|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 28 de 1974 | ||
[EN] |
ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ACHTANNA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935 GO 1972. [10 Nollaig, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla. |
1. —Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1972 , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná míle milliún punt iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear in alt 4 (3) d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 . |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1974, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1972, agus den Acht seo le chéile. |