|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 19 de 1974 | ||
[EN] |
AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1972. [15 Iúil, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 (arna leasú leis an Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1971 ), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)— |
[EN] | “(1) Ní rachaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun críocha ginearálta, is é sin le rá chun gach críche caipitiúla thar sheacht gcéad milliún punt.”. | |
[EN] |
Aisghairm. |
2. —Aisghairtear leis seo ailt 17 agus 18 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1961 , agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin. |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
3. —Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1972, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Forléireofar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1972, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin. |