24 1975


Uimhir 24 de 1975


AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963 AGUS 1970. [11 Lúnasa, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1970, Uimh. 4 .

1963, Uimh. 2 .

1. —San Acht seo—

ciallaonn “Acht 1970” an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta 1963;

tá le “an Chuideachta” agus “an tAire” na bríonna céanna atá leo sa Phríomh-Acht.

Méadú ar scairchaipiteal na Cuideachta.

2. —D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, in Acht 1970, i meabhrán na Cuideachta nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, £27,500,000 arna roinnt i 27,500,000 scair, £1 an scair, méid scairchaipiteal na Cuideachta.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

3. —Leasaíter leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2 (arna leasú le hAcht 1970):

“2. Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £22,500,000, ach ní fhéadfaidh sé, gan comhaontú an Rialtais, tuilleadh scaireanna sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir.”

An tAire do ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

4. —Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le halt 7 (1) den Phríomh-Acht a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (mar aon le méid aon phríomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta) níos mó ná £30,000,000 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 7 (2) den Phríomh-Acht a leasú trí “£30,000,000” a chur in ionad “£2,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1970).

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1975, a ghairm de na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 agus 1970, agus den Acht seo le chéile.