11 1975


Uimhir 11 de 1975


AN tACHT UM BORD RÁSAÍOCHTA AGUS RÁS-CHÚRSAÍ (LEASÚ), 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM BORD RÁSAÍOCHTA AGUS RÁS-CHÚRSAÍ, 1945 . [24 Meitheamh, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

“An Príomh-Acht”.

1945, Uimh. 16 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945 .

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Íocfaidh an Bord—

(a) lena phríomh-oifigeach, an luach saothair agus na liúntais a chinnfidh an Bord le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus

(b) leis na hoifigigh agus na seirbhísigh eile dá chuid, an luach saothair agus na liúntais a chinnfidh an Bord.”

Leasú ar alt 27 den Phríomh Acht.

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht—

(a) trí “agus má dhéantar an ní is ábhar don gheall a chinneadh i bhfabhar an duine a ndearna an geall-ghlacadóir an geall leis, bainfidh an geall-ghlacadóir as an méid iomlán a d'íocfadh sé leis an duine sin nó a chreidiúnódh sé dó, mura mbeadh sin, i leith an ghill, suim arna ríomh do réir an chéadchodáin sin den mhéid iomlán sin” a chur le fo-alt (1), agus

(b) trí “deich fán gcéad” a chur in ionad “cúig fán gcéad” i bhfo-alt (6),

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach as Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Beidh éifeacht leis an leasú a dhéantar le fo-alt (1) (a) den alt seo, agus measfar go raibh éifeacht leis, amhail ar agus ó thosach feidhme alt 27 den Phríomh-Acht.

AN TABLA

(1) Gach duine a dhéanfas, mar gheall-ghlacadóir cheadúnaithe, geall cúrsa i dtosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, íocfaidh leis an mBord dleacht arna áireamh do réir an chéadchodáin a bheas ordaithe de thuras na huaire de mhéid an ghill chúrsa san agus má dhéantar an ní is ábhar don gheall a chinneadh i bhfabhar an duine a ndearna an geall-ghlacadóir an geall leis, bainfidh an geall-ghlacadóir as an méid iomlán a d'íocfadh sé leis an duine sin nó a chreidiúnódh se dó, mura mbeadh sin, i leith an ghill, suim arna ríomh do réir an chéadchodáin sin den mhéid iomlán sin.

(6) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh maidir leis an gcéadchodán (nach mó ná deich fán gcéad) dá dtagartar san alt so mar chéadchodán ordaithe.

Coiste Achomhairc.

4. —(1) Beidh coiste ann (dá ngairtear an Coiste Achomhairc san alt seo agus sa chéad alt eile) chun na hachomhairc dá bhforáiltear leis an gcéad alt eile a chinneadh.

(2) Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste Achomhairc:

(a) cathaoirleach a bheidh ina Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda nó ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach a bhfuil seasamh seacht mbliana ar a laghad aige, agus

(b) dhá ghnáthchomhalta.

(3) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Choiste Achomhairc agus féadfar iad a athcheapadh agus, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, trí bliana ré gach ceapacháin agus, faoi réir forálacha an ailt seo, sealbhóidh gach comhalta den sórt sin oifig mar chomhalta den sórt sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire tráth a cheaptha.

(4) Féadfaidh comhalta den Choiste Achomhairc, trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, éirí as bheith ina chomhalta.

(5) Is é téarma oifige comhalta den Choiste Achomhairc a cheapfar le corrfholúntas ar an gCoiste a líonadh an chuid a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an chomhalta ar ina leith a tharla an folúntas.

(6) I gcás cathaoirleach an Choiste Achomhairc nó gnáthchomhalta de a bheith éagumasach go sealadach chun gníomhú, féadfaidh an tAire duine a cheapadh le gníomhú ina ionad.

(7) Triúr is córam don Choiste Achomhairc.

(8) Ní dhéanfaidh an Coiste Achomhairc cinneadh mura mbeidh beirt ar a laghad de chomhaltaí an Choiste Achomhairc i bhfabhar an chinnidh.

(9) Íocfaidh an Bord le comhalta den Choiste Achomhairc (seachas Breitheamh) cibé luach saothair a chinnfidh an tAire agus íocfaidh an Bord, a mhéid a chinnfidh an tAire, caiteachais an Choiste Achomhairc.

(10) Tiocfaidh an t-alt seo agus alt 5 den Acht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Achomhairc i gcoinne cinntí ag an mBord maidir le ceadanna gealltóireachta cúrsa.

5. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Bord, tar éis tosach feidhme an ailt seo, diúltú cead gealltóireachta cúrsa a thabhairt do gheallghlacadóir ceadúnaithe, nó cead gealltóireachta cúrsa atá ar seilbh ag geall-ghlacadóir ceadúnaithe a fhionraí nó a chúlghairm, féadfaidh an geall-ghlacadóir, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach an lá ar a gcinnfidh an Bord ar an diúltú, ar an bhfionraí nó ar an gcúlghairm, achomharc a dhéanamh i scríbhinn chun an Choiste Achomhairc i gcoinne an diúltaithe, na fionraí nó na cúlghairme.

(2) Ar achomharc faoin alt seo, déanfaidh an Coiste Achomhairc, tar éis éisteacht a sheoladh i ndáil leis an achomharc, diúltú don achomharc nó—

(a) i gcás achomharc i gcoinne diúltú ceada, a ordú don Bhord (agus comhlíonfaidh an Bord an t-ordú agus aon ordú faoi mhír (b) nó (c) den fho-alt seo) cead a thabhairt,

(b) i gcás achomharc i gcoinne fionraí ceada, an fhionraí a neamhniú, tréimhse na fionraí nó an dáta a thosóidh an

fhionraí nó iad araon a athrú, nó an fhionraí a neamhniú agus a ordú don Bhord an cead a chúlghairm, agus

(c) i gcás achomharc i gcoinne cúlghairm ceada, an chúlghairm a neamhniú nó an chúlghairm a neamhniú agus a ordú don Bhord an cead a fhionraí go ceann tréimhse dar tosach agus dar críoch dátaí a shonróidh an Coiste.

(3) I gcás ina ndiúltófar, ina bhfionrófar nó ina gcúlghairfear cead gealltóireachta cúrsa, déanfar fógra faoin diúltú, faoin bhfionraí nó faoin gcúlghairm a sheirbheáil ar an ngeall-ghlacadóir ceadúnaithe lena mbaineann, go pearsanta nó leis an bpost, laistigh den tréimhse 7 lá dar tosach an lá ar a gcinnfidh an Bord ar an diúltú, ar an bhfionraí nó ar an gcúlghairm.

(4) I gcás ina bhfionrófar nó ina gcúlghairfear cead gealltóireachta cúrsa, beidh sé sainráite san fhionraí nó sa chúlghairm (agus, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, beidh éifeacht dá réir sin léi) go dtiocfaidh sí i ngníomh lá sonraithe, ach, murab é is cúis leis an bhfionraí nó leis an gcúlghairm mainneachtain nó faillí suim a íoc le duine nó a chreidiúnú dó a bhí dlite don duine den gheall-ghlacadóir ceadúnaithe lena mbaineann i ndáil le geall a rinne an duine leis an ngeallghlacadóir, ní bheidh an lá sonraithe ann roimh dheireadh na tréimhse 21 lá dar tosach an lá ar a gcinnfidh an Bord ar an bhfionraí nó ar an gcúlghairm.

(5) I gcás—

(a) achomharc a thionscnamh faoin alt seo i gcoinne fionraí nó cúlghairm ceada,

(b) nach é is cúis leis an bhfionraí nó leis an gcúlghairm mainneachtain nó faillí suim a íoc le duine nó a chreidiúnú dó a bhí dlite don duine den gheall-ghlacadóir ceadúnaithe lena mbaineann i ndáil le geall a rinne an duine leis an ngeallghlacadóir, agus

(c) nach mbeidh an t-achomharc tarraingthe siar ná cinnte an lá a mbeidh sé sainráite go dtiocfaidh an fhionraí nó an chúlghairm i ngníomh,

beidh oibriú na fionraí nó na cúlghairme ar fionraí go dtí (de réir mar is iomchuí) go mbeidh an t-achomharc tarraingthe siar nó go mbeidh diúltaithe do, go mbeidh an fhionraí nó an chúlghairm neamhnithe nó an fhionraí athraithe, ag an gCoiste Achomhairc.

(6) Ag éisteacht a bheidh á seoladh ag an gCoiste Achomhairc i ndáil le hachomharc faoin alt seo—

(a) féadfaidh an t-achomharcóir láithriú i bpearsa nó trí abhcóide, aturnae nó gníomhaire,

(b) féadfaidh an Bord láithriú trí abhcóide nó aturnae nó trí oifigeach don Bhord,

(c) féadfaidh an t-achomharcóir agus an Bord aon fhianaise a thairiscint is iomchuí don achomharc, agus

(i) féadfaidh an t-achomharcóir finnéithe a ghair sé a cheistiú agus a athcheistiú agus finnéithe a ghair an Bord a chroscheistiú, agus

(ii) féadfaidh an Bord finnéithe a ghair sé a cheistiú agus a athcheistiú agus finnéithe a ghair an t-achomharcóir a chroscheistiú,

(d) más rud é, maidir le haon fhinné, go gcinnfidh an Coiste Achomhairc nó go n-iarrfaidh ceachtar páirtí san achomharc é, cuirfidh an Coiste Achomhairc de cheangal an finné a cheistiú faoi mhionn (agus cumhachtaítear leis seo don chathaoirleach é a chur faoi mhionn).

(7) Cuirfidh an Coiste Achomhairc faoi deara go ndéanfar éisteachtaí i ndáil le hachomharc faoin alt seo a sheoladh a luaithe is féidir agus cuirfidh faoi deara go ndéanfar fógra 21 lá ar a laghad i dtaobh dátaí, tráthanna agus ionaid na n-éisteachtaí sin a thabhairt do na hachomharcóirí lena mbaineann agus don Bhord.

(8) (a) Féadfaidh an Coiste Achomhairc—

(i) finnéithe a thoghairm le láithriú ag éisteachtaí a sheolfaidh sé,

(ii) a cheangal ar aon fhinné den sórt sin aon cheist a fhreagairt is iomchuí don achomharc agus aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina rialú a thabhairt ar aird dó.

(b) Beidh teideal ag finné os comhair an Choiste Achomhairc chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é, agus is é an Coiste a chinnfidh éilimh ar phribhléid agus ar dhíolúine.

(c) Ní foláir toghairm a bheith sínithe ag comhalta amháin ar a laghad den Choiste Achomhairc.

(d) Má dhéanann aon duine—

(i) ar é a thoghairm go cuí mar fhinné os comhair an Choiste Achomhairc, mainneachtain teacht i láthair, nó

(ii) ar bheith i láthair dó mar fhinné, diúltú mionn a thabhairt a cheanglóidh an Coiste air go dlíthiúil a thabhairt, nó aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina rialú a thabhairt ar aird a cheanglóidh an Coiste air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Coiste air go dlíthiúil a fhreagairt,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile a chur air.

(9) Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon uair a bheartóidh an Bord, i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, breithniú a dhéanamh ar iarratas ar chead gealltóireachta cúrsa a dheonú do gheall-ghlacadóir ceadúnaithe nó ar cheist fionraí nó cúlghairm ceada gealltóireachta cúrsa a bheidh ag geall-ghlacadóir ceadúnaithe, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) cuirfidh an Bord in iúl i scríbhinn don gheall-ghlacadóir ceadúnaithe gur beartaíodh amhlaidh,

(b) féadfaidh an geall-ghlacadóir ceadúnaithe, laistigh de sheacht lá tar éis sin a chur in iúl dó, a iarraidh ar an mBord caoi a thabhairt dó uiríolla i ndáil leis an mbeartú a dhéanamh, ó bhéal nó i scríbhinn, chun an Bhoird, agus géillfidh an Bord d'aon iarratas den sórt sin agus breithneoidh sé aon uiríolla den sórt sin a dhéanfar chuige.”.

Leasú ar alt 30 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Má fheiceann oifigeach údaraithe don Bhard gnó geallghlacadóra á dhéanamh nó ar siúl ag duine ar aon rás-chúrsa údaraithe nó ina mhaighean, féadfaidh sé (faoi réir barántas a cheaptha mar oifigeach údaraithe den sórt sin a thabhairt ar

aird má iarrtar sin air) a cheangal ar an duine sin nó ar aon duine eile a bheidh i láthair agus a bheidh ag dhéanamh gnó geall-ghlacadóra in éineacht leis nó a mbeidh gnó geallghlacadóra ar siúl aige in éineacht leis aon doiciméad a bheidh an tráth sin i seilbh an duine sin nó i seilbh an duine eile sin (de réir mar a bheidh) agus a úsáidtear nó is féidir a úsáid nó a gcreideann an t-oifigeach sin go n-úsáidtear é nó gur féidir é a úsáid chun críocha an ghnó sin a thabhairt ar aird dó láithreach agus a cheadú dó é a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as.”.

Aoisliúntais fhoireann an Bhoird.

7. —(1) Ullmhóidh an Bord agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú ar scor dóibh dá bhuan-fhoireann nó ina leith.

(2) Déanfaidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir a shocrú do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéim a cuireadh faoi bhráid an Aire roimhe sin agus a ceadaíodh faoin alt seo.

(4) Aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, déanfaidh an Bord, má bhíonn sí ceadaithe ag an Aire le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, í a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean í chun Aire na Seirbhíse Poiblí, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire sin uirthi.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Méadú ar phionóis.

8. —(1) Leasaítear leis seo ailt 23 (2), 27 (4) agus 28 (2) den Phríomh-Acht trí “cúig chéad punt nó ar a chiontú ann ar díotáil fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt” a chur in ionad “céad punt”.

(2) Leasaítear leis seo alt 25 (3) den Phríomh-Acht trí “céad punt” a chur in ionad “fiche punt”.

(3) Leasaítear leis seo ailt 29 (2) agus 30 (2) den Phríomh-Acht trí “cúig chéad punt “a chur in ionad “caoga punt”.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

9. —Gach rialachán a dhéanfaidh an Bord faoin bPríomh-Acht leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

10. —(1) Féadfar an tAcht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí (Leasú), 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945 agus 1975, a ghairm díobh le chéile.