An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XIV Riarachán) Ar Aghaidh (CUID XVI Coigilteas, Athruithe, etc.)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID XV

Léiriú agus Forlíontach

Léiriú.

155. —(1) San Acht seo agus in aon Acht a rithfear tar éis an tAcht seo a rith, ciallaíonn “na hAchtanna Cánach Corparáide”, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an tAcht seo (lena n-áirítear forálacha a bhaineann le cáin ioncaim), mar aon leis na hAchtanna Cánach Ioncaim a mhéid atá feidhm ag na hAchtanna sin chun críocha cánach corparáide agus aon achtacháin eile a bhaineann le cáin chorparáide.

(2) San Acht seo agus in aon Acht a rithfear tar éis an tAcht seo a rith, ciallaíonn “na hAchtanna Cánach”, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, na hAchtanna Cánach Ioncaim (mar a mhínítear in alt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) agus na hAchtanna Cánach Corparáide.

(3) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, san Acht seo agus in aon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith a bheidh, faoi aon fhoráil shainráite, le forléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach mar aon ní amháin, ciallaíonn “cáin”, i gcás nach sonraítear cáin ioncaim ná cáin chorparáide, ceachtar de na cánacha sin.

(4) Ní dochar fo-alt (3) do na forálacha d'alt 11 a fheidhmíonn an dlí cánach ioncaim chun críocha áirithe a bhaineann le cáin chorparáide agus, dá réir sin, níl sé le forléiriú go dearfa, i gcás ar “cáin ioncaim” agus nach “cáin” atá in aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim nach bhfeidhmíonn an t-alt sin 11 an fhoráil sin ar cháin chorparáide.

(5) Chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “dáta cuntasaíochta” an dáta ar go dtí é a dhéanann cuideachta a cuntais amach agus ciallaíonn “tréimhse chuntais” an tréimhse a ndéanann sí sin di;

ní fholaíonn “caillteanas inlamhála”, chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe, caillteanas a d'fhaibhrigh chuig cuideachta in imthosca a d'fhágfadh, dá mba ghnóchan a d'fhaibhreodh, go mbeadh an chuideachta díolmhaithe ó cháin chorparáide ina leith;

ciallaíonn “brainse nó gníomhaireacht” aon fhachtóireacht, gníomhaireacht, glacadóireacht, brainse nó bainistíocht;

tá le “gnóchain inmhuirearaithe” an bhrí a thugtar le halt 1 (5) (c);

tá le “muirir ar ioncam” an bhrí a thugtar le halt 10 (2);

tá le “dlúthchuideachta” an bhrí a thugtar le hailt 94 agus 95;

tá le “cuideachta” an bhrí a thugtar le halt 1 (5) (a);

tá le “dáileadh” an bhrí a thugtar le Cuid IX maille le hailt 96 agus 97;

tá le “an bhliain airgeadais 1974” an bhrí a thugtar le halt 1 (5) (b);

ciallaíonn “an bhliain airgeadais” agus tagairt ina dhiaidh don bhliain 1975 nó d'aon bhliain dá éis sin, an bhliain dar tosach an lú lá d'Eanáir an bhliain sin;

forléireofar “ioncam infheistíochta frainceáilte” agus “íocaíocht fhrainceáilte” de réir alt 24;

tá le “grúp-fhaoiseamh” an bhrí a thugtar le halt 107;

ciallaíonn “ús” ús bliantúil agus ús nach ús bliantúil;

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal”, i ndáil le cuideachta, scairchaipiteal eisithe uile na cuideachta (cibé ainm a thugtar air) seachas caipiteal a bhfuil ceart chun díbhinne de réir ráta shocair ag a shealbhóirí, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scaire de brabúis na cuideachta;

ciallaíonn “díbhinn tosaíochta” díbhinn is iníoctha ar scair thosaíochta nó ar stoc tosaíochta de réir ráta shocair faoin gcéad nó, i gcás díbhinn a bheith iníoctha ar scair thosaíochta nó ar stoc tosaíochta go páirteach de réir ráta shocair faoin gcéad agus go páirteach de réir ráta athraithigh, ciallaíonn sé an chuid sin den díbhinn sin is iníoctha de réir ráta shocair faoin gcéad;

ciallaíonn “ráta caighdeánach faoin gcéad” do bhliain mheasúnachta 35 i gcás ar 35 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain sin agus mar an gcéanna maidir le haon tagairt don ráta caighdeánach faoin gcéad do bhliain mheasúnachta ar ráta seachas 35 faoin gcéad an ráta caighdeánach di;

ciallaíonn “creidmheas cánach” creidmheas faoi alt 88;

tá bunadh ioncaim “laistigh de réim” cánach corparáide nó cánach ioncaim má tá an cháin sin inmhuirearaithe ar an ioncam as, nó go mbeadh sé inmhuirearaithe amhlaidh dá mbeadh aon ioncam den sórt sin ann, agus déanfar mar sin tagairtí do dhuine, nó d'ioncam agus é laistigh de réim cánach, a fhorléiriú ar an gcuma chéanna.

(6) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(7) Sna hAchtanna Cánach Corparáide—

(a) tagairt do Chuid, d'alt nó do sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht, nó do sceideal a ghabhann leis an Acht, ina bhfuil an tagairt, agus

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt,

mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán nó d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(8) Sna hAchtanna Cánach Corparáide, is mar áis tagartha amháin na focail a dhéanann tuairisciú ar aon achtachán agus ní úsáidfear iad mar chabhair chun léiriú a dhéanamh ar an achtachán dá dtagraíonn siad.

(9) Baineann na tagairtí sna hAchtanna Cánach Corparáide do dháiltí nó d'íocaíoctaí a fuair cuideachta le haon dáiltí nó íocaíochtaí a fuair duine eile thar ceann na cuideachta nó ar iontaobhas di ach ní bhaineann siad le haon dáiltí nó íocaíochtaí a fuair an chuideachta thar ceann duine eile nó ar iontaobhas do dhuine eile.

(10) Na tagairtí sna hAchtanna Cánach Corparáide do mhéid brabús ar a mbeidh cáin chorparáide le hiompar faoi dheoidh is tagairtí iad do mhéid na mbrabús sin tar éis na hasbhaintí go léir a dhéanamh agus na faoisimh go léir a thabhairt a dhéantar as na brabúis sin, nó a thugtar in aghaidh na mbrabús sin, chun críocha cánach corparáide, lena n-áirítear asbhaintí agus faoisimh a ndéileáiltear leo faoi aon fhoráil mar asbhaintí nó faoisimh a laghdaíonn iad chun na gcríocha sin.

(11) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna Cánach Corparáide agus ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tá le focail agus le habairtí a úsáidtear sna hAchtanna Cánach Ioncaim an bhrí chéanna sna hAchtanna Cánach Corparáide atá leo sna hAchtanna sin; ach ní mheasfar, maidir le haon fhoráil de na hAchtanna Cánach Corparáide i ndáil le léiriú aon fhocail nó abairte, seachas foráil a bhfuil sé sainraíte go mbaineann sí le húsáid an fhocail sin nó na habairte sin sna hAchtanna Cánach Ioncaim, go ndéanann sí difear do bhrí an fhocail sin nó na habairte sin sna hAchtanna sin mar atá feidhm acu chun críocha cánach corparáide.

(12) Chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, díbhinní a bheith íoctha ar an dáta a bheidh siad dlite agus iníoctha.

(13) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna Cánach Corparáide, aon chionroinnt i leith tréimhsí éagsúla a bheidh le déanamh faoi na hAchtanna Cánach Corparáide déanfar í ar bhonn ama de réir fad na dtréimhsí sin faoi seach.

Fochuideachtaí.

156. —(1) Chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide measfar maidir le cuideachta—

(a) gur “fochuideachta 51 faoin gcéad” do chuideachta eile í má tá agus fad a bheidh níos mó ná 50 faoin gcéad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht go díreach nó go neamhdhíreach ag an gcuideachta eile sin,

(b) gur “fochuideachta 75 faoin gcéad” do chuideachta eile í má tá agus fad a bheidh cuid nach lú ná 75 faoin gcéad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht go díreach nó go neamhdhíreach ag an gcuideachta eile sin,

(c) gur “fochuideachta 90 faoin gcéad” do chuideachta eile í má tá agus fad a bheidh cuid nach lú ná 90 faoin gcéad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht go díreach ag an gcuideachta eile sin.

(2) I bhfo-alt (1) (a) (b) ciallaíonn “ar úinéireacht go díreach nó go neamhdhíreach” ag cuideachta a bheith ar úinéireacht, go díreach nó trí chuideachta nó cuideachtaí eile nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile.

(3) San alt seo forléireofar tagairtí d'úinéireacht mar thagairtí d'úinéireact thairbhiúil.

(4) Déanfar, chun críocha an ailt seo, an méid gnáth-scairchaipitil de chuid cuideachta atá ar úinéireacht ag dara cuideachta trí chuideachta nó cuideachtaí eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile, a chinneadh de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo.

(5) Más rud é, i gcás uimhir cuideachtaí, go bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an dara cuideachta agus go bhfuil an dara cuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an tríú cuideachta, ansin, chun críocha an ailt seo, measfar go bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an tríú cuideachta tríd an dara cuideachta, agus má tá an tríú cuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid ceathrú cuideachta, measfar go bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir ar ghnáthscairchaipiteal de chuid an ceathrú cuideachta tríd an dara cuideachta agus an tríú cuideachta, agus measfar go bhfuil an dara cuideachta ina húinéir ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an ceathrú cuideachta tríd an tríú cuideachta, agus mar sin de.

(6) San alt seo—

(a) tugtar “sraith” ar aon uimhir cuideachtaí a bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid na chéad chuideachta eile agus a bhfuil an chéad chuideachta eile sin ina húinéir díreach ar ghnáthscairchaipiteal de chuid an dara cuideachta eile agus mar sin de, agus freisin, i gcás níos mó ná trí chuideachta a bheith ann, ar aon trí chuideachta nó níos mó díobh;

(b) in aon sraith—

(i) tugtar “an chéad úinéir” ar an gcuideachta sin atá ina húinéir ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid cuideachta eile tríd an gcuideachta nó na cuideachtaí eile sa tsraith;

(ii) tugtar “an chuideachta úinéirithe dheiridh” ar an gcuideachta eile sin a bhfuil a gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht amhlaidh;

(iii) “idirghabhálaí” a thugtar ar an gcuideachta eile sa tsraith mura bhfuil ann ach cuideachta amháin eile, agus “slabhra idirghabhálaithe” a thugtar ar na cuideachtaí eile má bhíonn níos mó ná cuideachta amháin eile ann;

(c) tugtar “úinéir” ar chuideachta i sraith atá ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid cuideachta eile sa tsraith;

(d) deirtear go bhfuil gaol díreach idir aon dá chuideachta i sraith más go díreach agus nach trí cheann amháin nó níos mó de na cuideachtaí eile sa tsraith is úinéir cuideachta díobh ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid na cuideachta eile.

(7) Má tá gach úinéir i sraith ina úinéir ar iomlán ghnáthscairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, measfar go bhfuil an chéad úinéir ina úinéir tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe ar iomlán ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh.

(8) Má tá ceann de na húinéirí i sraith ina úinéir ar chodán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, agus go bhfuil gach úinéir eile sa tsraith ina úinéir ar iomlán ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, measfar go bhfuil an chéad úinéir ina úinéir ar an gcodán sin de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe.

(9) I gcás—

(a) gach úinéir de dhá úinéir nó níos mó i sraith a bheith ina úinéir ar chodán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, agus gach úinéir eile sa tsraith a bheith ina úinéir r iomlán ghnáth-scairchaipitil na cuideachta sin, nó

(b) gach úinéir i sraith a bheith ina úinéir ar chodán de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi;

measfar an chéad úinéir a bheith ina úinéir tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe ar cibé codán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh is toradh ar iolrú na gcodán sin.

(10) I gcás an chéad úinéir in aon sraith a bheith ina úinéir ar chodán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh sa tsraith sin tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe sa tsraith sin, agus é a bheith ina úinéir freisin ar chodán nó ar chodáin eile de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh cibé acu—

(a) go díreach, nó

(b) trí idirghabhálaí nó idirghabhálaithe nach comhalta nó comhaltaí den tsraith sin, nó

(c) trí shlabhra nó slabhraí idirghabhálaithe nach comhalta nó comhaltaí den tsraith sin ceann amháin díobh ná cuid díobh ná iad go léir, nó

(d) i gcás níos mó ná trí chuideachta a bheith sa tsraith, trí idirghabhálaí nó idirghabhálaithe is comhalta nó is comhaltaí den tsraith, nó trí shlabhra nó slabhraí idirghabhálaithe arb éard é nó iad cuid de na cuideachtaí atá sa slabhra idirghabhálaithe sa tsraith ach ní iad go léir.

ansin, d'fhonn a fháil amach cad é an méid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh ar arb úinéir an chéad úinéir, comhshuimeofar na codáin sin go léir agus measfar gurb é an chéad úinéir úinéir suim na gcodán sin.

Daoine bainteacha.

157. —(1) Chun críocha agus faoi réir na bhforálacha de na hAchtanna Cánach Corparáide lena bhfeidhmítear an t-alt seo, déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo (agus glacadh leis go gciallaíonn aon fhoráil i dtaobh baint a bheith ag duine amháin le duine eile go bhfuil baint acu le chéile).

(2) Tá baint ag duine le pearsa aonair más é fearchéile nó más í banchéile na pearsan aonair an duine sin, nó más gaol don phearsa aonair é nó í, nó más é fearchéile nó más í banchéile duine is gaol don phearsa aonair nó d'fhearchéile nó do bhanchéile na pearsan aonair an duine sin.

(3) Tá baint ag duine, ina cháil mar iontaobhaí socraíochta, le haon phearsa aonair ar socraitheoir é i ndáil leis an tsocraíocht, le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin agus le cuideachta a meastar, de réir fho-alt (10), baint a bheith aici leis an tsocraíocht sin (agus an bhrí a bheith, chun críocha an fho-ailt seo, le “socraíocht” agus le “socraitheoir” atá sannta dóibh le fo-alt (9)).

(4) Ach amháin i gcás sócmhainní comhpháirtíochta a fháil nó a dhiúscairt de bhun comhshocraíochtaí tráchtála bona fide, tá baint ag duine le haon duine a bhfuil sé i gcomhpháirtíocht leis, agus le fearchéile nó le banchéile, nó le gaol de chuid, aon phearsa aonair a bhfuil sé i gcomhpháirtíocht leis.

(5) Tá baint ag cuideachta le cuideachta eile—

(a) más é an duine céanna a rialaíonn an dá chuideachta, nó má rialaíonn duine amháin ceann acu agus gur daoine a bhfuil baint acu leis, nó gurb é féin agus daoine a bhfuil baint acu leis, a rialaíonn an ceann eile, nó

(b) más grúpa dhá dhuine nó níos mó a rialaíonn gach cuideachta díobh, agus gurb iad na daoine céanna nó, d'eile, go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna, atá sna grúpaí sin trína mheas (i gcás amháin nó níos mó) go bhfuil duine amháin nó níos mó a bhfuil baint aige le comhalta de cheachtar grúpa curtha in ionad an chomhalta sin.

(6) Tá baint ag cuideachta le duine eile más é an duine sin a rialaíonn í nó más é an duine sin agus daoine a bhfuil baint acu leis a rialaíonn í le chéile.

(7) Déileálfar, i ndáil le cuideachta, le dhá dhuine nó níos mó ag gníomhú dóibh le chéile chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar an gcuideachta mar dhaoine a bhfuil baint acu le chéile agus le haon duine ag gníomhú dó ar orduithe ó aon duine díobh chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar an gcuideachta.

(8) San alt seo—

forléireofar “rialú” de réir alt 102 (an bhrí atá le “cuideachta chomhlachaithe” agus “rialú”),

ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach.

(9) San alt seo folaíonn “socraíocht” aon diúscairt, iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht, agus ciallaíonn “socraitheoir”, i ndáil le socraíocht, aon duine a rinne an tsocraíocht; agus measfar, chun críocha an ailt seo, socraíocht a bheith déanta ag duine má rinne sé an tsocraíocht nó má ghlac sé páirt inti go díreach nó go neamhdhíreach agus go háirithe (ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo) má sholáthraigh sé nó má gheall sé go soláthródh sé cistí go díreach nó go neamhdhíreach chun críche na socraíochta, nó má rinne sé le duine eile comhshocraíocht chómhalartach le go ndéanfadh an duine eile sin an tsocraíocht nó go nglacfadh sé páirt inti.

(10) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag cuideachta le socraíocht in aon tréimhse chuntasaíochta más dlúthchuideachta í aon tráth sa tréimhse (nó nach dlúthchuideachta í ar an aon-chúis nach gcónaíonn sí sa Stát) agus iontaobhaithe na socraíochta nó tairbhí faoin tsocraíocht a bheith an tráth sin ar áireamh na rannpháirtithe.

An bhrí atá le “rialú”.

158. —Chun críocha agus faoi réir na bhforálacha de na hAchtanna Cánach Corparáide lena bhfeidhmítear an t-alt seo, ciallaíonn “rialú”, i ndáil le cuideachta, cumhacht duine a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó trí chumhacht vótála a bheith aige sa chuideachta sin nó in aon chuideachta eile nó i ndáil leis an gcéanna, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile a rialálann an chuideachta sin nó aon chuideachta eile, gur de réir toil an duine sin a sheoltar gnóthaí na cuideachta chéadluaite agus, i ndáil le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncam, na comhpháirtíochta.

Gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig cuideachtaí neamhchónaitheacha.

159. —Má dhéanann cuideachta ar fhaibhrigh gnóchan caipitiúil chuici aon cháin a íoc is iníoctha ag an gcuideachta de bhua alt 36 (2) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (faoinar féidir cáin a mheasúnú ar scairshealbhóirí i gcuideachta neamhchónaitheach i leith gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta), nó i gcás faoi fho-alt (8) den alt sin más aon chuideachta eile den sórt sin a íocfaidh an cháin, ní mheasfar chun críocha cánach corparáide gur íocaíocht leis an gcuideachta ar aici ab iníoctha an cháin i gcéaduair an méid a íocadh amhlaidh.

Pearsana aonair a chónaíonn thar lear: creidmheas cánach.

160. —Pearsa aonair a mbeidh, ar éileamh a bheith déanta aige chuige sin, teideal aige chun faoisimh faoi Chuid VI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , de bhua alt 153 (2) den Acht sin (faoisimh phearsanta do neamhchónaitheoirí áirithe) in aghaidh aon bhliana measúnachta, beidh sé i dteideal an oiread céanna creidmheasa cánach i leith aon dáileadh a fuair sé an bhliain sin a mbeadh teideal aige chuige dá mba sa Stát a chónaigh sé agus ní bheidh éifeacht le halt 67 (dáiltí chun pearsana aonair neamhchónaitheacha as brabúis ó onnmhairí) ná ag alt 83 (4) (Sceideal F) i ndáil le pearsa aonair den sórt sin.

Ceartú ar fhritháireamh iomarcach etc. creidmheasa cánach.

161. —(1) Má fhaigheann cigire amach, maidir le haon fhritháireamh nó íocaíocht creidmheasa cánach a rinneadh, nár chóir é a dhéanamh, nó go bhfuil sé iomarcach nó éirithe iomarcach, féadfaidh an cigire aon mheasúnachtaí a dhéanamh is dóigh leis is gá chun aon cháin ba chóir a bheith íoctha nó aon íocaíocht creidmheasa cánach nár chóir a dhéanamh a ghnóthú agus chun a áirithiú i gcoitinne gurb iad dliteanais chánach na ndaoine iomchuí dá thoradh sin a ndliteanais chánach ach cibé fritháireamh nó íocaíochtaí ba chóir a bheith déanta.

(2) Bainfidh Cuid XIV (Riarachán) le haon mheasúnacht faoin alt seo chun íocaíocht creidmheasa cánach a ghnóthú ionann is dá mba mheasúnacht cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta í, nó, i gcás cuideachta, dá mba mheasúnacht cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta í, ar éilíodh an íocaíocht ina leith agus ionann is dá mba chaillteanas cánach ar an Státchiste an íocaíocht sin; agus beidh aon suim a mhuirearófar le haon mheasúnacht den sórt sin dlite, faoi réir aon achomhairc in aghaidh na measúnachta, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an fógra measúnachta a eisiúint.

Formhuirear ar ioncam neamhdháilte de chuid cuideachtaí seirbhíse.

162. —(1) Faoi réir fho-alt (2), san alt seo ciallaíonn “cuideachta sheirbhíse”—

(a) dlúthchuideachta arb é a gnó nó ar cuid dá gnó bheith ag seoladh gairme nó bheith ag soláthar seirbhísí gairmiúla,

(b) dlúthchuideachta a shealbhaíonn nó a fheidhmíonn oifig nó fostaíocht, nó

(c) dlúthchuideachta arb é a gnó nó ar cuid dá gnó bheith ag soláthar seirbhísí nó saoráidí de chineál ar bith dóibh seo a leanas nó ar mhaithe leo—

(i) cuideachta laistigh de cheachtar de na hearnálacha dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b),

(ii) pearsa aonair a sheolann gairm,

(iii) comhpháirtíocht a sheolann gairm,

(iv) duine a shealbhaíonn nó a fheidhmíonn oifig nó fostaíocht, nó

(v) duine nó comhpháirtíocht ag a bhfuil baint le haon duine nó comhpháirtíocht dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (iv):

Ar choinníoll nach dtabharfar aird chun críche na míre seo ar sholáthar seirbhísí nó saoráidí ag dlúthchuideachta do dhuine nó do chomhpháirtíocht, nó ar mhaithe le duine nó le comhpháirtíocht, nach bhfuil baint aige nó aici leis an gcuideachta.

(2) I gcás nach—

(a) ó ghairm a sheoladh,

(b) ó sheirbhísí gairmiúla a sholáthar,

(c) ó oifig nó fostaíocht a shealbhú nó a fheidhmiú,

(d) ó sheirbhísí nó saoráidí a sholáthar (seachas seirbhísí nó saoráidí dá dtagraítear sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) (c)) d'aon duine nó d'aon chomhpháirtíocht, nó ar mhaithe le haon duine nó le haon chomhpháirtíocht, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (c) (i) go (v), ná

(e) ó aon dá cheann nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna (a) go (d),

a dhíorthaigh an phríomh-chuid d'ioncam cuideachta is inchurtha faoi cháin chorparáide faoi Chásanna I agus II de Sceideal D agus faoi Sceideal E, measfar nach cuideachta sheirbhíse an chuideachta.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar baint a bheith ag comhpháirtíocht le cuideachta nó le pearsa aonair (agus measfar baint a bheith ag cuideachta nó ag pearsa aonair le comhpháirtíocht) má tá baint ag aon duine de na comhpháirtithe sa chomhpháirtíocht leis an gcuideachta nó leis an bpearsa aonair,

(b) measfar baint a bheith ag comhpháirtíocht le comhpháirtíocht eile má tá baint ag duine de na comhpháirtithe sa chomhpháirtíocht le haon duine de na comhpháirtithe sa chomhpháirtíocht eile.

(4) I gcás ar mó, do thréimhse chuntasaíochta cuideachta seirbhíse, comhiomlán—

(a) ceithre chúigiú den ioncam indáilte, agus

(b) an cúigiú cuid de chomhiomlán an ioncaim infheistíochta indáilte agus an ioncaim eastáit indáilte

ná dáiltí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, muirearófar ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dleacht bhreise cánach corparáide (dá ngairtear formhuirear san alt seo) is ionann agus 20 faoin gcéad den bhreis:

Ar choinníoll—

(i) nach gcuirfear formhuirear ar an gcuideachta más cóimhéid an bhreis agus an méid is lú díobh seo a leanas nó más lú ná an méid sin é—

(I) £500, nó más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, £500 arna laghdú go comhréireach, agus

(II) i gcás cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó a bheith ag an gcuideachta, £500 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin, nó, más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, £500 arna laghdú go comhréireach agus arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin;

(ii) i gcás ar mó an bhreis ná an méid is lú nach gcuirfí formhuirear air de bhua mhír (i), nach mbeidh méid an fhormhuirir níos mó ná suim ar cóimhéid le ceithre chúigiú den méid ar mó an bhreis ná an méid sin is lú.

(5) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 101 (1) i ndáil le cuideachta sheirbhíse ach beidh feidhm ag forálacha alt 101 (2) (3) (4) (5) (6) i ndáil le formhuirear faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le formhuirear faoin alt sin 101 ach tagairt d'fho-alt (4) den alt seo a chur in alt 101 (2) in ionad na tagartha d'fho-alt (1) den alt sin.

(6) (a) Beidh feidhm ag forálacha alt 100 (1) (2) (6) (7) (an bhrí atá le hioncam indáilte, etc.) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 100 nó an ailt sin 101 de réir mar a bheidh.

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) is é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a hioncam arna ríomh don tréimhse sin mar a shainítear in alt 100 (3);

(ii) tá le hioncam indáilte, le hioncam infheistíochta indáilte agus le hioncam eastáit indáilte de chuid cuideachta do thréimhse chuntasaíochta na bríonna a shanntar dóibh le halt 100 (4) (5) ach tagairt do chuideachta sheirbhíse a chur in ionad na tagartha do chuideachta thrádála gach áit a bhfuil sin in alt 100 (5).

(7) Beidh feidhm ag forálacha alt 157 chun críocha an ailt seo.

Faoiseamh do chuideachtaí áirithe a dhlíonn cáin choigríche a íoc.

163. —(1) San alt seo—

folaíonn “tréimhse chuntasaíochta” cuid de thréimhse chuntasaíochta;

ciallaíonn “cáin sheachtrach” cáin is inmhuirearaithe agus is iníoctha faoi dhlí na críche ina gcónaíonn cuideachta an íoca, is críoch lena mbaineann an t-alt seo, agus atá ar comhréir le cáin chorparáide nó le cáin ioncaim na hÉireann nó leis an dá cháin sin:

Ar choinníoll go measfar nach bhfuil cáin is iníoctha faoi dhlí proibhinse, stáit nó coda eile de thír, nó cáin arna tobhach ag bardas nó ag údarás áitiúil eile nó thar a gceann ar comhréir, chun críocha an fho-ailt seo, leis na cánacha sin.

(2) Baineann an t-alt seo le gach críoch seachas—

(a) Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór,

(b) Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus

(c) críoch a bhfuil comhshocraíochtaí i bhfeidhm de thuras na huaire lena Rialtas de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (comhaontuithe i leith faoisimh ó chánachas dúbailte ar ioncam).

(3) I gcás a ndearna cuideachta (dá ngairtear cuideachta na hinfheistíochta san alt seo) cáin a íoc trí asbhaint nó ar shlí eile, nó i gcás a ndlíonn sí cáin a íoc, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta, faoi threoir aon chuid dá hioncam a d'eascair i gcríoch lena mbaineann an t-alt seo agus go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gurb éard í an chuid sin d'ioncam chuideachta na hinfheistíochta díbhinn, nó ús, a d'íoc cuideachta léi is cuideachta a chónaíonn sa chríoch (dá ngairtear cuideachta an íoca san alt seo) agus a bhfuil cuid nach lú ná leath den chumhacht vótála inti faoina rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag cuideachta na hinfheistíochta,

(b) gur eascair an díbhinn sin, nó an t-ús sin, as cuideachta na hinfheistíochta d'infheistiú suim nó suimeanna, ar mhodh iasachta nó ar shlí eile, i gcuideachta an íoca, is suim nó suimeanna is ionannas—

(i) do bhrabúis a ndearnadh an cháin Éireannach is inchurtha ina leith a laghdú go dtí nialas faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú), nó faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 (Brabúis ó Onnmhairí), nó faoi Chuid IV den Acht seo (Brabúis ó Onnmhairí), nó

(ii) do cibé cion brabús a ndearnadh an cháin Éireannach is inchurtha ina leith a laghdú ar shlí seachas go nialas faoi na forálacha sin agus is comhionann leis an gcion de laghdú a rinneadh amhlaidh ar an gcáin Éireannach sin, nó

(iii) do bhrabúis as oibríochtaí trádála díolmhaithe nár cuireadh, de bhua Chaibidil I de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna), nó Chodanna I agus II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 (Trádáil in Aerfort na Sionna), nó Chuid V den Acht seo (Trádáil in Aerfort na Sionna), i gcuntas i ndáil leis an gcuideachta a sheolann na hoibríochtaí sin chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim nó chun aon cheann de chríocha Chuid V den Finance Act, 1920 (Corporation Profits Tax), agus na n-achtachán do leasú nó do leathnú na Coda sin, nó chun aon cheann de chríocha an Achta seo, agus

(c) gur íoc cuideachta na hinfheistíochta cáin sheachtrach sa chríoch sin i leith na coda sin dá hioncam,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh is cóir a thabhairt do cuideachta na hinfheistíochta i leith na tréimhse cuntasaíochta sin d'fhonn faoiseamh a thabhairt i leith an chánachais dhúbailte ar an gcuid sin d'ioncam chuideachta na hinfheistíochta, ach nach mó ná cibé acu seo a leanas is lú, is é sin le rá, leath iomlán na cánach corparáide a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, le híoc ag cuideachta na hinfheistíochta i leith na coda sin dá hioncam nó méid na cánach seachtraí a íocadh nó is iníoctha sa chríoch sin i leith na coda sin dá hioncam tar éis aon fhaoiseamh a asbhaint a bhfuil an chuideachta ina theideal sa chríoch sin.

(4) (a) Cuirfear an cháin sheachtrach a d'íoc cuideachta an íoca i leith a brabús i gcuntas nuair a bheifer á mheas ar chóir aon fhaoiseamh a lamháil, agus, más cóir, cad é an faoiseamh is cóir a lamháil i leith díbhinn a d'íoc cuideachta an íoca le cuideachta na hinfheistíochta, agus chun críocha an ailt seo, ar leith ón bhfo-alt seo, measfar gur cáin sheachtrach a d'íoc cuideachta na hinfheistíochta an cháin sin, nó an chuid iomchuí di.

(b) Beidh feidhm ag forálacha mhír 9 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 (faoiseamh i leith cánach coigríche), chun a fhionnadh cad é an méid den cháin sheachtrach a d'íoc cuideachta an íoca a bheidh le cur i gcuntas i ndáil le haon díbhinn a d'íoc cuideachta an íoca le cuideachta na hinfheistíochta mar atá feidhm acu maidir le ríomh cánach coigríche a bheidh le cur i gcuntas chun críche na míre sin 9.

(5) (a) Ní údaróidh aon ní san alt seo an oiread faoisimh a thabhairt faoin alt seo d'aon chuideachta i leith aon tréimhse cuntasaíochta is a dhéanfadh an méid iomlán (arna ríomh tar éis aon fhaoiseamh a asbhaint a mbeadh teideal ag an gcuideachta chuige sa chríoch sin) cánach corparáide agus cánach seachtraí is iníoctha ag an gcuideachta sin i leith aon chuid dá hioncam den chineál a thuairiscítear i bhfo-alt (3) (a) agus a d'eascair i gcríoch lena mbaineann an t-alt seo a laghdú síos faoi bhun méid na cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta i leith na coda sin dá hioncam dá mba sa Stát a d'eascair an chuid sin dá hioncam agus go mbeadh cáin chorparáide dlite ina leith i lámha chuideachta na hinfheistíochta.

(b) Le linn an méid cánach corparáide ab iníoctha amhlaidh ag an gcuideachta i leith na coda sin dá hioncam dá mba sa Stát a d'eascair an chuid sin a bheith á ríomh chun críocha mhír (a)—

(i) ní dhéanfar aon asbhaint i leith cánach coigríche as an gcuid sin dá hioncam, agus

(ii) i gcás a ndéileálfar de bhun fho-alt (4) le cáin sheachtrach a d'íoc cuideachta an íoca mar cháin sheachtrach a d'íoc cuideachta na infheistíochta, measfar an chuid sin d'ioncam chuideachta na hinfheistíochta a bheith arna méadú méid na cánach seachtraí a ndéileálfar leis amhlaidh.

(6) Tabharfar faoiseamh faoin alt seo mar chreidmheas in aghaidh cáin chorparáide is inmhuirearaithe faoi threoir na coda d'ioncam chuideachta na hinfheistíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (a).

(7) (a) Déanfar aon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo i scríbhinn chun an chigire tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann sé.

(b) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist a éireoidh faoin alt seo sa dóigh chéanna ina ndéanfaí achomharc in aghaidh measúnacht cánach corparáide, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.

Aisghairm maidir le cáin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide.

164. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Tríú Sceideal a aisghairm an méid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, faoi réir forálacha an Achta seo agus, go háirithe, faoi réir na forála atá déanta i ndeireadh gach Coda den Sceideal sin.

Ní bhainfidh alt 38 den Acht Airgid, 1924 , le cáin chorparáide.

165. —Ní bheidh éifeacht le halt 38 den Acht Airgid, 1924 (airgead a bheidh dlite a bhaint amach), i ndáil le cáin chorparáide.

Leasuithe agus achomhairc a bhaineann le faoiseamh ó chánachas dúbailte.

166. —(1) Déanfar gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a leasú mar a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin agus beidh éifeacht leis, arna leasú amhlaidh, i ndáil le cáin chorparáide.

(2) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a leasú an méid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(3) Tá na leasuithe agus na hachomhairc i ngach Cuid den Cheathrú Sceideal faoi réir forálacha an Achta seo agus, go háirithe, faoi réir na forála atá déanta i ndeireadh na Coda sin.

Creidmheasaí cánach iníoctha a ríomh i gcás a lam áiltear faoiseamh ó chánachas dúbailte.

167. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an chuideachta” cuideachta a dhéanann dáileadh;

ciallaíonn “dáileadh” dáileadh a bhfuil an faighteoir i dteideal creidmheasa cánach ina leith faoi alt 88;

tá le “ioncam indáilte” an bhrí a thugtar dó le halt 64 (4) (dáiltí: faoiseamh i leith díolacháin onnmhairí);

ciallaíonn “faoiseamh ó chánachas dúbailte” aon chreidmheas i leith aon cháin is iníoctha in aon chríoch lasmuigh den Stát agus is inlamhála in aghaidh cáin chorparáide na hÉireann de bhua aon chomhaontú idirnáisiúnta ag a bhfuil feidhm dlí, lena n-áirítear aon chreidmheas den sórt sin a bheidh, faoi alt 363 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (déileáil le díbhinní maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte i gcásanna áirithe), nó faoin alt seo, curtha i gcuntas i ndáil le haon dáileadh ab infhaighte ag an gcuideachta;

ciallaíonn “cáin choigríche” cáin is iníoctha in aon chríoch lasmuigh den Stát agus ar inlamhála faoiseamh ó chánachas dúbailte ina leith;

ciallaíonn “ioncam coigríche” ioncam ar iníoctha cáin choigríche ina leith;

ciallaíonn “an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe” an tsuim a bheidh ríofa faoi fho-alt (3).

(2) (a) Chun críocha fho-alt (3), is é méid na cánach iomchuí i leith aon ioncaim méid arna chinneadh de réir na foirmle

(A - B) ×

 100

______

100 - C

i gcás—

arb é A an méid cánach corparáide is inmhuirearaithe i leith an ioncaim,

arb é B cóimhéid na cánach ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh ar mhéid an ioncaim, agus arb é an ráta caighdeánach sin an ráta don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

arb é C an ráta caighdéanach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

(b) Chun críocha mhír (a), ciallaíonn an tréimhse chuntasaíochta iomchuí an tréimhse chuntasaíochta ar inmhuirearaithe cáin chorparáide ina haghaidh i leith an ioncaim.

(c) D'ainneoin mhír (a) glacfar gur nialas an méid cánach iomchuí i leith aon mhéid d'ioncam infheistíochta frainceáilte a meastar de bhua fho-alt (4) gur ioncam coigríche é.

(3) I gcás a ndéanfar dáileadh (is é sin, dáileadh a dhéantar, nó a meastar de bhua fho-alt (6) a bheith déanta, do thréimhse chuntasaíochta) go hiomlán nó go páirteach as ioncam coigríche, agus gur mó an cháin choigríche a bheidh íoctha i leith an ioncaim ná méid na cánach iomchuí i leith an ioncaim sin, déanfar aon íocaíocht creidmheasa cánach i leith an dáilte ionann is dá mba éard é an creidmheas cánach sin suim arna ríomh trí shuim a bhaint as méid an chreidmheasa cánach a mbeadh, ar leith ón alt seo, feidhm aige i leith an dáilte—

(a) i gcás ar cóimhéid an dáileadh agus iomlán an ioncaim indáilte—is suim ar cóimhéid le breis na cánach coigríche ar an gcáin iomchuí i leith an ioncaim choigríche, agus

(b) i gcás ar lú an dáileadh ná iomlán an ioncaim indáilte—is suim a mbeidh idir í agus an asbhaint a dhéanfaí dá mba chóimhéid an dáileadh agus iomlán an ioncaim indáilte an coibhneas céanna a bheidh idir an dáileadh agus iomlán an ioncaim indáilte.

(4) I gcás a mbeidh dáileadh faighte ag an gcuideachta agus go ndéanfaí méid aon íocaíochta creidmheasa cánach leis an gcuideachta i leith an dáilte sin a chinneadh de réir an ailt sin dá mbeadh éileamh cuí déanta chuige sin, ansin, chun críocha fho-alt (3)—

(a) measfar gur ioncam coigríche de chuid na tréimhse cuntasaíochta a fuarthas an dáileadh an méid ioncaim infheistíochta fhrainceáilte arb ionannas dó an dáileadh, agus

(b) measfar gur cáin choigríche an d'íoc an chuideachta i leith an ioncaim sin an méid a bheidh de bhreis ag an gcreidmheas cánach i leith an dáilte ar an gcreidmheas cánach a bheadh, dá ndéanfaí éileamh cuí chuige sin, iníoctha leis an gcuideachta.

(5) (a) I gcás ar íoc an chuideachta nó a measfar, faoi fho-alt (4), chun críocha fho-alt (3), gur íoc sí, cáin choigríche do thréimhse chuntasaíochta i leith ioncaim ó níos mó ná bunadh amháin, déanfar an asbhaint dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a ríomh ar leithligh i leith ioncaim ó gach bunadh agus déanfar na méideanna leithleacha arna ríomh amhlaidh a chomhshuimiú chun méid iomlán na hasbhainte ba chóir a dhéanamh a ríomh:

(b) Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) measfar gur ioncam ó bhunadh ar leithligh an méid ioncaim infheistíochta fhrainceáilte arb ionannas dó gach dáileadh a fuair an chuideachta, agus

(ii) i gcás cáin choigríche a bheith íoctha ag cuideachta i leith ioncam (nach ioncam infheistíochta frainceáilte a meastar faoi fho-alt (4) gur ioncam coigríche é) a d'eascair in dhá chríoch nó níos mó lasmuigh den Stát, measfar gur ioncam ó bhunadh ar leithligh an t-ioncam a d'eascair i ngach críoch díobh sin.

(6) Beidh feidhm chun críocha an ailt seo ag forálacha fho-ailt (3), (5) agus (6) d'alt 64 (dáiltí: creidmheas cánach agus faoiseamh i leith díolacháin onnmhairí) mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

(7) I gcás a bhfuil ar áireamh an ioncaim as ar tugadh dáileadh, nó a meastar de bhua fho-alt (6) dáileadh a bheith tugtha as, ioncam a ndearnadh an cháin ioncaim air a laghdú trí fhaoiseamh ó chánachas dúbailte a lamháil nó díbhinní lenar bhain forálacha alt 363 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh an creidmheas cánach i leith an dáilte sin faoi réir cibé coigeartú is cuí chun críocha a íoca.

(8) Chun críocha an ailt seo déanfar gach cionroinnt den sórt sin is gá.

(9) I gcás a mbeidh an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe le ríomh i ndáil le dáileadh, beidh, i dteannta na sonraí a cheanglaítear ar leith ón alt seo a thabhairt, ar na sonraí a thabharfaidh an chuideachta sa ráiteas a cheanglaítear le halt 5 (barántais díbhinne), sonraí ar an gcreidmheas cánach Éireannach laghdaithe.

(10) I gcás dáileadh a bheith déanta roimh ordú lena mbaineann alt 361 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith déanta ag an Rialtas, agus go mbeadh aon fhaoiseamh ó chánachas dúbailte le cur i gcuntas i ndáil leis an dáileadh sin dá mbeadh feidhm ag an alt seo ina leith, cuirfear an faoiseamh sin i gcuntas a mhéid is féidir le linn an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe a bheith á chinneadh i ndáil leis an gcéad dáileadh ón gcuideachta tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus aon chuid den fhaoiseamh nach féidir a chur i gcuntas amhlaidh cuirfear, a mhéid is féidir, i gcuntas í i ndáil leis an gcéad dáileadh comhleanúnach eile, agus mar sin de.

(11) I gcás—

(a) ar as ioncam arb ionannas dó dáileadh a íocadh íocaíocht bhliantúil go léir nó cuid di, agus

(b) gur as ioncam coigríche a rinneadh an dáileadh sin ar fad nó cuid de,

is é an creidmheas cánach í ndáil leis an dáileadh sin, d'ainneoin forálacha alt 88, cóimhéid an méid ab iníoctha, de bhua fho-alt (3) den alt seo, i ndáil leis an gcreidmheas cánach sin:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don méid ioncaim a ndéileáiltear le dáileadh mar ionannas dó chun críocha Sceideal F.

Forálacha forlíontacha maidir le creidmheas cánach Éireannach laghdaithe a chinneadh d'alt 167.

168. —(1) San alt seo tá le “an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe”, “faoiseamh ó chánachas dúbailte”, “an chuideachta”, “ioncam indáilte” agus “dáileadh” na bríonna céanna atá leo in alt 167.

(2) I gcás aon ábhar a bhainfidh le faoiseamh ó chánachas dúbailte a ríomh a bheith gan chinneadh go hiomlán an tráth a bheidh an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe le cinneadh i ndáil le haon dáileadh, déanfar an faoiseamh ó chánachas dúbailte a mheas de réir na faisnéise is fearr a bheidh ar fáil an tráth sin, agus, má fhaightear amach dá éis sin go raibh an faoiseamh a measadh amhlaidh iomarcach nó easnamhach, déanfar an coigeartú iomchuí le linn an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe a chinneadh is infheidhmithe ar an gcéad dáileadh dá éis sin ar féidir an coigeartú a dhéanamh lena linn agus déanfar é tríd an bhfaoiseamh ó chánachas dúbailte, arna ríomh chun críocha an chéad dáileadh dá éis sin a dúradh, a laghdú, nó, de réir mar a bheidh, a mhéadú, méid na breise nó an easnaimh.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar maidir le dáileadh nach bhfuil sé sainráite é a bheith déanta i leith aon tréimhse sonraithe é a bheith déanta i leith na tréimhse cuntais is deireanaí de chuid na cuideachta a chríochnaigh sula ndearnadh an dáileadh.

(4) I gcás a ndearna cuideachta, nó a meastar faoi fho-alt (3) go ndearna cuideachta, dáileadh i leith tréimhse cuntasaíochta, measfar chun críocha an ailt seo agus alt 167 go ndearnadh an dáileadh as ioncam indáilte na tréimhse sin go feadh méid an ioncaim sin agus i ndáil leis an mbreis a bhí ag na dáiltí sin thar an ioncam sin, as an ioncam is deireanaí a carnaíodh.

(5) Beidh éifeacht leis an alt seo agus le halt 167 ionann is dá bhfolódh tagairtí sna hailt sin d'fhaoiseamh ó chánachas dúbailte tagairtí d'fhaoiseamh a tugadh faoi alt 163.

Teorainneacha le hasbhaintí i leith úis.

169. —I gcás a mbeadh, ar leith ón alt seo, teideal ag cuideachta chun asbhaintí—

(a) maidir le hús faoi fhorálacha mhír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 (forálacha chun éifeacht a thabhairt do chomhaontuithe chun cánachas dúbailte a sheachaint i gcás na Ríochta Aontaithe), agus

(b) maidir le muirir ar ioncam is íocaíochtaí úis lena mbaineann forálacha alt 10 (6),

ní bheidh méid comhiomlán na n-asbhaintí a fhéadfar a dhéanamh faoi na forálacha sin níos mó ná an méid a shonraítear in alt 10 (6).

Ríchíosanna paitinne: forálacha mar fhorlíonadh ar alt 34 den Acht Airgeadais, 1973 .

170. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam neamháirithe”—

(a) ioncam nach ndearnadh, de bhua alt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1973 (ioncam ó ríchíosanna paitinne), é a áireamh chun críocha cánach ioncaim, agus

(b) ioncam nach ndearnadh, de bhua alt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1973 , agus alt 11 (6), é a áireamh chun críocha cánach corparáide;

folaíonn “brabúis eile” díbhinn nó dáileadh eile de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát ach ní fholaíonn sé dáileadh lena mbaineann fo-alt (3) (a) (ii).

(2) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta go páirteach as ioncam neamháirithe agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as ioncam neamháirithe agus as brabúis eile.

(3) (a) An méid sin d'aon dáileadh a rinneadh as ioncam neamháirithe—

(i) ní mheasfar gur ioncam é chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim; agus

(ii) measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás ar cuideachta faighteoir an dáilte sin, gur ioncam neamháirithe é.

(b) Ní bheidh faighteoir aon dáilte, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, a dhéanfar as ioncam neamháirithe i dteideal creidmheasa cánach maidir leis an dáileadh sin.

(4) (a) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus gur as ioncam neamháirithe a dhéanfar an dáileadh, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an gcreidmheas cánach a mbeadh feidhm aige maidir leis an dáileadh dá mba nach n-achtófaí fo-alt (3) (b).

(b) Bainfidh fo-alt (3) le dáileadh forlíontach faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba dháileadh a rinneadh go hiomlán as ioncam neamháirithe an dáileadh forlíontach sin.

(5) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, a dhéanfaidh cuideachta as ioncam neamháirithe, bainfidh ailt 5 agus 83 (5) (Sceideal F) leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh na ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, maidir le gach dáileadh den sórt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as ioncam neamháirithe an dáileadh.

(6) I ndáil le haon dáileadh forlíontach faoi fho-alt (4), bainfidh alt 5 leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

(7) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta, déileálfar leis an dáileadh chun críocha an ailt seo mar dháileadh a rinneadh as ioncam indáilte (mar a shainítear in alt 64 (4)) na tréimhse sin go feadh méid an ioncaim sin agus, i ndáil leis an mbreis a bhí ag na dáiltí ar an ioncam sin, as an ioncam is deireanaí a carnaíodh.

(8) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (5) agus (6) d'alt 64 chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

Forléiriú ar thagairtí do cháin ioncaim arna híoc trí asbhaint agus do aisíoc.

171. —Sna hAchtanna Cánach déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

(a) tagairtí do cháin ioncaim arna híoc ag duine trí asbhaint a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chreidmheas cánach a bhfuil teideal aige chuige, agus

(b) tagairtí do cháin ioncaim a aisíoc a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chreidmheas cánach a íoc.

Leanúnachas roghanna.

172. —(1) I gcás a ndearna cuideachta, roimh an mbliain 1976-77, chun críocha cánach ioncaim, aon rogha nó aon bheart eile de chineál—

(a) a mbeadh éifeacht leanúnach leis maidir le cáin ioncaim don bhliain sin;

(b) a fhéadfar a dhéanamh freisin maidir le cáin chorparáide;

ansin, beidh an rogha nó an beart sin bailí agus éifeachtúil maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba i leith na cánach sin a rinneadh go cuí é, agus beidh éifeacht leis ó thosach na chéad tréimhse cuntasaíochta á mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith i ndáil leis an ábhar áirithe.

(2) Dá réir sin, i gcás a gceanglaítear aon rogha nó beart den sórt sin a dhéanamh tráth áirithe, má cheanglaítear in aon chor é, ní ghlacfar, mura léir a mhalairt d'intinn, go ndéanann aon fhoráil de chuid an Achta seo a leasaíonn an t-achtachán faoina ndearnadh é d'fhonn tráth eile a shonrú i ndáil le cáin chorparáide (trí thagairt don chéad tréimhse chuntasaíochta a chur in ionad tagairt don chéad bhliain mheasúnachta inar tharla aon ní, nó ar dhóigh eile) aon rogha nó beart a rinneadh go cuí a chur ó bhailíocht, ná, i gcás an t-am a bheith caite chun é a dhéanamh, chun an t-am a shíneadh i ndáil le cáin chorparáide; ach ní chealóidh aon ní san alt seo aon cheart chun cúlghairm nó athrú a dhéanamh.