An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1975) Ar Aghaidh (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta)

6 1975

AN tACHT AIRGEADAIS, 1975

CUID I

Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1974, Uimh. 27 .

1967, Uimh. 6 .

1. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1974 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£592” a chur in ionad “£489”, sa dá áit ina bhfuil sé, trí “£95” a chur in ionad “£80”, sa dá áit ina bhfuil sé, agus trí “£497” a chur in ionad “£409” agus tá an t-alt sin 142 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

142.—(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go gcothabhálann sé ar a chostas féin duine ar bith, is gaol dó féin nó dá bhanchéile, agus atá éagumasach, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, ar é féin a chothabháil, nó a mháthair agus í ina baintreach nó máthair a bhanchéile agus í ina baintreach, cibé acu éagumasaithe di nó nach ea, agus is duine ar lú ná £592 sa bhliain a ioncam iomlán ó gach bunadh, beidh sé i dteideal asbhaint £95 i leith gach duine a chothabhálann sé amhlaidh, agus déanfar a chomhionann d'asbhaint i gcás éilitheoir a bhfuil air, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, bheith ag brath ar sheirbhísí duine (is duine ar lú ná £592 sa bhliain a ioncam iomlán ó gach bunadh agus is mac nó iníon leis an éilitheoir) a chónaíonn leis nó léi agus a chothabhálann sé nó sí:

Ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag gach ceann de na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, i gcás inar mó ná £497 sa bhliain an t-ioncam iomlán ó gach bunadh atá ag an duine ar ina leith a bheidh an asbhaint le déanamh, ionann is dá mba rud é, in ionad asbhaint £95 a shonrú, gur shonraigh sé asbhaint den méid sin arna laghdú méid na breise.

Leasú ar alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

2. —Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (3) (b):

“Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh aon chuid den ioncam inchánach inmhuirir de réir ceann amháin nó níos mó de na hard-rátaí, go mbeidh an t-éilitheoir i dteideal go laghdófar an méid cánach is iníoctha aige ionas nach mó í ná suim is comhionann le comhiomlán an dá mhéid seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach ab iníoctha aige dá mbeadh an asbhaint as an ioncam iomlán comhionann le dhá thrian den phréimh a d'íoc sé nó, de réir mar a bheidh, den tsuim a d'íoc sé nó a baineadh as a thuarastal nó as a stipinn agus méid in ionannas cáin de réir an ráta chaighdeánaigh ar an séú cuid den phréimh a d'íoc sé nó, de réir mar a bheidh, den tsuim a d'íoc sé nó a baineadh as a thuarastal nó as a stipinn.”.

Leasú ar alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1972, Uimh. 19 .

1973, Uimh. 19 .

3. —Leasaítear leis seo alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an lú lá d'Aibreán, 1977” a chur i bhfo-alt (4) (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ) in ionad “an lú lá d'Aibreán, 1975” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ).

Leasú ar alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

4. —Leasaítear leis seo alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) agus (2), beidh éifeacht ag an gCaibidil seo—

(a) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas faoin gCaibidil seo le tabhairt ina leith mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an deichiú cuid den chaiteachas’, agus

(b) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas faoin gCaibidil seo le tabhairt ina leith mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (c) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘an gcúigiú’ in ionad ‘an deichiú’.”.

Leasú ar alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Leasaítear leis seo alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, trí “leis an bhfiche cúigiú” a chur in ionad “leis an gcaogadú” gach áit a bhfuil na focail sin, agus

(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (3):

“Ar choinníoll—

(i) maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (c) nó (d) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht ag an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘an deichiú bliain’ in ionad ‘an caogadú bliain’ sna forálacha roimhe seo den fho-alt seo, agus

(ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht ag an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘an cúigiú bliain is fiche’ in ionad ‘an caogadú bliain’ sna forálacha roimhe seo den fho-alt seo.”.

Leasú ar alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 .

1971, Uimh. 23 .

6. —Leasaítear leis seo alt 22 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1977” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ).

Leasú ar alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 .

7. —Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht Airgeadais, 1971 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1977” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ).

Leasú ar alt 8 den Acht Airgeadais, 1973 .

8. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1973 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1977” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1975”.

Leasú ar alt 19 den Acht Airgeadais, 1973 .

9. —Leasaítear leis seo alt 19 den Acht Airgeadais, 1973

(a) trí “ón Aire Sláinte nó” a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “íocaíochtaí”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(3) A mhéid a bhaineann sé le haon íocaíocht ón Aire Sláinte, beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon íocaíocht den sórt sin a thabharfar tar éis an 1ú lá d'Eanáir, 1975.”,

agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) Bainfidh an t-alt seo le haon ioncam arb éard é íocaíochtaí ón Aire Sláinte nó ón bhforas dá ngairtear Hilfswerk für behinderte Kinder le haon duine, nó i leith aon duine, atá faoi chithréim i ngeall ar easláine is féidir a chur i mbaint le máthair an duine sin do chaitheamh ullmhóidí ina raibh tailidimíd le linn di bheith torrthach.

Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais, 1974 .

10. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1974 , maidir le cáin don bhliain 1975-76 agus d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla i bhfo-alt (2) (c):

AN TABLA

An chuid den bharrachas

An tArd-ráta

 

os cionn £4,350

 

An chéad £2,000

45 faoin gcéad

An chéad £2,000 eile

55 faoin gcéad

An chéad £2,000 eile

65 faoin gcéad

An fuílleach

70 faoin gcéad

Faoisimh phearsanta.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Airgeadais, 1974 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1975-76 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún 2 den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad na méide a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua na méide sa cholún sin (2).

AN TABLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1974-75

An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1975-76 agus do bhlianta dá éis sin

(1)

(2)

(3)

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

£

£

alt 138

 

 

(fear pósta)

..

..

..

800

920

(duine singil)

..

..

..

500

575

(baintreach fir nó mná)

 ..

550

635

(banchéile ag obair)

..

..

200 nó, más lú é, méid ioncaim thuillte an bhanchéile

230 nó, más lú é, méid ioncaim thuillte an bhanchéile

ailt 139 agus 140 (coimeádaí tí)

140

165

alt 141 (leanbh)

..

..

..

200

230

alt 142 (gaol cleithiúnach)

..

80

95

An tAcht Airgeadais, 1969 :

 

 

alt 3 (coimeádaí tí ag tabhairt aire

 

 

do dhuine éagumasaithe)

..

140

165

An tAcht Airgeadais, 1971 :

 

 

alt 11 (dall)

..

..

..

140

165

(an bheirt chéile dall)

..

..

280

330

An tAcht Airgeadais, 1974 :

 

 

alt 8 (liúntas aoise)

 

 

(duine singil nó baintreach fir

 

 

nó mná)

..

..

..

25

45

(fear pósta)

..

..

..

50

145

(2) Beidh éifeacht ag Cuid I den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an alt seo) d'alt 6 den Acht Airgeadais, 1974 , a fhorlíonadh.