|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 33 de 1974 | ||
[EN] |
AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 GO 1973. [24 Nollaig, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 . |
1. —Beidh éifeacht ag alt 2 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 (arna leasú leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1971 , agus leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1973 ), maidir leis an tréimhse airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974, agus leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, faoi seach, agus dá réir sin forléireofar an tagairt san alt sin (arna leasú amhlaidh) do naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha mar thagairt d'aon bhliain déag airgeadais chomhieanúnacha. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1973, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1974, a ghairm díobh le chéile. |