An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta, Forálacha maidir le Caillteanais Áirithe Feirme agus Srian le Liúntais Phearsanta) Ar Aghaidh (Caibidil IV Frithsheachaint)

27 1974

AN tACHT AIRGEADAIS, 1974

Caibidil III

Srian le Faoiseamh i leith Úis

Srian le cáin ar ús a aisíoc i gcásanna áirithe.

29. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

“496.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo—

(a) i gcás ina ndéanfar ús is iníoctha sa Stát ar airleacan ó bhanc a sheolann gnó baincéireachta bona fide sa Stát a íoc leis an mbanc gan cáin a asbhaint as brabúis nó gnóchain a chuirfear faoi mhuirear cánach, beidh an duine a íocfaidh an t-ús i dteideal, ar na fíorais a chruthú, go n-aisíocfar leis cáin ar mhéid an úis,

(b) ar chruthú mar é a chur ar fáil déanfar aisíoc mar é i gcás úis is iníoctha sa Stát ar airleacan ó dhuine a dhéanann i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gnó bona fide a sheoladh mar chomhalta de stocmhargadh sa Stát nó ó aon duine a dhéanann i dtuairim na gCoimisinéirí sin gnó bona fide tí lascaine a sheoladh sa Stát,

(c) ar chruthú mar é a chur ar fáil déanfar aisíoc mar é i gcás úis bhliantúil (lena n-áirítear ús lena mbaineann alt 30 (1) nó 50 (2) den Acht Airgeadais, 1974 ) ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D.

(2) Maidir le haon ús a íocadh i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, ní dhéanfar, d'ainneoin forálacha fho-alt (1), aon aisíoc cánach faoin alt seo—

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74, ar an ús os cionn £500, ná

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, ar an ús os cionn £2,000:

Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le hús a leagadh amach nó a caitheadh, go hiomlán agus go heisiatach, chun críocha trádála nó gairme, nó gnó eile ar brabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D an t-ioncam go hiomlán nó go formhór uaidh.

(3) I gcás, maidir le hús a íocadh i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, ina n-éileoidh duine faoiseamh de bhua breis agus foráil amháin díobh seo a leanas, is é sin le rá, fo-alt (2), alt 76 (1) (c) nó mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6, ní thabharfar faoiseamh don duine sin i leith na coda (más ann) de mhéid comhiomlán an úis a d'íoc sé is mó ná an méid iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2).

(4) Ní bhainfidh forálacha fho-alt (2) le hús ar airgead a fuarthas ar iasacht chun dleachtanna báis a íoc.

(5) Ní dhéanfar aon aisíoc cánach faoin alt seo mura deimhin leis na Coimisinéiri Ioncaim gur cuireadh nó go gcuirfear an t-ús iomchuí i gcuntas sa ráiteas chun críocha cánach a sheachaid nó a sheachadfaidh an duine a rinne an t-airleacan ar ar íocadh an t-ús.”.

Foráil maidir le cáin a baineadh as íocaíochtaí áirithe úis a rinneadh roimh an Acht seo a rith.

30. —(1) Baineann an t-alt seo le híocaíochtaí úis (seachas ús ar iasacht a urraíodh le nóta gealltanais tráthchoda den sórt dá dtagraítear in alt 50 (2) nó ús lena mbaineann alt 31 (2)) i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, a rinneadh roimh an Acht seo a rith agus as ar baineadh cáin faoi alt 433 nó 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Measfar, maidir le híocaíochtaí úis lena mbaineann an t-alt seo, nach as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear a rinneadh iad, cibé acu is íocaíochtaí den sórt sin iad nó nach ea, agus bainfidh fo-ailt (2) go (5) d'alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, leis na híocaíochtaí sin mar a bhaineann siad le híocaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin.

Íocaíochtaí úis ag cuideachtaí agus le neamhchónaitheoirí.

31. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe.

(2) I gcás aon ús bliantúil ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D a íoc—

(a) ag cuideachta ar dhóigh seachas trína íoc i gcáil mhuiníneach nó ionadaíoch le duine ar sa Stát a chónaíonn sé de ghnáth, nó

(b) ag aon duine le duine eile ar lasmuigh den Stát a chónaíonn sé de ghnáth,

i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht, le linn an íocaíocht a dhéanamh, suim a bhaint aisti is ionann agus méid na cánach uirthi de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm tráth an íocaíocht a dhéanamh agus bainfidh fo-ailt (2) go (5) d'alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis na híocaíochtaí sin mar a bhaineann siad le híocaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin.

(3) Faoi réir alt 50 (4), ní bheidh feidhm, maidir le mír (a), ag fo-alt (2) i leith aon úis den sórt seo a leanas—

(a) ús ar iasacht a urraítear le nóta gealltanais tráthchoda den sórt dá dtagraítear in alt 50 (2), nó

(b) ús a íoctar sa Stát ar airleacan ó bhanc a sheolann gnó baincéireachta bona fide sa Stát, nó

(c) ús a íocann banc den sórt sin i ngnáthchúrsa an ghnó sin, nó

(d) ús a íocann cuideachta ag a bhfuil údarás ó na Coimisinéirí Ioncaim ús a íoc gan cáin ioncaim a asbhaint, nó

(e) ús ar aon urrúis ar thug an tAire Airgeadais ordú ina leith faoi alt 466 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(f) ús a íoctar gan cáin a asbhaint de bhua alt 221 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Faoiseamh ar iasachtaí idirlinne áirithe.

32. —(1) I gcás duine—

(a) do dhiúscairt a aon-áite nó a phríomh-áite cónaí agus é d'fháil áite cónaí eile lena húsáid mar aon-áit nó príomháit chónaí,

(b) d'fháil iasacht a n-úsáidfear an fáltas uaithi le costas na fála nó na diúscartha, nó iad araon, a ghlanadh go hiomlán nó go páirteach, agus

(c) d'íoc úis ar an iasacht (agus ar aon iasacht ina dhiaidh sin a n-úsáidfear an fáltas uaithi leis an iasacht chéadluaite nó aon iasacht dá éis sin a aisíoc, go hiomlán nó go páirteach, nó le hús a íoc ar aon iasacht den sórt sin) i leith na tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta a tugadh an iasacht chéadluaite, beidh sé i dteideal, ar na fíorais a chruthú, go n-aisíocfar cáin leis faoi alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna leasú le halt 29, ar mhéid an úis sin amhail is dá mba nár íoc sé aon ús eile i leith na tréimhse dhá mhí dhéag réamhráite.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hiasacht a n-úsáidfear an fáltas uaithi chun críche éigin eile sula n-úsáidfear é chun na críche a shonraítear san fho-alt sin.

Faoiseamh do chuideachtaí i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí eile.

33. —(1) (a) San alt seo agus in ailt 34 agus 35—

tá le “gnáth-scairchaipiteal” an bhrí a shanntar dó le halt 323 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ;

ciallaíonn “leas ábhartha”, i ndáil le cuideachta, úinéireacht thairbhiúil nó cumas rialaithe, go díreach nó trí mheán cuideachta bhainteach nó cuideachtaí bainteacha, nó trí aon mheán indíreach eile, ar bhreis agus 5 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta.

(b) Chun críocha an ailt seo agus ailt 34 agus 35, measfar baint a bheith ag cuideachta le cuideachta eile dá measfaí baint a bheith aici léi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , agus más cuideachta í den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a).

(2) Baineann an t-alt seo le hiasacht do chuideachta (dá ngairtear an chuideachta infheistíochta dá éis seo san alt seo in alt 35 (1)) chun airgead a íoc a caitheadh—

(a) ag fáil aon chuid de ghnáth-scairchaipiteal—

(i) de chuid cuideachta atá ar bun go hiomlán nó go formhór d'fhonn trádáil nó trádálacha a sheoladh nó de chuid cuideachta ar brabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D a hioncam go hiomlán nó go formhór, nó

(ii) de chuid cuideachta arb é iomlán nó formhór a gnó stoic, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachta den sórt dá dtagraítear i bhfomhír (i) a theachtadh, nó

(b) ag tabhairt airgid ar iasacht do chuideachta den sórt dá dtagraítear i mír (a) is airgead a úsáidtear go hiomlán agus go heisiatach chun críocha trádála nó gnó na cuideachta nó cuideachta baintí, nó

(c) ag aisíoc iasachta eile i gcás ina bhféadfaí faoiseamh a fháil faoin alt seo i leith úis ar an iasacht eile sin dá mbeadh sí gan aisíoc (ar an tuiscint, má bhí an iasacht saor ó ús, go raibh ús uirthi).

(3) Tabharfar faoiseamh i leith aon úis a íocfaidh an chuideachta infheistíochta ar an iasacht—

(a) más rud é, nuair a íocfar an t-ús, go mbeidh leas ábhartha ag an gcuideachta infheistíochta sa chuideachta nó i gcuideachta bhainteach, agus

(b) más rud é, le linn na tréimhse go huile ó fháltas na hiasachta a chur chun feidhme go dtí gur íocadh an t-ús, go raibh stiúrthóir amháin ar a laghad de chuid na cuideachta infheistíochta ina stiúrthóir freisin ar an gcuideachta nó ar chuideachta bhainteach, agus

(c) má shuíonn an chuideachta infheistíochta nár ghnóthaigh sí aon chaipiteal sa tréimhse réamhráite ón gcuideachta ná ó chuideachta bhainteach, seachas aon suim a cuireadh i gcuntas faoi alt 35.

Faoiseamh do phearsana aonair i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí.

34. —(1) Baineann an t-alt seo le hiasacht do phearsa aonair chun airgead a íoc a caitheadh—

(a) ag fáil aon chuid de ghnáth-scairchaipiteal—

(i) de chuid cuideachta atá ar bun go hiomlán nó go formhór d'fhonn tradáil nó trádálacha a sheoladh nó de chuid cuideachta ar brabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D a hioncam go hiomlán nó go formhór, nó

(ii) de chuid cuideachta arb é iomlán nó formhór a gnó stoic, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachta den sórt dá dtagraítear i bhfomhír (i) a theachtadh, nó

(b) ag tabhairt airgid ar iasacht do chuideachta den sórt dá dtagraítear i mír (a) is airgead a úsáidtear go hiomlán agus go heisiatach chun críocha trádála nó gnó na cuideachta nó cuideachta baintí, nó

(c) ag aisíoc iasachta eile i gcás ina bhféadfaí faoiseamh a fháil faoin alt seo i leith úis ar an iasacht eile sin dá mbeadh sí gan aisíoc (ar an tuiscint, má bhí an iasacht saor ó ús, go raibh ús uirthi).

(2) Tabharfar faoiseamh i leith aon úis a íocfaidh an phearsa aonair ar an iasacht—

(a) más rud é, nuair a íocfar an t-ús, go mbeidh leas ábhartha aige sa chuideachta nó i gcuideachta bhainteach,

(b) más rud é, i gcaitheamh na tréimhse go léir ó caitheadh fáltas na hiasachta go dtí gur íocadh an t-ús, gur oibrigh sé bunús a chuid ama ag bainistí nó ag rialú gnó na cuideachta nó gnó cuideachta baintí go hiarbhír, agus

(c) má shuíonn sé nár ghnóthaigh sé aon chaipiteal sa tréimhse réamhráite ón gcuideachta ná ó chuideachta bhainteach. seachas aon suim a cuireadh i gcuntas faoi alt 35.

Rialacha maidir le haisghabháil caipitil.

35. —(1) Má tharlaíonn aon tráth tar éis fáltas ó iasacht lena mbaineann alt 33 nó 34 a chaitheamh go mbeidh aon mhéid caipitil aisghafa ón gcuideachta lena mbainfidh nó ó chuideachta bhainteach ag an gcuideachta infheistíochta nó ag an bpearsa aonair (dá ngairtear an t-iasachtaí dá éis seo san alt seo) gan an méid sin a úsáid ag aisíoc na hiasachta, déileálfar leis an iasachtaí chun críocha an ailt seo ionann is dá mbeadh an méid sin aisíoctha aige as an iasacht an tráth sin, agus sa dóigh go n-asbhainfear as an ús a bheadh, mura mbeadh sin, infhaoisimh agus iníoctha i leith aon tréimhse tar éis an trátha sin méid is ionann agus an t-ús ar an méid caipitil a aisghabhadh amhlaidh. Má tharlaíonn nach gcomhlíonann ach cuid d'iasacht den sórt sin na coinníollacha atá in alt 33 nó 34 le go mbeadh faoiseamh le fáil i leith úis ar an gcuid sin, is as ús ar an gcuid sin amháin a dhéanfar an asbhaint a dhéanfar faoin bhfo-alt seo.

(2) Measfar méid áirithe caipitil a bheith aisghafa ag an iasachtaí ó chuideachta nó ó chuideachta bhainteach—

(a) má fhaigheann an t-iasachtaí a chóiméid nó a chomhluach sin de chomaoin as aon chuid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta nó cuideachta baintí a dhíol nó a chóimhéid nó a chomhluach sin de chomaoin ar mhodh aon chuid den ghnáth-scairchaipiteal sin a aisíoc, nó

(b) má aisíocann an chuideachta nó cuideachta bhainteach an méid sin d'iasacht nó d'airleacan uaidh, nó

(c) má fhaigheann an t-iasachtaí a chóimhéid nó a chomhluach sin de chomaoin as aon fhiach a bheidh dlite dó ón gcuideachta nó ó chuideachta bhainteach a shannadh.

I gcás díol nó sannadh ar mhodh seachas margadh arna dhéanamh ar neamh-thuilleamaí, measfar gur i gcomaoin a chóimhéid de luach margaidh an rud a diúscraíodh a rinneadh an díol nó an sannadh.

(3) Bainfidh ailt 33 (3) agus 34 (2) agus fo-ailt (1) agus (2) le hiasacht faoi réim alt 33 (2) (c) nó 34 (1) (c) amhail is dá mba aon iasacht amháin an iasacht sin agus aon iasacht eile arb iasacht ina hionad í, agus—

(a) amhail is dá mba thagairtí do chaitheamh fáltas na hiasachta bunaidh na tagairtí do chaitheamh fáltas na hiasachta, agus

(b) amhail is dá mbeadh aon srian faoi fho-alt (1) a bhain le haon iasacht a bhfuil iasacht curtha ina hionad ina shrian freisin leis an iasacht atá ina hionad.

(4) Ní bhainfidh ailt 33 (2) ná 34 (1) le hiasacht murab i ndáil le caitheamh an airgid agus ar ócáid a chaite nó laistigh d'am is am réasúnach de réir imthosca an cháis ó thráth an airgid a chaitheamh a thabharfar í, agus ní bhainfidh na fo-ailt sin le hiasacht a gcaithfear an fáltas uaithi chun críche éigin eile sula gcaithfear é mar a thuairiscítear sna fo-ailt sin.

(5) Déanfar ús atá infhaoisimh faoi ailt 33 agus 34 a bhaint as ioncam an iasachtaí don bhliain mheasúnachta ina n-íocfar an t-ús nó a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim sin, agus déanfar cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin agus ní bheidh an t-ús sin infhaoisimh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim ar leith ó na hailt sin.

Faoiseamh do phearsana aonair leith iasachtaí a i caitheadh ag fáil leasa i gcomhpháirtíocht.

36. —(1) Baineann an t-alt seo le hiasacht do phearsa aonair chun airgead a íoc a caitheadh—

(a) ag ceannach scaire i gcomhpháirtíocht, nó

(b) ag ranníoc airgid le comhpháirtíocht i modh caipitil nó préimhe, nó ag airleacan airgid chun na comhpháirtíochta i gcás ina ndéanfar an t-airgead a ranníocfar nó a airleacfar a úsáid go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála nó na gairme a sheolann an chomhpháirtíocht, nó

(c) ag aisíoc iasachta eile i gcás ina bhféadfaí faoiseamh a fháil faoin alt seo i leith úis ar an iasacht eile sin dá mbeadh sí gan aisíoc (ar an tuiscint, má bhí an iasacht saor ó ús, go raibh ús uirthi).

(2) Tabharfar faoiseamh i leith aon úis a d'íoc an phearsa aonair ar an iasacht—

(a) más rud é i gcaitheamh na tréimhse go léir ó caitheadh fáltas na hiasachta go dtí gur íocadh an t-ús gur ghníomhaigh sé féin ag seoladh na trádála nó na gairme a bhí ar siúl ag an gcomhpháirtíocht mar chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht sin, agus

(b) má shuíonn sé nár ghnóthaigh sé aon chaipiteal ón gcomhpháirtíocht sa tréimhse sin, seachas aon suim a cuireadh i gcuntas faoin gcéad fho-alt eile dá éis seo.

(3) Má tharlaíonn aon tráth tar éis fáltas na hiasachta a chaitheamh go mbeidh aon mhéid caipitil aisghafa ag an bpearsa aonair ón gcomhpháirtíocht gan an méid sin a úsáid ag aisíoc na hiasachta déileálfar leis chun críocha an ailt seo amhail is dá mbeadh an méid sin aisíoctha aige as an iasacht an tráth sin, agus sa dóigh go n-asbhainfear as an ús a bheadh, mura mbeadh sin, infhaoisimh agus iníoctha i leith aon tréimhse tar éis an trátha sin, méid is ionann agus an t-ús ar an méid caipitil a aisghabhadh amhlaidh. Má tharlaíonn nach gcomhlíonann ach cuid d'iasacht den sórt sin na coinníollacha atá san alt seo, le go mbeadh faoiseamh le fáil i leith úis ar an gcuid sin, is as ús ar an gcuid sin amháin a dhéanfar an asbhaint a dhéanfar faoin bhfo-alt seo.

(4) Measfar méid áirithe caipitil a bheith aisghafa ag an bpearsa aonair ón gcomhpháirtíocht—

(a) má fhaigheann sé a chóimhéid nó a chomhluach sin de chomaoin as aon chuid dá leas sa chomhpháirtíocht a dhíol, nó

(b) má dhéanann an chomhpháirtíocht aon mhéid caipitil a thabhairt air ais dó nó aon mhéid a d'airlic sé a aisíoc leis, nó

(c) má fhaigheann sé a chóimhéid nó a chomhluach sin de chomaoin as aon fhiach a bheidh dlite dó ón gcomhpháirtíocht a shannadh.

I gcás díol nó sannadh ar mhodh seachas margadh arna dhéanamh ar neamh-thuilleamaí, measfar gur i gcomaoin a chóimhéid de luach margaidh an rud a diúscraíodh a rinneadh an díol nó an sannadh.

(5) Bainfidh fo-ailt (2), (3) agus (4) le hiasacht faoi réim fho-alt (1) (c) amhail is dá mba aon iasacht amháin an iasacht sin agus aon iasacht eile arb iasacht ina hionad í, agus

(a) amhail is dá mba thagairtí do chaitheamh fáltas na hiasachta bunaidh na tagairtí do chaitheamh fáltas na hiasachta, agus

(b) amhail is dá mbeadh aon srian faoi fho-alt (3) a bhain le haon iasacht a bhfuil iasacht curtha ina hionad ina shrian freisin leis an iasacht atá ina hionad.

(6) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hiasacht murab i ndáil le caitheamh an airgid agus ar ócáid a chaite, nó laistigh d'am is am réasúnach de réir imthosca an cháis ó thráth an airgid a chaitheamh, a thabharfar í, agus ní bhainfidh an fo-alt sin le hiasacht a gcaithfear an fáltas uaithi chun críche éigin eile sula gcaithfear é mar a thuairiscítear san fho-alt sin.

(7) Déanfar ús atá infhaoisimh faoin alt seo a bhaint as ioncam na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta ina n-íocfar an t-ús nó a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim sin, agus déanfar cáin a urscaoilcadh nó a aisíoc dá réir sin, agus ní bheidh an t-ús sin infhaoisimh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim ar leith ón alt seo.

Ús ar airgead a fhaightear ar iasacht le cur in ionad caipiteal a tarraingíodh as gnó in imthosca áirithe.

37. —I gcás duine d'fháil airgid ar iasacht aon tráth tar éis an 10ú lá d'Eanáir, 1974, le cur, go hiomlán nó go páirteach, in ionad caipitil d'aon ghné a bhí á úsáid roimhe sin in aon trádáil, gairm nó gnó eile a bhí á sheoladh aige, agus a muirearaítear cáin faoi Sceideal D i leith na mbrabús nó na ngnóchan as, agus ar caipiteal é a ndearnadh, tar éis an 10ú lá d'Eanáir, 1974, ach laistigh de na cúig bliana roimh an dáta a cuireadh airgead in ionad caipitil amhlaidh, é a tharraingt siar ón úsáid sin lena úsáid ar shlí seachas i ndáil le trádáil, gairm nó gnó eile a sheolann sé, ní áireofar ús ar an airgead sin a fuarthas ar iasacht amhlaidh mar ús a leagadh amach nó a caitheadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha trádála, gairme nó gnó eile.

Comhiomlánú an úis a bheidh íoctha ag daoine bainteacha.

38. —(1) Maidir le daoine bainteacha, is tuigthe gurb é atá sna tagairtí in alt 496 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus in ailt 44 agus 52 do £500 agus do £2,000 tagairtí, i gcás gach duine den sórt sin, don chomhréir de £500 nó de £2,000, de réir mar a bheidh, atá idir an t-ús a d'íoc an duine sin agus comhiomlán an úis a d'íoc na daoine bainteacha go léir.

(2) Chun críocha an ailt seo tá baint ag duine le pearsa aonair más é fearchéile nó más í banchéile na pearsan aonair an duine sin agus measfar baint a bheith ag cuideachta le pearsa aonair nó le cuideachta eile dá measfaí sin fúithi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

Socruithe chun ús lúide cáin nó glanmhéid socair a íoc.

39. —(1) Dearbhaítear leis seo maidir le haon fhoráil a rinneadh roimh an Acht seo a rith nó dá éis, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn a rinneadh í, chun go n-íocfar ús “lúide cáin” nó inar úsáideadh focail sa chéill sin, go ndéanfar an fhoráil sin a fhorléiriú, maidir le hús is iníoctha gan asbhaint cánach, amhail is dá mbeadh na focail “lúide cáin”, nó na focail a gcomhchiall, gan bheith inti.

(2) Maidir le hús arb inmhuirir cáin faoi Sceideal D ar an bhfaighteoir ina leith agus is ús is iníoctha gan cáin a asbhaint, déanfar aon fhoráil, a rinneadh roimh an Acht seo a rith nó dá éis, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn a rinneadh í agus cibé focail a bheidh inti, chun go n-íocfar ús de réir cibé ráta (dá ngairtear an “ráta comhiomlán” dá éis seo san fho-alt seo) a bheidh, tar éis cáin de réir an ráta caighdeánach cánach a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a asbhaint, comhionann le ráta sonraithe, a fhorléiriú amhail is dá mba fhoráil í a cheanglaíonn ús de réir an ráta chomhiomláin a íoc.

Ús a lamháil mar chaiteachas gnó.

40. —(1) Nuair a bheidh ríomh á dhéanamh chun críocha cánach don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin ar bhrabúis nó gnóchain ó thrádáil nó gairm i mbonn-tréimhse a bhí go hiomlán nó go páirteach roimh an 10ú lá d'Eanáir, 1974, féadfar, faoi réir alt 61 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) méid comhiomlán aon úis bhliantúil a íocadh faoi asbhaint cánach roimh an 10ú lá d'Eanáir, 1974, a asbhaint i leith tréimhse a chríochnaigh roimh an dáta sin, agus

(b) méid aon úis a íocadh le banc nó le duine a bhí ag seoladh gnó mar chomhalta de stocmhargadh nó de theach lascaine agus ar lamháladh faoiseamh ina leith faoi alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a asbhaint don bhliain mheasúnachta inar íocadh an t-ús.

(2) San alt seo ciallaíonn “bonn-tréimhse” i ndáil le haon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar cuireadh na brabúis nó na gnóchain di i gcuntas le linn cáin a mhuirearú faoi Chás I nó faoi Chás II de Sceideal D ar bhrabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme don bhliain mheasúnachta sin.

(3) Dearbhaítear leis seo nach dtabharfar, faoi réir fho-alt (1), faoiseamh i leith aon íocaíocht úis faoin alt sin 496 agus le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bheith á ríomh.

Seachaint cánach: idirbhearta i ndáil le hiasachtaí nó le creidmheas.

41. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon idirbheart i ndáil le airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt, nó athrú a dhéanamh ar na téarmaí ar a dtugtar airgead ar iasacht nó ar a dtugtar creidmheas, nó le gur féidir nó gur fusa aon chomhshocraíocht den sórt sin a dhéanamh maidir le airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt.

Tá éifeacht ag an bhfo-alt seo cibé acu is idirbheart idir an t-iasachtóir nó an creidiúnaí agus an t-iasachtaí nó an féichiúnaí an t-idirbheart, nó idirbheart idir ceachtar acu agus duine a bhfuil baint aige leis an duine eile nó idir duine a bhfuil baint aige le duine acu agus duine a bhfuil baint aige leis an duine eile.

(2) Má fhorálann an t-idirbheart go n-íocfar aon bhlianacht nó aon íocaíocht bhliaintúil eile, nach ús, agus ar íocaíocht í is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal D, déileálfar leis an íocaíocht chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide ionann is dá mba íocaíocht úis bhliantúil í.

(3) Más idirbheart é trína n-aontaíonn úinéir aon urrús nó maoine eile lena ngabhann ceart ioncaim an mhaoin a dhíol nó a aistriú, agus má tharlaíonn, faoin gcomhaontú céanna nó faoi aon chomhaontú comhthaobhach—

(a) go n-aontóidh an ceannaitheoir nó an t-aistrí, nó duine a bhfuil baint aige leis, go ndíolfaidh sé ar dháta níos déanaí an mhaoin sin nó aon mhaoin eile leis an duine chéadluaite, nó le duine a bhfuil baint aige leis, nó go n-aistreoidh sé chuige í, nó

(b) go bhfaighidh an duine chéadluaithe, nó duine a bhfuil baint aige leis, rogha, a fheidhmeoidh sé dá éis sin, an mhaoin chéanna nó aon mhaoin eile a cheannach nó a fháil ón gceannaitheoir nó ón aistrí sin nó ó dhuine a bhfuil baint aige leis,

ansin, gan dochar do dhliteanas aon duine eile, beidh an duine chéadluaite inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D ar shuim is ionann agus aon ioncam as an maoin chéadluaite aon tráth roimh aisíoc na hiasachta nó foirceannadh an chreidmheasa.

(4) Má tharlaíonn faoin idirbheart go sannfaidh nó go ngéillfidh duine ioncam as aon mhaoin, nó má chomhaontaíonn sé ar dhóigh eile an t-ioncam sin a tharscaoileadh nó a sheachligean (gan an mhaoin a dhíol ná a aistriú), ansin, gan dochar do dhliteanas aon duine eile, beidh sé inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D ar shuim is ionann agus méid an ioncaim a sannadh, a géilleadh, a tarscaoileadh nó a seachligeadh.

(5) Má thugtar creidmheas i leith praghas ceannaigh aon mhaoine, agus gurb amhlaidh do na cearta a ghabhann leis an maoin go mbeidh cearta an cheannaitheora chun ioncaim ón maoin ar fionraí nó srianta le linn ré an fhéich, déileálfar leis an duine sin chun críocha fho-alt (4) amhail is dá mba gur ghéill sé ceart chun ioncaim ar cóimhéid leis an ioncam a sheachlig sé iarbhír tríd an gcreidmheas a fháil.

(6) Chun críocha fho-alt (4) is é méid aon ioncaim is iníoctha faoi réir cáin a asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh méid an ioncaim sin roimh an gcáin sin a asbhaint.

(7) Déanfar tagairtí san alt seo do dhaoine bainteacha a fhorléiriú de réir alt 16 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

Leasú ar alt 61 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

42. —(1) Leasaítear leis seo alt 61 (l) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “aon ús bliantúil, nó” a scriosadh agus trí “(seachas ús)” a chur isteach i ndiaidh “nó aon íocaíocht bhliantúil eile” agus tá an t-alt sin 61 (l), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i leith na bliana 1974-75 agus i leith blianta measúnachta dá éis sin maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil cibé uair a dhéanfar í agus i leith na bliana 1973-74 maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis.

AN TABLA

(l) aon bhlianacht, nó aon íocaíocht bhliantúil eile (seachas ús) is iníoctha as na brabúis nó na gnóchain:

Leasú ar alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

43. —Leasaítear leis seo alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis—

“(3) I gcás ús ar fhiach is iníoctha faoi réir cáin a asbhaint do scor aon tráth de bheith iníoctha amhlaidh measfar é do theacht ó bhunadh ar leithligh a fuair an creidiúnaí an tráth sin agus ní bhainfidh fo-alt (1) leis an ús sin.

(4) I gcás ús ar fhiach is iníoctha go hiomlán do thosú aon tráth ar bheith iníoctha faoi réir cáin a asbhaint measfar é do theacht ó bhunadh ar leithligh ar scoir an creidiúnaí dá shealbhú an tráth sin agus ní bhainfidh fo-alt (1) leis an ús sin.”.

Leasú ar alt 76 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

44. —I dtaca le hús bliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag alt 76 (1) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74 maidir leis an ús de bhreis ar £500, ná

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, maidir leis an ús de bhreis ar £2,000.

Leasú ar alt 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

45. —Leasaítear leis seo alt 77 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “fho-alt (2) nó (4)” a chur in ionad “fho-alt (2)” agus tá an t-alt sin 77 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(3) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta, go scoirfidh duine ar bith a muirearaíodh nó is inmhuirir i leith ioncaim nó brabús faoi Chás III de Sceideal D, d'iomlán an bhunaidh aonair ioncaim nó brabús sin a shealbhú mar a luaitear in alt 75 (1) nó aon bhunadh acu sin a n-ordaítear an t-ioncam uaidh a ríomh ar leithligh faoi fho-alt (2) nó (4) den alt sin, beidh feidhm sa chás sin ag alt 58 (5), faoi réir na modhnuithe is gá, ionann agus dá mba éard é scor den bhunadh nó de na bunaidh aonair sin a shealbhú scor de thrádáil.

Feidhm alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le hioncam áirithe a éireoidh lasmuigh den Stát.

46. —D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo, measfar maidir le hioncam a éireoidh lasmuigh den Stát agus a bheadh, dá mba sa Stát a d'éirigh sé, inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D, gur ioncam é lena mbaineann forálacha alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a mhéid a bhaineann siad le hasbhaintí a bheidh le déanamh faoi threoir fho-alt (5) (e) den alt sin.

Leasú ar alt 219 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

47. —Leasaítear leis seo alt 219 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Dearbhaítear leis seo go mbeidh, nuair a bheidh brabúis nó gnóchain cumainn á ríomh chun críocha Chás I de Sceideal D, suimeanna ar bith le hasbhaint mar chostais, ar suimeanna iad—

(a) in ionannas le lascaine, lacáiste, díbhinn nó bónas a dheonaigh an cumann do chomhaltaí dá chuid nó do dhaoine eile i leith méideanna a íocadh nó is iníoctha acu nó leo i dtaobh a n-idirbhearta leis an gcumann arb idirbhearta iad a chuirfear i gcuntas sa ríomh sin, agus a ríomhfar faoi threoir na méideanna sin nó ollmhéid na n-idirbhearta sin agus ní faoi threoir méid aon scaire nó leasa i gcaipiteal an chumainn;

(b) is scair-ús nó ús iasachta a d'íoc an chuideachta, is é sin, ús a leagadh amach nó a caitheadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála.”.

Beidh feidhm ag mír (b) i leith na bliana 1974-75 agus blianta measúnachta dá éis sin maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil cibé uair a dhéanfar í agus i leith na bliana 1973-74 maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis.

Leasú ar alt 221 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

48. —Leasaítear leis seo alt 221 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na chéad fhomhíre de mhír (c):

“Ar choinníoll i gcás nach mbaineann alt 220 leis nach ndéanfar aon asbhaint maidir le hús i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis—

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74, ar an ús de bhreis ar £500, ná

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, ar an ús de bhreis ar £2,000.”,

(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“Ar choinníoll maidir le hús i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, nach rachaidh comhiomlán na gcionúireachtaí iomchuí den ús sin—

(a) thar shuim £500 don bhliain mheasúnachta 1973-74, ná

(b) thar shuim £2,000 don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.”, agus

(c) trí “nó mar asbhaint arna údarú faoi alt 81 (5) (e).” a chur le mír (g),

agus tá na míreanna sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) (c) Má tharlaíonn, aon bhliain mheasúnachta, go mbeidh cumann tar éis scair-ús nó ús iasachta (seachas ús iasachta a mbeidh éileamh déanta ina leith mar a luaitear i mír (a)) gan cáin a asbhaint de réir fho-alt (1), féadfaidh sé a éileamh, i gcás ina mbeidh feidhm ag alt 220, go ndéanfar an chionúireacht iomchuí den mhéid iomlán a íocadh amhlaidh, nó, in aon chás eile, an méid iomlán a íocadh amhlaidh, a bhaint as a ioncam iomlán don bhliain sin agus, i gcás ina ndéanfar éileamh den sórt sin, tabharfar aon fhaoiseamh iomchuí ó cháin trí aisíoc nó ar shlí eile.

Ar choinníoll i gcás nach mbaineann alt 220 leis nach ndéanfar aon asbhaint maidir le hús i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis—

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74, ar an ús de bhreis ar £500, nó

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, ar an ús de bhreis ar £2,000.

Beidh feidhm ag alt 307 (5) (6), maidir le héileamh faoin mír seo mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le héileamh faoi alt 307, ach amháin nach gá foirm fhorordaithe a úsáid.

(2) (e) San fho-alt seo ciallaíonn “an chionúireacht iomchuí” d'aon mhéid úis nó íocaíochta bliantúla a d'íoc cumann bliain mheasúnachta an chuid den mhéid sin a mbeidh idir í agus an t-iomlán an chomhréir chéanna a bheidh idir ioncam iomlán an chumainn don bhliain sin agus an méid ab ionann, mura mbeadh alt 220, agus méid ioncaim iomláin an chumainn don bhliain sin.

Ar choinníoll maidir le hús i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, nach rachaidh comhiomlán na gcionúireachtaí iomchuí den ús sin—

(a) thar shuim £500 don bhliain mheasúnachta 1973-74, ná

(b) thar shuim £2,000 don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

(2) (g) Aon tagairt sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ús iasachta nó d'ús eile ní fholaíonn sí tagairt d'ús is inlamhála mar asbhaint agus ríomh á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádála a bhí á sheoladh ag an gcumann sin nó mar asbhaint arna údarú faoi alt 81 (5) (e).

Leasú ar ailt 231, 232 agus 233 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

49. —(1) Leasaítear leis seo ailt 231 (4) (a), 232 (2) agus 233 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “íocaíocht bhliantúil” a chur in ionad “íocaíocht úis” in ailt 231 (4) (a) agus 232 (2) agus trí “íocaíocht bhliantúil é” a chur in ionad “íoc é ar ús” in alt 233 (2) (a) agus tá na hailt sin 231 (4) (a), 232 (2) agus 233 (2) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i bhfeidhm agus glacfaidh sé éifeacht amhail ar an 6ú lá d'Aibreán, 1973, agus dá éis.

AN TABLA

(4) (a) Bainfidh alt 434 le haon íocaíocht i leith, nó ar chuntas, na breise amhail is dá mba éard í an íocaíocht sin íocaíocht bhliantúil ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim sochair scoir a mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ar stiúr thóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoin scéim sin agus faoi na scéimeanna eile uile a bheidh díolmhaithe ó oibriú alt 227, agus a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear in alt 229 (1) (i), bainfidh alt 434 le haon íocaíocht i leith, nó ar chuntas, na breise sin amhail is dá mba éard í an íocaíocht íocaíocht bhliantúil ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(2) I gcás ina ndéanfar aon ranníocaí a rinne stiúrthóir nó fostaí faoi scéim is scéim cheadaithe de réir bhrí fho-alt (1) a aisíoc leis i rith a shaoil—

(a) beidh feidhm ag alt 434 maidir le méid na ranníoc a aisíocfar ionann agus dá mba íocaíocht bhliantúil é a tugadh faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D nárbh iníoctha as brabúis nó gnóchain ar ar muirearaíodh cáin, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an t-aisíoc cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

Srian le hailt 433 agus 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

50. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) agus ailt 30 agus 31, ní bhainfidh ailt 433 agus 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a mhéid a bhaineann siad le hús airgid, le haon ús den sórt sin i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hús ar aon iasacht a urraíodh le nóta gealltanais tráthchoda a síníodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus ar gheall an t-iasachtaí faoina théarmaí íocaíochtaí tréimhsiúla a dhéanamh ina mbeadh suim in ionannas úis tar éis cáin ioncaim a bhaint as de réir an ráta a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire.

(3) I bhfo-alt (2) ciallaíonn “ús”—

(a) i gcás iasacht a bhforálann a téarmaí go n-íocfar ús “lúide cáin”, nó ina n-úsáidtear focail sa chéill sin, an t-ús ab iníoctha dá mbeadh na focail “lúide cáin” nó focail a gcomhchiall gan bheith iontu, agus

(b) i gcás iasacht a bhforálann a téarmaí go n-íocfar ús de réir cibé ráta (dá ngairtear an ráta comhiomlán dá éis seo) a bheidh, tar éis cáin de réir an ráta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a asbhaint, comhionann le ráta sonraithe, ús de réir an ráta chomhiomláin.

(4) Measfar, maidir le híocaíochtaí aon úis dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, gurb íocaíochtaí iad nach as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear a rinneadh iad, cibé acu is íocaíochtaí den sórt sin iad nó nach ea, agus bainfidh fo-ailt (2) go (5) d'alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis na híocaíochtaí sin mar a bhaineann siad le híocaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin.

Leasú ar alt 535 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

51. —(1) Leasaítear leis seo alt 535 (1) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “leasa bhliantúla” a scriosadh agus trí “(seachas ús)” a chur isteach i ndiaidh “íocaíochta bliantúla eile” agus tá an t-alt sin 535 (1) (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i leith na bliana 1974-75 agus blianta measúnachta dá éis sin maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil cibé uair a dhéanfar í agus i leith na bliana 1973-74 maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis.

AN TABLA

(1) (b) ní dhéanfar aon asbhaint ar chuntas aon bhlianachta nó íocaíochta bliantúla eile (seachas ús) a bheidh le híoc as na brabúis nó na gnóchain sin in oirchill go lamhálfar cuid chomhréire den cháin a asbhaint le linn aon íocaíocht den sórt sin a dhéanamh.

Srian le Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

52. —I dtaca le hús bliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74, maidir leis an ús de bhreis ar £500, ná

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, maidir leis an ús de bhreis ar £2,000.

Feidhm maidir le cáin bhrabús corparáide.

53. —(1) Beidh feidhm chun críocha cánach brabús corparáide ag na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo, fara aon mhodhnuithe is gá.

(2) Leasaítear leis seo alt 53 (2) den Finance Act, 1920, tríd an mír seo a leanas a chur leis an gcoinníoll:

“(l) subject to section 53 (1) of the Finance Act, 1974, any deduction allowed in respect of interest paid in respect of any period beginning on or after the 10th day of January, 1974, not being interest wholly and exclusively laid out or expended for the purposes of a trade or profession, or other business the income from which consists wholly or mainly of profits or gains chargeable under Case V of Schedule D, shall not exceed an amount calculated at the rate of £2,000 per annum.”.