32 1974


Uimhir 32 de 1974


AN tACHT UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE, 1971 . [24 Nollaig, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1971 .

1971, Uimh. 21 .

1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1971 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Sa tréimhse dar tús dáta thosach feidhme an Achta seo agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974, beidh ranníocaí sláinte—

(a) i gcás duine faoi árachas faoi Acht 1952 lena mbaineann alt 4 nó 5 den Acht seo, de réir 15 phingin nua sa tseachtain, agus

(b) i gcás aon duine eile, de réir £7 sa bhliain, agus cruinneofar iad i gceann cibé eatramh a fhorordófar.

(1A) Sa tréimhse dar tús an lú lá d'Eanáir, 1975, agus dar críoch an dáta a shonrófar le hordú chun críocha fho-alt (2) den alt seo, beidh ranníocaí sláinte—

(a) i gcás duine faoi árachas faoi Acht 1952 lena mbaineann alt 4 nó 5 den Acht seo, de réir 26 phingin nua sa tseachtain, agus

(b) i gcás aon duine eile, de réir £12 sa bhliain, agus cruinneofar iad i gceann cibé eatramh a fhorordófar.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Ranníocaí Sláinte (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ranníocaí Sláinte, 1971 agus 1974, a ghairm den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1971 , agus den Acht seo le chéile.