|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 31 de 1974 | ||
[EN] |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 3), 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1974. [24 Nollaig, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952. | ||||||
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
2. —(1) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 11 (a cuireadh isteach le halt 15 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1972 ) de Chuid I: | ||||||
[EN] | “12. Fostaíocht mar mhinistir reiligiúin i gcás maidir leis an duine fostaithe— | |||||||
[EN] | (a) go bhfaigheann sé luach saothair trí stipinn, trí thuarastal nó trí íocaíocht dá samhail, agus | |||||||
[EN] | (b) gur comhalta é d'aicme daoine a bhfuil an tAire sásta ina leith agus a bhfuil deimhnithe aige ina leith go bhfuil curtha in iúl dó i scríbhinn ag údarás nó comhlacht iomchuí ag gníomhú thar ceann comhaltaí na haicme sin gur de chineál na seirbhísí nó na dualgais a dhéanann na daoine den aicme sin, agus na coinníollacha ceapacháin agus na himthosca iomchuí eile a bhaineann leis an gcéanna, gur míréasúnach, ag féachaint do ghairmeacha eile is fostaíochtaí inárachaithe, nár fhostaíocht inárachaithe fostaíocht comhaltaí ná haicme sin.” | |||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 8 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Áireamh agus Eisiamh i leith Árachais), 1952 (I.R. Uimh. 373 de 1952)): | |||||||
[EN] | “8. Fostaíocht seachas fostaíocht a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Sceideal seo i gcás inar duine in Ord Beannaithe nó ministir eile reiligiúin nó duine i sámhadh crábhaidh ina chónaí mar chomhalta den sámhadh sin an duine fostaithe.” | |||||||
[EN] |
Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht de dhroim alt 2. |
3. —(1) Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | ||||||
[EN] | “(1) Féadfar le rialacháin forálacha an Achta seo a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás— | |||||||
[EN] | (a) daoine ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a shonraítear i míreanna 2, 3, 4, 5, 6, 7 agus 12 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó | |||||||
[EN] | (b) daoine ar fostú i ngnóthas iompair reachtúil, nó | |||||||
[EN] | (bb) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna cuimsitheacha a bhunaigh an tAire Oideachais, nó | |||||||
[EN] | (c) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna náisiúnta faoi na Rialacha agus na Rialacháin do Scoileanna Náisiúnta, nó | |||||||
[EN] | (cc) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna atá aitheanta ag an Aire Oideachais le haghaidh múinteoirí i scoileanna náisiúnta, nó | |||||||
[EN] | (d) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i meánscoileanna atá aitheanta ag an Aire Oideachais faoi na Rialacha agus an Clár do Mheán-Scoileanna, nó | |||||||
[EN] | (dd) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna tís atá aitheanta ag an Aire Oideachais, nó | |||||||
[EN] | (e) daoine ar fostú mar chomhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm, nó | |||||||
[EN] | (f) daoine ar fostú in ospidéil shaorálacha lena n-íoctar deontais as Ciste Iontaobhais na nOspidéal do shlánú easnamh ioncaim, nó | |||||||
[EN] | (g) daoine ar fostú ag eagrais shaorálacha a sholáthraíonn seirbhísí altranais áitiúla, nó | |||||||
[EN] | (h) daoine ar fostú mar chomhaltaí den Gharda Síochána.” | |||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1: | |||||||
[EN] | “1. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2, 2A, 3, 3A, 4, 5, 6, 7 agus 8 den Sceideal seo, beidh ranníocaí fostaíochta gnáth-ráta ann mar a leanas: | |||||||
| ||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 7 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956 (I.R. Uimh. 236 de 1956)): | |||||||
[EN] | “8. Más fostaíocht a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an fhostaíocht, beidh ranníocaí fostaíochta ráta speisialta ann mar a leanas:— | |||||||
| ||||||||
[EN] | (4) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1: | |||||||
[EN] | “1. Sochar míchumais nó sochar dífhostaíochta. | |||||||
[EN] | Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair mhíchumais nó sochair dhífhostaíochta:— | |||||||
[EN] | (a) go mbeidh sé ranníoc fostaíochta is fiche ar a laghad íoctha i leith an éilitheora in aghaidh na tréimhse ó theacht faoi árachas don éilitheoir go dtí an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, agus | |||||||
[EN] | (b) go mbeidh ocht ranníoc fostaíochta is daichead ar a laghad íoctha nó creidiúnaithe i leith an éilitheora in aghaidh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, | |||||||
[EN] | ach, maidir le sochar dífhostaíochta, fágfar ranníocaí fostaíochta faoi mhír 3, 3A nó 8 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a íocadh i leith an éilitheora as áireamh nuair a bheifear á chinneadh, chun críocha gach coinníll acu sin roimhe seo, cé mhéad ranníoc fostaíochta a íocadh i leith an éilitheora.” | |||||||
[EN] | (5) Leasaítear leis seo míreanna 7 agus 9 (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1970 ) den Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na habairte deiridh i ngach mír acu sin: | |||||||
[EN] | “D'fhonn a chinneadh an bhfuil coinníollacha na míre seo comhlíonta— | |||||||
[EN] | (i) measfar gur tháinig duine faoi árachas an tráth a tháinig sé i gcéaduair (agus ní tráth ar bith eile) chun bheith ina ranníocóir fostaithe a bhfuil ranníocaí fostaíochta iníoctha ina leith faoi mhíreanna 1, 2, 2A, 3, 3A, 6, 7 nó 8 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus | |||||||
[EN] | (ii) déanfar neamhshuim de ranníocaí faoi mhíreanna 4 agus 5 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956 (I.R. Uimh. 236 de 1956)) den Dara Sceideal sin.” | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 (3) den Acht Leasa Shóisialaigh (Diobhálacha Ceirde), 1966 (fostaíochtaí eiscthe). |
4. —Déantar leis seo alt 3 (3) den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , a shonraíonn go measfar fostaíochtaí a bheith curtha, chun críche fostaíochtaí inárachaithe (díobhálacha ceirde), leis na fostaíochtaí a sonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht gur fostaíochtaí eiscthe iad, a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (e) (a cuireadh isteach le halt 15 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1972 ): | ||||||
[EN] | “(f) fostaíocht a shonraítear i mír 12 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 3), 1974 ) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.” | |||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 3), 1974 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974, mar aon ní amháin, agus beidh sé ar áireamh sa chomhlua, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974. |