An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cuideachtaí Comhlachaithe: Faoiseamh faoi Chodanna IV agus V) Ar Aghaidh (CUID VIII Dáiltí as Brabúis Airithe ó Mhianadóireacht)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID VII

Díolúintí Speisialta

Ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe.

79. —(1) I gcás a n-áirítear ar bhrabúis cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta aon ioncam lena mbaineann an t-alt seo—

(a) déanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar an ioncam sin don tréimhse chuntasaíochta a ríomh, d'ainneoin forálacha alt 1 (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí mar mhalairt ar cháin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide), ionann is dá mba 35 faoin gcéad an ráta cánach corparáide don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá éis sin, agus

(b) déanfar neamhshuim den ioncam chun críocha uile alt 28 (dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú).

(2) Chun críocha an ailt seo is é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a hioncam don tréimhse sin mar a shainítear sin in alt 28 chun críocha an ailt sin.

(3) Is é an t-ioncam lena mbaineann an t-alt seo—

(a) i gcás cuideachta fhóntais phoiblí atá, trí bhrí nó de bhua aon Achta, faoi thoirmeasc, maidir le hiomlán na trádála nó an ghnó a sheolann sí, aon phraghas is airde a bhaint amach nó aon ráta is airde díbhinne a dháileadh seachas an praghas nó an ráta a bheidh údaraithe trí bhrí nó de bhua an Achta sin, aon ioncam de chuid na cuideachta sin;

(b) i gcás cuideachta fhóntais phoiblí atá, trí bhrí nó de bhua aon Achta, faoi thoirmeasc, maidir le cuid, agus nach bhfuil faoi thoirmeasc ach maidir le cuid, den trádáil nó den ghnó a sheolann sí, aon phraghas is airde a bhaint amach nó aon ráta is airde díbhinne a dháileadh seachas an praghas nó an díbhinn a bheidh údaraithe trí bhrí nó de bhua an Achta sin, an oiread sin d'ioncam na cuideachta sin a dhíorthaigh ón gcuid sin dá trádáil nó dá gnó lena mbaineann an toirmeasc sin;

(c) i gcás cuideachta ar léi leas rialaithe in aon chuideachta fhóntais phoiblí agus a stiúrann bainistíocht na cuideachta sin nó atá i dteideal í a stiúradh, an t-ioncam a fhaigheann an chuideachta chéadluaite sin ón gcuideachta fhóntais phoiblí sin;

(d) ioncam Chorparáid an Chairde Thalmhaíochta Teoranta;

(e) ioncam cuideachta a sheolann gnóthas iarnróid;

(f) ioncam chomhlachas atá cláraithe faoi alt 24 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , mar chuideachta faoi dhliteanas teoranta gan an focal “teoranta” lena ainm, fad a bhíonn sé cláraithe amhlaidh;

(g) ioncam cuideachta atá bunaithe d'aontoisc chun reiligiún nó oideachas a chur chun cinn agus a dtoirmisceann a meabhrán comhlachais nó a hairteagail chomhlachais aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí;

(h) ioncam cuideachta a foirmíodh roimh an 4ú lá de Lúnasa, 1920, agus arb éard iad a sócmhainní go hiomlán stoc nó urrúis eile a d'eisigh aon údarás poiblí agus a bhí ar teachtadh roimhe sin ag na daoine a d'fhoirmigh an chuideachta;

(i) ioncam cuideachta a dtoirmisceann a cóiriú uirthi aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí; agus

(j) an oiread sin d'ioncam cuideachta iontaobhais infheistíochta a dhíorthaigh as díbhinní agus as dáiltí eile a fuarthas ó aon chomhlacht corparaithe atá faoi dhliteanas i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór i leith na cánach dá ngairtear cáin chorparáide a mhéid a íocadh na díbhinní agus na dáiltí sin as brabúis a d'iompair an cháin sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “cuideachta fhóntais phoiblí” cuideachta a sheolann gnóthas trambhealaigh, duga nó canála sa Stát.

(5) Chun críocha fho-alt (3) (i), measfar cuideachta a bheith faoi thoirmeasc ag a cóiriú aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí más rud é, agus amháin más rud é—

(a) gur cuideachta í de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus go bhfuil ina meabhrán comhlachais nó ina hairteagail chomhlachais forálacha—

(i) a choisceann aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí i modh díbhinne, bónais nó ar dhóigh eile, agus

(ii) a urraíonn, má bhíonn aon mhaoin de chuid na cuideachta gan diúscairt tar éis fiacha agus dliteanais uile na cuideachta a ghlanadh ar í a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh, nach dtabharfar an mhaoin sin dá comhaltaí ná nach ndáilfear orthu í, ach—

(I) go dtabharfar don Aire Airgeadais í chun sochair don Phríomh-Chiste, nó

(II) go dtabharfar í do chomhlacht daoine (de réir brí na nAchtanna Cánach Ioncaim) a roghnaigh comhaltaí na cuideachta tráth nó roimh thráth an fhoirceanta nó an díscaoilte réamhráite is comhlacht arb ionann a chuspóirí agus cuspóirí na cuideachta, agus a bhfuil ina chóiriú nó ina rialúcháin eile forálacha a choisceann (an oiread ar a laghad agus a dhéanann na toirmisc dá dtagraítear i ndáil leis an gcuideachta san fhomhír seo agus sna fomhíreanna eile den mhír seo) aon chuid dá ioncam nó dá mhaoin a dháileadh ar a chomhaltaí nó ar a dhílseánaigh, nó

(III) go dtabharfar í do chomhlacht daoine (de réir brí na nAchtanna Cánach Ioncaim) nó d'iontaobhas a bunaíodh d'aontoisc chun críocha carthanúla, agus

(iii) a urraíonn nach bhféadfar na forálacha réamhráite a athrú ná a scriosadh gan toiliú nó ceadú a fháil roimh ré ón Aire Airgeadais, nó toiliú nó ceadú a fháil roimh ré ó aon Aire Stáit eile a thabharfar tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais; nó

(b) gur cuideachta í, a bunaíodh le reacht nó faoi reacht (de réir brí alt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937 ) agus atá ainmnithe sa reacht sin, nó a corpraíodh le cairt nó faoi chairt, agus

(i) atá coiscthe leis an reacht nó faoin reacht nó leis an gcairt nó faoin gcairt, cibé acu é, ó aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí i modh díbhinne. bónais nó eile nó, mura bhfuil sí coiscthe amhlaidh, nach bhfuil údaraithe leis an reacht nó faoin reacht nó leis an gcairt nó faoin gcairt aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí, nó

(ii) atá faoi cheangal a hioncam agus a maoin a úsáid mar a ordaítear leis an reacht nó faoin reacht nó leis an gcairt nó faoin gcairt nó ag Aire Stáit.

(6) I gcás forálacha den sórt a shonraítear i bhfo-alt (5) (a) a bheith i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais cuideachta agus go n-athrófar nó go scriosfar na forálacha sin gan toiliú nó ceadú a fháil roimh ré ón Aire Airgeadais, nó toiliú nó ceadú a fháil roimh ré ó aon Aire Stáit eile a thabharfar tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, de réir mar a bheidh, ansin—

(a) i gcás a ndéanfaidh an chuideachta dáileadh as ioncam lena mbaineann an t-alt seo nó as brabúis nár cuireadh, de bhua alt 43 (3) den Finance Act, 1922, faoi mhuirear cánach brabús corparáide nó as an ioncam agus na brabúis sin, measúnófar cáin ioncaim ar an gcuideachta de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV de Sceideal D ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain ina ndéanfar an dáileadh agus meid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm maidir leis an dáileadh dá mba phearsa aonair a raibh cónaí air sa Stát an duine a fuair é;

(b) i gcás a ndéanfaidh an chuideachta, an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, a sócmhainní a dháileadh ar a comhaltaí nó ar a dílseánaigh ar an gcuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh measúnófar cáin ioncaim ar an gcuideachta don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an foirceannadh nó an díscaoileadh de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV de Sceideal D ar mhéid a chinnfear de réir na foirmle

D ×

100

_____

100-A

i gcás—

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an foirceannadh nó an díscaoileadh, agus

arb é D an méid a bheidh de bhreis ag luach iomlán na sócmhainní a dáileadh ar na comhaltaí nó ar na dílseánaigh ar an gcuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh ar mhéid scairchaipiteal láníoctha na cuideachta.

(7) (a) San alt seo—

ciallaíonn “cuideachta iontaobhais infheistíochta” cuideachta a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas—

(i) gur sa Stát atá sí corpraithe agus gur ann atá cónaí uirthi,

(ii) gur eisigh sí chun a suibscríofa go poiblí cuid nach lú ná 80 faoin gcéad in ainmluach dá scaireanna lena ngabhann cearta vótála, cibé acu is cearta láithreacha iad nó cearta a éireoidh i ndálaí áirithe san am le teacht,

(iii) gur infheistíochtaí a dhéanamh formhór a gnó,

(iv) go gcoisceann meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na cuideachta barrachais as réadú infheistíochtaí a dháileadh mar dhíbhinn;

ciallaíonn “urrúis Éireannacha” urrúis de chuid an Rialtais, urrúis arna ráthú ag an Aire Airgeadais agus aon stoic, scaireanna, bintiúir, bannaí nó oibleagáidí de chuid aon bhardais chathrach sa Stát, nó de chuid aon chuideachta nó comhlachta chorpraithe eile atá corpraithe sa Stát;

ciallaíonn “urrúis” stoic, scaireanna, bannaí agus oibleagáidí de chuid aon Rialtais, bardais chathrach, cuideachta nó comhlachta chorpraithe eile.

(b) Ní bhainfidh forálacha fho-alt (1) le hioncam cuideachta iontaobhais infheistíochta d'aon tréimhse chuntasaíochta mura gcomhalfar na coinníollacha seo a leanas—

(i) in imeacht na tréimhse cuntasaíochta—

(I) nár lá na 15 faoin gcéad de luach na n-urrús a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta luach na n-urrús Éireannach a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta,

(II) nárbh ionannas na hurrúis (d'aicme amháin nó níos mó) a theacht an chuideachta iontaobhais infheistíochta in aon chomhlacht corpraithe áirithe, seachas cuideachta iontaobhais infheistíochta, do chuid ba mhó ná 15 faoin gcéad, de réir luacha, d'urrúis na cuideachta iontaobhais infheistíochta céadluaite,

(III) nár lú ná caoga líon na scairshealbhóirí agus nárbh úinéir tairbhiúil aon scairshealbhóir áirithe ar bhreis agus 49 faoin gcéad de scaireanna na cuideachta iontaobhais infheistíochta,

(IV) nár lú ná 85 faoin gcéad de luach na n-urrús a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta luach na n-urrús a luadh ar stocmhargadh aitheanta agus a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta,

agus

(ii) nár choinnigh an chuideachta iontaobhais infheistíochta thar 15 faoin gcéad dá brabúis—

(I) in aon tréimhse chuntasaíochta, ná

(II) in aon tréimhse (nár thréimhse a raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide lena linn) a ndearnadh cuntais na cuideachta amach ina leith agus a chríochnaigh an 29ú lá d'Iúil, 1968, nó dá éis.

(c) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, a ordú go mbeidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) i ndáil le cuideachta iontaobhais infheistíochta d'aon tréimhse chuntasaíochta d'ainneoin ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a luaitear i mír (b) (i) den fho-alt seo a bheith gan chomhlíonadh agus foilseofar fógra faoi aon ordú den sórt sin san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis é a thabhairt.

(8) Ní mheasfar gur ioncam de chuid cuideachta chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach aon mhéid ar a ndéanfar, de bhua an ailt seo, cáin ioncaim a mhuirearú ina leith ar an gcuideachta trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D.

Díolúine d'ioncam as scéimeanna árachais sláinte shaorálaigh a sheoladh.

80. —Beidh díolúine ó cháin chorparáide ag ioncam an Bhord Arachais Sláinte Shaorálaigh as gnó ag seoladh scéimeanna árachais sláinte shaorálaigh faoi alt 4 den Acht Arachais Sláinte Shaorálaigh, 1967.