3 1976


Uimhir 3 de 1976


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1939 GO 1974. [2 Márta, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Feidhm an Achta um Rátaí ar Thalamh Thal-mhaíochta (Faoiseamh), 1946.

1946, Uimh. 36 .

1. —Bainfidh an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , leis na blianta airgeadais áitiúla dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1976, agus an 31ú lá de Nollaig, 1977, agus beidh feidhm aige amhlaidh faoi réir an mhodhnaithe nach dtabharfar aon liúntas fostaíochta faoi alt 7.

Liúntais a thabhairt i ndáil le tailte áirithe i gceantair uirbeacha.

1946, Uimh. 24 .

1930, Uimh. 27

1934, Uimh. 35 .

1939, Uimh. 25 .

1941, Uimh. 5 .

2. —(1) I gcás ina ndéanfar, tar éis dáta an Achta seo a rith, teorainn contae-bhuirge, buirge nó ceantair uirbigh a shíneadh amach ar dhoigh go ngabhfaidh sí oidhreachtáin de thalamh talmhaíochta ar chuid de cheantar sláinte contae é roimh an síneadh, déanfaidh an t-údarás áitiúl ar síneadh amach a theorainn amhlaidh na liúntais a sholáthrófar faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1976, a íoc, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, le háititheoirí oidhreachtán den sórt sin, agus íocfaidh an tAire Airgeadais leis an údarás sin an méid sin den deontas talmhaíochta is gá lena chumasú don údarás na liúntais sin a íoc gan é féin a bheith caillteach leis.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le hoidhreachtán ach amháin fad a leanfar d'é úsáid go heisiatach nó go formhór chun críocha talmhaíochta, is é sin le rá, mar thalamh airiúil, mar thalamh móinéir nó mar thalamh féaraigh nó mar thalamh coille, ma gharraithe margaidh nó mar thalamh altran.

(3) Ní bhainfidh ailt 21 (1) agus 21 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , alt 69 (1) den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 , alt 28 (1) d'Acht Bainistí Chathair Luimhnigh, 1934, alt 27 (1) d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 , ná alt 19 (1) d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 , le hoidhreachtáin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1976, a ghairm de na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1974, agus den Acht seo le chéile.