|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 5 de 1975 | ||
[EN] |
ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1975 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ACHT NA mBANNAÍ TALMHAN, 1934 . | ||
[5 Bealtaine, 1975] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 . |
1. —Déantar leis seo alt 6 (arna leasú le hAcht na mBannaí Talún, 1969 ) d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 , a chuireann teorainneacha le bunú agus eisiúint bannaí talún, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Ní rachaidh méid iomlán na mbannaí talún a bhunófar agus a eiseofar faoin Acht seo thar sheasca milliún punt.” | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus lua |
2. —(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1975 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar é a lua i dteannta na nAchtanna sin. |