|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 26 de 1975 | ||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1975 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT A ÚDARÚ DEONTAIS BHREISE A ÍOC LE BORD FÁILTE ÉIREANN AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1972. [3 Nollaig, 1975] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta. | |
[EN] |
Deontais neamhinaisíoctha don Bhord le cuartaíocht a fhorbairt. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna nach mó san iomlán ná £4,750,000 a íoc leis an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, is suimeanna a theastóidh ón mBord chun deontais a thabhairt le haghaidh oibreacha forbartha ar oibreacha iad— |
[EN] | (a) de ghné chaipitiúil, | |
[EN] | (b) is dóigh leis an mBord a fhorbróidh cuartaíocht, agus | |
[EN] | (c) nach oibreacha le cóiríocht saoire a fhorbairt. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an Bord aon suimeanna a íocfar leis an mBord faoin alt seo a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear i bhfo-alt (1). | |
[EN] | (3) Ní hinaisíoctha suimeanna a íocfar faoin alt seo leis an mBord. | |
[EN] | (4) Is suimeanna i dteannta suimeanna is iníoctha leis an mBord faoi alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , nó faoi alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1961 , suimeanna is iníoctha faoin alt seo leis an mBord. | |
[EN] |
Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha áirithe don Bhord. |
3. —Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc leis an mBord chun an Bord do thabhairt deontas le cóiríocht saoire a fhorbairt thar £16,000,000 agus, dá réir sin, forléireofar alt 2 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin ann in ionad na suime £13,000,000 a luaitear ansin agus a cuireadh isteach ann le halt 1 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1972 . |
[EN] |
Luach saothair, etc., an phríomh-oifigigh. |
4. —Íocfaidh an Bord lena phríomh-oifigeach (cibé acu Ard-Stiúrthóir nó teideal eile a thugtar ar an oifigeach sin) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. |
[EN] |
5. —Leasaítear leis seo alt 11 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 , trí “, seachas a bpríomh-oifigeach,” a chur isteach i ndiaidh “seirbhísigh” i bhfo-alt (2). | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1975 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1975, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1972, agus den Acht seo le chéile. |