóráil agus dáileadh bia,

(k) meáchain agus tomhais le haghaidh bia,

(l) ábhair atá iarmhartach nó forlíontach ar aon ábhar díobh sin roimhe seo nó atá foghabhálach nó teagmhasach leis.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin faoin alt seo nach ndéanfaidh duine—

(a) bia a bheartaítear a dhíol mar bhia don duine a allmhairiú,

(b) bia a bheartaítear a dhíol mar bhia don duine a iompar,

(c) bia a bheartaítear a dhíol mar bhia don duine a stóráil, ná

(d) bia a bheartaítear mar bhia don duine a dhíol,

faoin ainm a bheidh sonraithe sna rialacháin mura gcomhlíonann an bia na rialacháin.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin faoin alt seo nach ndéanfaidh duine—

(a) bia a bheartaítear a dhíol mar bhia don duine a mhonarú,

(b) bia a bheartaítear a dhíol mar bhia don duine a ullmhú,

(c) bia a bheartaítear a dhíol mar bhia don duine a allmhairiú,

(d) bia a bheartaítear a dhíol mar bhia don duine a iompar,

(e) bia a bheartaítear a dhíol mar bhia don duine a stóráil, ná

(f) bia a bheartaítear mar bhia don duine a dhíol,

mura gcomhlíonann an bia na rialacháin.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin faoin alt seo nach n-onnmhaireoidh duine nó nach n-onnmhaireoidh sé go dtí tír shonraithe nó go dtí tíortha sonraithe bia nach gcomhlíonann na rialacháin nó forálacha sonraithe díobh.

(5) Beidh duine a sháróidh rialachán faoin alt seo ciontach i gcion.

(6) Sula ndéanfaidh Aire Stáit dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo rialacháin faoin alt seo glacfaidh sé comhairle le cibé eagraíochtaí ar dóigh leis mórchion leasa a bheith acu in ábhar na rialachán murab é a thuairim gurb iomchuí na rialacháin a dhéanamh gan comhairle a ghlacadh amhlaidh.

Fógra go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi alt 2.

3. —Dhá mhí ar a laghad sula ndéanfar aon rialacháin faoi alt 2 den Acht seo, cuirfidh an tAire Stáit a bheartaíonn iad a dhéanamh faoi deara fógra a fhoilsiú i nuachtán maidine laethúil a fhoilsítear sa Stát á rá go bhfuil ar intinn aige na rialacháin a dhéanamh agus á chur in iúl i gcoitinne céard is ábhar agus is réim dóibh.

Rialacháin a fheidhmiú.

1941, Uimh. 23 .

4. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, an tAire Tionscail agus Tráchtála nó an tAire Sláinte rialacháin a dhéanamh do dhéanamh forála i dtaobh gach ní nó aon ní díobh seo a leanas:

(a) rialacháin a fheidhmiú agus a fhorghníomhú faoin Acht seo—

(i) ag oifigigh do na hAirí Stáit réamhráite le toiliú, i gcás oifigigh nach oifigeach don Aire Stáit a rinne na rialacháin, ón Aire Stáit arb oifigeach dó é,

(ii) ag oifigigh do bhoird sláinte le toiliú an Aire Sláinte,

(iii) ag oifigigh d'údaráis áitiúla le toiliú, murab é an tAire Stáit a rinne na rialacháin an tAire iomchuí chun críocha Chuid II den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , maidir le hoifig áirithe, ón Aire iomchuí chun na gcríocha sin maidir leis an oifig áirithe,

(iv) ag oifigigh Chustam agus Máil le toiliú ón Aire Airgeadais,

(b) taifid a choimeád ag daoine a bhíonn ag monarú, ag ullmhú, ag allmhairiú, ag iompar, ag stóráil, ag onnmhairiú nó ag díol bia agus na taifid sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh ag oifigigh a bhíonn ag feidhmiú nó ag forghníomhú na rialachán.

(2) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo i dtaobh aon ní díobh seo a leanas:

(a) dul isteach in áitreabh agus é a iniúchadh (gach tráth réasúnach ag daoine a bheidh údaraithe chuige sin leis na rialacháin) a gcreideann na daoine le réasún go ndéantar ann bia lena mbaineann rialacháin faoin Acht seo a mhonarú lena dhíol, a ullmhú lena dhíol, a stóráil lena dhíol nó a dhíol,

(b) dul isteach i longa, in aerárthaí, i bhfeithiclí agus i gcoimeádáin agus iad a iniúchadh (gach tráth réasúnach ag daoine a bheidh údaraithe chuige sin leis na rialacháin) a gcreideann na daoine le réasún go bhfuil bia iontu lena mbaineann rialacháin faoin Acht seo.

(c) daoine a bheidh údaraithe chuige sin leis na rialacháin d'urghabháil agus do choinneáil bia nó d'urghabháil, d'aistriú agus do choinneáil bia a mbeidh cúis réasúnach amhrais ag na daoine forálacha rialacháin faoin Acht seo a bheith gan chomhlíonadh maidir leis an mbia sin,

(d) tabhairt, agus daoine a bheidh údaraithe chuige sin leis na rialacháin do thógáil, samplaí bia nó ábhar nó airteagal a úsáideadh nó a bheartaítear a úsáid ag monarú nó ag ullmhú bia,

(e) tástálacha, scrúduithe agus anailíseanna a dhéanamh ar na samplaí sin,

(f) na haicmí daoine a bheidh freagrach sna tástálacha, na scrúduithe agus na hanailíseanna sin a dhéanamh,

(g) na córacha lena ndéanfar agus an modh ar a ndéanfar na tástálacha, na scrúduithe agus na hanailíseanna,

(h) an deimhniú nó an fhianaise eile a bheidh le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúdaithe nó anailíse agus na haicmí daoine a thabharfaidh agus dá dtabharfar an deimhniú nó an fhianaise eile sin,

(i) an deimhniú nó an fhianaise eile a fhorordaítear faoi mhír (h) den fho-alt seo a bheith ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar thoradh na tástála, an scrúdaithe nó na hanailíse sin,

(j) ábhair atá iarmhartach nó forlíontach ar aon ábhar díobh sin roimhe seo nó atá foghabhálach nó teagmhasach leis.

(3) In aon chás ina bhforálfar le rialacháin faoin alt seo go mbeidh aon deimhniú áirithe nó fianaise eile ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar thoradh tástála, scrúdaithe nó anailíse sampla, beidh an deimhniú nó an fhianaise eile ina fhianaise, maidir leis an sampla sin, gan cruthúnas ar an síniú air (más aon síniú é) ón duine a thug é nó go raibh an duine sin údaraithe é a thabhairt, nó go gcruthófar a mhalairt, ar thoradh na tástála, an scrúdaithe nó na hanailíse sin agus beidh sé ina fhianaise freisin, nó go gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh an tástáil, an scrúdú nó an anailís sin faoi réim agus de réir na rialachán.

(4) Is cion é duine do nochtadh faisnéis a fuarthas i gcúrsa dul isteach in áitreabh nó i long, in aerárthach, i bhfeithicil nó i gcoimeádán agus an céanna a iniúchadh faoin alt seo ach amháin ag feidhmiú a dhualgas dó faoin Acht seo nó chun críocha imeachtaí dlí faoin Acht seo.

(5) Aon duine a mbeidh cumhachtaí a thugtar leis an Acht seo nó faoi á bhfeidhmiú aige tabharfar deimhniú dó á thaispeáint go bhfuil sé údaraithe ag an Aire Stáit nó ag an údarás eile a cheap é na cumhachtaí sin a fheidhmiú agus, nuair a bheidh aon chumhachtaí den sórt sin á bhfeidhmiú ag an duine, déanfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin.

Bia a urghabhadh a dhiúscairt.

5. —(1) Duine a rinne bia a urghabháil de réir an Achta seo agus rialachán faoi, féadfaidh sé é a dhiúscairt ar dhóigh a chinnteoidh nach bhféadfar é a úsáid mar bhia don duine—

(a) má thugann úinéir an bhia no an duine ar dealraitheach é a bheith i gcúram nó i bhfeighil an bhia a thoiliú i scríbhinn leis an diúscairt sin, nó

(b) má dhéanann an Chúirt Dúiche ordú an diúscairt sin a dhéanamh.

(2) Duine a rinne bia a urghabháil de réir an Achta seo agus rialachán faoi, féadfaidh sé, tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt d'úinéir an bhia nó don duine ar dealraitheach é a bheith i gcúram nó i bhfeighil an bhia á rá go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú á ordú an bia a dhiúscairt (trína dhíothú nó ar shlí eile) ar mhodh a shonrófar san ordú agus a chinnteoidh nach bhféadfar é a úsáid mar bhia don duine.

(3) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí chuige sin chun na Cúirte Dúiche faoin alt seo—

(a) ordóidh an Chúirt sin, más deimhin léi nach gcomhlíonann bia a urghabhadh faoin Acht seo rialacháin a rinneadh faoin Acht seo, an bia a dhiúscairt (trína dhíothú nó ar shlí eile) ar mhodh a shonrófar san ordú agus a chinnteoidh nach bhféadfar é a úsáid mar bhia don duine, agus

(b) féadfaidh an Chúirt sin, mura deimhin léi nár chomhlíon bia a urghabhadh faoin Acht seo rialacháin faoin Acht seo tráth a urghabhála, a ordú, más cuí léi sin a dhéanamh, an bia a thabhairt ar ais don duine ónar urghabhadh é, agus a ordú go n-íocfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, an tAire Tionscail agus Tráchtála nó an tAire Sláinte, de réir mar is cuí léi, le húinéir an bhia cibé cúiteamh (más ann), costais (más ann) agus caiteachais (más ann) a mheasfaidh sí a bheith réasúnach ag féachaint d'aon chaillteanas, costais agus caiteachais a thabhaigh an t-úinéir i ngeall ar an mbia sin a urghabháil.

(4) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, ní bheidh éifeacht ag ordú faoi fho-alt (3) den alt seo nó go mbeidh ceithre lá dhéag caite ó dháta a dhéanta.

(b) Má dhéantar achomharc chun na Cúirte Cuarda in aghaidh ordú faoin bhfo-alt sin (3), beidh, má chinneann an Chúirt Chuarda go mbeidh éifeacht ag an ordú, éifeacht aige cibé tráth a chinnfidh an Chúirt sin.

(c) Más deimhin leis an gCúirt Dúiche gur chóir, ar chúis ar bith, go mbeadh éifeacht ag ordú a rinne sí faoin bhfo-alt sin (3) sula mbeadh 14 lá caite ó dháta a dhéanta, agus go sonróidh sí san ordú an tráth ar chóir éifeacht a bheith aige, beidh éifeacht ag an ordú an tráth a shonrófar amhlaidh.

(d) I gcás, ar achomharc chun na Cúirte Cuarda in aghaidh ordú a rinne an Chúirt Dúiche faoi fho-alt (3) den alt seo, nach deimhin leis an gCúirt nár chomhlíon bia lena mbaineann an t-achomharc rialacháin faoin Acht seo tráth a urghabhála, féadfaidh sí a ordú, más cuí léi sin a dhéanamh, an bia a thabhairt ar ais don duine ónar urghabhadh é agus a ordú go n-íocfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, an tAire Tionscail agus Tráchtála nó an tAire Sláinte, de réir mar is cuí léi, le húinéir an bhia cibé cúiteamh (más ann), costais (más ann) agus caiteachais (más ann) a mheasfaidh sí a bheith réasúnach ag féachaint d'aon chaillteanas, costais agus caiteachais a thabhaigh an t-úinéir i ngeall ar an mbia sin a urghabháil nó a dhiúscairt faoin Acht seo nó mar gheall ar an urghabháil agus an diúscairt sin.

Forálacha maidir le hionchúiseamh i gcionta.

6. —(1) I gcás ina gcruthófar in aon ionchúiseamh i gcion faoin Acht seo go ndearna duine bia a mhonarú, a ullmhú, a allmhairiú, a onnmhairiú, a iompar nó a stóráil, toimhdeofar, nó go gcruthófar a mhalairt, go raibh sé beartaithe an bia a dhíol mar bhia don duine.

(2) I gcás ina gcruthófar in aon ionchúiseamh i gcion faoin Acht seo gur díoladh bia, toimhdeofar, nó go gcruthófar a mhalairt, gur mar bhia don duine a díoladh é.

(3) I gcás ina gcruthófar in aon ionchúiseamh i gcion faoin Acht seo go bhfuarthas aon ní in áitreabh agus an t-áitreabh sin á úsáid chun bia a mhonarú nó a ullmhú agus go bhféadfaí an ní sin a úsáid leis an monarú nó an t-ullmhú sin a dhéanamh nó chun críocha an mhonaraithe nó an ullmhaithe sin, toimhdeofar, nó go gcruthófar a mhalairt, go raibh an ní sin á úsáid le bia a bhí beartaithe a dhíol mar bhia don duine a mhonarú nó a ullmhú nó chun críocha an mhonaraithe nó an ullmhaithe sin.

(4) Má chruthaíonn an cosantóir in aon ionchúiseamh i gcion faoi alt 2 den Acht seo maidir le bia—

(a) go bhfuair sé an bia mar bhia a chomhlíon na rialacháin faoin alt sin 2 mar aon le baránta scríofa sa chéill sin agus gur inis sé go cuí don ionchúisitheoir faoin mbaránta agus a raibh ann roimh thráth an ionchuisimh a éisteacht,

(b) nach raibh aon chúis aige a chreidiúint an tráth a dhiúscair sé an bia nár chomhlíon sé na rialacháin sin, agus

(c) gur mar a bhí an bia, nuair a dhiúscair sé é, a bhí sé nuair a fuair sé é,

urscaoilfear an cosantóir ón ionchúiseamh.

(5) (a) Measfar, chun críocha fho-alt (4) (a) den alt seo, gur baránta ráiteas ó mhonaróir, allmhaireoir nó díoltóir bia i sonrasc nó ar lipéad a bheidh ceangailte den bhia nó ar an bpaicéad nó ar an gcoimeádán ina ndíoltar an bia go gcomhlíonann an bia na rialacháin faoin alt sin 2.

(b) Measfar, chun críocha an ailt seo, maidir le ráiteas den sórt dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo ó mhonaróir bia allmhairithe, gurb é allmhaireoir an bhia a rinne é.

(6) In aon ionchúiseamh i gcion faoi alt 2 den Acht seo a bhaineann le bia le linn é a iompar nó a stóráil ach nach mbaineann leis na dálaí ná na himthosca ina ndéantar an bia a iompar nó a stóráil, is cosaint don chosantóir a shuíomh go ndearna sé an bia a iompar nó a stóráil faoi chonradh i leith seirbhísí idir an cosantóir nó a ghníomhaire agus úinéir an bhia nó a ghníomhaire.

(7) Má dhealraíonn sé do dhuine a bheidh ag cur forála áirithe den Acht seo i bhfeidhm go ndearnadh cion a bhféadfaí imeachtaí a thionscnamh ina leith in aghaidh duine éigin ach go bhféadfadh an duine sin cosaint a fhorasú faoi fho-alt (4) nó (6) den alt seo trína chruthú gur gníomh nó mainneachtain ag duine éigin eile faoi deara an cion a bheidh á ghearán, féadfaidh an duine a bheidh ag cur na forála sin i bhfeidhm imeachtaí a thionscnamh in aghaidh an duine eile sin gan imeachtaí a thionscnamh in aghaidh an duine chéadluaite.

Feidhmiú rialachán a bhac.

7. —Beidh duine a bhacfaidh go toiliúil feidhmiú rialacháin faoin Acht seo ciontach i gcion.

Pionóis.

8. —Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

Forálacha maidir le rialacháin.

9. —(1) Sula ndéanfaidh Aire Stáit rialacháin faoi fhoráil den Acht seo, rachaidh sé i gcomhairle leis na hAirí Stáit eile a luaitear san fhoráil.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire Stáit ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

11. —Féadfar an tAcht um Chaighdeáin Bhia, 1974 , a ghairm den Acht seo.