18 1974


Uimhir 18 de 1974


AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 GO 1971. [15 Iúil, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Córas Tráchtála;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha don Bhord.

1963, Uimh. 20 .

1959, Uimh. 20 .

2. —Ní mó ná fiche is cúig mhilliún punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an mBord chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh (gan aon suim a íocadh leis an mBord faoi alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963 , a áireamh) agus, dá réir sin, forléireofar alt 16 (1) den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

Gearrtheideal agus comhlua

3. —(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1974, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1971, agus den Acht seo le chéile.