21 1974


Uimhir 21 de 1974


AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1970. [16 Iúil, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1970, Uimh. 9 .

1959, Uimh. 36 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 ;

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 .

(2) Déanfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1970, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon ní amháin.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 8 d'Acht 1970) a fhorálann nach mó ná seacht milliún déag punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná fiche is cúig mhilliún punt comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht agus ar alt 2 d'Acht 1970.

3. —Aisghairtear leis seo alt 9 d'Acht 1970 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná seacht milliún déag punt comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 d'Acht 1970.

Airleacain don Chuideachta ón Aire Airgeadais.

1963, Uimh. 27 .

1961, Uimh. 31 .

4. —Aisghairtear leis seo alt 10 d'Acht 1970 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná seacht milliún déag punt comhiomlán na n-airleacan faoi alt 4 (1) den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963 , agus na n-airleacan faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961 .

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1974, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1970, agus den Acht seo le chéile.