An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Báis)

6 1975

AN tACHT AIRGEADAIS, 1975

CUID II

Custaim agus Mál

Beoir.

I.R. Uimh. 249 de 1973.

1933, Uimh. 15 .

36. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Airgeadais, 1973 ;

ciallaíonn “Ordú 1973” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 208) (Beoir, Biotáille agus Tobac), 1973.

(2) In ionad na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 47 (1) d'Acht 1973, arna hathrú le mír 4 d'Ordú 1973, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir arna grúdú sa Stát an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, dleacht máil de réir £42.047 ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád.

(3) In ionad na dleachta custam a fhorchuirtear le halt 47 (2) d'Acht 1973, arna hathrú le mír 4 d'Ordú 1973, déanfar, an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon chineál arna hallmhairiú isteach sa Stát de réir ráta £42.047 ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(4) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais, beoir a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, aistarraingt arna ríomh de réir saindlús bunaidh na beorach, de réir £42.060 ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(5) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (4) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach, athrófar an dleacht nó an aistarraingt sin go coibhneasach.

(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 24 den Acht Airgid 1933, maidir leis an dleacht custam lena mbaineann an t-alt seo.

Biotáille.

I.R. Uimh. 220 de 1972.

1926, Uimh. 35 .

37. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Ordú 1972” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972;

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Airgeadais, 1973 ;

ciallaíonn “Ordú 1973” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 208) (Beoir, Biotáille agus Tobac), 1973.

(2) Déanfar an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 3 (1) den Finance Act, 1920, ar bhiotáille a thuairiscítear i gcolún (1) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna leasú le halt 48 d'Acht 1973 agus le Cuid I den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a athrú, amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí—

(a) £6.851 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin i leith gach galún de Bhiotáille Chumhraithe a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil;

(b) £5.781 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin i leith gach galún de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tastáil;

(c) £4.282 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin i leith gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil biotáille.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo—

(a) le leann úll agus leann piorraí a luaitear ag códuimhreacha taraife 2207-254, 2207-262, 2207-426, 2207-434, 2207-627 agus 2207-635 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972, ná

(b) le biotáille dhínádúraithe d'aon chineál a luaitear ag códuimhreacha taraife 2208-215 agus 2208-223 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972, ná

(c) le cumhránra, cosmaidí nó ullmhóidí maisiúcháin faoi cheannteideal taraife uimhir 33.06 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972 atá bunaithe ar an mbiotáille a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt seo.

(4) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 48 (3) d'Acht 1973 agus le mír 5 d'Ordú 1973, a athrú amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £4.282 a chur le ráta na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.

(5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

1934, Uimh. 31 .

38. —(1) Déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a athrú amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £1.236 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.

(2) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a athrú amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £1.236 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.

Fíon.

1969, Uimh. 21 .

I.R. Uimh. 174 de 1974.

1966, Uimh. 17 .

39. —(1) Déanfar an dleacht custam ar fhíon arna allmhairiú isteach sa Stát a fhorchuirtear le halt 39 den Acht Airgeadais, 1969 , arna leasú le míreanna 7 agus 8 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 213) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1974, a athrú, amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £0.562 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon Éireannach a fhorchuirtear le halt 15 den Acht Airgeadais, 1966 , a athrú amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £0.562 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.

Uiscí mianra.

1916, c. 11.

I.R. Uimh. 268 de 1970.

40. —(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1972” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972.

(2) Déanfar an dleacht custam a fhorchuirtear le mír 5 d'Ordú 1972—

(a) ar na hearraí faoi cheanteideal taraife uimhir 22.02 agus faoi chóduimhreacha taraife 2201-227, 2207-321, 2207-474 agus 2207-689 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972, agus

(b) ar na hearraí faoi cheanteideal taraife uimhir 20.07 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972 atá ullmhaithe lena gcaitheamh mar dheoch gan chaolú,

a athrú, amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £0.0257 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.

(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 4 den Finance (New Duties) Act, 1916, arna hathrú le halt 14 den Acht Airgeadais, 1966 , agus le mír 20 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 187) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm an Cháinliosta), 1970, a athrú tuilleadh, amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £0.0257 a chur le ráta na dleachta ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.

Geallta.

1931, Uimh. 31 .

41. —Déanfar (faoi réir forálacha alt 20 den Acht Airgid, 1931 , agus gan dochar do na forálacha sin), an dleacht ar gheallta a fhorchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gheallta arna ndéanamh an 20ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, de réir fiche faoin gcéad de mhéid an ghill in ionad an ráta cúig déag faoin gcéad a luaitear in alt 40 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

Ceadúnais chearrbhachais.

1956, Uimh. 2 .

1956, Uimh. 22 .

42. —(1) Baineann an t-alt seo le ceadúnais chearrbhachais faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 .

(2) In ionad na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgeadais, 1956 , ar cheadúnais chearrbhachais lena mbaineann an t-alt seo, déanfar dleacht máil de réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnais den sórt sin arna n-eisiúint an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, is é sin le rá:—

i gcás an tréimhse dá mbeidh an ceadúnas le heisiúint mar a bheidh sonraithe sa deimhniú faoin Acht um Chearrbhachais agus Crannchuir, 1956, ag údarú an ceadúnas a eisiúint—

(a) gan a bheith níos faide ná trí mhí, cúig phunt is fiche;

(b) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí, caoga punt;

(c) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí, cúig phunt is seachtó;

(d) a bheith níos faide na naoi mí, céad punt.

Dleacht ceadúnais mheaisín cearr-bhachais.

1973, Uimh. 25 .

43. —(1) San alt seo—

tá le “cearrbhachas” agus “ceadúnas cearrbhachais” na bríonna céanna, faoi seach, atá leo san Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 ;

ciallaíonn “áitreabh” siamsalann nó aonach súgraidh a bhfuil ceadúnas cearrbhachais i bhfeidhm ina leith;

ciallaíonn “oifigeach” oifigeach Custam agus Máil.

(2) (a) Is meaisín cearrbhachais meaisín—

(i) má tá sé déanta nó oiriúnaithe le haghaidh cearrbhachais, agus

(ii) má íocann an t-imreoir leis an meaisín a imirt cibé acu trí phíosa airgid nó comhartha a chur isteach nó ar bhealach éigin eile é, agus

(iii) más trí oibriú an mheaisín a chinntear toradh an chluiche, cibé acu atá socrú ann leis an meaisín a inliú ag an imreoir nó nach bhfuil,

ach measfar nach meaisín cearrbhachais meaisín nach ndéanann, ar imreoir á imirt uair amháin agus gnóthú air, ach caoi a thabhairt don imreoir sin imirt arís (uair amháin nó níos minice) gan íoc as imirt.

(b) Meaisín cearrbhachais a bhfuil níos mó ná ionad imeartha amháin ar leithligh ag gabháil leis, déileálfar leis chun críocha an ailt seo mar líon de mheaisíní cearrbhachais atá comhionann leis an líon d'ionaid imeartha ar leithligh atá ag gabháil leis an meaisín.

(c) Measfar, chun críocha an ailt seo, meaisín cearrbhachais a bheith ar fáil chun imeartha mura rud é—

(i) go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta, agus sin deimhnithe acu i scríbhinn, nach féidir leis an bpobal, mar gheall—

(I) ar an áit a bhfuil sé ar stór a bheith do-rochtana ag an bpobal, nó

(II) ar an staid ina bhfuil sé,

é a imirt, agus

(ii) go bhfanfaidh sé ar stór san áit réamhráite nó go bhfanfaidh sé sa staid réamhráite.

(3) Ní chuirfidh sealbhóir ceadúnais chearrbhachais faoi deara ná ní cheadóidh sé meaisín cearrbhachais a bheith ar fáil chun imeartha san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas mura sealbhóir é ar cheadúnas (dá ngairtear ceadúnas meaisín cearrbhachais san alt seo) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a deonaíodh faoin alt seo.

(4) (a) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas ó shealbhóir ceadúnais chearrbhachais agus ar an sealbhóir d'íoc na suime is iníoctha aige i leith na dleachta máil a fhorchuirtear leis an alt seo, ceadúnas meaisín cearrbhachais a dheonú don sealbhóir i leith an áitribh a bheidh sonraithe san iarratas do cibé líon de mheaisíní cearrbhachais a bheidh sonraithe san iarratas.

(b) Fanfaidh ceadúnas meaisín cearrbhachais i leith aon áitribh i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse (nach faide ná bliain agus nach faide ná an tréimhse a mbeidh sé sainráite go mbeidh feidhm ar a feadh ag an gceadúnas cearrbhachais i leith an áitribh sin a bheidh i bhfeidhm tráth an cheadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú) a bheidh sonraithe san iarratas á iarraidh.

(c) Sonrófar i gceadúnas an tréimhse a mbeidh ceadúnas meaisín cearrbhachais le fanacht i bhfeidhm ar a feadh, an líon meaisíní cearrbhachais, agus an t-áitreabh, lena mbaineann an ceadúnas.

(5) (a) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) maidir le haon áitreabh, beidh sé ciontach i gcion ar leithligh i ndáil le gach meaisín cearrbhachais a cuireadh ar fáil chun imeartha san áitreabh agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £300 a chur air i leith gach ciona, agus dlífear an meaisín ar ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh.

(b) Aon sealbhóir ar cheadúnas meaisín cearrbhachais a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh meaisín cearrbhachais amháin nó níos mó de bhreis ar an líon a bheidh sonraithe sa cheadúnas a chur ar fáil chun imeartha san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas, beidh sé ciontach i gcion ar leithligh i ndáil le gach meaisín cearrbhachais a cuireadh faoi deara nó a ceadaíodh a chur ar fáil chun imeartha amhlaidh agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £300 a chur air i leith gach ciona agus dlífear an líon sin de mheaisíní a bheidh comhionann leis an difear idir an líon a bheidh sonraithe amhlaidh agus an líon a cuireadh ar fáil amhlaidh a fhorghéilleadh.

(6) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar cheadúnas meaisín cearrbhachais a dheonú dleacht máil de réir cibé ráta díobh seo a leanas is iomchuí ag féachaint don tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh, is é sin le rá, i gcás an tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh—

(a) gan a bheith níos faide ná trí mhí, £12.50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(b) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí, £25 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(c) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí, £37.50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(d) a bheith níos faide ná naoi mí, £50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas.

(7) (a) Féadfaidh sé a bheith sainráite i gceadúnas meaisín cearrbhachais, de bhun iarraidh a bheidh san iarratas ar an gceadúnas sin, nach mbainfidh sé ach le Domhnaigh agus laethanta saoire sa tréimhse a bheidh sonraithe sa cheadúnas agus a mbeidh sé le fanacht i bhfeidhm ar a feadh agus, i gcás ina mbeidh sin sainráite i gceadúnas—

(i) déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (6) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an gceadúnas a dheonú de réir dhá chúigiú an ráta a mbeadh sé inmhuirir dá réir dá mba nach raibh sin sainráite sa cheadúnas, agus

(ii) measfar, chun críocha fho-ailt (3) agus (10) (b) den alt seo, nach mbeidh an ceadúnas i bhfeidhm ar laethanta sa tréimhse réamhráite seachas Domhnaigh agus laethanta saoire.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “laethanta saoire” laethanta is laethanta saoire poiblí chun críocha an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 .

(8) Ar iarratas ó shealbhóir ceadúnais mheaisín cearrbhachais agus ar é d'íoc na suime breise is iomchuí i leith na dleachta máil a fhorchuirtear leis an alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an líon meaisíní cearrbhachais a bheidh sonraithe sa cheadúnas a mhéadú.

(9) Ar iarratas ó shealbhóir ceadúnais mheaisín cearrbhachais, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, a cheadú an ceadúnas a aistriú ón sealbhóir go dtí duine eile is sealbhóir ceadúnais chearrbhachais nó a cheadú, in ionad feidhm a bheith ag an gceadúnas maidir leis an áitreabh a bheidh sonraithe sa cheadúnas tráth an iarratais a dhéanamh, feidhm a bheith aige maidir le háitreabh eile a mbeidh ceadúnas cearrbhachais i bhfeidhm ina leith agus leasóidh siad an ceadúnas de réir aon cheada a thabharfar faoin bhfo-alt seo.

(10) (a) Féadfaidh oifigeach dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina bhfuil, nó ina gcreideann an t-oifigeach sin go bhfuil, meaisíní cearrbhachais ar fáil chun imeartha agus féadfaidh an t-oifigeach sin cibé cuardach agus cibé imscrúdú is cuí leis a dhéanamh ansin, agus féadfaidh sé aon leabhair nó doiciméid eile a gheobhaidh sé ann agus a bhaineann, nó a chreideann an t-oifigeach sin a bhaineann, le meaisíní cearrbhachais a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a bhaint astu.

(b) I gcás meaisíní cearrbhachais a bheith curtha ar fáil chun imeartha in áitreabh nach bhfuil ceadúnas meaisín cearrbhachais i bhfeidhm ina leith nó a bhfuil ceadúnas meaisín cearrbhachais i bhfeidhm ina leith agus ar mó an líon meaisíní cearrbhachais a bheidh curtha ar fáil chun imeartha ann ná an líon a bheidh sonraithe sa cheadúnas, féadfaidh oifigeach na meaisíní go léir nó, de réir mar a bheidh, an líon sin díobh is comhionann leis an difear idir an líon a bheidh sonraithe amhlaidh agus an líon a bheidh curtha ar fáil amhlaidh a ghabháil.

(c) Aon duine a chuirfidh in aghaidh oifigigh nó a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar don oifigeach sin leis an bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair pionós máil £100 a chur air.

(11) (a) Cuirfidh sealbhóir ceadúnais mheaisín cearrbhachais faoi deara an ceadúnas a bheith ar taispeáint i gconaí in áit fheiceálach gar don bhealach isteach san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas agus déanfaidh sé, ar oifigeach dá éileamh air aon tráth réasúnach, an ceadúnas a thabhairt ar aird don oifigeach lena iniúchadh.

(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair pionós máil £100 a chur air.

(12) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo a áirithiú.

(13) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun aon ní atá neamhdhleathach, ar leith ón alt seo, a dhéanamh dleathach.

(14) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Mheitheamh, 1975.

Méadú ar dhleacht gadhair agus pionós mar gheall ar dhleacht gadhair a fhágáil gan íoc.

1925 Uimh. 28.

1963, Uimh. 23 .

1941, Uimh. 14 .

44. —(1) Leasaítear leis seo alt 37 (1) den Acht Airgid, 1925 , trí “£1” a chur in ionad “de chúig scillinge”.

(2) Leasaítear leis seo alt 33 den Acht Airgeadais, 1963 , trí “£25” a chur in ionad “£10” i bhfo-ailt (1) agus (2).

(3) Aisghairtear leis seo alt 26 den Acht Airgeadais, 1941 , agus achtaítear leis seo ina ionad go ndlífear, ar aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt sin 37 den Acht Airgid, 1925 , a chiontú go hachomair, pionós máil £10 a chur air.

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Orduithe a dhaingniú agus foráil maidir leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975.

45. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

An Tábla

 

I.R. Uimh. 174 de 1974

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 213) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1974.

 

I.R. Uimh. 350 de 1974

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 214) (Ola Eadrom Hidreacarbóin Mhianra). 1974.

 

I.R. Uimh. 356 de 1974

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 215) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1974.

 

I.R. Uimh. 5 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975.

(2) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha an Ordaithe d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975, de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

Leasú ar an Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 .

1957, Uimh. 7 .

46. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ee) i gcás dleacht custam ar earraí d'aon chineál áirithe—

(i) a fhoirceannadh leis an ordú agus gurb é tuairim an Rialtais gur dhleacht de chineál fioscach an dleacht go léir nó go raibh eilimint fhioscach sa dleacht, nó

(ii) a athrú tríd an ráta ar dá réir ab inmhuirir an dleacht a mhalartú ar ráta eile den chineál céanna agus go raibh, i dtuairim an Rialtais, eilimint fhioscach sa dleacht sula ndearnadh an t-athrú sin agus go bhfuil an ráta ionaid comhionann leis an ráta ar cuireadh ina ionad é lúide cibé cuid den ráta sin arbh í, i dtuairim an Rialtais, an eilimint fhioscach sa dleacht í,

dleacht máil a fhorchur, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, teorainneacha, aistarraingtí, liúntais, díolúintí nó rátaí tosaíochta, agus sin amhail ó aon lá sonraithe, ar earraí den chineál áirithe sin a allmhaireofar isteach sa Stát, de réir ráta a bheidh comhionann—

(I) le ráta na dleachta sin, más é tuairim an Rialtais gur dhleacht de chineál fioscach an dleacht custam sin go léir, agus

(II) má bhí, i dtuairim an Rialtais, eilimint fhioscach sa dleacht custam, leis an gcuid de ráta na dleachta sin arbh í, i dtuairim an Rialtais, an eilimint fhioscach a bhí inti,

agus déanfar na tagairtí i mír (e) den alt seo d'aon dleacht máil agus na tagairtí i míreanna (h) agus (i) den alt seo d'aon dleacht a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon dleacht a fhorchuirtear faoin mír seo agus measfar, chun críocha na míre sin (h), gur dleacht custam agus dleacht máil aon dleacht a fhorchuirtear faoin mír seo;”.