|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Aisghairm) |
[EN] | ||
Uimhir 24 de 1974 | ||
[EN] |
AN tACHT UCHTÁLA, 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UCHTÁLA, 1952 AGUS 1964. [29 Iúil, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9 den Phríomh-Acht; | |||
[EN] | ciallaíonn “an Bord” an Bord Uchtála; | |||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Uchtála, 1952 . | |||
[EN] |
Leas linbh. |
2. —In aon ábhar, iarratas nó imeachtaí os comhair an Bhoird nó aon chúirte a bhaineann le comhshocraíochtaí le haghaidh ordaithe uchtála nó le hordú uchtála a dhéanamh, áireoidh an Bord nó an chúirt, le linn an cheist sin a chinneadh, gur ní ró-thábhachtach ag a bhfuil tosach airde leas an linbh. | ||
[EN] |
Cumhacht ordú uchtála a dhéanamh gan toiliú. |
3. —(1) In aon chás ina mbeidh duine tar éis ordú uchtála a iarraidh i ndáil le leanbh agus aon duine ar gá a thoiliú le hordú uchtála a dhéanamh i ndáil leis an leanbh agus a mbeidh aontaithe aige an leanbh a chur le huchtáil— | ||
[EN] | (a) do mhainniú, d'fhailliú nó do dhiúltú a thoiliú a thabhairt, nó | |||
[EN] | (b) do tharraingt siar toiliú a bheidh tugtha, | |||
[EN] | féadfaidh iarratasóir an ordaithe uchtála iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú faoin alt seo. | |||
[EN] | (2) Féadfaidh an Ard-Chúirt, más deimhin léi gurb é leas an linbh sin a dhéanamh, ordú a dhéanamh faoin alt seo— | |||
[EN] | (a) ag tabhairt choimeád an linbh don iarratasóir go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an Chúirt, agus | |||
[EN] | (b) ag údarú an Bhoird toiliú an duine eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo le hordú uchtála i bhfabhar an iarratasóra ar feadh na tréimhse réamhráite a ligean thar ceal. | |||
[EN] | (3) Ní ligfear toiliú coimircí cúirte thar ceal de bhua ordaithe Ard-Chúirte faoin alt seo ach amháin le ceadú na Cúirte. | |||
[EN] |
Creideamh. |
4. —Ní dhéanfar ordú uchtála in aon chás nach den chreideamh céanna na hiarratasóirí, an leanbh agus a thuismitheoirí, nó, más leanbh neamhdhlisteanach an leanbh, a mháthair, mura feasach gach duine ar gá a thoiliú leis an ordú de réir alt 14 den Phríomh-Acht nó de réir alt 2 den Acht Uchtála, 1964 , creideamh (más ann) gach duine de na hiarratasóirí nuair a bheidh a thoiliú á thabhairt aige. | ||
[EN] |
Iarratas ó bhaintreach fir ar ordú uchtála. |
5. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 5 d'Acht 1964), i gcás— | ||
[EN] | (a) leanbh a bheith faoi chúram lánúna pósta a bhfuil iarratas ar ordú uchtála i ndáil leis an leanbh sin déanta acu, agus | |||
[EN] | (b) an banchéile d'fháil bháis sula mbeidh an t-ordú uchtála déanta, | |||
[EN] | féadfaidh an Bord ordú uchtála a dhéanamh i ndáil leis an leanbh sin ar an mbaintreach fir á iarraidh sin: Ar choinníoll— | |||
[EN] | (i) go mbeidh leanbh eile ina choimeád ag an mbaintreach fir ar dháta an iarratais uaidh, agus | |||
[EN] | (ii) i gcás gach duine, ar gá de réir alt 14 den Phríomh-Acht nó de réir alt 2 d'Acht 1964 a thoiliú leis an ordú uchtála a dhéanamh, gur feasach é, le linn dó a thoiliú a thabhairt, gur baintreach fir an t-iarratasóir. | |||
[EN] | (2) Déanfar neamhshuim, in aon chás a n-iarrfar ordú uchtála faoin alt seo, d'aon toiliú a tugadh le hordú uchtála a dhéanamh maidir leis an leanbh i bhfabhar na lánúna pósta. | |||
[EN] |
Srian le comhshocraíochtaí uchtála a dhéanamh. |
6. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 34: | ||
[EN] | “34. (1) Ní dleathach d'aon chomhlacht daoine aon chomhshocraíochtaí a dhéanamh, ná féachaint le hiad a dhéanamh, chun leanbh a uchtáil ná, chun na críche sin, leanbh a choinneáil ina choimeád ná a shocrú go gcoinneoidh aon duine eile nó aon chomhlacht eile leanbh. | |||
[EN] | (2) Má ghlacann aon duine páirt ar bith i mbainistí nó i rialú comhlachta daoine arb é is aon-chuspóir dó, nó ar ceann dá chuspóirí, comhshocraíochtaí a dhéanamh le haghaidh uchtála, beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air. | |||
[EN] | (3) Má thugtar cruthúnas, in aon imeachtaí faoi fho-alt (2) den alt seo, ar nithe a bheidh déanta nó focail a bheith scríofa, ráite nó foilsithe (cibé acu i láthair aon pháirtí sna himeachtaí é nó nach ea) ag duine ar bith a ghlac páirt i mbainistí nó i rialú comhlachta daoine, nó i ndéanamh comhshocraíochtaí le haghaidh uchtála thar ceann an chomhlachta, beidh an cruthúnas sin inghlachta mar fhianaise ar an gcuspóir ar chuige atá an comhlacht sin ann. | |||
[EN] | (4) Ní dleathach d'aon duine leanbh a thabhairt, ná a chur faoi deara leanbh a thabhairt, d'aon duine eile le go n-uchtódh an duine eile sin, nó aon duine eile, an leanbh sin, mura rud é gur duine de thuismitheoirí an linbh an duine chéadluaite nó gur duine, nó céile duine, a bhfuil gaol aige leis an leanbh an duine a bheartaíonn an leanbh a uchtáil. | |||
[EN] | (5) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air. | |||
[EN] | (6) Ní bhaineann an t-alt seo le cumainn uchtála chláraithe ná le boird sláinte.” | |||
[EN] |
Cumhacht Leas-Chathaoirleach a cheapadh. |
7. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | ||
[EN] | “(4A) Féadfaidh an Rialtas duine de na gnáth-chomhaltaí a cheapadh ina Leas-Chathaoirleach agus féadfaidh an Leas-Chathaoirleach gníomhú mar chathaoirleach le linn don Chathaoirleach a bheith as láthair. | |||
[EN] | (4B) Ní cheapfar duine ina Leas-Chathaoirleach mura mbeidh sé cáilithe le ceapadh ina Chathaoirleach.” | |||
[EN] |
Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht. |
8. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15: | ||
[EN] | “15. (1) Ní bheidh toiliú bailí mura tar éis don leanbh sé sheachtain d'aois a shlánú agus tráth nach luaithe ná trí mhí roimh an lá a dhéanfar an t-iarratas ar uchtáil a thabharfar é. | |||
[EN] | (2) Deimhneoidh an Bord dó féin maidir le gach duine ar gá a thoiliú agus nach mbeidh a thoiliú ligthe thar ceal go bhfuil a thoiliú tugtha aige agus go dtuigeann sé cad é an rud é an toiliú agus an t-ordú uchtála agus a n-éifeacht.” | |||
[EN] |
Srian le hordú uchtála a dhéanamh. |
9. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfar ordú uchtála maidir le leanbh mura mbeidh cibé tréimhse (más ann) a bheidh forordaithe caite ag an leanbh faoi chúram na n-iarratasóirí. | ||
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord, ag féachaint d'imthosca áirithe an cháis, ordú uchtála a dhéanamh maidir le leanbh d'ainneoin nach mbeidh an tréimhse a bheidh forordaithe de bhun fho-alt (1) den alt seo caite ag an leanbh faoi chúram na n-iarratasóirí. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht. |
10. —Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht trí “Is san fhoirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal, nó i cibé foirm eile a cheadóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Sláinte, a bheidh an taifead agus beidh sa taifead sin na sonraí is gá de réir na foirme sin” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “Is sa bhfoirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a bheas an taifead agus beidh ann na sonraí is gá do réir na foirme.” | ||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht Uchtála, 1964 . |
11. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Uchtála, 1964 — | ||
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)— | |||
[EN] | “(1) D'ainneoin aon ní in alt 10 den Phríomh-Acht, féadfaidh an Bord, i gcás inar deimhin leis gurb inmhianaithe, in imthosca áirithe an cháis, sin a dhéanamh, ordú uchtála a dhéanamh maidir le leanbh a bhí os cionn seacht mbliana d'aois ar dháta an ordaithe a iarraidh”, agus | |||
[EN] | (b) trí fho-alt (3) a scriosadh. | |||
[EN] |
Luach saothair an Leas-Chathaoirligh. |
12. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5: | ||
| ||||
[EN] |
Aisghairm. |
13. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. | ||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
14. —(1) Féadfar an tAcht Uchtála, 1974 , a ghairm den Acht seo. | ||
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin. | |||
[EN] | (3) Féadfar na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, agus den Acht seo le chéile. |