20 1974


Uimhir 20 de 1974


AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TIONSCAIL, 1933 GO 1971. [16 Iúil, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1971, Uimh. 9 .

1933, Uimh. 25 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1971 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cáirde Tionnscail, 1933 .

(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1971, agus an tAcht seo mar aon Acht amháin.

Cumhacht na Cuideachta airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht trí bhintiúir nó ar shlí eile.

2. —Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “seachtó is cúig mhilliún punt” a chur i bhfomhír (d) (i) (a cuireadh isteach le halt 5 (1) d'Acht 1971) in ionad “tríocha milliún punt”.

Ráthaíochtaí ón Aire.

1958, Uimh.10.

3. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 , trí “£75,000,000” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “£30,000,000” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1971).

Cumhacht Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú.

1963, Uimh. 33 .

4. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , chun Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú le go mbeidh siad ar comhréir leis na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1974.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1971, agus den Acht seo le chéile.