5 1976


Uimhir 5 de 1976


AN tACHT CUANTA, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÚDARÁS CUAIN A BHUNÚ DO BHÁ BHEANNTRAÍ, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA AN ÚDARÁIS SIN, CHUN NA gCRÍOCHA SIN AGUS CRÍOCHA EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA n ACHTA CUANTA, 1946 AGUS 1947, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[16 Márta, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí a bhunú.

1968, Uimh. 18 .

1. —(1) Beidh, de bhua an ailt seo, údarás cuain arna bhunú don chuan a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí a thabharfar ar an údarás cuain a bhunaítear leis an alt seo.

(3) Beidh cumhachtaí, feidhmeanna, dualgais, sócmhainní, cearta agus dliteanais chomhairle chontae Chorcaí, a mhéid a bhaineann siad leis an bpiara i mBeanntraí, arna n-aistriú, cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, chuig Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí.

(4) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, leanfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh air ag feidhmiú na bhfeidhmeanna, na ndualgas agus na gcumhachtaí i ndáil le Lárionad Chuan Iascaigh Bhaile Chaisleáin Bhéarra a thugtar don Aire sin leis an Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 .

An Tábla

An cuan, arb iad a theorainneacha an t-achar, lena n-áirítear na góilíní farraige go léir, atá teoranta le líne dhíreach a tharraingeofaí ó Rinn Mhuintir Bháire go Rinn Chró a bhfuil gach ceann díobh i gContae Chorcaí agus líne an láin mhara, is achar a dtugtar Bá Bheanntraí air.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

1946, Uimh. 9 .

2. —(1) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cuanta, 1946 , tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa chéad, sa dara agus sa tríú colún, faoi seach, de Chuid II den Sceideal sin i ndiaidh an ceathrú taifead atá ansin:

Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí.

Comhairle chontae Chorcaí.

Comhlachas Tráchtála Bheanntraí.

Coimisinéirí Baile bhaile Bheanntraí.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, tiocfaidh Codanna IV go X den Acht Cuanta, 1946 , agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin i ngníomh cibé lá nó laethanta a dhéanfar, le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, a shocrú chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.

Gearrtheideal. forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Cuanta, 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na h Achta Cuanta, 1946 agus 1947, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile agus féadfar na hAchtanna Cuanta, 1946 go 1976, a ghairm díobh le chéile.