10 1976


Uimhir 10 de 1976


AN tACHT UM CHOISTÍ THITHE AN OIREACHTAIS (PRIBHLÉID AGUS NÓS IMEACHTA), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁLA MAIDIR LE PRIBHLÉID, DÍOLÚINE AGUS NÓS IMEACHTA I nDÁIL LE COISTÍ THITHE AN OIREACHTAIS. [6 Aibreán, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “coiste” coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó arna cheapadh ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar.

Pribhléid agus díolúine coistí.

2. —(1) Ní bheidh comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas inchúisithe, mar gheall ar aon chaint i gcoiste nó os comhair coiste, in aon chúirt ná ag údarás ar bith ach amháin an Teach nó na Tithe den Oireachtas a cheap an coiste.

(2) Beidh

(a) na doiciméid de chuid coiste agus na doiciméid de chuid a chomhaltaí a bhaineann leis an gcoiste nó lena fheidhmeanna,

(b) gach tuarascáil oifigiúil agus gach foilseachán oifigiúil ó choiste, agus

(c) an chaint i gcoiste a dhéanfaidh comhaltaí, comhairleoirí. oifigigh agus gníomhairí an choiste,

faoi phribhléid cibé áit a bhfoilseofar iad.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um Choistí Thithe an Oireachtais (Pribhléid agus Nós Imeachta), 1976 , a ghairm den Acht seo.