An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976) Ar Aghaidh (CUID II Céilí agus Leanaí Cleithiúnacha a Chothabháil)

11 1976

AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá is mí tar éis dáta a rite.

Léiriú.

1930, Uimh. 17 .

1964, Uimh. 7 .

1974, Uimh. 16 .

3. —(1) San Acht seo, ach mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “réamh-ordú” —

(a) ordú cothabhála,

(b) ordú athrúcháin,

(c) ordú eatramhach,

(d) ordú faoi alt 8 den Acht seo (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é),

(e) ordú a meastar faoi alt 30 den Acht seo gur ordú cothabhála é,

(f) ordú ag déanamh forála le haghaidh íocaíochta tréimhsiúla faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 ,

(g) ordú le haghaidh cothabhála faoi alt 11 (2) (b) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 ,

(h) ordú cothabhála infheidhmithe faoin Acht um Orduithe Cothabhála, 1974 ,

(i) ordú ag ordú ailiúnas a íoc go dtí go ndéanfar agra nó go dtí go n-íocfar buan-ailiúnas;

ciallaíonn “ordú astaithe tuillimh” ordú faoi alt 10 den Acht seo:

forléireofar “Cúirt” de réir alt 23 den Acht seo;

ciallaíonn “leanbh cleithiúnach den teaghlach”, maidir le céile nó céilí, aon leanbh—

(a) leis an dá chéile, nó a d'uchtaigh an dá chéile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, nó a bhfuil an dá chéile in loco parentis maidir leis, nó

(b) le ceachtar céile, nó a d'uchtaigh ceachtar céile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, nó a bhfuil ceachtar céile in loco parentis maidir leis, i gcás ina bhfuil déileáilte ag an gcéile eile, agus a fhios aige nach duine de thuismitheoirí an linbh é, leis an leanbh mar dhuine den teaghlach,

atá faoi bhun sé bliana déag d'aois, nó má tá an aois sin slán aige—

(i) a bhfuil nó a mbeidh nó, dá ndéanfaí ordú faoin Acht seo do dhéanamh socrú le haghaidh íocaíochtaí tréimhsiúla lena chothú, a mbeadh oideachas nó teagasc lánaimsire á fháil aige in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus atá faoi bhun bliain is fiche d'aois, nó

(ii) a bhfuil an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air nach féidir leis le réasún é féin a chothabháil go hiomlán;

folaíonn “tréigean” iompar ar thaobh céile amháin a dtarlaíonn dá bharr an céile eile, ar chúis mhaith, dá fhágáil agus cónaí ar leithligh agus scartha uaidh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “tuilleamh” aon suimeanna is iníoctha le duine—

(a) ar mhodh pá nó tuarastail (lena n-áirítear aon táillí, bónas, coimisiún, pá breis-ama nó díolaíochtaí eile is iníoctha i dteannta pá nó tuarastail nó is iníoctha faoi chonradh seirbhíse);

(b) ar mhodh pinsin nó sochair eile dá shamhail i leith fostaíochta (lena n-áirítear blianacht i leith seirbhísí san aimsir atá caite, cibé acu is don duine a íocann an bhlianacht a rinneadh iad nó nach dó, agus lena n-áirítear íocaíochtaí tréimhsiúla ar mhodh cúitimh i ndíolaíochtaí aon oifige nó fostaíochta a chailleadh, mar gheall ar dheireadh a chur leo nó scaradh leo, nó mar gheall ar iad laghdú);

ciallaíonn “ordú eatramhach” ordú faoi alt 7 den Acht seo;

ciallaíonn “creidiúnaí cothabhála”, maidir le hordú faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 22 den Acht seo), nó maidir le himeachtaí de bharr ordaithe den sórt sin, duine ar ar iarratas uaidh a rinneadh ordú den sórt sin;

ciallaíonn “féichiúnaí cothabhála”, maidir le hordú astaithe tuillimh, nó maidir le himeachtaí ina bhfuil cumhacht ag Cúirt ordú den sórt sin a dhéanamh, nó maidir le himeachtaí de bharr ordaithe den sórt sin, an céile a gceanglaíonn an réamh-ordú iomchuí air íocaíochtaí a íoc agus, maidir le haon ordú eile faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 22 den Acht seo) nó maidir le himeachtaí ina bhfuil cumhacht ag Cúirt ordú den sórt sin a dhéanamh, nó maidir le himeachtaí de bharr ordaithe den sórt sin, céile atá nó, dá ndéanfaí é, a bheadh faoi cheangal ag ordú den sórt sin íocaíochtaí tréimhsiúla a íoc chun daoine a ainmnítear san ordú a chothú:

ciallaíonn “ordú cothabhála” ordú faoi alt 5 den Acht seo;

tá le “gnáth-ráta asbhainte” agus le “ráta tuillimh chosanta” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 10 den Acht seo;

ciallaíonn “ordú athrúcháin” ordú faoi alt 6 den Acht seo ag athrú ordaithe cothabhála.

(2) Faoi réir alt 16 den Acht seo, measfar baint fostaí le fostóir a bheith ag beirt daoine le chéile má dhéanann duine acu mar phríomhaí agus ní mar sheirbhíseach ná mar ghníomhaire tuilleamh a íoc leis an duine eile.

(3) Folaíonn tagairtí san Acht seo do chléireach Cúirte Dúiche tagairtí dá chomharba in oifig chléireach Cúirte Dúiche agus d'aon duine ag gníomhú thar a cheann.

(4) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

Nuair a thosóidh íocaíochtaí tréimhsiúla.

4. —Tosóidh íocaíocht thréimhsiúil faoi ordú faoin Acht seo ar cibé dáta, nach luaithe ná dáta an ordaithe a dhéanamh, a shonrófar san ordú.