|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 29 de 1974 | ||
[EN] |
AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1939 GO 1972. [23 Nollaig, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1962 . |
1. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1962 , arna leasú le halt 2 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1964 , le halt 2 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1967 , le halt 2 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1972 , agus le halt 4 den Acht um an mBliain Airgeadais Státchiste agus Áitiúil, 1974 , a leasú trí “an 31ú lá de Nollaig, 1974, agus an 31ú lá de Nollaig, 1975, agus beidh éifeacht aige amhlaidh ionann is nach mbeadh sé toirmiscthe liúntais fhorlíontacha faoi alt 6 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , a thabhairt.” a chur in ionad na bhfocal go léir i ndiaidh “an 31ú lá de Mhárta, 1974,” agus dá réir sin, beidh éifeacht amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo ag an bhfo-alt sin (1). | ||
[EN] | (2) Dá réir sin déantar leis seo “leis an dá bhliain is fiche” a chur in ionad “leis na bliain is fiche” mar a bhfuil na focail deiridh sin in alt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , sa tagairt don bhliain airgeadais áitiúil dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, agus don bhliain is fiche airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin. | |||
| ||||
[EN] |
Gearrtheideal. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1974 , a ghairm den Acht seo. | ||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1974, a ghairm de na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1972, agus den Acht seo le chéile. |