Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

35 1974


Uimhir 35 de 1974


AN tACHT LEITHREASA, 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1972, AGUS DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [28 Nollaig, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deontas as an bPríomh-Chiste

£7,664 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1971-72.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim seacht míle, sé chéad seasca is ceithre phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus a chur chun slánú an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1972.

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhisí soláthair, eadhon, £738,706,804, a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c. 24.

2. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , agus leis an Acht seo, chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim seacht gcéad tríocha is ocht milliún, seacht gcéad is sé mhíle, ocht gcéad is ceithre phunt agus atá comhdhéanta den tsuim seacht míle, sé chéad seasca is ceithre phunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1972, agus den tsuim fiche is seacht milliún, ceithre chéad fiche is trí mhíle, cúig chéad is nócha punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1974, agus den tsuim seacht gcéad agus aon mhilliún déag, dhá chéad seachtó is cúig mhíle, cúig chéad agus caoga punt le haghaidh seirbhíse na tréimhse ón lú lá d'Aibrean, 1974, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1974, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na ndeontas as an bPríomh-Chiste dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim seachtó is ocht milliún, naoi gcéad seachtó is ceithre mhíle, dhá chéad agus cúig phunt, a chur chun feidhme as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a chur chun feidhme mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1974 , a ghairm den Acht seo.