An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Faoisimh Speisialta) Ar Aghaidh (CUID VII Frithsheachaint)

20 1975

AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975

CUID VI

Iontaobhais Aonad

Iontaobhais aonad.

31. —(1) Gan dochar d'fhorálacha alt 15 (maoin shocraithe), déanfar gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig iontaobhas aonad aon bhliain mheasúnachta a mheasúnú agus a mhuirearú ar iontaobhaithe an iontaobhais aonad.

(2) Measfar, chun críocha an Achta seo, gur comhlacht aonraic leanúnach daoine (ar leith ó na daoine arb iad na hiontabhaithe iad ó am go ham) iontaobhaithe iontaobhais aonad agus measfar cónaí agus gnáthchónaí sa Stát a bheith ar an gcomhlacht sin mura lasmuigh den Stát a sheoltar de ghnáth riarachán ginearálta an iontaobhais aonad agus nach sa Stát atá cónaí nó gnáthchónaí ar na hiontaobhaithe nó ar thromlach na n-iontaobhaithe de thuras na huaire.

(3) I gcás ina bhfaighidh duine aon dáileadh caipitil, nó ina dtiocfaidh sé i dteideal aon dáileadh caipitil a fháil, as iontaobhas aonad i leith aonaid san iontaobhas aonad, déileálfar leis amhail is dá mbeadh sé tar éis leas sna haonaid a dhiúscairt i gcomaoin an dáilte caipitil sin.

(4) Más amhlaidh do na haonaid eisithe go léir in iontaobhas aonad ar feadh bliana measúnachta gur sócmhainní iad a mbeadh aon ghnóchan a d'fhaibhreodh, dá ndiúscródh an sealbhóir aonad iad, díolmhaithe ar fad ó cháin ghnóchan caipitiúil (ar shlí seachas mar gheall ar chónaí), ní gnóchain inmhuirearaithe ghnóchain a d'fhaibhrigh chuig an iontaobhas aonad an bhliain sin.

(5) Más amhlaidh do shócmhainni uile iontaobhais aonad ar feadh bliana measúnachta nach sócmhainní inmhuirearaithe iad nó gur sócmhainní iad nár ghnóchan inmhuirearaithe gnóchan ina leith, measfar nach sócmhainní inmhuirearaithe chun críocha an Achta seo na haonaid san iontaobhas aonad.

(6) San alt seo ciallaíonn “dáileadh caipitil” aon dáileadh as iontaobhas aonad, lena n-áirítear dáileadh i gcúrsa an t-iontaobhas aonad a fhoirceannadh, in airgead nó i luach airgid ach amháin dáileadh arb ioncam chun críocha cánach ioncaim é i lámha an fhaighteora agus in alt 32 forléireofar “dáileadh caipitil” de réir an mhínithe seo.

Iontaobhais aonad: comhshocraíochtaí speisialta.

1972, Uimh. 17 .

32. —(1) Bainfidh an t-alt seo le hiontaobhas aonad—

(a) is scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir brí alt 3 den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 ,

(b) ar sa Stát atá cónaí agus gnáthchónaí ar a iontaobhaithe,

(c) a bhfoilsíonn na bainisteoirí praghsanna na n-aonad ann go rialta, agus

(d) gur aonaid ar aon-luach a dtéann na cearta céanna leo na haonaid go léir ann.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhshocraíochtaí a dhéanamh le hiontaobhaithe aon iontaobhais aonad lena mbaineann an t-alt seo maidir leis an mbliain 1974-75 agus maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin má bhíonn na coinníollacha seo a leanas comhlíonta—

(a) ar feadh na bliana measúnachta iomchuí—

(i) go raibh 80 faoin gcéad ar a laghad de na haonaid ar teachtadh ag daoine a fuair iad de bhun tairiscint a tugadh don phobal i gcoitinne,

(ii) nach 1ú ná 50 líon na sealbhóirí aonad nach raibh aon sealbhóir aonad ina úinéir tairbhiúil ar níos mó na 5 faoin gcéad de na haonaid a bheidh eisithe aon tráth agus, chun críocha na fomhíre seo, measfar gur aon sealbhóir aonad amháin duine agus aon daoine lena bhfuil baint aige,

(iii) nár 1ú luach na n-urrús luaite a bhí ar teachtadh ag na hiontaobhaithe thar ceann an iontaobhais aonad ná 80 faoin gcéad de réir luacha de na hinfheistíochtaí go léir a bhí ar teachtadh amhlaidh ag na hiontaobhaithe, agus

(iv) nár mhó na hurrúis a bhí ar teachtadh ag na hiontaobhaithe thar ceann an iontaobhais aonad in aon chuideachta áirithe ná 15 faoin gcéad de réir luacha de na hurrúis go léir a bhí ar teachtadh amhlaidh ag na hiontaobhaithe, agus

(b) go mbeidh na hiontaobhaithe tar éis—

(i) fios a thabhairt, maidir le gach dáileadh a rinneadh ar ioncam nó ar chaipiteal de chuid an iontaobhais aonad chun sealbhóirí aonad, do na sealbhóirí aonad i dtaobh méid, má b'ann, na ngnóchan inmhuirearaithe a bhí ar áireamh sa dáileadh sin, agus

(ii) cibé sonraí i dtaobh na ngnóchan inmhuirearaithe a dáileadh ar gach sealbhóir aonad a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar a iarrfaidh siad.

(3) Áiritheoidh aon chomhshocraíocht faoin alt seo gurb é an méid cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha ag an iontaobhas aonad an cion sin den mhéid cánach ab iníoctha, mura mbeadh an chomhshocraíocht, faoi alt 31 don bhliain mheasúnachta iomchuí, a mbeidh idir é agus an méid cánach is iníoctha amhlaidh faoi alt 31 an coibhneas céanna a bheidh idir an méid den ioncam agus de na gnóchain inmhuirearaithe don bhliain sin nár dáileadh agus méid iomlán ioncaim agus gnóchan inmhuirearaithe na bliana sin.

(4) Aon chomhshocraíocht faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta déanfar í an 5ú lá d'Aibreán, nó roimh an 5ú lá d'Aibreán, díreach tar éis deireadh na bliana sin agus tabharfar éifeacht don chomshocraíocht trí choigeartú ar an measúnacht agus má bhíonn cáin íoctha, aisíocfar aon mhéid iomarcach a bheidh íoctha.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhshocraíocht a dhéanamh faoin alt seo le hiontaobhaithe iontaobhais aonad d'aon bhliain mheasúnachta d'ainneoin aon choinníoll nó coinníollacha dá luaitear i bhfo-ailt (1) agus (2) a bheith gan chomhlíonadh.

(6) San alt seo—

folaíonn “urrúis” urrúis lena mbaineann alt 19 agus stoic, scaireanna, bannaí agus oibleagáidí le haon rialtas, bardas cathrach, cuideachta nó comhlacht corpraithe eile;

ciallaíonn “urrúis luaite” urrúis a raibh margadhluachanna luaite orthu ar stocmhargadh sa Stát nó in áit éigin eile tráth ar bith i rith na bliana measúnachta nó i rith na tréimhse sé bliana díreach roimh an mbliain mheasúnachta.