|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Srian le Faoiseamh i leith Úis) | Ar Aghaidh (Caibidil V Cáin Ioncaim agus Cáin Bhrabús Corparáide) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1974
[EN] | ||||
[EN] |
Caibidil IV Frithsheachaint | |||
[EN] |
Muirearú cánach i leith díbhinní áirithe a fhaigheann stiúrthóirí agus fostaithe. |
54. —(1) San alt seo— | ||
[EN] | tá le “stiúrthóir” an bhrí chéanna atá leis in alt 119 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |||
[EN] | tá le “díolaíochtaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 111 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “fostaí” duine atá fostaithe ag aon chomhlacht daoine; | |||
[EN] | ciallaíonn “cuideachta cháinfhaoisimh” comhlacht corpraithe a d'éiligh agus atá i dteideal faoiseamh a fháil ó cháin faoi Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |||
[EN] | (2) Measfar, chun críocha an ailt seo, baint a bheith ag duine nó comhlacht corpraithe le cuideachta cháinfhaoisimh dá measfaí baint a bheith ag an duine nó ag an gcomhlacht corpraithe sin léi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , agus measfar baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí baint a bheith aige leis chun críocha an ailt sin 16. | |||
[EN] | (3) Má tharlaíonn, i leith aon bhliana measúnachta, nach bhfaighidh duine— | |||
[EN] | (a) is stiúrthóir nó fostaí de chuid cuideachta cáinfhaoisimh nó de chuid comhlachta chorpraithe a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin, nó | |||
[EN] | (b) atá fostaithe ag duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin, | |||
[EN] | aon díolaíochtaí i leith seirbhísí a rinne sé don chuideachta sin nó ar mhaithe léi nó a rinne sé d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin nó ar mhaithe leis, nó má fhaigheann sé díolaíochtaí i leith na seirbhísí sin nach leor, i dtuairim na gCoimisinéiri Ioncaim, mar chomaoin i leith na seirbhísí a rinneadh amhlaidh, agus go bhfaighidh sé díbhinn i leith scaireanna atá aige sa chuideachta sin. áireofar gur díolaíochtaí de chuid an duine sin an méid sin den díbhinn sin (dá ngairtear an chuid iomchuí den díbhinn san alt seo) ar chomaoin é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, i leith na seirbhísí a rinneadh amhlaidh agus beidh an méid sin inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal E mar dhíolaíochtaí a íocadh leis ar an dáta ab iníoctha an díbhinn sin, agus is é méid na ndíolaíochtaí a mhuirearófar amhlaidh an méid is comhionann, tar éis cáin a asbhaint de réir an ráta is cuí don díbhinn, leis an nglanmhéid is iníoctha den chuid iomchuí den díbhinn. | |||
[EN] | (4) I gcás cáin a bhaint as díbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (3), lamhálfar cibé méid den cháin sin is cuí don chuid iomchuí den díbhinn mar chreidmheas in aghaidh aon cháin is inmhuirir de bhua an fho-ailt sin (3). | |||
[EN] | (5) Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh chun críche an ailt seo an leor na díolaíochtaí a d'íoc cuideachta le duine mar chomaoin i leith seirbhísí a rinneadh, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh— | |||
[EN] | (a) an sórt seirbhísí a rinne an duine sin, | |||
[EN] | (b) na díolaíochtaí a fuair an duine sin ón gcuideachta i leith seirbhísí a rinneadh amhlaidh nuair nach raibh scaireanna aige sa chuideachta nó nuair nach raibh na scaireanna aige a n-íoctar an díbhinn ina leith agus arb iad is ábhar dá mbreithniú de bhua an ailt seo, | |||
[EN] | (c) méid na ndíolaíochtaí a bheifí ag súil le réasún a íocfaí i leith na seirbhísí sin, agus | |||
[EN] | (d) aon fhianaise a thabharfaidh an duine sin nó a thabharfar thar a cheann i dtaobh leordhóthanacht na ndíolaíochtaí áirithe sin. | |||
[EN] | (6) I gcás scaireanna a n-íoctar díbhinn ina leith a bheith ag duine i gcuideachta cháinfhaoisimh is duine a bhfuil baint aige le duine eile (ar duine é an duine eile sin ba dhuine a mbainfeadh fo-alt (3) leis dá mba aige a bhí na scaireanna agus dá mbá é a fuair an díbhinn). ansin, chun críocha an fho-ailt sin (3). measfar gur ag an dara duine a luaitear atá na scaireanna agus measfar go bhfuair sé an díbhinn i leith na scaireanna ar an dáta ab iníoctha an díbhinn. | |||
[EN] | (7) Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh chun críche an ailt seo an i gcomaoin seirbhísí a rinneadh a tugadh díbhinn nó cuid de dhíbhinn. cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh— | |||
[EN] | (a) na haicmí scaireanna go léir a d'eisigh an chuideachta áirithe, | |||
[EN] | (b) an aicme nó na haicmí scaireanna sa chuideachta sin atá ag an duine réamhráite, an líon scaireanna den sórt sin atá aige, luach ainmniúil na scaireanna sin agus an méid a shuibscríodh sé ina leith, | |||
[EN] | (c) an ráta díbhinne a íocadh ar scaireanna gach aicme, | |||
[EN] | (d) cé acu atá scaireanna den aicme atá ar teachtadh ag an duine réamhráite ar teachtadh ag aon duine eile agus, má tá, líon na scaireanna atá ar teachtadh amhlaidh, agus | |||
[EN] | (e) aon ábhar eile is dóigh leo is iomchuí chun tuairim a bhunú faoin bhfo-alt seo. | |||
[EN] | (8) Féadfar achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc maidir le haon tuairim de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoin alt seo sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnachta cánach, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc. | |||
[EN] |
Idirbhearta i ndeimhnithe taiscthe agus i dtaiscí insannta. |
55. —(1) I gcás ina bhfaighidh duine, tar éis an 3ú lá d'Aibreán, 1974, ceart lena mbaineann an t-alt seo, ansin, aon ghnóchan dá chuid as an gceart sin a dhiúscairt nó, ach amháin sa mhéid gur ceart é chun ús a fháil, as an gceart sin a fheidhmiú, measfar, mura mbeidh sé le cur i gcuntas mar fháltas trádála, gur brabúis nó gnóchain bhliantúla é is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D agus muirearófar i leith cánach é dá réir sin. | ||
[EN] | (2) I gcás ina bhfuair duine, an 3ú lá d'Aibreán, 1974, nó roimhe sin, ceart lena mbaineann an t-alt seo, agus go ndéanfaidh sé nó go ndearna sé an ceart a dhiúscairt nó a fheidhmiú tar éis an dáta sin, ansin, an méid sin d'aon ghnóchan dá chuid as an diúscairt sin nó, ach amháin a mhéid gur ceart é chun ús a fháil, as an bhfeidhmiú sin, a mbeidh idir é agus méid iomlán an ghnóchain an chomhréir chéanna a bheidh idir an uimhir laethanta ón 3ú lá d'Aibreán, 1974, go dtí dáta na diúscartha nó an fheidhmithe agus an uimhir iomlán laethanta ó dháta na fála go dtí dáta na diúscartha nó an fheidhmithe, measfar, mura mbeidh sé le cur i gcuntas mar fháltas trádála, gur brabúis nó gnóchain bhliantúla é is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D agus muirearófar i leith cánach é dá réir sin. | |||
[EN] | (3) I gcás ina mbainfidh caillteanas do dhuine in idirbheart a bheadh, dá mbeadh brabús tagtha as, inmhuirir i leith cánach de bhua fho-alt (1) nó (2), ansin, más inmhuirir i leith cánach é faoi Sceideal C nó D i leith an úis is iníoctha ar mhéid an airgid a ndearnadh an ceart chuige a dhiúscairt, déanfar méid an úis sin a áireamh sna suimeanna a bhféadfaidh sé a éileamh go ndéanfaí méid a chaillteanais a fhritháireamh ina n-aghaidh faoi alt 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |||
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar go mbeidh brabúis nó gnóchain le cur i gcuntas mar fháltas trádála as siocair amháin go bhfuil siad ar áireamh sa ríomh a cheanglaítear le halt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |||
[EN] | (5) Baineann an t-alt seo le haon cheart— | |||
[EN] | (a) suim airgid (le hús nó gan ús) a fháil ó aon duine is airgead a luaitear i ndeimhniú taiscthe a eisíodh chuig an duine a thaisc an t-airgead nó chuig aon duine eile, nó | |||
[EN] | (b) suim airgid (le hús nó gan ús) a fháil ó aon duine, ar ceart é a thagann as taisce insannta is féidir a shannadh do dhuine eile nó a aistriú chuig duine eile ag an duine a thaisc an t-airgead nó ag aon duine a bhfuil an ceart chun sin a dhéanamh faighte aige. | |||
[EN] | (6) San alt seo— | |||
[EN] | ciallaíonn “taisce insannta” taisce airgid, in aon airgead reatha, a taisceadh le haon duine, cibé acu atá sí le haisíoc le hús nó gan ús agus a fhéadfar, ar ordú ón taisceoir, a shannadh le hús nó gan ús do dhuine eile; agus | |||
[EN] | ciallaíonn “deimhniú taiscthe” doiciméad a bhaineann le hairgead, in aon airgead reatha, a taisceadh leis an eisitheoir nó le duine éigin eile, ar doiciméad é a thugann aitheantas d'oibleagáid suim shonraithe a íoc le hiompróir nó le hordú, le hús nó gan ús, agus ar doiciméad é ar inaistrithe trína sheachadadh, formhuinithe nó gan formhuiniú, an ceart chun an tsuim shonraithe sin, le hús nó gan ús, a fháil. | |||
[EN] |
Cáin ar scaireanna a eisítear in ionad díbhinní airgid. |
56. —(1) San alt seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe; | |||
[EN] | ciallaíonn “scair” scair i scairchaipiteal cuideachta agus folaíonn sé stoc agus aon leas eile sa chuideachta. | |||
[EN] | (2) Má fhaigheann aon duine de dhroim rogha a fheidhmiú, sula ndearbhóidh cuideachta dáileadh brabús nó lena linn sin nó dá éis, suim airgid nó scairchaipiteal breise sa chuideachta a ghlacadh i leith scaireanna sa chuideachta, an scairchaipiteal breise sin, measfar go bhfuair sé ón gcuideachta, in ionad an scairchaipitil sin, ioncam ar cóimhéid leis an tsuim a gheobhadh sé dá mba in airgead a gheobhadh sé an dáileadh sin. | |||
[EN] | (3) Aon ioncam a mheasfar faoi fho-alt (2) a bheith faighte ag duine ó chuideachta— | |||
[EN] | (a) má bhíonn brabúis an duine sin inmhuirir i leith cánach brabús corparáide, measfar gur brabúis lena mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, an t-ioncam sin agus muirearófar é i leith cánach brabús corparáide dá réir sin; | |||
[EN] | (b) más lasmuigh den Stát a chónaíonn an chuideachta, measfar gur ioncam é ó urrúis agus sealúchais lasmuigh den Stát agus measúnófar agus muirearófar i leith cánach é faoi Chás III de Sceideal D; | |||
[EN] | (c) más sa Stát a chónaíonn an chuideachta, measfar gur brabúis nó gnóchain é nach dtagann faoi réim aon Chás eile de chuid Sceideal D agus ní mhuirearófar é de bhua aon Sceidil eile agus measúnófar agus muirearófar i leith cánach é faoi Chás IV de Sceideal D. | |||
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo tugtar rogha do dhuine díbhinn airgid nó scairchaipiteal breise a fháil ní amháin i gcás inar gá dó ceann acu a roghnú thar an gceann eile, ach freisin i gcás ina dtairgtear ceann acu dó faoi réir ceart, is cuma conas a bheidh sé sainráite, a bheith aige an ceann eile a roghnú ina ionad, agus measfar chun na gcríocha sin gur feidhmiú na rogha sin ag duine é do thréigean cirt den sórt sin nó é do mhainniú é a fheidhmiú. | |||
[EN] |
Sócmhainní a aistriú as an Stát. |
57. —Chun cosc a chur le pearsana aonair a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát dliteanas cánach a sheachaint trí shócmhainní a aistriú agus a dtiocfaidh de bhua nó de dhroim an aistrithe sin, leis féin nó i dteannta oibríochtaí gaolmhara, go mbeidh ioncam iníoctha le daoine a bhfuil cónaí nó sainchónaí orthu lasmuigh den Stát, achtaítear leis seo mar a leanas:— | ||
[EN] | (1) I gcás ina bhfuil, de bhua nó de dhroim aon aistrithe den sórt sin, leis féin nó i dteannta oibríochtaí gaolmhara, cumhacht de réir brí an ailt seo ag pearsa aonair den sórt sin aon ioncam de chuid duine ar lasmuigh den Stát atá cónaí nó sainchónaí air a theachtadh láithreach nó san am le teacht, arb ioncam é a bheadh, dá mba ioncam é de chuid na pearsan aonair sin a fuair sé sa Stát, inmhuirir leith cánach trí asbhaint nó ar shlí eile, measfar gur ioncam de chuid na pearsan aonair sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim an t-ioncam sin, cibé acu ab inmhuirir nó nárbh inmhuirir i leith cánach é ar leith ó fhorálacha an ailt seo. | |||
[EN] | (2) I gcás ina dtarlóidh, roimh aon aistriú den sórt sin nó dá éis, go bhfaighidh pearsa aonair den sórt sin nó go mbeidh sé i dteideal go bhfaighidh sé aon suim chaipitiúil a bhfuil aon bhaint ag a híoc leis an aistriú nó le haon oibríocht ghaolmhar, measfar gur ioncam de chuid na pearsan aonair sin, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, aon ioncam a tháinig chun bheith, de bhua nó de dhroim an aistrithe, leis féin nó i ndáil le hoibríochtaí gaolmhara, ina ioncam de chuid duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát, cibé acu ab inmhuirir nó nárbh inmhuirir i leith cánach é ar leith ó fhorálacha an ailt seo. | |||
[EN] | San fho-alt seo ciallaíonn “suim chaipitiúil”— | |||
[EN] | (a) aon suim a íocadh nó is iníoctha i modh iasachta nó aisíoc iasachta, agus | |||
[EN] | (b) aon suim eile a íocadh nó is iníoctha seachas mar ioncam, is suim nár íocadh ná nach iníoctha mar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid. | |||
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) má shuíonn an phearsa aonair i scríbhinn nó ar dhóigh eile chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim— | |||
[EN] | (a) nach chun dliteanas cánachais a sheachaint ba chuspóir nó ba cheann de na cuspóirí leis an aistriú nó leis na hoibríochtaí gaolmhara nó le haon cheann díobh a dhéanamh, nó | |||
[EN] | (b) gur idirbhearta tráchtála bona fide a bhí san aistriú agus in aon oibríochtaí gaolmhara agus nach chun dliteanas cánachais a sheachaint a ceapadh iad. | |||
[EN] | In aon chás inarb éagóir le duine cinneadh a rinne na Coimisinéirí Ioncaim ag feidhmiú a bhfeidhmeanna faoin bhfo-alt seo beidh an duine i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc in aghaidh chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim agus éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc ionann is dá mba achomharc é in aghaidh measúnú i leith cánach agus beidh feidhm dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí. | |||
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “oibríocht ghaolmhar”, i ndáil le haon aistriú, oibríocht d'aon chineál ag aon duine i ndáil le haon cheann de na sócmhainní a aistrítear nó le haon sócmhainní in ionannas, díreach nó neamhdhíreach, le haon cheann de na sócmhainní a aistrítear, nó i ndáil leis an ioncam as aon sócmhainní den sórt sin, nó i ndáil le haon sócmhainní in ionannas, díreach nó neamhdhíreach, leis na cnuais ioncaim as aon sócmhainní den sórt sin. | |||
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo measfar cumhacht a bheith ag pearsa aonair sealúchas a bheith aige ar ioncam duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát más rud é— | |||
[EN] | (a) go ndéileálann aon duine leis an ioncam sin iarbhír ionas go rachadh sé tráth éigin, agus cibé acu ar mhodh ioncaim dó nó nach ea, chun tairbhe don phearsa aonair, nó | |||
[EN] | (b) go n-oibríonn fáil nó faibhriú an ioncaim chun luach aon sócmhainní atá ag an bpearsa aonair nó atá ar teachtadh chun sochair dó a mhéadú, nó | |||
[EN] | (c) go bhfaigheann an phearsa aonair nó go bhfuil sé i dteideal go bhfaighidh sé, aon uair, aon sochar a sholáthraítear nó a sholáthrófar as an ioncam nó as aon airgead atá nó a bheidh ar fáil chuige sin i ngeall ar éifeacht nó ar éifeachtaí comhleanúnacha na n-oibríochtaí gaolmhara ar an ioncam sin agus ar aon sócmhainní in ionannas, díreach nó neamhdhíreach, leis an ioncam sin, nó | |||
[EN] | (d) go bhfuil cumhacht ag an bpearsa aonair, trí aon chumhacht cheapacháin nó aon chumhacht chúlghairme nó eile, sealúchas tairbhiúil an ioncaim a fháil dó féin, le toiliú nó gan toiliú aon duine eile, nó gur féidir leis, i gcás feidhmiú aon chumhachta atá dílsithe d'aon duine eile, teacht chun bheith i dteideal sealúchas tairbhiúil an ioncaim a bheith aige, nó | |||
[EN] | (e) go bhfuil an phearsa aonair i gcumas in aon slí, agus go díreach nó go neamhdhíreach, feidhmiú an ioncaim sin a rialú. | |||
[EN] | (6) Nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil cumhacht ag duine sealúchas a bheith aige ar ioncam de réir brí an ailt seo, tabharfar aird ar thoradh agus éifeacht shubstaintiúil an aistrithe agus aon oibríochtaí gaolmhara, agus cuirfear i gcuntas na sochair go léir, is cuma cad é a gcineál nó a bhfoirm, a fhaibhreoidh aon tráth chun na pearsan aonair (bíodh nó ná bíodh cearta de réir dlí nó de réir cothromais aige sna sochair sin nó chucu) de thoradh an aistrithe agus aon oibríochtaí gaolmhara. | |||
[EN] | (7) Chun críocha an ailt seo, déileálfar le haon chomhlacht corpraithe atá corpraithe lasmuigh den Stát amhail is dá mba lasmuigh den Stát a bheadh cónaí air cibé acu atá cónaí air amhlaidh nó nach bhfuil. | |||
[EN] | (8) Chun críocha an ailt seo— | |||
[EN] | (a) measfar go bhfolaíonn tagairt do phearsa aonair tagairt do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan aonair, | |||
[EN] | (b) folaíonn “sócmhainní” maoin nó cearta d'aon chineál agus folaíonn “aistriú”, i ndáil le cearta, bunú na gcearta sin, | |||
[EN] | (c) folaíonn “sochar” íocaíocht d'aon chineál, | |||
[EN] | (d) folaíonn tagairtí d'ioncam duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát, i gcás méid ioncaim cuideachta d'aon bhliain nó tréimhse a chionroinnt faoi alt 530 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tagairtí don mhéid sin d'ioncam na cuideachta don bhliain nó don tréimhse sin atá ar cóimhéid leis an méid a cionroinneadh amhlaidh ar an duine sin, | |||
[EN] | (e) folaíonn tagairtí do shócmhainní in ionannas aon sócmhainní, ioncam nó cnuas ioncaim tagairtí do scaireanna in aon chuideachta nó oibleagáidí de chuid aon chuideachta, nó d'oibleagáidí de chuid aon duine eile chun a n-aistreofar nó chun ar aistríodh na sócmhainní, an t-ioncam nó na cnuais sin, | |||
[EN] | (f) ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe nó comhlachas neamhchorpraithe. | |||
[EN] | (9) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo chun críocha measúnú cánach don bhliain 1974-75 agus blianta dá éis sin, agus beidh feidhm acu maidir le haistrithe sócmhainní agus oibríochtaí gaolmhara cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh nó a dhéanfar iad. | |||
[EN] |
Asbhaintí agus faoisimh i ndáil le hioncam is inmhuirir i leith cánach faoi alt 57. |
58. —(1) Is faoi Chás IV de Sceideal D a mhuirearófar cáin is inmhuirir de bhua an ailt sin roimhe seo. | ||
[EN] | (2) Nuair a bheidh dliteanas cánach pearsan aonair is inmhuirir de bhua an ailt sin roimhe seo á ríomh, lamhálfar na hasbhaintí agus na faoisimh chéanna a lamhálfaí dá mbeadh an t-ioncam a meastar gurb ioncam dá chuid é de bhua an ailt sin faighte aige iarbhír. | |||
[EN] | (3) I gcás inar muirearaíodh pearsa aonair i leith cánach ar aon ioncam a meastar gur ioncam dá chuid é de bhua an ailt sin roimhe seo agus go bhfaighidh sé an t-ioncam sin dá éis sin, measfar nach cuid dá ioncam arís é chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim. | |||
[EN] | (4) In aon chás ina mbeidh cumhacht ag pearsa aonair chun críocha an ailt sin roimhe seo sealúchas a bheith aige ar ioncam duine lasmuigh den Stát i ngeall ar é d'fháil aon sochair den sórt a luaitear in alt 57 (5) (c) beidh an phearsa aonair inmhuirir i leith cánach de bhua an ailt sin roimhe seo faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina bhfuarthas an sochar ar mhéid nó ar luach iomlán an tsochair sin ach amháin a mhéid a shuífear gur dhíorthaigh an sochar go díreach nó go neamhdhíreach as ioncam ar muirearaíodh cáin air cheana féin ina leith don bhliain mheasúnachta sin nó do bhliain mheasúnachta roimhe sin. | |||
[EN] |
Cumhacht chun faisnéis a fháil. |
59. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó cíbé oifigeach a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal trí fhógra i scríbhinn ar aon duine cibé sonraí a mheasann siad a bheith riachtanach chun críocha ailt 57, 58 agus 60 a thabhairt dóibh laistigh de cibé am a ordóidh siad (nach lú ná ocht lá is fiche). | ||
[EN] | (2) Airítear ar na sonraí nach foláir do dhuine a thabhairt faoin alt seo, má cheanglaítear air le fógra den sórt sin é sin a dhéanamh, sonraí— | |||
[EN] | (a) i dtaobh idirbhearta a bhfuil nó a raibh sé ag gníomhú thar ceann daoine eile maidir leo, agus | |||
[EN] | (b) i dtaobh idirbhearta ar cuí i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim nó cibé oifigeach a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim iad a imscrúdú chun críocha ailt 57, 58 agus 60 d'ainneoin nach n-éiríonn, i dtuairim an duine dar tugadh an fógra, aon dliteanas cánach faoi na hailt sin, | |||
[EN] | (c) i dtaobh cé acu atá páirt glactha nó á glacadh ag an duine dar tugadh an fógra in aon idirbhearta de chineál a shonraítear san fhógra, agus má tá cad é an pháirt í agus cad iad na hidirbhearta iad. | |||
[EN] | (3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2), ní mheasfar, chun críocha mhír (c) den fho-alt sin, páirt a bheith glactha ag aturnae in idirbheart i ngeall amháin ar é do thabhairt comhairle ghairmiúil do chliant i ndáil leis an idirbheart sin, agus ní fhéadfar, i ndáil le haon rud a rinne sé thar ceann cliaint, tabhairt air faoin alt seo, ach amháin le toiliú a chliaint, níos mó a dhéanamh ná a rá go bhfuil sé nó go raibh sé ag gníomhú thar ceann cliaint, agus ainm agus seoladh a chliaint a thabhairt agus freisin— | |||
[EN] | (a) i gcás aon ní a rinne an t-aturnae i ndáil de haistriú aon sócmhainne ag nó chuig pearsa aonair a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát ag nó chuig aon chomhlacht corpraithe den sórt a luaitear anseo ina dhiaidh seo, nó i ndáil le haon oibríocht ghaolmhar maidir le haon aistriú den sórt sin, ainmneacha agus seoltaí an aistreora agus an aistrí nó na ndaoine lena mbaineann na hoibríochtaí gaolmhara, cibé acu é; | |||
[EN] | (b) i gcás aon ní a rinne an t-aturnae i ndáil le foirmiú nó bainistí aon chomhlachta chorpraithe den sórt a luaitear anseo ina dhiaidh seo, ainm agus seoladh an chomhlachta chorpraithe; | |||
[EN] | (c) i gcás aon ní a rinne an t-aturnae i ndáil le bunú, nó le forghníomhú iontaobhais, aon socraíochta a dtarlaíonn dá bua nó dá droim ioncam a bheith iníoctha le duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát, ainmneacha agus seoltaí an tsocraitheora agus an duine sin. | |||
[EN] | Na comhlachtaí corpraithe a luaitear sna forálacha sin roimhe den alt seo is comhlachtaí corpraithe iad a chónaíonn nó atá corpraithe lasmuigh den Stát ar cuideachtaí iad de réir brí alt 530 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó ar chuideachtaí den sórt sin iad dá mba sa Stát a corpraíodh iad. | |||
[EN] | (4) Ní chuirfidh aon ní san alt seo d'oibleagáid ar aon bhanc aon sonraí a thabhairt i dtaobh aon ghnáth-idirbhearta baincéireachta idir an banc agus custaiméir a dhéantar i ngnáthchúrsa gnó baincéireachta, mura bhfuil an banc ag gníomhú nó tar éis gníomhú thar ceann an chustaiméara i ndáil le foirmiú nó bainistí aon chomhlachta chorpraithe den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) (b) nó i ndáil le bunú, nó le forghníomhú iontaobhais, aon socraíochta den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) (c). | |||
[EN] | (5) San alt seo tá le “socraíocht” agus “socraitheoir” na bríonna a shanntar dóibh le halt 16 (3) (h) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 . | |||
[EN] | (6) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1974 , alt 59” a chur isteach i gcolún 2 de. | |||
[EN] |
Cosaint. |
60. —I gcás aon ioncam de chuid aon duine a bheith, de bhua aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, de bhua alt 57, le háireamh mar ioncam de chuid aon duine eile, níl an t-ioncam sin díolmhaithe ó cháin— | ||
[EN] | (a) mar ioncam a dhíorthaigh as aon stoc nó urrús eile lena mbaineann alt 464, 468, 470 nó 474 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; nó | |||
[EN] | (b) de bhua alt 50 nó 462 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , | |||
[EN] | i ngeall ar gan cónaí, nó gan gnáthchónaí, nó gan sainchónaí ná gnáthchónaí, a bheith ar an duine chéadluaite sa Stát. | |||
[EN] |
Feidhm forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim. |
61. —Na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le muirearú, measúnú, bailiú agus gnóthú cánach, le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus le cásanna a shonrófar chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil bainfidh siad le cáin is inmhuirir de bhua alt 57 faoi réir aon mhodhnuithe is gá. | ||
[EN] |
Cánachas ar chíosanna; srian i leith cíosa agus úis áirithe. |
62. —(1) Baineann an t-alt seo— | ||
[EN] | (a) le cíos i leith áitribh, nó | |||
[EN] | (b) le hús ar iasacht airgid a úsáideadh ag ceannach, ag feabhsu nó ag deisiú áitribh, | |||
[EN] | is iníoctha ag duine is inmhuirir i leith cánach de réir forálacha alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ), ar na brabúis nó na gnóchain as cíos i leith an áitribh sin in aghaidh tréimhse roimh an dáta a d'áitigh léasaí an t-áitreabh i gcéaduair le haghaidh trádála nó gnóthais nó lena úsáid mar áit chónaí. | |||
[EN] | (2) Ní lamhálfar aon asbhaint, maidir leis an mbliain 1974-75 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, faoi fho-alt (5) den alt sin 81 i leith cíos nó ús lena mbaineann an t-alt seo. | |||
[EN] | (3) Má tharlaíonn, maidir leis an mbliain 1973-74 nó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin— | |||
[EN] | (a) gur lamháladh asbhaint den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) faoi fho-alt (5) den alt sin 81 agus go bhfuil easnamh ann de réir brí fho-alt (4) den alt sin 81, nó | |||
[EN] | (b) go mbeidh suim le háireamh mar chaillteanas faoi alt 89A den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ), de bhua íocaíochta úis, | |||
ní dhéanfar an méid sin d'aon easnamh den sórt sin is inchurtha i leith lamháil na hasbhainte réamhráite ná aon suim den sórt sin a áirítear mar chaillteanas ná aon chuid den tsuim sin a thabhairt ar aghaidh, ná a fhritháireamh in aghaidh brabús nó gnóchan don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin faoi fhorálacha alt 89 nó 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 20 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 . |
63. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 — | ||
[EN] | (a) trí “talamh a fhorbairt nó a áirithiú go bhforbrófar é agus tar éis an fhorbairt” a chur isteach i bhfo-alt (1) in ionad “foirgneamh a thógáil nó a áirithiú go dtógfar é agus tar éis an tógáil”, | |||
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2): | |||
[EN] | “(b) leas a bheith (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an gcuideachta, tráth an díola, san fhorbairt agus gur cúigiú cuid nó níos mó de ghlansócmhainní na cuideachta luach an leasa sin agus aon leasa a bheidh ag an gcuideachta amhlaidh an tráth sin in aon fhorbairt eile (nach forbairt a críochnaíodh níos mó ná sé bliana roimh an tráth sin ná forbairt nach bhfuil an coinníoll a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo comhlíonta maidir léi) a rinne an chuideachta nó ar áirithigh an chuideachta go ndéanfaí í;”, | |||
[EN] | (c) trí “san fhorbairt” a chur in ionad “san fhoirgneamh” i bhfo-alt (4), trí “i bhforbairt” a chur in ionad “i bhfoirgneamh” i bhfo-ailt (9) agus (10) agus trí “d'aon fhorbairt” a chur in ionad “d'aon fhoirgneamh” i bhfo-alt (13) (c), | |||
[EN] | (d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11): | |||
[EN] | “(11) I gcás ina bhfuil cuideachta tar éis forbairt a thosú nó a chríochnú ar thalamh ina bhfuil leas ag cuideachta lena bhfuil baint ag an gcuideachta sin agus go bhfaighidh duine rialú ar an gcéad chuideachta tar éis an fhorbairt a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis í a chríochnú, ansin, maidir le scaireanna sa chuideachta ag a bhfuil an leas sa talamh a dhíol leis an duine sin (cibé acu roimh an duine sin d'fháil rialú ar an gcéad chuideachta nó dá éis sin a rinneadh), beidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo mar atá feidhm acu maidir le cuideachta den sórt a luaitear iontu ach amháin tagairtí do leas sa talamh a chur in ionad tagairtí do leas san fhorbairt.”, agus | |||
[EN] | (e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (12): | |||
[EN] | “(12) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo, measfar go bhfolaíonn forbairt neamhchríochnaithe an méid sin d'aon ábhair leis an gcuideachta is gá le haghaidh na forbartha agus measfar go bhfolaíonn forbairt, críochnaithe nó neamhchríochnaithe, an talamh a bhaineann leis an bhforbairt.”, | |||
[EN] | agus tá na fo-ailt sin (1), (4), (9), (10) agus (13) (c), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 20 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , arna leasú le fo-alt (1), in aon chás inar díoladh scaireanna na cuideachta iomchuí roimh an 3ú lá d'Aibreán, 1974. | |||
| ||||
[EN] | (4) I gcás ina dtarlóidh, roimh an díolachán scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1), go mbeidh an chuideachta— | |||
[EN] | (a) tar éis a leas san fhorbairt, nó leas a dhíorthaíonn ón leas sin, a dhiúscairt chun an duine arb é ceannaitheoir na scaireanna é, nó chun cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, nó | |||
[EN] | (b) tar éis aon leas san fhorbairt a dhiúscairt chun nó i bhfabhar aon duine, agus go bhfaighidh ceannaitheoir na scaireanna, nó cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, an leas roimh an díolachán nó tar éis an díolacháin de bhun comhshocraíochtaí arna ndéanamh tráth nach déanaí ná tráth an díolacháin, | |||
[EN] | beidh feidhm ag fo-alt (1) ionann is dá mbeadh an leas a diúscraíodh dílsithe fós féin don chuideachta chéadluaite tráth na scaireanna a dhíol agus nárbh shócmhainní de chuid na cuideachta aon sócmhainní de chuid na cuideachta is ionann agus an chomaoin i leith an leas a dhiúscairt. | |||
[EN] | (9) I gcás ina ndéanfaí, de dhroim scaireanna a dhíol, a mheas, faoi fho-alt (1), gurbh ioncam de chuid an díoltóra aon mhéid áirithe mura mbeadh an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (2) (c) a bheith gan chomhlíonadh agus go mbeidh aon leas i bhforbairt den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (b) ar teachtadh fós féin ag an gcuideachta lá cothrom sé bliana ó lá an díolacháin, ansin, measfar go bhfuair an chuideachta a chóimhéid d'ioncam an lá cothrom sé bliana sin agus beidh sí inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D dá réir sin. | |||
[EN] | (10) Má tharlaíonn, tar éis na scaireanna a dhíol, go bhfaibhreoidh aon fháltais chun na cuideachta ó leas i bhforbairt a dhiúscairt i gcúrsa trádála ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, is leas a bhí ag an gcuideachta an tráth a díoladh na scaireanna agus a ndearnadh an brabús a d'éireodh ar na scaireanna sin a dhiúscairt a chur i gcuntas ina leith nuair a bhíothas ag ríomh an méid ioncaim ab inmhuirir i leith cánach faoi threoir an díolacháin faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, déanfar neamhshuim de na fáltais chun críocha cánach ioncaim más cóir agus a mhéid is cóir sin a dhéanamh ag féachaint d'aon cháin a muirearaíodh faoi na forálacha sin. | |||
[EN] | (13) (c) déanfar neamhshuim d'aon fhorbairt a soláthraíodh le húsáid, agus a cuireadh in úsáid, le haghaidh trádáil bona fide a bhí á seoladh ag an gcuideachta, seachas trádáil— | |||
[EN] | (i) ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, nó | |||
[EN] | (ii) ag soláthar seirbhísí le haghaidh áititheoirí talún a bhfuil leas inti ar teachtadh ag an gcuideachta. |