|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976) | Ar Aghaidh (CUID II Cáin Chorparáide) |
AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Córas Ginearálta Cánachais | |
[EN] |
Cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí mar mhalairt ar cháin ioncaim, cáin bhrabús corparáide agus cáin ghnóchan caipitiúil. |
1. —(1) Don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá héis muireorófar cáin, ar a dtabharfar cáin chorparáide, ar bhrabúis chuideachtaí, de réir ráta 50 faoin gcéad. |
[EN] | (2) Do na blianta measúnachta tar éis na bliana 1975-76 ní bheidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ioncaim a mhuirearú maidir le hioncam cuideachta (nach n-eascraíonn chuici i gcáil mhuiníneach ná i gcáil ionadaitheach)— | |
[EN] | (a) má chónaíonn an chuideachta sa Stát; nó | |
[EN] | (b) más ioncam é atá, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, ar áireamh bhrábúis inmhuirearaithe na cuideachta mar a mhínítear sin chun críocha cánach corparáide. | |
[EN] | (3) Ní bheidh cuideachta inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil maidir le gnóchain a d'fhaibhrigh chuici ionas go mbeidh sí inchurtha faoi cháin chorparáide ina leith. | |
[EN] | (4) Ní bheidh cáin bhrabús corparáide inmhuirearaithe in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta nó codanna de thréimhsí cuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976. | |
[EN] | (5) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |
[EN] | (a) ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe ach ní fholaíonn sé— | |
[EN] | (i) bord sláinte, | |
[EN] | (ii) coiste gairmoideachais arna bhunú faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , | |
[EN] | (iii) coiste talmhaíochta arna bhunú faoin Acht Talmhaíochta, 1931 , ná | |
[EN] | (iv) údarás áitiúil, agus chun na críche sin tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , agus folaíonn sé comhlacht arna bhunú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 ; | |
[EN] | (b) ciallaíonn “an bhliain airgeadais 1974” an tréimhse naoi mí dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1974; | |
[EN] | (c) ciallaíonn “brabúis” ioncam agus gnóchain inmhuirearaithe, agus tá le “gnóchain inmhuirearaithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ach ní fholaíonn sé gnóchain a d'fhaibhrigh as diúscairtí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976; | |
[EN] | (d) folaíonn “trádáil” gairm beatha agus folaíonn sé oifig nó fostaíocht freisin; | |
[EN] | (e) tá le cibé focail agus abairtí eile a shonraítear in alt 155 (léiriú) na bríonna a thugtar dóibh leis an alt sin nó a luaitear ann. | |
[EN] |
Ní hinmhuirearaithe cáin chorparáide ar dháiltí cuideachta a chónaíonn in Éirinn. |
2. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, ní bheidh cáin chorparáide inmhuirearaithe ar dhíbhinní ná ar dháiltí eile de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát, ná ní chuirfear aon díbhinní ná dáiltí den sórt sin i gcuntas le linn ioncam a bheith á ríomh le haghaidh cánach corparáide. |
[EN] |
Cáin ioncaim ar íocaíochtaí a d'íoc nó a fuair cuideachta a chónaíonn sa Stát. |
3. —(1) Aon íocaíocht arna déanamh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, ag cuideachta a chónaíonn sa Stát, ní dhéanfar, de bhua an ailt seo ná eile, í a áireamh chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar íocaíocht as brabúis nó gnóchain ar ar muirearaíodh cáin ioncaim; ná ní difear do cheart nó d'oibleagáid faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim cáin ioncaim a bhaint as aon íocaíocht gur cuideachta nach inchurtha cáin ioncaim uirthi i leith na híocaíochta an faighteoir. |
[EN] | (2) Faoi réir forálacha an Achta seo, má tharlaíonn, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, go bhfaighidh cuideachta a chónaíonn sa Stát aon íocaíocht ar a mbeidh cáin ioncaim le híoc aici trí asbhaint, déanfar an cháin ioncaim ina leith a fhritháireamh in aghaidh aon cháin chorparáide is inmheasúnaithe ar an gcuideachta trí mheasúnacht arna déanamh don tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh an íocaíocht sin le cur i gcuntas le haghaidh cánach corparáide (nó ina mbeadh sí le cur i gcuntas murach aon díolúine ó cháin chorparáide); agus dá réir sin, maidir leis an íocaíocht sin, ní bheidh an chuideachta i dteideal, mura mbeidh sí díolmhaithe go hiomlán ó cháin chorparáide, go n-aisíocfaí cáin ioncaim léi sula ndéanfar an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin a chinneadh go críochnaitheach agus gur dealraitheach go bhfuil aisíoc dlite. | |
[EN] | (3) Na tagairtí san alt seo d'íocaíochtaí a fuair cuideachta bainfidh siad le haon íocaíochtaí a fuair duine eile thar ceann na cuideachta nó ar iontaobhas di, ach ní bhainfidh siad le haon íocaíochtaí a fuair an chuideachta thar ceann duine eile nó ar iontaobhas dó. | |
[EN] |
Eilimh go n-aisíocfaí cáin ioncaim a baineadh as fáltais. |
4. —Tabharfar éifeacht— |
[EN] | (a) d'alt 1 (2), agus don alt sin arna mhodhnú le hailt 3 (2) agus 8 (3), agus | |
[EN] | (b) a mhéid a éilíonn na díolúintí ó cháin ioncaim a thugtar leis na hAchtanna Cánach Corparáide aisíoc cánach, do na díolúintí sin, | |
[EN] | trí éileamh. | |
[EN] |
Míniú ar chreidmheas cánach le cur i gceangal le barántais úis agus díbhinne. |
5. —(1) Gach barántas nó seic nó ordú eile arna tharraingt nó arna dhéanamh, nó a airbheartaíonn a bheith arna tharraingt nó arna dhéanamh, mar íocaíocht ag aon chuideachta ar aon díbhinn, nó ar aon ús is dáileadh, beidh ráiteas i scríbhinn i gceangal nó ag gabháil leis a inseoidh— |
[EN] | (a) méid na díbhinne (agus díbhinn nó aon chuid di a íoctar as brabúis chaipitiúla na cuideachta a shonrú) nó an úis a íoctar, | |
[EN] | (b) (cibé acu is duine atá i dteideal creidmheasa cánach ina leith nó nach ea an faighteoir) méid an chreidmheasa cánach a bhfuil faighteoir, ar duine den sórt sin é, i dteideal ina leith, agus | |
[EN] | (c) an tréimhse ar ina haghaidh a íoctar an díbhinn nó an t-ús. | |
[EN] | (2) Má fhágann cuideachta aon cheann d'fhorálacha an ailt seo gan chomhlíonadh tabhóidh an chuideachta pionós £10 i leith gach ciona ach ní mó ná £100 méid comhiomlán na bpionós a fhorchuirfear faoin alt seo ar aon chuideachta i leith cionta a bhaineann le haon dáileadh áirithe díbhinní nó úis. |