Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Forálacha d'Fhorlíonadh alt 10)

4 1975


Uimhir 4 de 1975


AN tACHT CEARDCHUMANN, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ MAIDIR LE CÓNASCADH CEARDCHUMANN AGUS LE hATHRÚ AINM CEARDCHUMAINN, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GEALLTANAIS A AISTRIÚ Ó CHEARDCHUMANN GO CEARDCHUMANN EILE, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CEARDCHUMANN, 1871 GO 1971, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[22 Aibreán, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na cumainn chónascacháin” agus “an cumann cónasctha”, faoi seach, maidir le cónascadh atá beartaithe, na ceardchumainn a bheartaíonn cónascadh agus an ceardchumann a leanfaidh as an gcónascadh atá beartaithe;

ciallaíonn “Aire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “Cláraitheoir” Cláraitheoir na gCara-Chumann;

ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt tá le “ceardchumann” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1971;

ciallaíonn “an ceardchumann is aistreoir” agus “an ceardchumann is aistrí”, faoi seach, maidir le haistriú gealltanas atá beartaithe, an ceardchumann a bheartaíonn a ghealltanais a aistriú agus an ceardchumann a bheartaíonn glacadh leo.

(2) Chun críocha ailt 3 agus 4, ciallaíonn “comhalta”, i ndáil le ceardchumann, comhalta atá, de thuras na huaire, i dteideal aon sochair a fháil a thugtar as cistí an cheardchumainn ach, i gcás ina sonraíonn rialacha ceardchumainn na daoine (nó an aicme daoine) atá i dteideal vótáil ar ábhar áirithe (nó ar aicme ábhair), ciallaíonn “comhalta” na daoine sin.

(3) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.

Cónascadh ceardchumann agus ceardchumainn d'aistriú gealltanas.

2. —(1) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh dhá cheardchumann nó níos mó cónascadh, maille le roinnt nó díscaoileadh a dhéanamh nó gan a dhéanamh ar chistí ceann amháin nó níos mó de na cumainn chónascacháin.

(2) Ní chónascfaidh dhá cheardchumann nó níos mó mura ndéanfar, i gcás gach cumainn chónascacháin díobh, rún, do cheadú ionstraim chónascacháin a bheidh ceadaithe ag an gCláraitheoir, a rith trí vótáil a dhéanamh ar dhóigh a chomhlíonfaidh na coinníollacha a shonraítear in alt 3 (1).

(3) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh ceardchumann a ghealltanais a aistriú go ceardchumann eile.

(4) Ní aistreoidh ceardchumann a ghealltanais go ceardchumann eile—

(a) mura mbeidh geallta ag an gcumann eile na gealltanais a chomhalladh, agus

(b) i gcás an chumainn is aistreoir, mura ndéanfar rún, ag ceadú ionstraim aistrithe a bheidh ceadaithe ag an gCláraitheoir, a rith trí vótail a dhéanamh ar dhóigh a chomhlíonfaidh na coinníollacha a shonraítear in alt 3 (1).

Coinníollacha cónasctha nó aistrithe.

3. —(1) Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear in alt 2:

(a) beidh gach comhalta den chumann i dteideal vótáil ar an rún agus is trí bhallóid rúnda a dhéanfar an vótáil;

(b) beidh cead vótáil, gan bhac ná srian, ag gach comhalta den chumann agus, a mhéid is féidir le réasún, tabharfar deis chóir dó vótáil;

(c) is é an modh vótála páipéar vótála a mharcáil ag an duine a bheidh ag vótáil;

(d) déanfaidh an cumann gach beart réasúnach chun a áirithiú go mbeidh fógra i scríbhinn a chomhlíonann fo-alt (3) faighte ag gach comhalta den chumann seacht lá ar a laghad sula dtosófar ag vótáil ar an rún;

(e) cuirfidh an cumann, seacht lá ar a laghad sula dtosófar ag vótáil ar an rún, faoi deara fógra (i cibé foirm a bheidh forordaithe le rialacháin a bheidh déanta ag an Aire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 13) i dtaobh an vótáil a dhéanamh a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát.

(2) Sula ndéanfaidh comhaltaí ceardchumainn vótáil ar rún do cheadú ionstraime cónascacháin nó aistrithe, deimhneoidh an ceardchumann don Chláraitheoir go gcomhlíonann na bearta a bheartaíonn an ceardchumann a dhéanamh fo-alt (1) (d).

(3) An fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (d)—

(a) beidh an ionstraim iomchuí leagtha amach go hiomlán ann nó beidh dóthain tuairisce uirthi ann le go bhféadfaidh duine a gheobhaidh an fógra breithiúnas réasúnach a chinneadh ar an bpríomh-éifeacht a bheidh ag an gcónascadh nó ag an aistriú a bheartaítear,

(b) déarfar ann, mura mbeidh an ionstraim leagtha amach go hiomlán ann, cá háit a bhféadfar cóipeanna den ionstraim a iniúchadh,

(c) comhlíonfaidh sé aon rialacháin faoin Acht seo, agus

(d) beidh sé ceadaithe ag an gCláraitheoir ar bheith deimhin dó go gcomhlíonann sé na ceanglais sin roimhe seo den fho-alt seo.

(4) Comhlíonfaidh an ionstraim iomchuí ceanglais aon rialachán faoin Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfidh leis.

Ceadú doiciméad ag an gCláraitheoir.

4. —Sula vótálfaidh comhaltaí ceardchumainn ar rún do cheadú ionstraime cónascacháin nó aistrithe, cuirfear an ionstraim agus an fógra dá dtagraítear in alt 3 (1) (d) faoi bhráid an Chláraitheora agus ceadóidh seisean iad ar bheith deimhin dó go gcomhlíonann siad ceanglais alt 3.

Vótáil ar rún do cheadú cónascadh nó aistriú.

5. —I gcás ina vótálfaidh ceardchumann ar rún do cheadú ionstraime cónascacháin nó aistrithe, is leor glantromlach de na vótaí a caitheadh leis an rún a rith d'ainneoin aon ní i rialacha an chumainn.

Ionstraim chónascacháin nó aistrithe a chlárú.

6. —Ní ghlacfaidh ionstraim chónascacháin nó aistrithe éifeacht sula mbeidh sí cláraithe ag an gCláraitheoir faoin Acht seo, agus ní chlárófar amhlaidh í roimh dheireadh tréimhse sé sheachtain dar tosach an dáta a dhéanfar iarratas ar í a chlárú a thaisceadh leis an gCláraitheoir.

Feidhm ailt 2 go 6.

7. —Bainfidh ailt 2 go 6 le gach cónascadh nó aistriú gealltanas d'ainneoin aon ní i rialacha cheardchumann lena mbainfidh.

Cumhacht rialacha a athrú le gealltanais a aistriú.

8. —(1) I gcás ina mbeartóidh ceardchumann a ghealltanais a aistriú go ceardchumann eile agus gur gá rialacha an chumainn is aistrí a athrú chun éifeacht a thabhairt don ionstraim aistrithe, beidh ag coiste bainistí nó ag comhlacht rialaithe eile an chumainn is aistrí cumhacht, d'ainneoin aon ní sna rialacha, athrú a dhéanamh, trí mheabhrán i scríbhinn, ar na rialacha a mhéid is gá sin chun éifeacht a thabhairt don ionstraim aistrithe.

(2) Ní ghlacfaidh athrú ar rialacha ceardchumainn faoin alt seo éifeacht mura nglacfaidh nó go dtí go nglacfaidh an ionstraim aistrithe éifeacht.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás ceardchumann a mbeidh sé sainráite ina rialacha nach mbaineann an t-alt seo leis an gcumann sin.

Cónascadh agus aistriú ag comhaltaí de cheardchumainn áirithe.

9. —I gcás, maidir le comhlacht daoine is ceardchumann faoi dhlí tíre eile agus ar sa tír sin atá a cheanncheathrú rialaithe aige, tromlach comhaltaí an chomhlachta sin a chónaíonn sa limistéar arb é an Stát agus Tuaisceart Éireann é do chinneadh cónascadh le ceardchumann eile nó a ngealltanais a aistriú go ceardchumann eile, féadfaidh na comhaltaí den chomhlacht sin a bhfuil cónaí orthu amhlaidh cónascadh nó aistriú amhlaidh de réir an Achta seo, agus is ceardchumann chun críche alt 2 iad ó thráth cinneadh den sórt sin a dhéanamh.

Gearáin chun an Chláraitheora maidir le rúin.

10. —(1) Aon chomhalta de cheardchumann a rithfidh rún nó a airbheartóidh rún a rith ag ceadú ionstraime cónascacháin nó aistrithe féadfaidh sé gearán a dhéanamh chun an Chláraitheora ar fhoras amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(a) nach raibh an modh ar a ndearnadh an vótáil ar an rún de réir na gcoinníollacha a shonraítear in alt 3 (1),

(b) nach raibh d'éifeacht an rún a rith ag na vótaí a caitheadh i ndáil leis an rún.

(2) Ní thabharfar aird ar ghearán faoin alt seo a thaiscfear leis an gCláraitheoir tar éis deireadh na tréimhse sé sheachtain dar tosach dáta iarratas ar chlárú faoi alt 6 a thaisceadh leis.

(3) I gcás gearán a dhéanamh faoin alt seo, ní chláróidh an Cláraitheoir an ionstraim iomchuí faoin Acht seo go dtí go gcinnfear an gearán go críochnaitheach faoin Acht seo.

(4) I gcás gearán a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an Cláraitheoir, tar éis deis éisteachta a thabhairt don ghearánach agus don cheardchumann lena mbainfidh, an gearán a dhíbhe nó a chinneadh ceart a bheith leis.

(5) I gcás ina gcinnfidh an Cláraitheoir ceart a bheith le gearán faoin alt seo, déanfaidh sé ordú ag sonrú na mbearta a cheanglaíonn sé a dhéanamh sula mbreithneoidh sé iarratas ar an ionstraim iomchuí sin a chlárú faoi alt 6.

(6) Tabharfaidh an Cláraitheoir don ghearánach agus don cheardchumannn iomchuí ráiteas ag insint na gcúiseanna le cinneadh aige maidir le gearán faoin alt seo.

(7) Féadfaidh an Cláraitheoir le hordú ó am go ham ordú faoi fho-alt (5) a athrú, agus tar éis ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt sin maidir le hionstraim chónascacháin nó aistrithe ní thabharfaidh sé aird ar aon iarratas ar an ionstraim a chlárú mura deimhin leis go ndearnadh na bearta a sonraíodh san ordú (nó, má athraíodh é, san ordú arna athrú).

(8) Beidh feidhm ag an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le gearáin faoin alt seo.

(9) Faoi réir fho-alt (10), ní thabharfar bailíocht rúin ag ceadú ionstraime cónascacháin nó aistrithe faoi cheist in aon imeachtaí dlí (ach amháin imeachtaí os comhair an Chláraitheora faoin alt seo nó imeachtaí de dhroim na n-imeachtaí sin) ar aon fhoras ar a bhféadfar nó ar a bhféadfaí gearán a dhéanamh chun an Chláraitheora faoin alt seo.

(10) I gcúrsa aon imeachtaí maidir le gearán faoin alt seo féadfaidh an Cláraitheoir, ar iarratas ón ngearánach nó ón gceardchumann, cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar cheist dlí a d'éirigh sna himeachtaí, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar chás arna shonrú faoin bhfo-alt seo.

(11) Chun críocha an ailt seo measfar gearán a tharraingeofar siar a bheith arna chinneadh go críochnaitheach nuair a tharraingeofar siar é.

(12) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí in aghaidh cinneadh ag an gCláraitheoir faoin alt seo.

Maoin a dhiúscairt ar chónascadh nó aistriú.

1964, Uimh. 16 .

11. —(1) Faoi réir an ailt seo, i gcás ina nglacfaidh ionstraim chónascacháin nó aistrithe éifeacht, an mhaoin a bheidh ar teachtadh chun sochair cumainn chónascacháin nó chun sochair brainse de chumann den sórt sin ag iontaobhaithe an chumainn nó an bhrainse, nó a bheidh ar teachtadh chun sochair ceardchumainn is aistreoir nó chun sochair brainse de cheardchumann den sórt sin ag iontaobhaithe an chumainn nó an bhrainse, dílseoidh sí, gan tíolacadh ná sannadh, do na hiontaobhaithe iomchuí nuair a ghlacfaidh an ionstraim éifeacht nó nuair a cheapfar na hiontaobhaithe iomchuí, cibé acu sin is déanaí a tharlóidh.

(2) I gcás aon talamh a bhfuil a húinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , teacht chun bheith dílsithe de bhua an ailt seo, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar an táille iomchuí a íoc, na hiontaobhaithe iomchuí a chlárú sa chlár iomchuí a chothabháiltear faoin Acht sin mar úinéir (de réir brí an Achta sin) na talún.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) le maoin a bheidh eiscthe ó oibriú an ailt seo leis an ionstraim chónascacháin nó aistrithe.

(4) San alt seo ciallaíonn “na hiontaobhaithe iomchuí”—

(a) i gcás maoin a bheidh le teachtadh chun sochair brainse cumainn chónasctha nó chun sochair brainse den chumann is aistrí, iontaobhaithe an bhrainse sin, mura bhforálann rialacha an chumainn chónasctha nó an chumainn is aistrí gurb iad iontaobhaithe an chumainn a theachtfaidh an mhaoin a bheidh le teachtadh amhlaidh, agus

(b) in aon chás eile, iontaobhaithe an chumainn chónasctha nó an chumainn is aistrí.

Athrú ar ainm ceardchumainn.

1871, c. 31.

12. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh ceardchumann a ainm a athrú ar aon mhodh a fhoráiltear go sainráite ina rialacha chun sin a dhéanamh nó, mura bhforáiltear go sainráite ina rialacha modh chun sin a dhéanamh, trí athrú a dhéanamh de réir a rialacha san fhoráil iontu a thugann a ainm don chumann.

(2) Ní ghlacfaidh athrú ainm a dhéanfaidh ceardchumann éifeacht go dtí go gcláróidh an Cláraitheoir é faoin Acht seo, agus ní chláróidh an Cláraitheoir athrú ainm má dhealraítear dó go mbeadh clárú an cheardchumainn faoin ainm beartaithe nua contrártha d'alt 13 (3) den Trade Union Act, 1871.

(3) I gcás ina n-athróidh ceardchumann a ainm ní dhéanfaidh an t-athrú ainm difear d'aon cheart nó oibleagáid de chuid an chumainn nó de chuid aon duine dá chomhaltaí, agus, d'ainneoin an athraithe ainm, féadfaidh iontaobhaithe an chumainn nó aon oifigeach eile don chumann ar féidir leis agairt nó ar féidir é a agairt thar ceann an chumainn dul ar aghaidh le haon imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh nó féadfar dul ar aghaidh le haon imeachtaí den sórt sin ina gcoinne nó ina choinne.

Rialacháin.

13. —(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toilú an Aire, rialacháin a dhéanamh chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo do gach ní nó aon ní díobh seo a leanas:

(a) iarratais chun an Chláraitheora faoin Acht seo;

(b) clárú aon doiciméid faoin Acht seo;

(c) iniúchadh doiciméad a bheidh á gcoinneáil ag an gCláraitheoir faoin Acht seo;

(d) muirearú táillí i leith cibé ábhar agus ina mbeidh cibé méid a fhorordófar leis na rialacháin le toiliú an Aire Airgeadais;

(e) á cheangal go mbeidh ag gabháil le haon iarratas chun ionstraim chónascacháin nó aistrithe a chlárú nó chun ainm a athrú cibé dearbhuithe reachtúla nó doiciméid eile a shonrófar sna rialacháin;

(f) foráil a dhéanamh i dtaobh foirm nó ábhar aon doiciméid a cheanglaítear leis an Acht seo nó leis na rialacháin a chur ionsair nó faoi bhráid an Chláraitheora agus an dóigh a síneofar nó a bhfíordheimhneofar aon doiciméad den sórt sin;

(g) á údarú don Chláraitheoir a cheangal fógra a thabhairt nó a fhoilsiú ar cibé dóigh a ordóidh sé á rá go bhfuil iarratas chun ionstraim chónascacháin nó aistrithe a chlárú curtha nó le cur chuige.

Cosaint maidir le cónascadh, etc., atá ar feitheamh.

14. —I gcás, roimh thosach feidhme an Achta seo—

(a) go mbeidh bearta déanta ag dhá cheardchumann nó níos mó chun cónascadh agus go mbeidh ballóid chun na críche sin tógtha ag ceardchumann díobh,

(b) go mbeidh bearta déanta ag ceardchumann chun a ghealltanais a aistriú go ceardchumann eile agus go mbeidh rún rite aige lena n-aistriú, nó

(c) go mbeidh bearta déanta ag ceardchumann chun a ainm a athrú agus go mbeidh an toiliú riachtanach faighte aige óna chomhaltaí,

féadfar, d'ainneoin an Achta seo, dul ar aghaidh leis an gcónascadh, leis an aistriú gealltanas nó leis an athrú ainm, de réir mar a bheidh, má bhíonn sé gan chríochnú roimh an tosach feidhme sin, agus é a chríochnú, amhail is dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Deontais i leith caiteachais neamhghnácha a bhainfidh le cónascadh nó aistriú.

15. —Aon uair a chónascfaidh dhá cheardchumann nó níos mó nó aon uair a aistreoidh ceardchumann a ghealltanais go ceardchumann eile, féadfaidh an tAire deontas, ina mbeidh cibé méid is cuí leis an Aire, a thabhairt, le toiliú an Aire Airgeadais, do cheann amháin nó níos mó de na ceardchumainn sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith cibé caiteachais is deimhin leis a bheith neamhghnách agus a thabhaigh an ceardchumann nó na ceardchumainn sin de thoradh nó i gcúrsa nó in oirchill an chónasctha nó an aistrithe sin.

Aisghairm.

1876, c. 22.

1917, c. 24.

16. —Aisghairtear leis seo ailt 11 go 13 den Trade Union Act Amendment Act, 1876, agus an Trade Union (Amalgamation) Act, 1917.

Srian le ceadúnas margántaíochta a shealbhú agus a dheonú i gcás ceardchumann áirithe.

17. —(1) D'ainneoin Chuid II d'Acht 1941 agus alt 2 d'Acht 1971, ní shealbhóidh comhlacht daoine is ceardchumann faoi dhlí tíre eile agus ar sa tír sin atá a cheanncheathrú rialaithe aige ceadúnas margántaíochta faoin gCuid sin ná ní dheonófar ceadúnas den sórt sin dó mura gcomhallann an comhlacht daoine sin, i dteannta na gcoinníollacha iomchuí a shonraítear in alt 7 d'Acht 1941 agus in alt 2 d'Acht 1971 a chomhalladh, an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (2).

(2) Is é an coinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (1) go bhfuil ag an gceardchumann áirithe coiste bainistíochta nó údarás rialaithe eile ar cónaitheoir sa Stát nó i dTuaisceart Éireann gach comhalta de agus a bhfuil cumhacht aige faoi rialacha an cheardchumainn sin cinntí a dhéanamh maidir le hábhair de chineál tionsclach nó polaitiúil a ghabhann agus a bhaineann le staid eacnamaíoch nó pholaitiúil an Stáit nó Thuaisceart Éireann, a bhaineann go díreach le comhaltaí den cheardchumann a chónaíonn sa Stát nó i dTuaisceart Éireann agus nach mbaineann le comhaltaí nach gcónaíonn sa Stát ná i dTuaisceart Éireann.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo, a mhéid a bhaineann sé le sealbhóir láithreach ceadúnais mhargántaíochta, i ngníomh ar cibé dáta a shocróidh an tAire chuige sin le hordú.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Ceárd-Chumann, 1941 ;

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht Ceardchumann, 1971 .

Caiteachais.

18. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

19. —(1) Féadfar an tAcht Ceardchumann, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975, a ghairm de na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1971, agus den Acht seo le chéile.