An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (CUID IV Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID III

Aicmí Speisialta Cuideachtaí

Dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú.

28. —(1) I gcás nach mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, brabúis cuideachta a chónaíonn sa Stát ná an t-uasmhéid iomchuí íochtarach, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar a hioncam don tréimhse sin a ríomh ionann is dá mba 40 faoin gcéad (in ionad an ráta a shocraítear do chuideachtaí i gcoitinne) an ráta cánach corparáide don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá éis sin.

(2) I gcás ar mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, brabúis aon chuideachta den sórt sin ná an t-uasmhéid iomchuí íochtarach ach nach mó iad ná an t-uasmhéid iomchuí uachtarach, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar a hioncam don tréimhse sin a laghdú suim is ionann agus 10 faoin gcéad den méid seo a leanas—

 

(M - P)

×

I

_

P

 

i gcás arb é M an t-uasmhéid iomchuí uachtarach, P méid na mbrabús agus I méid an ioncaim.

(3) Déanfar na huasmhéideanna iomchuí, íochtarach agus uachtarach, a luaitear sna fo-ailt sin roimhe seo a chinneadh mar a leanas—

(a) i gcás an chuideachta a bheith gan aon chuideachta chomhlachaithe sa tréimhse chuntasaíochta, is iad na méideanna sin £5,000 agus £10,000 faoi seach;

(b) i gcás cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó a bheith sa tréimhse chuntasaíochta ag an gcuideachta, is é an t-uasmhéid iomchuí íochtarach £5,000 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin agus is é an t-uasmhéid iomchuí uachtarach £10,000 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin.

(4) Le linn fo-alt (3) a bheith a fheidhmiú maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, déanfar neamhshuim de chuideachta chomhlachaithe nár sheol aon trádáil ná gnó aon tráth sa tréimhse chuntasaíochta sin (nó, murar chuideachta chomhlachaithe í ach ar feadh cuid den tréimhse chuntasaíochta sin, aon tráth sa chuid sin den tréimhse chuntasaíochta sin) agus chun críocha an ailt seo déileálfar le cuideachta mar chuideachta chomhlachaithe de chuid cuideachta eile tráth áirithe má bhí, an tráth sin, ceann acu faoi rialú an chinn eile nó an dá cheann acu faoi rialú an duine chéanna nó na ndaoine céanna.

San fho-alt seo forléireofar “rialú” de réir alt 102 (míniú ar “cuideachta chomhlachaithe” agus “rialú”).

(5) Le linn a bheith á chinneadh cé mhéad cuideachtaí comhlachaithe a bhí ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta nó an raibh aon chuideachta chomhlachaithe ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta, déanfar cuideachta chomhlachaithe a chomhaireamh fiú murar chuideachta chomhlachaithe í ach ar feadh cuid den tréimhse cuntasaíochta, agus déanfar dhá chuideachta chomhlachaithe nó níos mó a chomhaireamh fiú má ba chuideachtaí comhlachaithe iad ar feadh codanna éagsúla den tréimhse chuntasaíochta.

(6) I ndáil le tréimhse chuntasaíochta ba ghiorra ná dhá mhí dhéag, déanfar na huasmhéideanna iomchuí, arna gcinneadh de réir fho-alt (3), a laghdú go comhréireach.

(7) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo glacfar gurb iad brabúis cuideachta do thréimhse chuntasaíochta méid a brabús don tréimhse sin ar a mbeidh cáin chorparáide le híoc faoi dheoidh, mar aon le hioncam infheistíochta frainceáilte ar leith ó ioncaim infheistíochta frainceáilte a fuair an chuideachta (más comhalta de ghrúpa í) ó chuideachtaí sa ghrúpa.

(8) Chun críocha an ailt seo glacfar gurb é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta méid a brabús don tréimhse sin ar a mbeidh cáin chorparáide le híoc faoi dheoidh ar leith ón gcuid sin de na brabúis is inchurtha i leith gnóchan inmhuirearaithe; agus glacfar gurb é an chuid sin an méid a tugadh isteach i mbrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe roimh aon asbhaint le haghaidh muirir ar ioncam, caiteachais bhainistí nó méideanna eile ab fhéidir a bhaint as brabúis de bhreis ar chineál amháin nó a fhritháireamh in aghaidh brabúis den sórt sin nó ab fhéidir a áireamh mar mhéideanna a laghdaíonn brabúis den sórt sin.

Cuideachtaí a sheolann gnó frithpháirteach nó nach seolann gnó.

29. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás a seolann cuideachta aon ghnó trádála frithpháirtí nó árachais fhrithpháirtigh nó gnó frithpháirteach eile, beidh ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le dáiltí feidhm maidir le dáiltí a rinne an chuideachta d'ainneoin iad a dhéanamh le daoine a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí frithpháirteacha an ghnó sin agus arb as na gníomhaíochtaí sin a dhíorthaigh siad, ach ní bheidh feidhm acu ach a mhéid gur as brabúis na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide nó as ioncam infheistíochta frainceáilte a rinneadh iad.

(2) I gcás cuideachta a sheolann aon ghnó árachais saoil fhrithpháirtigh, ní bheidh ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le dáiltí feidhm maidir le dáiltí a rinneadh le daoine a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí frithpháirteacha an ghnó sin agus arb as na gníomhaíochtaí sin a dhíorthaigh siad; ach más gnó blianachtaí cuid den ghnó sin, ní dhéanfar na blianachtaí is iníoctha i gcúrsa an ghnó sin a áireamh mar mhuirir ar ioncam na cuideachta ar aon réim níos fairsinge ná a dhéanfaí dá mba nár ghnó frithpháirteach an gnó ach gur ghnó é a bhí á sheoladh ag an gcuideachta d'fhonn brabúis a dhéanamh don chuideachta.

(3) Faoi réir na bhfo-alt sin roimhe seo, ní dhéanfaidh sé difear don ghnó a bheidh ag an íocaíocht nó ag an bhfáltas eile chun críocha cánach corparáide nó cánach ioncaim i lámha an fhaighteora gur ó ghníomhaíochtaí frithpháirteacha gnó den sórt sin a dhíorthaigh dáileadh a rinne cuideachta a sheolann an gnó sin agus gur duine é an faighteoir a bhí páirteach sna gníomhaíochtaí sin.

(4) I gcás nach seolann cuideachta, ná nár sheol sí riamh, trádáil nó gnó ag sealbhú infheistíochtaí, agus nach chun críocha ar cuid díobh trádáil nó gnó den sórt sin a sheoladh a bunaíodh í, ní bheidh ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le dáiltí feidhm maidir le dáiltí arna ndéanamh ag an gcuideachta ach amháin a mhéid a rinneadh na dáiltí as brabúis de chuid na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide nó as ioncam infheistíochta frainceáilte

Cumainn tionscail agus coigiltis.

30. —(1) Beidh éifeacht le forálacha alt 218 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cumainn tionscail agus coigiltis: léiriú), chun an t-alt seo a léiriú.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, aon ús scaire nó ús iasachta a íocfaidh cumann—

(a) íocfar é gan cáin ioncaim a asbhaint agus muirearófar é faoi Chás III de Sceideal D, agus

(b) ní áireofar gur dáileadh é:

Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le haon ús scaire nó ús iasachta is iníoctha le duine nach sa Stát atá a ghnáth-áit chónaí.

(3) Le linn an cháin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cumainn a bheith á ríomh, beidh éifeacht le halt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) faoi réir—

(a) “an chomhréir iomchuí de” a chur isteach roimh na focail “aon mhuirir ar ioncam” i bho-alt (1), agus

(b) an focal “bliantúil” a scriosadh as fo-alt (3) (a).

(4) Chun críocha alt 10, arna mhodhnú le fo-alt (3) den alt seo, ciallaíonn “an chomhréir iomchuí” d'aon mhéid muirear ar ioncam a d'íoc cumann i dtréimhse chuntasaíochta an cion den méid sin a mbeidh idir é agus an t-iomlán an chomhréir chéanna atá idir an méid comhiomlán d'ioncam agus d'ioncam infheistíochta frainceáilte an chumainn don tréimhse chuntasaíochta agus an méid arbh éard é, mura mbeadh alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (brabúis nó caillteanais is inchurtha i leith idirbhearta áirithe a fhágáil as an áireamh), méid comhiomlán ioncaim agus ioncaim infheistíochta fhrainceáilte an chumainn don tréimhse chuntasaíochta sin:

Ar choinníoll, i ndáil le méid comhiomlán an úis a íocadh in aon tréimhse chuntasaíochta, nach mó an chomhréir iomchuí den ús sin ná £2,000 más tréimhse dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, agus nach mó é ná cion comhréireach de £2,000 más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta.

(5) In alt 219 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais, etc.)—

(a) i bhfo-alt (4) (b) in ionad “aon liúntas bliantúil” cuirfear “aon liúntas síos-scríofa” agus in ionad “d'aon bhliain mheasúnachta” cuirfear “d'aon tréimhse inmhuirearaithe”, agus

(b) i bhfo-alt (4) (c) in ionad “aon bhliana measúnachta” cuirfear “aon tréimhse inmhuirearaithe”.

(6) Leasaítear leis seo alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (brabúis nó caillteanais is inchurtha i leith idirbhearta áirithe a fhágáil as an áireamh) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—

“(5) I gcás ina mbeidh aon liúntais chaipitiúla nó aon mhuirir chothromaíochta faoi Chuid XVI le tabhairt nó le gearradh in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe le linn trádáil cumainn a bheith á cur faoi cháin agus go ndéanfar neamhshuim faoin alt seo de chion de bhrabúis, nó, de réir mar a bheidh, de chaillteanas na tréimhse sin, laghdófar sa chomhréir chéanna méid na liúntas nó na muirear a thabharfaí nó a ghearrfaí mura mbeadh an fo-alt seo.”.

(7) Déanfar neamhshuim chun críocha alt 58 (faoiseamh do dhíolacháin onnmhairí: foras faoisimh ó cháin chorparáide) de na méideanna go léir is infhaighte ag cumann talmhaíochta nó ag cumann iascaigh ó dhíol earraí, ar méideanna iad is infhaighte de bhua idirbhearta díolmhaithe, agus san alt seo tá le “cumann talmhaíochta” agus le “cumann iascaigh” an bhrí chéanna atá leo in alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(8) Beidh feidhm ag alt 220 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le cáin chorparáide mar atá feidhm aige i ndáil le cáin ioncaim.

(9) An lú lá de Bhealtaine nó roimhe gach bliain, seachadfaidh gach cumann don chigire tuairisceán i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh—

(a) ainm agus áit chónaí gach duine lenar íoc an cumann £70 nó níos mó d'ús scaire nó d'ús iasachta sa bhliain mheasúnachta a chríochnaigh díreach roimh an lú lá sin de Bhealtaine, agus

(b) méid an úis scaire nó an úis iasachta sin a íocadh an bhliain sin le gach duine díobh sin,

agus mura dtabharfar an tuairisceán sin go cuí maidir le haon bhliain mheasúnachta ní bheidh an cumann i dteideal aon asbhainte faoi alt 219 (1) (suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais etc.) nó faoi alt 81 (5) (e) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cánachas ar chíosanna faoi ghearr-léasanna: ús iasachta a asbhaint), nó faoi alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) i leith aon íocaíochtaí úis scaire nó úis iasachta a bhí de cheangal air a chur sa tuairisceán, agus déanfar na measúnachtaí agus na measúnachtaí breise sin go léir is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

(10) Ní bheidh éifeacht i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1975-76 ná d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin leis na leasuithe a dhéantar le fo-ailt (5) agus (6).

Cumainn fhoirgníochta.

31. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta comhshocraíochtaí a dhéanamh maidir le 1976-77 agus aon bhliain mheasúnachta dá éis sin—

(a) trína mbeidh an cumann faoi dhliteanas, maidir le cibé suimeanna a chinnfear de réir na gcomhshocraíochtaí, cuntas a thabhairt i méid, agus é a íoc, is méid in ionannas cánach ioncaim arna ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe a chuirfidh i gcuntas oibriú na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo; agus

(b) trína ndéanfar socrú d'aon ábhair fho-ghabhálacha nó iarmhartacha,

agus beidh éifeacht le haon chomhshocraíochtaí den sórt sin d'ainneon aon ní san Acht seo:

Ar choinníoll, nuair a bheidh na Coimisinéirí Ioncaim ag feidhmiú a gcumhachtaí comhshocraíochtaí a dhéanamh faoin alt seo, go bhféachfaidh siad i gcónaí lena áirithiú faoi réir fho-alt (3) (c) agus mhír (i) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin, go mbeidh (má mheastar gur cáin ioncaim don bhliain mheasúnachta an méid is iníoctha amhlaidh ag an gcumann faoi na comhshocraíochtaí) iomlán na cánach ioncaim a bheidh iníoctha leis an Stát, agus nach mbeidh inaisíoctha aige, nuair a chuirfear oibriú na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo san áireamh, chomh gar agus is féidir sa chomhiomlán lena mbeadh de mhéid ann dá mba nár feidhmíodh na cumhachtaí sin riamh.

(2) I gcás a ndéanfaidh cumann foirgníochta comhshocraíochtaí faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta, déileálfar mar a leanas chun críocha cánach corparáide le díbhinní nó ús is iníoctha i leith scaireanna sa chumann nó i leith taiscí ann nó iasachtaí a tugadh dó—

(a) le linn brabúis iomlána an chumainn a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta a chríochnaigh sa bhliain mheasúnachta, lamhálfar mar asbhaint an méid iarbhír de na díbhinní nó den ús sin a íocadh nó a creidiúnaíodh sa tréimhse chuntasaíochta, mar aon leis an méid ar thug an cumann cuntas ann agus a d'íoc sé ina leith in ionannas cánach ioncaim,

(b) le linn ioncam cuideachta lenar íocadh nó dar creidiúnaíodh aon díbhinní nó ús den sórt sin sa bhliain mheasúnachta a bheith á ríomh, measfar go bhfuair an chuideachta méid is comhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta, leis an méid a íocadh nó a creidiúnaíodh, agus beidh sí i dteideal go ndéanfar cáin ioncaim a fhritháireamh di nó a aisíoc léi dá réir sin,

(c) ní dhéileálfar le haon chuid d'aon díbhinní nó ús den sórt sin a íocadh nó a creidiúnaíodh sa bhliain mheasúnachta mar dháileadh ón gcumann nó mar ioncam infheistíochta frainceáilte de chuid aon chuideachta a chónaíonn sa Stát.

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, i gcás aon chomhshocraíochtaí faoin alt seo a bheith i bhfeidhm i gcás aon chumainn maidir le haon bhliain mheasúnachta—

(a) ní bhainfear cáin ioncaim as aon díbhinní nó ús is iníoctha an bhliain sin i leith scaireanna sa chumann sin nó i leith taiscí ann nó iasachtaí a tugadh dó.

(b) faoi réir fho-alt (2) (b), ní dhéanfar aon aisíoc cánach ioncaim agus, faoi réir mhír (i) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt seo, ní dhéanfar aon mheasúnacht cánach ioncaim i leith aon díbhinní nó ús den sórt sin, leis an duine nó ar an duine a fuair na díbhinní nó an t-ús sin nó a bhí i dteideal iad a fháil,

(c) déileálfar le haon mhéideanna a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith aon díbhinní nó ús den sórt sin, agus leo sin amháin, mar ioncam le linn ioncam iomlán pearsa aonair atá i dteideal na méideanna sin a bheith á ríomh, agus

(d) faoi réir alt 3 (1) (cáin ioncaim ar íocaíochtaí a d'íoc nó a fuair cuideachta a chónaíonn sa Stát), déileálfar leis na méideanna a íocadh nó a creidiúnaíodh amhlaidh (agus leo sin amháin), le linn alt 433 (ús bliantúil, etc., is iníoctha go hiomlán as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á fheidhmiú maidir le híocaíochtaí eile, mar bhrabúis nó gnóchain ar ar muirearaíodh cáin ioncaim:

Ar choinníoll—

(i) nach gcoiscfidh mír (b) measúnacht i leith cánach ioncaim de réir na rátaí arda agus chun cáin de réir na rátaí arda a mhuirearú ar aon mhéideanna ar déileáladh leo mar ioncam de réir mhír (c), go ndéanfar creidmheas faoi alt 4 (e) den Acht Airgeadais, 1974 (cáin a mhuirearú ar ioncam as ar baineadh cáin) a thabhairt ionann is dá mba rud é, de bhua forálacha Sceideal D, gur baineadh cáin (de réir an ráta, chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta a íocadh nó a creidiúnaíodh na méideanna sin) as na méideanna ar ar muirearaíodh cáin de réir na rátaí arda;

(ii) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo i ndáil le hús ar aon iasacht bhainc; agus

(iii) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo i ndáil le haon ús is iníoctha i leith iasacht a tugadh don chumann faoi chonradh a rinneadh roimh thosach na chéad bhliana measúnachta a mbeidh comhshocraíochtaí déanta ag an gcumann ina leith faoi fho-alt (1), má bhíonn, agus a mhéid a bheidh, ar intinn ag na páirtithe go ndéanfar, tráth an chonartha a dhéanamh agus tráth an úis a bheith iníoctha, go n-asbhainfear cáin nuair a íocfar an t-ús.

(4) I gcás aon chomhshocraíochtaí faoin alt seo a bheith i bhfeidhm i gcás aon chumainn maidir le haon bhliain mheasúnachta, ansin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, ní asbhainfear cáin ioncaim nuair a íocfar ús ar airleacain leis an gcumann, is ús is iníoctha an bhliain sin.

(5) Más rud é, le linn comhcheangal nó cónascadh dhá chumann foirgníochta nó níos mó, nó le linn gealltanais a bheith á n-aistriú ó chumann foirgníochta amháin go dtí ceann eile, nó mar chuid den chomhcheangal nó den chónascadh nó den aistriú sin, go ndéanfaidh cumann amháin díobh sócmhainn a dhiúscairt chun an chumainn eile, déileálfar leis an dá chumann chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe amhail is dá mba go bhfuarthas an tsócmhainn ón gcumann a rinne an diúscairt ar an oiread sin de chomaoin a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas de dhroim na diúscartha don chumann a rinne an diúscairt.

(6) Maidir le haon chomshocraíochtaí faoin alt seo i leith aon bhliana measúnachta, measfar, más tar éis tús na bliana sin a rinneadh iad, gur i dtús na bliana sin a tháinig siad i bhfeidhm agus déanfar aon choigeartuithe is gá i ndáil le haon suimeanna a íocadh nó a creidiúnaíodh roimh an dáta a rinneadh na comhshocraíochtaí.

(7) San alt seo folaíonn “díbhinn” aon dáileadh arna shainiú chun críocha an Achta seo cibé acu díbhinn nó eile a thugtar air.

(8) San alt seo ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann foirgníochta de réir brí na nAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1974.

(9) D'ainneoin aon ní san Acht seo, i gcás a ndéanfaidh cumann foirgníochta aon chomhshocraíocht faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta, cuirfear brabúis an chumainn, a mhéid is ioncam iad, faoi mhuirear cánach corparáide de réir an ráta laghdaithe dá bhforáiltear le halt 79 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) d'aon tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh sa bhliain mheasúnachta, agus, chun críocha an fho-ailt seo, is é ioncam cumainn do thréimhse chuntasaíochta a ioncam don tréimhse sin mar a shainítear in alt 28 (8) chun críocha an ailt sin.

(10) I gcás a ndéanfaidh cumann foirgníochta, faoin alt seo, comhshocraíochtaí don bhliain mheasúnachta 1976-77 agus é a bheith laistigh de réim cánach corparáide i leith tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, beidh éifeacht le fo-alt 2 (a) i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta sin ach go gcuirfear in ionad na tagartha don méid ar thug an cumann cuntas ann agus a d'íoc sé i leith na ndíbhinní agus an úis in ionannas cánach ioncaim tagairt don méid a ríomhadh, faoi threoir na ndíbhinní nó an úis, de réir na forála a rinneadh le haon chomhshocraíochtaí a bhí idir an cumann sin agus na Coimisinéirí Ioncaim don bhliain 1975-76 maidir le díbhinní agus ús chun cáin ioncaim a mhuirearú ar an gcumann don bhliain sin.

Comhpháirtíochtaí lena mbaineann cuideachtaí.

32. —(1) Faoi réir an ailt seo, beidh le forálacha alt 71 (1) (2) (a) (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (measúnacht ar leithligh ar chomhpháirtithe), éifeacht chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht leo chun críocha cánach ioncaim.

(2) Más é a bheidh i dtréimhse chuntasaíochta cuideachta, go hiomlán nó go páirteach, tréimhse nó cuid de thréimhse dá mbeidh cuntas trádála comhpháirtíochta déanta amach, déanfar aon chionroinnt is gá le linn na brabúis nó an caillteanas a tabhaíodh i dtrádáil leithleach na cuideachta do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta a bheith á ríomh.

(3) (a) I gcás a dtabharfaí liúntas caipitiúil ar cóimhéid le scair iomchuí de chomhliúntas, dá mba nár achtaíodh alt 1 (2) (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí mar mhalairt ar cháin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide), le linn cáin ioncaim a bheith á muirearú ar bhrabúis thrádáil leithleach cuideachta d'aon bhliain mheasúnachta, déileálfar chun críocha cánach corparáide leis an méid iomchuí mar chaiteachas trádála de chuid thrádáil leithleach na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ar laistigh den bhliain mheasúnachta sin d'aon cuid di.

(b) I gcás a ndéanfaí muirear cothromaíochta ar cóimhéid le scair iomchuí de chómhuirear, dá mba nár achtaíodh alt 1 (2), le linn cáin ioncaim a bheith á muirearú ar bhrabúis thrádáil leithleach cuideachta d'aon bhliain mheasúnachta, déileálfar chun críocha cánach corparáide leis an méid iomchuí mar fháltas trádála de chuid thrádáil leithleach na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ar laistigh den bhliain mheasúnachta sin d'aon chuid di.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn “an méid iomchuí”—

(i) i gcás an bhliain mheasúnachta agus an tréimhse chuntasaíochta a bheith comhthráthach, méid iomlán na scaire iomchuí den chomhliúntas, nó, de réir mar a bheidh, méid iomlán na scaire iomchuí den chómhuirear, agus

(ii) i gcás gan ach cuid den bhliain mheasúnachta a bheith sa tréimhse chuntasaíochta, an cion sin den scair iomchuí den chomhliúntas, nó, de réir mar a bheidh, an cion sin den scair iomchuí den chómhuirear a chionroinnfear ar an gcuid sin den bhliain mheasúnachta laistigh den tréimhse chuntasaíochta:

Ar choinníoll nach bhfolóidh an méid iomchuí aon chuid den scair iomchuí de chomhliúntas, nó, de réir mar a bheidh, aon chuid den scair iomchuí de chómhuirear a rinneadh le linn brabúis thrádáil leithleach na cuideachta don bhliain 1974-75 nó 1975-76 a bheith á muirearú.

(d) D'ainneoin forálacha alt 72 (8) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (liúntais chaipitiúla agus muirir chothromaíochta i gcásanna comhpháirtíochta), ní fholaíonn aon tagairt san fho-alt seo do chomhliúntas do bhliain mheasúnachta tagairt d'aon liúntas caipitiúil atá tugtha ar aghaidh nó a bhféadfaí a thabhairt ar aghaidh ó bhliain mheasúnachta roimhe sin.

(4) I gcás méid a bheith le cionroinnt faoin alt seo ar chuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta, nó ar chuid de thréimhse a mbeidh cuntas trádála comhpháirtíochta déanta amach di, nó ar chuid de bhliain mheasúnachta, déanfar an chionnroinnt faoi threoir an líon míonna nó codán de mhíonna sa chuid sin, agus sa chuid a bheidh fágtha den tréimhse nó den bhliain sin.

(5) San alt seo ní mheasfar gnóchain inmhuirearaithe a bheith ar áireamh i mbrabúis.

Costais bhainistí cuideachtaí árachais.

33. —(1) Faoi réir forálacha ailt 34 agus 35, beidh feidhm ag alt 15 (costais bhainistí cuideachtaí infheistíochta a asbhaint) chun brabúis chuideachta a sheolann gnó saoil, frithpháirteach nó dílseánach, a ríomh (agus nach muirearaítear cáin chorparáide ina leith faoi Chás I de Sceideal D), cibé acu a chónaíonn nó nach gcónaíonn an chuideachta sa Stát, mar atá feidhm ag an alt sin i ndáil le cuideachta infheistíochta ach amháin—

(a) go mbainfear as an méid lena ndéileálfar mar chostais bhainistí d'aon tréimhse chuntasaíochta méid aon fhíneálacha, táillí nó brabúis ó fhrithdhílsí agus, le linn brabúis ó fhrithdhílsí a bheith á ríomh, féadfaidh an chuideachta aon chaillteanais ó fhrithdhílsí in aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin a bhí aon achtachán a thug an faoiseamh sin i ngníomh a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin a mhéid nach mbeidh siad fritháirithe amhlaidh, agus

(b) nach ndéanfar aon asbhaint faoin gcoinníoll a ghabhann le halt 15 (1).

(2) Ní thabharfar faoiseamh faoi fho-alt (1) d'aon chuideachta den sórt sin, a mhéid a dhéanfadh sé, dá dtabharfaí é i dteannta gach uile fhaoiseamh eile atá an chuideachta i dteideal a fháil, an cháin chorparáide a bheadh le híoc ag an gcuideachta ar a hioncam agus a gnóchain óna gnó saoil d'aon tréimhse chuntasaíochta a laghdú faoi bhun an méid a d'íocfaí dá mba gur muirearaíodh cáin ar an gcuideachta i leith an ghnó sin faoi Chás I de Sceideal D; agus i gcás faoiseamh a bheith coimeádta siar i leith aon tréimhse chuntasaíochta de bhua an fho-ailt seo, déanfar an bhreis a bheidh le tabhairt ar aghaidh de bhua alt 15 (2) a mhéadú dá réir sin.

Chun críocha an fho-ailt seo—

(a) aon chreidmheas cánach a bheidh an chuideachta i dteideal a fháil i leith dáileadh a fuair sí déileálfar leis mar a chóiméid de cháin chorparáide a iompraíodh nó a íocadh i leith an dáilte sin; agus

(b) aon íocaíocht i leith an chreidmheasa sin faoi alt 15 (4), 25 (caillteanais etc., a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte) nó 26 (caillteanas a tugadh ar aghaidh nó caillteanas foirceannaidh a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte i gcás gnólachtaí airgeadais) déileálfar léi mar íocaíocht a laghdaíonn an cháin ar déileáladh léi amhlaidh mar cháin a iompraíodh nó a íocadh; agus

(c) beidh feidhm ag alt 38 chun na brabúis a ríomh on ngnó árachais saoil nó ón ngnó arachais tionscail, cibé acu é, a mbeadh cáin muirearaithe orthu faoi Chás I de Sceideal D.

Ní mheasfar go mbaineann an tagairt do ríomh ioncaim nó brabús nó gnóchan nó caillteanas i mír 2 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht Gnóchan Caipitiúil, 1975 (suimeanna ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim a eisiamh ó chomaoin i leith diúscairtí) le ríomh ioncaim cuideachta chun críocha an fho-ailt seo.

Cuideachtaí a sheolann gnó saoil.

34. —(1) I gcás a seolann cuideachta árachais gnó saoil i dteannta gnó árachais d'aon chineál eile, déileálfar leis an ngnó saoil, chun críocha cánach corparáide, mar ghnó ar leithligh ó aon chineál eile gnó a sheolann an chuideachta.

(2) Le linn a bheith a fhionnadh, chun críocha alt 16 nó 18 (faoiseamh i leith caillteanas), ar thabhaigh, agus a mhéid a thabhaigh, cuideachta caillteanas ar a gnó saoil déileálfar le haon bhrabúis ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte de chuid cuideachta a chónaionn sa Stát) mar chuid de bhrabúis an ghnó sin.

Brabúis gnó saoil.

35. —(1) I gcás a ndéanfar brabúis cuideachta árachais i leith a gnó saoil a ríomh, chun críocha an Achta seo, de réir na bhfóralacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) eisiafar, le linn an ríomh a bheith á dhéanamh, an chuid sin de na brabúis is leis na sealbhóirí polasaithe nó leis na blianachtóirí nó an chuid sin díobh a leithroinneadh orthu nó a caitheadh thar a gceann;

(b) eisiafar, freisin, le linn an ríomh a bheith á dhéanamh, an chuid sin de na brabúis atá in áirithe do shealbhóirí polasaithe agus do bhlianachtóirí, ach má scoireann aon bhrabúis atá eisiata amhlaidh, mar bhrabúis atá in áirithe amhlaidh, de bheith in áirithe amhlaidh am ar bith agus mura ndéanfar iad a leithroinnt ar na sealbhóirí polasaithe nó ar na blianachtóirí no iad a chaitheamh thar a gceann, ansin, déileálfar leis na brabúis sin mar bhrabúis de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta inar scoir siad de bheith in áirithe amhlaidh.

(2) I gcás a seolann cuideachta árachais gnó árachais saoil agus gnó árachais tionscail, déileálfar, chun críocha an Achta seo, le gach cineál gnó díobh ionann is dá mba ghnó ar leithligh é agus beidh feidhm ag alt 33 maidir le gach cineál gnó díobh ar leithligh.

Ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe.

36. —(1) Féadfaidh cuideachta árachais a sheolann gnó árachais saoil éileamh a dhéanamh faoin alt seo i leith ioncaim neamhfhaoisimh ó infheistíochtaí a theachtar i ndáil leis an ngnó sin.

(2) Má chruthaíonn an chuideachta ar an éileamh a dhéanamh gur iompair sí, d'aon bhliain airgeadais ar mhó an ráta cánach corparáide ina leith ná an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an bhliain sin, cáin chorparáide i leith aon chuid den ioncam neamhfhaoisimh sin, beidh an chuideachta i dteideal go n-aisíocfar léi an méid sin den cháin sin a d'iompair sí don bhliain sin ar cóimhéid leis an méid is mó—

(a) an cháin chorparáide a d'iompair an chuideachta don bhliain sin i leith na coda a shonraítear i bhfo-alt (5) den ioncam neamhfhaoisimh sin,

(b) an cháin chorparáide a iomprófaí amhlaidh i leith na coda sin den ioncam sin dá mba chóimhéid an ráta cánach corparáide don bhliain sin agus an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta sin.

(3) Chun críocha an ailt seo agus alt 37—

(a) ciallaíonn “ioncam neamhfhaoisimh” ioncam nár eisiadh ó mhuirear cánach de bhua aon fhorála agus nár lamháladh aon fhaoiseamh ina aghaidh trí asbhaint nó fritháireamh:

(b) measfar gurb é an méid cánach a d'iompair nó a d'iompródh cuideachta an méid cánach a iompraíodh nó a iomprófaí amhlaidh tar éis aon fhaoiseamh a lamháil a bhfuil nó a mbeadh an chuideachta ina theideal ar dhóigh seachas faoi fhorálacha an ailt seo.

(4) Déanfar an t-ioncam infheistíochta frainceáilte ó infheistíochtaí a theachtar i ndáil le gnó saoil cuideachta a chionroinnt idir sealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí agus scairshealbhóirí trí cibé codán den ioncam sin a chur i leith sealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí mar chodán de na brabúis ó ghnó saoil na cuideachta, agus a bheadh, ar na brabúis sin a ríomh de réir na bhforálacha is infheidhmithe ar Chás I de Sceideal D (bíodh nó ná bíodh cáin faoin gCás sin muirearaithe iarbhír ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta nó do na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí), eisiata faoi alt 35 (1) (a) (b):

Ar choinníoll, más mó an t-ioncam infheistíochta frainceáilte ná na brabúis arna ríomh de réir na bhforálacha sin ar leith ó alt 35, gurb í an chuid is inchurtha i leith sealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí an codán sin den ioncam a mhéid nach mó é ná na brabúis, mar aon le méid na breise.

(5) (a) I gcás ar mó comhiomlán an ioncaim neamhfhaoisimh sin agus cuid na scairshealbhóirí den ioncam infheistíochta frainceáilte ná brabúis na cuideachta i leith a gnó saoil do na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí arna ríomh de réir forálacha Chás I de Sceideal D arna leathnú le hailt 35 agus 38 (bíodh nó ná bíodh cáin muirearaithe ar an gcuideachta faoin gCás sin) is í an chuid sin méid na breise sin nó an t-ioncam neamhfhaoisimh sin, cibé acu is lú, agus

(b) i gcás ar lú an comhiomlán sin ná na brabúis ó ghnó saoil na cuideachta arna ríomh amhlaidh ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (2).

Gnóchain inmhuirearaithe in áirithe do shealbhóirí polasaithe.

37. —(1) Ní dhéanfar scair na sealbhóirí polasaithe de na gnóchain árachais saoil a laghdú faoi alt 13 (gnóchain inmhuirearaithe a ríomh) ach déanfar cáin chorparáide a mhuirearófar ar an oiread den scair sin a bheidh fágtha tar éis na méideanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c) a fhritháireamh ina aghaidh a ríomh ionann is dá mba 26 faoin gcéad an ráta cánach corparáide.

(2) Chun críocha an ailt seo fionnfar scair na sealbhóirí polasaithe agus fuíoll (dá ngairtear an chuid iarmharach san alt seo) na ngnóchan árachais saoil agus na bhfaoiseamh iomchuí; agus—

(a) déanfar an chuid iarmharach de na faoisimh iomchuí a fhritháireamh in aghaidh an oiread sin den chuid iarmharach de na gnóchain sin a bheidh fágtha tar éis í a laghdú de réir alt 13; agus

(b) más mó an chuid iarmharach de na faoisimh iomchuí ná an chuid iarmharach, arna laghdú amhlaidh, de na gnóchain sin, déanfar an bhreis (nó an oiread sin di nach mó, i dteannta scair na sealbhóirí polasaithe de na faoisimh iomchuí, ná scair na sealbhóirí polasaithe de na gnóchain sin) a shuimiú le scair na sealbhóirí polasaithe de na faoisimh iomchuí; agus

(c) déanfar scair na sealbhóirí polasaithe de na faoisimh iomchuí, mar aon le haon suimiú a rinneadh faoi mhír (b), a fhritháireamh in aghaidh scair na sealbhóirí polasaithe de na gnóchain árachais saoil.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) is iad na gnóchain árachais saoil an chuid sin den méid a bheadh, dá scriosfaí “arna laghdú 48 faoin gcéad de” as alt 13 (1), ar áireamh na mbrabús iomlán de chuid na cuideachta is inchurtha i leith gnóchain ó infheistíochtaí a theachtar i ndáil le gnó saoil na cuideachta;

(b) is iad na faoisimh iomchuí na suimeanna sin, de na suimeanna atá le baint as brabúis na cuideachta nó le fritháireamh in aghaidh na mbrabús sin, a bhainfear as na gnóchain árachais saoil nó a fhritháireofar in aghaidh na ngnóchan sin;

(c) (i) i gcás a mbaineann mír (a) d'alt 36 (5) le hioncam neamhfhaoisimh, is é méid scair na sealbhóirí polasaithe de na gnóchain árachais saoil nó de na faoisimh iomchuí an méid iomlán; agus

(ii) i gcás a mbaineann mír (b) d'alt 36 (5) le hioncam neamhfhaoisimh, beidh na gnóchain árachais saoil go léir agus na faoisimh iomchuí go léir ar áireamh sa chuid iarmharach.

Gnó saoil: brabúis a ríomh.

38. —Chun críocha ailt 33, 36 agus 37, an t-eisiamh ó mhuirear cánach corparáide a dhéantar le halt 2 ar ioncam infheistíochta frainceáilte ní choiscfidh sé ioncam den sórt sin de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát is inchurtha i leith infheistíochtaí ciste árachais saoil na cuideachta óna chur i gcuntas mar chuid de na brabúis le linn ioncam trádála a bheith á ríomh de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D.

Gnó blianachtaí: muirear ar leithligh ar bhrabúis.

39. —(1) Ach amháin i gcás cuideachta árachais ar ar muirearaíodh cáin de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D i leith bhrabúis a gnó árachais saoil, brabúis a d'eascair chuig cuideachta árachais ó ghnó pinsean nó ó ghnó ginearálta blianachtaí déileálfar leo mar bhrabúis nó gnóchain bhliantúla faoi réim Sceideal D, agus beidh cáin chorparáide inmhuirearaithe orthu faoi Chás IV den Sceideal sin, agus chun na críche sin—

(a) déileálfar ar leithligh le gnó gach aicme den sórt sin, agus

(b) faoi réir na míre sin roimhe seo agus fho-alt (2), déanfar na brabúis as an gcéanna a ríomh de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D.

(2) Le linn an ríomh sin a bheith á dhéanamh—

(a) beidh feidhm ag alt 35 (1), modhnaithe mar is gá, agus, go háirithe, na tagairtí go léir do shealbhóirí polasaithe seachas sealbhóirí polasaithe is inchurtha i leith gnó pinsean a fhágáil ar lár as, agus

(b) ní lamhálfar aon asbhaint i leith aon chostas is costas bainistí dá dtagraítear in alt 33 nó 47, agus

(c) féadfar aon chaillteanas a fhritháireamh in aghaidh brabúis ó ghnó pinsean nó ó ghnó ginearálta blianachtaí a ríomhfar ar aon fhoras leis na brabúis is caillteanas a tabhaíodh sa chineál céanna gnó in aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin le linn don chuideachta a bheith laistigh de réim cánach corparáide i leith gnó den chineál sin a mhéid nár fritháiríodh cheana é.

(3) Ní mheasfar feidhm a bheith ag alt 19 (caillteanais ar idirbhearta a mbeadh an t-ioncam astu inmhuirearaithe faoi Chás IV nó V de Sceideal D) maidir le caillteanas a thabhaigh cuideachta ar a gnó ginearálta blianachtaí nó ar a gnó pinsean.

(4) Ní choiscfidh blianacht a áireamh mar bhlianacht ina bhfuil ábhar caipitiúil chun críocha alt 239 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ábhar caipitiúil i mblianachtaí ceannaithe áirithe) méid iomlán na blianachta ó bheith inasbhainte le linn brabúis a bheith á ríomh ná óna áireamh mar mhuirear ar ioncam chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide.

Gnó ginearálta blianachtaí.

40. —(1) I gcás cuideachta a sheolann gnó ginearálta blianachtaí, áireofar mar mhuirear ar ioncam na blianachtaí a d'íoc an chuideachta, a mhéid is inchurtha iad i leith an ghnó sin agus a mhéid nach mó iad ná ioncam cánaithe na coda sin den chiste blianachtaí is inchurtha i leith an ghnó sin amhlaidh.

(2) Le linn na brabúis a d'eascair chuig cuideachta árachais ó ghnó ginearálta blianachtaí a bheith á ríomh faoi alt 39—

(a) ní chuirfear ioncam cánaithe i gcuntas mar chuid de na brabúis sin, agus

(b) de na blianachtaí a d'íoc an chuideachta agus is inchurtha i leith gnó ghinearálta blianachtaí—

(i) ní inasbhainte na blianachtaí sin a áireofar faoi fho-alt (1) mar mhuirir ar ioncam, agus

(ii) is inasbhainte, d'ainneoin alt 11 (ioncam a ríomh: prionsabail chánach ioncaim a fheidhmiú), na blianachtaí sin nach n-áireofar amhlaidh.

(3) San alt seo ciallaíonn “ioncam cánaithe” ioncam ar ar muirearaíodh cáin chorparáide ar dhóigh seachas faoi alt 39, agus ioncam infheistíochta frainceáilte.

(4) Cuideachta nach gcónaíonn sa Stát ach a sheolann aon ghnó ginearálta blianachtaí ann trí bhrainse nó gníomhaireacht ní bheidh sí i dteideal aon chuid de na blianachtaí a d'íoc sí agus is inchurtha i leith an ghnó sin a áireamh mar bhlianachtaí a íocadh as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach ioncaim.

Gno pinsean.

41. —(1) Lamhálfar díolúine ó cháin chorparáide maidir le hioncam as infheistíochtaí agus taiscí ón oiread sin, más ann, is inchurtha i leith gnó pinsean de chiste árachais saoil agus de chiste blianachtaí ar leithligh le cuideachta árachais agus maidir le gnóchain inmhuirearaithe i leith an chéanna.

(2) Ní dhéanfaidh an díolúine ó cháin a thugtar le fo-alt (1) aon suimeanna a eisiamh óna gcur i gcuntas mar fháltais le linn brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní choiscfidh ioncam infheistíochta frainceáilte a eisiamh ó mhuirear cánach corparáide le halt 2 an t-ioncam sin óna chur i gcuntas mar chuid de na brabúis le linn ioncam ó ghnó pinsean a bheith á ríomh faoi alt 39.

(4) Má bhíonn, ar leith ón bhfo-alt seo, brabús tar éis eascairt d'aon tréimhse chuntasaíochta chun cuideachta árachais ó ghnó pinsean (arna ríomh de réir forálacha alt 39) agus go roghnóidh an chuideachta é maidir lena hioncam infheistíochta frainceáilte go léir nó le haon chuid den ioncam sin a d'eascair sa tréimhse sin, ar ioncam infheistíochta frainceáilte é nach mó a mhéid ná méid an bhrabúis sin, ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (3) leis an ioncam infheistíochta frainceáilte lena mbaineann an rogha.

Is trí fhógra i scríbhinn a dhéanfar rogha faoin bhfo-alt seo agus tabharfar an fógra sin don chigire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann an rogha, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn.

(5) Le linn na brabúis ó ghnó pinsean a bheith á ríomh faoi alt 39, beidh blianachtaí inasbhainte d'ainneoin alt 11 (5) agus ní bheidh cuideachta i dteideal aon chuid de na blianachtaí a d'íoc an chuideachta agus is inchurtha i leith gnó pinsean a áireamh mar chuid a íocadh as brabúis nó as gnóchain ar ar muirearaíodh cáin ioncaim,

Cistí árachais saoil coigríche.

42. —(1) Déanfar cáin chorparáide faoi Chás III de Sceideal D ar ioncam ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát ar cuid iad d'infheistíochtaí ciste árachais saoil coigríche de chuid cuideachta árachais a ríomh ar mhéid iomlán na suimeanna iarbhír a fuarthas sa Stát ó sheoltáin is iníoctha sa Stát, nó ó mhaoin a allmhairíodh, nó ó airgead nó luach airgid a d'eascair ó mhaoin nár allmhairíodh, nó ó airgead nó luach a fuarthas amhlaidh ar creidmheas nó ar cuntas maidir le seoltáin, maoin, airgead nó luach den sórt sin a tugadh isteach sa Stát gan aon asbhaint ná laghdú.

(2) Má tharlaíonn—

(a) maidir le aon urrúis arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais fara coinníoll sna téarmaí a shonraítear in alt 464 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (urrúis a eisiúint fara díolúine ó cháin), nó

(b) maidir le haon stoic nó urrúis eile lena mbaineann alt 474 (urrúis áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin) den Acht sin agus a eisítear fara ceachtar den dá choinníoll, nó fara an dá choinníoll, a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt sin,

go mbeidh siad de thuras na huaire ina gcuid d'infheistíochtaí ciste árachais saoil choigríche de chuid cuideachta árachais, ní bheidh an t-ioncam ó aon stoc nó urrús díobh sin faoi dhliteanas cánach má fheidhmítear é chun críocha an chiste sin nó má dhéantar é a athinfheistiú ionas gur cuid den chiste sin é.

(3) I gcás ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndearnadh aon ioncam ó infheistíochtaí ciste árachais saoil choigríche de chuid cuideachta árachais a sheoladh chun an Stáit agus a infheistiú, mar chuid d'infheistíochtaí an chiste sin, in aon stoic nó urrúis a eisíodh mar a dúradh, ní bheidh an t-ioncam sin faoi dhliteanas cánach agus déanfar aon cháin a íocadh air a aisíoc, más gá sin, leis an gcuideachta ar éileamh a dhéanamh.

(4) I gcás faoiseamh ó cháin a bheith tugtha de bhun forálacha an ailt seo d'ioncam ó infheistíochtaí ciste árachais saoil choigríche de chuid cuideachta árachais, déanfar a chomhréir de laghdú—

(a) ar an bhfaoiseamh a thugtar faoi alt 33 i leith costas bainistí, agús

(b) ar aon mhéid ar inmhuirearaithe cáin ar an gcuideachta ina leith de bhua alt 39—

(i) maidir le gnó ginearálta blianachtaí, nó

(ii) maidir le gnó pinsean,

a mhéid is inchurtha i leith gnó ghinearálta blianachtaí nó gnó pinsean, de réir mar a bheidh, an t-ioncam infheistíochta ar tugadh faoiseamh ina leith.

(5) San alt seo ciallaíonn “ciste árachais saoil choigríche”—

(a) aon chiste in ionannas méid dliteanais cuideachta árachais i leith a gnó saoil le sealbhóirí polasaithe agus blianachtóirí a chónaíonn lasmuigh den Stát a ndearnadh a dtairiscintí leis an gcuideachta, nó ar thug an chuideachta a gconarthaí blianachta dóibh, i mbrainse nó i ngníomhaireacht nó trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht lasmuigh den Stát. agus

(b) i gcás nach gcoinnítear ciste den sórt sin ar leithligh ó chiste árachais saoil na cuideachta, an chuid sin den chiste árachais saoil is ionannas do dhliteanas na cuideachta faoi na polasaithe agus na conarthaí blianachta sin, agus an dliteanas sin a mheas mar a mheastar é chun críocha tuairisceáin thréimhsiúla na cuideachta.

(6) Fad a bheidh comhaontuithe a luaitear i gCuid I de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i bhfeidhm, beidh éifeacht le fo-alt (5) ionann is dá gcuirfí na focail “, de Thuaisceart Éireann agus den Bhreatain Mhór” isteach i ndiaidh an fhocail “Stát” gach áit a bhfuil sé.

(7) I gcás cuideachta árachais ar sa Stát atá a ceann-oifig a bheith ag seoladh gnó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór agus faoi fhorálacha an dlí ansin atá i gcomhréir le halt 41 gur inlamhála díolúine ó cháin chorparáide i leith ioncam ó infheistíochtaí agus taiscí is inchurtha i leith gnó pinsean, beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil leis an ioncam atá díolmhaithe amhlaidh i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór ach fo-alt (6) a fhágáil ar lár.

(8) I gcás a bhfuil éifeacht leis an alt seo i ndáil le hioncam ó infheistíochtaí aon choda de chiste árachais saoil cuideachta árachais, beidh an éifeacht chéanna leis i ndáil le gnóchain immhuirearaithe a fhaibhreoidh as aon infheistíochtaí den sórt sin a dhiúscairt, agus ní caillteanais inlamhála caillteanais a fhaibhreoidh amhlaidh.

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: ioncam infheistíochta.

43. —(1) Maidir le haon ioncam de chuid cuideachta árachais saoil thar lear ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil (gan an ciste pinsean ná an ciste ginearálta blianachtaí, más ann, a áireamh), cibé áit a bhfuarthas é, measfar, a mhéid a fhoráiltear san alt seo, gur brabúis é faoi chuimsiú Sceideal D agus muirearófar cáin chorparáide air faoi Chás III de Sceideal D.

(2) Déanfar dáiltí a fuarthas ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát a chur i gcuntas faoin alt seo d'ainneoin iad a eisiamh ó mhuirear cánach corparáide.

(3) Ní mhuirearófar ach cuid den ioncam ó infheistíochtaí an chiste árachais saoil (gan an ciste pinsean ná an ciste ginearálta blianachtaí, más ann, a áireamh) de réir fho-alt (1) agus maidir le haon tréimhse chuntasaíochta déanfar an méid sin a chinneadh de réir na foirmle

A × B

____

C

i gcás—

arb é A an t-ioncam iomlán ó na hinfheistíochtaí sin don tréimhse sin,

arb é B meánmhéid dliteanais na tréimhse sin i leith sealbhóirí polasaithe a chónaíonn sa Stát agus i leith sealbhóirí polasaithe a chónaíonn lasmuigh den Stát a ndearnadh a dtairiscintí leis an gcuideachta ina brainse nó ina gníomhaireacht sa Stát nó trína brainse nó trína gníomhaireacht sa Stát, agus

arb é C meánmhéid dliteanais na tréimhse sin i leith sealbhóirí polasaithe uile na cuideachta,

ach ní fholaíonn aon tagairt do dhliteanais san alt seo dliteanais i leith gnó ginearálta blianachtaí agus pinsean.

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) déanfar dliteanais cuideachta árachais is inchurtha i leith aon ghnó aon tráth a fhionnadh faoi threoir glandliteanais na cuideachta arna luacháil ag achtúire chun críocha an tuairisceáin thréimhsiúil iomchuí, agus

(b) measfar gurb é meánmhéid aon dliteanais do thréimhse chuntasaíochta leath chomhiomlán na ndliteanas i dtús agus i ndeireadh na tréimhse luachála atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta sin.

(5) (a) I gcás ar mó meánmhéid dliteanais brainse do thréimhse chuntasaíochta ná meánluach na sócmhainní lena mbaineann an fo-alt seo don tréimhse chuntasaíochta sin, is é an méid a bheidh le háireamh sna brabúis faoi alt 13 (1), nó faoin bhfo-alt sin arna mhodhnú le halt 37, méid arna chinneadh de réir na foirmle

A × B

____

C

i gcás—

arb é A an méid a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, le háireamh amhlaidh sna brabúis,

arb é B meánmhéid na ndliteanas brainse don tréimhse chuntasaíochta, agus

arb é C meánluach na sócmhainní lena mbaineann an fo-alt seo don tréimhse chuntasaíochta.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) ciallaíonn “meánmhéid na ndliteanas brainse do thréimhse chuntasaíochta” comhiomlán na méideanna darb ionannas B i bhfo-alt (3), B in alt 44 (2) agus meánmhéid na ndliteanas is inchurtha i leith gnó pinsean don tréimhse chuntasaíochta, agus

(ii) is éard iad “na sócmhainní lena mbaineann an fo-alt seo” sócmhainní a bhfuil na gnóchain as a ndiúscairt inmhuirearaithe i leith cánach corparáide de bhua alt 4 (2) (6) (8) (a) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , mar aon le sócmhainní a mbeadh na gnóchain as a ndiúscairt inmhuirearaithe amhlaidh mura mbeadh ailt 19 agus 24 den Acht sin agus mír 2 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin.

(6) Ní bheidh feidhm, maidir le hioncam lena mbaineann fo-alt (1), ag alt 75 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ioncaim is inmhuirir faoi Chás III), mar a fheidhmítear é ar cháin chorparáide.

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: gnó ginearálta blianachtaí agus gnó pinsean.

44. —(1) Ní choiscfidh aon ní sna hAchtanna Cánach Corparáide dáiltí cuideachtaí a chónaíonn sa Stát óna gcur i gcuntas mar chuid de na brabúis le linn na brabúis ó ghnó pinsean agus ó ghnó ginearálta blianachtaí a d'eascair chuig cuideachta árachais saoil thar lear a bheith á ríomh faoi alt 39.

(2) Ní shroichfidh aon mhuirear cánach faoi alt 39 d'aon tréimhse chuntasaíochta ar bhrabúis a d'eascair chuig cuideachta árachais saoil thar lear ó ghnó ginearálta blianachtaí ach amháin chuig cuid de na brabúis ón ngnó sin agus cinnfear an chuid sin de réir na foirmle

A × B

____

C

i gcás—

arb é A méid iomlán na mbrabús sin,

arb é B meánmhéid na ndliteanas is inchurtha i leith an ghnó sin don tréimhse chuntasaíochta iomchuí i leith conarthaí le daoine a chónaíonn sa Stát nó conarthaí le daoine a chónaíonn lasmuigh den Stát a ndearnadh a dtairiscintí leis an gcuideachta ina brainse nó ina gníomhaireacht nó trína brainse nó trína gníomhaireacht sa Stát, agus

arb é C meánmhéid na ndliteanas is inchurtha i leith an ghnó sin don tréimhse chuntasaíochta sin maidir leis na conarthaí go léir.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) déanfar dliteanais cuideachta árachais is inchurtha i leith gnó ghinearálta blianachtaí aon tráth a fhionnadh faoi threoir glandliteanais na cuideachta arna luacháil ag achtúire chun críocha an tuairisceáin thréimhsiúil iomchuí, agus

(b) measfar gurb é meánmhéid aon dliteanais do thréimhse chuntasaíochta leath chomhiomlán na ndliteanas i dtús agus i ndeireadh na tréimhse luachála atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta sin.

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: cáin ioncaim, cáin choigriche agus creidmheas cánach.

45. —(1) Ní dhéanfaidh alt 12 (6) (ilrialacha speisialta chun ioncam a ríomh) difear do dhliteanas cánach cuideachta árachais saoil thar lear maidir le hioncam infheistíochta a ciste árachais saoil faoi alt 43 ná maidir leis na brabúis óna gnó blianachtaí faoi fhorálacha ailt 39, 41 agus 44.

(2) Chun críocha alt 8 (3) (cuideachtaí neamhchónaitheacha do fhritháireamh cánach ioncaim a baineadh as íocaíochtaí a fuarthas in aghaidh cánach corparáide), mar a bhaineann sé le gnó saoil, beidh teorainn mar a luaitear i bhfo-ailt (3) agus (4) leis an méid den cháin ioncaim dá dtagraítear san fho-alt sin agus is inchomhairimh le fritháireamh faoin bhfo-alt sin i dtréimhse chuntasaíochta.

(3) Má bhíonn cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta de réir alt 43 maidir leis an ioncam ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil, ní bheidh an méid cánach ioncaim is inchomhairimh le fritháireamh in aghaidh aon chánach corparáide a bheidh measúnaithe don tréimhse sin ar an ioncam sin níos mó ná cóimhéid na cánach ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh ar an gcuid den ioncam ó infheistíochtaí ar ar inmhuirearaithe cáin chorparáide de bhua fho-alt (3) den alt sin.

(4) Má bhíonn cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta de réir alt 44 ar chionúireacht de mhéid iomlán na mbrabús óna gnó ginearálta blianachtaí, ní bheidh an méid cánach ioncaim is inchomhairimh le fritháireamh in aghaidh aon chánach corparáide a bheidh measúnaithe don tréimhse sin ar na brabúis sin níos mó ná cóimhéid na cánach ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh ar an gcionúireacht chéanna den ioncam ó infheistíochtaí a áiríodh le linn na brabúis sin a bheith á ríomh.

(5) I gcás a bhfaighidh cuideachta árachais saoil thar lear dáileadh a mbeidh sí i dteideal creidmheas cánach a fháil ina leith, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an creidmheas sin a fhritháireamh in aghaidh aon chánach corparáide a bheidh measúnaithe ar an gcuideachta faoi alt 43 nó 44 don tréimhse chuntasaíochta ina bhfuarthas an dáileadh, ach beidh feidhm ag an tsriantacht i bhfo-ailt (3) agus (4) ar an méid cánach ioncaim is féidir a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide a bheidh measúnaithe faoin alt sin 43 nó 44 maidir le comhiomlán na cánach ioncaim sin agus an chreidmheasa cánach is féidir a fhritháireamh amhlaidh de bhua an fho-ailt seo.

(6) Ní dhéanfaidh mír 3 (6) de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (rialacha chun gnóchain chaipitiúla a ríomh), difear don dliteanas cánach a bheidh faoi alt 43 ar chuideachta árachais saoil thar lear maidir le gnóchain ó infheistíochtaí a sealbhaíodh i ndáil lena gnó saoil a dhiúscairt.

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: dáiltí a fhritháireamh in aghaidh ioncaim.

46. —(1) I gcás a bhfaighidh cuideachta árachais saoil thar lear dáileadh ó chuideachta a chónaíonn sa Stát agus nach mbeidh faoiseamh i leith an dáilte inchomhairimh ná á éileamh faoi chomhshocraíochtaí a rinneadh faoi alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (comhaontuithe i leith faoisimh ó chánachas dúbailte ar ioncam), mar a fheidhmítear é chun críocha cánach corparáide, measfar chun críocha ailt 39, 41, 43, 44 agus 45 an chuideachta árachais saoil thar lear a bheith i dteideal creidmheasa cánach den sórt sin i leith an dáilte a mbeadh teideal aici chuige dá mba chuideachta í a chónaíonn sa Stát; agus dá réir sin chun críocha na bhforálacha sin is é an t-ioncam in ionannas an dáilte comhiomlán an dáilte agus an chreidmheasa cánach.

(2) I gcás a measfar faoi fho-alt (1) cuideachta árachais saoil thar lear a bheith i dteideal creidmhseasa cánach maidir le dáileadh, féadfaidh sí a éileamh go ndéanfar an t-ioncam arb ionannas di an dáileadh a fhritháireamh, faoi réir fho-alt (3), in aghaidh na mbrabús dá cuid ar ar inmhuirearaithe cáin faoi alt 39 nó in aghaidh an ioncaim dá cuid ar ar inmhuirearaithe cáin de réir alt 43 nó go páirteach in aghaidh ceann amháin díobh agus go páirteach in aghaidh an chinn eile: ach a mhéid a dhéanfar aon ioncam a fhritháireamh amhlaidh ní bheidh an creidmheas cánach a bheidh ar áireamh ann iníoctha agus ní dhéanfar é a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide faoi alt 45 (5).

(3) Ní bheidh na méideanna a fhéadfaidh cuideachta árachais saoil thar lear a fhritháireamh de bhua an ailt seo in aghaidh brabúis nó ioncam d'aon chineál níos mó ná méid na mbrabús nó an ioncaim den chineál sin agus beidh an teorainn seo a leanas freisin leo—

(a) ní bheidh an méid a fhritháireofar in aghaidh brabúis ó ghnó ginearálta blianachtaí níos mó ná cion d'ioncam na cuideachta ó infheistíochtaí is inchurtha i leith an ghnó sin, agus cinnfear an cion sin de réir na foirmle céanna lena gcinntear faoi alt 44 an cion de na brabúis sin ar ar inmhuirearaithe cáin; agus

(b) ní bheidh an méid a fhritháireofar in aghaidh brabúis ó ghnó pinsean níos mó ná an oiread sin dá hioncam is inchurtha i leith an ghnó sin agus ab ionannas dó dáiltí a meastar an chuideachta a bheith i dteideal creidmheasa cánach ina leith de bhua an ailt seo, agus ní laghdóidh sé aon ioncam eile.

(4) I gcás a ndéanfar de bhua fritháirimh faoin alt seo ioncam nó brabúis d'aon chineál a laghdú aon mhéid, fágfar an méid sin as an áireamh le linn an méid cánach ioncaim a bheith á chinneadh a bheidh inchomhairimh le fritháireamh in aghaidh cánach corparáide faoi alt 8 (3).

(5) Ní chuirfidh éileamh faoin alt seo maidir le dáileadh cosc le héileamh a dhéanamh ina dhiaidh sin ar fhaoiseamh maidir leis an dáileadh sin faoi chomhshocraíochtaí a rinneadh faoin alt sin 361; ach i gcás a ndéanfar éileamh iardain den sórt sin measfar nach ndearnadh an t-éileamh faoin alt seo riamh, agus ní bheidh aon choigeartú (trí mheasúnachtaí breise nó eile) a eascróidh as an éileamh iardain as am má dhéantar é laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an éilimh iardain a dhéanamh.

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: costais bhainistí.

47. —(1) Chun críocha faoisimh faoi alt 33, déanfar costais bhainistí cuideachta árachais saoil thar lear a chionroinnt idir a gnó pinsean, a gnó ginearálta blianachtaí agus a gnó árachais saoil (gan an gnó pinsean ná an gnó ginearálta blianachtaí sin a áireamh) agus is é a bheidh sa méid is inchurtha i leith gach cineál gnó sin méid a mbeidh idir é agus iomlán na gcostas bainistí an chomhréir chéanna atá idir meánmhéid na ndliteanas don tréimhse chuntasaíochta is inchurtha i leith an chineáil sin maidir le polasaithe agus conarthaí agus meánmhéid dliteanais na cuideachta don tréimhse sin maidir le polasaithe agus conarthaí uile a gnó árachais saoil.

(2) I gcás cáin chorparáide faoi Chás III de Sceideal D a bheith muirearaithe ar chuideachta árachais saoil i ndáil le cionúireacht den ioncam ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil de réir alt 43, déanfar faoiseamh faoi alt 33 i leith na gcostas bainistí is inchurtha i leith an chineáil sin gnó faoi fho-alt (1) a ríomh faoi threoir a samhail de chionúireacht de na costais is inchurtha amhlaidh.

(3) I gcás cáin chorparáide faoi Chás IV de Sceideal D a bheith muirearaithe ar chuideachta árachais saoil thar lear i ndáil le cionúireacht de na brabúis óna gnó ginearálta blianachtaí de réir alt 44, déanfar an faoiseamh faoi alt 33 i leith na gcostas bainistí is inchurtha i leith an chineáil sin gnó faoi fho-alt (1) a ríomh faoi threoir a samhail de chionúireacht de na costais sin is inchurtha amhlaidh.

(4) I gcás cáin chorparáide faoi Chás IV de Sceideal D a bheith muirearaithe ar chuideachta árachais saoil thar lear i ndáil le gnó pinsean, déanfar faoiseamh faoi alt 33 i leith na gcostas bainistí is inchurtha i leith an chineáil sin gnó faoi fho-alt (1) a ríomh faoi threoir méid iomlán na gcostas is inchurtha amhlaidh.

(5) Chun críocha an ailt seo déanfar dliteanais cuideachta árachais is inchurtha i leith aon ghnó aon tráth a fhionnadh faoi threoir glandliteanais na cuideachta arna luacháil ag achtúire chun críocha an tuairisceáin thréimhsiúil iomchuí.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é meánmhéid aon dliteanas do thréimhse chuntasaíochta leath chomhiomlán na ndliteanas i dtús agus i ndeireadh na tréimhse luachála atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta sin.

Polasaithe saoil lena ngabhann cearta nach cearta in airgead.

48. —I gcás a mbeifear tar éis aon infheistíochtaí nó sócmhainní eile a aistriú, de réir polasaí a eisíodh i gcúrsa gnó saoil a bhí á sheoladh ag cuideachta árachais, chuig sealbhóir an pholasaí, measfar fáil na sócmhainní ag sealbhóir an pholasaí agus a ndiúscairt chuige a bheith déanta ar chomaoin ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainní—

(a) chun críocha an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , agus

(b) chun ioncam a ríomh de réir Chás I nó IV de Sceideal D.

Sochair ó pholasaithe saoil a eisíodh roimh 6 Aibreán, 1974.

49. —(1) Tá feidhm ag an alt seo i ndáil le polasaithe árachais saoil a eisíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, ag cuideachta a sheolann gnó saoil, ar polasaithe iad—

(a) a dhéanann socrú le haghaidh sochair ar infheistíochtaí de chineál sonraithe iad nó aon chuid díobh nó suim airgid a chinnfear faoi threoir luach na n-infheistíochtaí sin, ach

(b) nach ndéanann socrú chun aon mhéid a bhaint as na sochair sin faoi threoir cáin is inmhuirearaithe i leith gnóchan inmhuirearaithe.

(2) I gcás—

(a) arb é atá, go hiomlán nó go formhór, in infheistíochtaí ciste árachais saoil na cuideachta, a mhéid is inchurtha i leith na bpolasaithe sin iad, infheistíochtaí den chineál a shonraítear amhlaidh, agus

(b) ar an gcuideachta a theacht faoi dhliteanas faoi aon cheann de na polasaithe sin i leith aon sochair den sórt sin (lena n-áirítear sochair a thabharfar ar pholasaí a ghéilleadh), go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe chuig an gcuideachta as infheistíochtaí den chineál sin is cuid dá ciste árachais saoil a dhiúscairt le haghaidh nó faoi chomhair an dliteanais sin, nó go bhfaibhreodh sé amhlaidh dá ndéanfaí freastal don dliteanas sin leis na fáltais ón diúscairt sin nó astu,

ansin beidh teideal ag an gcuideachta, in aghaidh an duine a gheobhaidh na sochair, cuid de na sochair a choimeád as na sochair is cuid nach mó a méid nó a luach ná cáin chorparáide de réir an lánráta i leith an ghnóchain inmhuirearaithe dá dtagraítear i mír (b) arna ríomh ar neamhshuim le haon mhéid a coimeádadh faoin bhfo-alt seo agus a laghdaíodh de réir alt 13 (1).

Léiriú.

50. —(1) Tá éifeacht leis an alt seo chun ailt 33 go 49 agus an t-alt seo a léiriú.

(2) Mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt—

tá le “achtúire” an bhrí a shanntar dó in alt 3 den Acht Arachais, 1936 ;

ciallaíonn “gnó blianachtaí” gnó blianachtaí a dheonú ar shaol duine;

ciallaíonn “ciste blianachtaí”, i gcás nach gcoinnítear ciste blianachtaí ar leithligh ó chiste árachais saoil cuideachta árachais, an chuid sin den chiste árachais saoil is ionannas do dhliteanas na cuid eachta faoina conarthaí blianachtaí, mar a luaitear ina tuairisceáin thréimhsiúla;

tá le “cuideachta árachais” an bhrí a shanntar dó in alt 3 den Acht Arachais, 1936 ;

ciallaíonn “gnó ginearálta blianachtaí” aon ghnó blianachtaí nach gnó pinsean agus forléireofar “gnó pinsean” de réir fho-ailt (3) agus (4);

folaíonn “gnó saoil” “gnó árachais saoil” agus “gnó árachais tionscail” a bhfuil na bríonna leo a shanntar dóibh in alt 3 den Acht Arachais, 1936 , agus i gcás an dá ghnó a bheith á seoladh ag cuideachta féadfaidh ceachtar ciall a bheith leis;

tá le “ciste árachais saoil” agus le “ciste árachais tionscail” na bríonna a shanntar dóibh sna hAchtanna Arachais, 1909 go 1969, agus, i ndáil le gnó árachais tionscail, ciallaíonn ciste árachais saoil an ciste árachais tionscail;

ciallaíonn “cuideachta árachais saoil thar lear” cuideachta árachais ar lasmuigh den Stát dá ceann-oifig ach a sheolann gnó árachais saoil trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht sa Stát;

forléireofar de réir fho-alt (3) “ciste pinsean” agus “ciste ginearálta blianachtaí”;

ciallaíonn “tuairisceán tréimhsiúil”, i ndáil le cuideachta árachais, tuairisceán arna thaisceadh leis an Aire Tionscail agus Tráchtála faoin Assurance Companies Act, 1909, agus faoin Acht Arachais, 1936 ;

tá le “polasaí” agus le “préimh” an bhrí a shanntar dóibh le halt 3 den Acht Arachais, 1936 ;

ciallaíonn “tréimhse luachála” an tréimhse a dtugtar an tuarascáil achtúireachta ina leith faoi alt 5 den Assurance Companies Act, 1909, arna leathnú le halt 55 den Acht Arachais, 1936 .

(3) Aon idirdhealú a dhéanfar idir gnó ginearálta blianachtaí, gnó pinsean agus gnó árachais saoil eile déanfar é ar an bprionsabal—

(a) go gcuirfear i leith gnó pinsean aon phréimheanna faoi réim fho-alt (4), mar aon leis na fáltais, na heisíocaíochtaí agus na dliteanais is inchurtha i leith na bpréimheanna sin, agus i leith na bpolasaithe agus na gconarthaí faoina n-íoctar nó faoinar íocadh iad,

(b) go ndéanfar an gnó blianachtaí eile go léir a leithroinnt ar an ngnó ginearálta blianachtaí,

agus déanfar tagairtí do “ciste pinsean” agus do “ciste ginearálta blianachtaí” a fhorléiriú dá réir sin cibé acu a choimeádtar nó nach gcoimeádtar na cistí sin ar leithligh ó chiste árachais saoil na cuideachta árachais.

(4) Is iad na préimheanna a chuirfear i leith gnó pinsean na préimheanna sin is iníoctha faoi chonarthaí faoi réim (an tráth is iníoctha an phréimh) ceachtar de na tuairiscí seo a leanas, is é sin le rá—

(a) aon chonradh le pearsa aonair a bhfuil, nó a mbeadh mura mbeadh neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, cáin inmhuirearaithe air i leith tuillimh iomchuí (mar a shainítear in alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (blianachtaí scoir: faoiseamh i leith préimheanna)) ó thrádáil, gairm, oifig nó fostaíocht a sheolann sé nó atá aige, ar conradh é a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin nó faoi alt 235A (conarthaí le haghaidh cleithiúnaithe nó le haghaidh áracháis saoil a cheadú) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach le halt 66 den Acht Airgeadais, 1974 );

(b) aon chonradh (lena n-áirítear conradh árachais) a rinneadh le haghaidh scéim cheadaithe dhíolmhaithe mar a shainítear i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 , agus a rinneadh leis na daoine ag a bhfuil bainistí na scéime sin, ar conradh é atá dréachtaithe sa dóigh go bhfuil na dliteanais faoina ndeachaigh an chuideachta árachais sa chonradh i gcomhréir leis na dliteanais a bhfuil sé beartaithe don chonradh an scéim a urrú ina n-aghaidh;

(c) aon chonradh leis na hiontaobhaithe nó leis na daoine eile a bhainistíonn ciste aoisliúntais de réir brí alt 222 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cistí aoisliúntais a dhíolmhú), nó scéim arna ceadú faoi alt 235 nó 235A den Acht sin nó faoin dá alt sin, ar conradh é—

(i) a rinneadh chun críocha an chiste nó na scéime sin amháin nó, i gcás ciste nach bhfuil ach cuid di ceadaithe faoin alt sin 222, ansin, chun críocha na coda sin amháin den chiste sin, agus

(ii) (i gcás conradh a rinneadh nó a athraíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis) atá dréachtaithe sa dóigh go bhfuil na dliteanais faoina ndeachaigh an chuid eachta árachais faoin gconradh ar comhréir le dliteanais a bhfuil sé beartaithe don chonradh an ciste (nó an chuid iomchuí de) nó an scéim a urrú ina n-aghaidh,

agus san fho-alt seo agus san fho-alt deiridh roimhe seo folaíonn “préimh” aon chomaoin le haghaidh blianachta.

Mar a dhéileálfar le hioncam saor-ócháin de chuid banc neamhchónaitheach, etc.

51. —(1) I gcás gnó baincéireachta, gnó árachais nó gnó arb éard é, go hiomlán nó go páirteach, déileáil in urrúis a bheith á sheoladh sa Stát ag duine nach gcónaíonn sa Stát, ansin—

(a) le linn na brabúis a d'eascair as an ngnó nó an caillteanas a tabhaíodh sa ghnó a bheith á ríomh chun críocha an Achta seo, agus

(b) i gcás gnó árachais, le linn na brabúis nó an caillteanas ó ghnó pinsean agus ó ghnó ginearálta blianachtaí a bheith á ríomh faoi alt 39,

ní choiscfidh forálacha alt 11 ús, díbhinní agus íocaíochtaí eile lena mbaineann alt 50 (urrúis de chuid críocha coigríche) nó alt 462 (díbhinní neamhchónaitheoirí a dhíolmhú) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a chur san áireamh d'ainneoin na díolúine ó cháin a thugtar leis na hailt sin faoi seach.

(2) I gcás—

(a) aon ghnó den sórt sin a dúradh a bheith á sheoladh sa Stát ag duine nach sa Stát atá gnáthchónaí air, agus

(b) le linn aon ríomh den sórt sin a dúradh a bheith á dhéanamh maidir leis an ngnó sin, ús ar urrúis saor-ó-cháin a eisiamh de bhua coinníoll ar ar eisíodh na hurrúis sin.

eisiafar freisin ón ríomh sin aon chostais is inchurtha i leith fáil nó sealbhú na n-urrús, nó aon idirbhirt sna hurrúis (ach gan aon ús ar airgead a fuarthas ar iasacht a áireamh sna costais sin), agus aon bhrabúis nó caillteanais is inchurtha amhlaidh.

(3) I gcás cuideachta árachais saoil thar lear mar a shainítear in alt 50—

(a) le linn an t-ioncam ó infheistíochtaí ciste árachais saoil na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha alt 43, déanfar aon ús, díbhinní agus íocaíochtaí eile lena mbaineann alt 50 nó alt 462 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a áireamh d'ainneoin na díolúine ó cháin a thugtar leis na hailt sin faoi seach,

(b) I gcás a ndéanfar, le linn an t-ioncam sin a bheith á ríomh, ús ar aon urrúis saor-ó-cháin a eisiamh de bhua coinníoll ar ar eisíodh na hurrúis sin, laghdófar an faoiseamh faoi alt 47 (2) ionas go mbeidh idir é agus an méid faoisimh a dheonófaí mura mbeadh an mhír seo an chomhréir chéanna a bheidh idir méid an ioncaim sin, gan an t-ús sin a áireamh, agus méid an ioncaim sin agus an t-ús sin a áireamh, agus

(c) i gcás a mbaineann fo-alt (2) le gnó pinsean nó le gnó ginearálta blianachtaí na cuideachta déanfar an faoiseamh faoi alt 47 (3) nó (4), cibé acu é, a laghdú ionas go mbeidh idir é agus an méid faoisimh a dheonófaí amhlaidh mura mbeadh an mhír seo an chomhréir chéanna a bheidh idir méid an ioncaim (gan ús ar urrúis saor-ó-cháin a áireamh) ó infheistíochtaí agus taiscí ciste árachais saoil agus ciste blianachtaí ar leithligh (más ann) na cuideachta, is inchurtha i leith an ghnó sin agus an t-ioncam sin is inchurtha amhlaidh agus an t-ús sin a áireamh,

(4) San alt seo agus in alt 52 ciallaíonn “urrúis saor-ó-cháin” urrúis lena mbaineann alt 464 (urrúis a eisiúint fara díolúine ó cháin), alt 470 (urrúis de chuid údaráis áitiúla Eireannacha a eisíodh lasmuigh den Stát) nó alt 474 (urrúis áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ar urrúis iad a eisíodh faoi choinníoll a rialaíonn áireamh an úis orthu chun críocha cánach ionas go n-eisiafar an t-ús ar na hurrúis le linn ioncam nó brabúis a bheith á ríomh.

(5) San alt seo folaíonn “gnó árachais” gnó árachais de réir brí alt 3 den Acht Arachais, 1936 .

(6) I bhfo-alt (1) folaíonn “urrúis” stoic agus scaireanna.

Urrúis saor-ócháin gan ús ar airgead iasachta a áireamh.

52. —(1) Tá éifeacht leis an alt seo i gcás ina mbaineann alt 51 (2) le gnó d'aon tréimhse chuntasaíochta.

(2) Déanfar, go feadh méid arna chinneadh faoin alt seo (dá ngairtear an méid nach gcáilíonn le haghaidh faoisimh), ús a bheidh dlite le híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, ar airgead a fuarthas ar iasacht chun críocha an ghnó—

(a) a fhágáil as an áireamh le linn ríomh a bheith á dhéanamh faoin Acht seo ar na brabúis (nó ar an gcaillteanas) a d'eascair ón ngnó nó, i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (5), a d'eascair ó aon ghnó blianachtaí nó ó aon ghnó pinsean ba chuid den ghnó saoil, agus

(b) a fhágáil as an áireamh sa mhíniú ar “muirir ar ioncam” in alt 10.

(3) Le linn an méid nach gcáilíonn le haghaidh faoisimh a bheith á chinneadh, cuirfear i gcuntas an t-airgead go léir a fuarthas ar iasacht chun críocha an ghnó agus a bheidh gan íoc sa tréimhse chuntasaíochta, go feadh costas iomlán na n-urrús saor-ó-cháin a bhí ar teachtadh chun críocha an ghnó sa tréimhse sin:

Ar choinníoll nach gcuirfear i gcuntas aon airgead iasachta a bheireann ús nach mbeidh, ar leith ó fho-alt (2) le háireamh sa ríomh faoi mhír (a) den fho-alt sin, agus nach mbeidh le háireamh mar mhuirear ar ioncam chun críocha an Achta seo.

(4) Faoi réir fho-alt (5), beidh an méid nach gcáilíonn le haghaidh faoisimh ar cóimhéid le hús bliana ar an méid airgid a fuarthas as iasacht agus a bheidh le cur i gcuntas faoi fho-alt (3) de réir ráta ar cóimhéid leis an meán-ráta úis sa tréimhse chuntasaíochta ar airgead a fuarthas ar iasacht chun críocha an ghnó, ach amháin i gcás tréimhse chuntasaíochta is giorra ná dhá mhí dhéag gur in aghaidh na tréimhse sin is giorra agus nach in aghaidh bliana a áireofar ús.

(5) I gcás a mbeidh faoiseamh i leith costas bainistí le tabhairt do chuideachta árachais saoil thar lear d'aon tréimhse chuntasaíochta agus go mbeidh an faoiseamh sin le laghdú faoi alt 51 (3) (b) is é a bheidh sa méid nach gcáilíonn le haghaidh faoisimh codán de mhéid an úis sa tréimhse chuntasaíochta ar airgead a fuarthas ar iasacht chun críocha an ghnó saoil (gan gnó pinsean ná gnó ginearálta blianachtaí, más ann, a áireamh) agus is é a bheidh sa chodán sin an codán is ioncam ó urrúis saor-ó-cháin arna roinnt ar ioncam iomlán infheistíochta an chiste árachais saoil.

(6) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh i gcostas sealbhán urrúis saor-ó-cháin a bhíodh ag athrú sa tréimhse chuntasaíochta meánchostas an tsealbháin bhunaidh a fháil, agus meánchostas aon sealbháin a fuarthas ina dhiaidh sin sa tréimhse chuntasaíochta a fháil, arna chur chun feidhme maidir le meánmhéid an tsealbháin sa tréimhse chuntasaíochta, agus cuirfear an fo-alt seo chun feidhme go leithleach maidir le hurrúis de chineálacha éagsúla.