An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Tuilleamh a Astú)

11 1976

AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976

CUID IV

Ilghnéitheach

Maoin i liúntas tís.

21. —Aon liúntas a thabharfaidh céile amháin don chéile eile tar éis tosach feidhme an Achta seo faoi chomhair caiteachais tís agus aon mhaoin nó aon leas i maoin a gheofar as liúntas den sórt sin measfar, mura mbeidh aon chomhaontú dá mhalairt, sainráite nó intuigthe, eatarthu, gur leis an dá chéile mar chomhúinéirí é.

Céile a dhúnadh amach as áras an teaghlaigh.

1964, Uimh. 7 .

1957, Uimh. 6 .

22. —(1) Ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, féadfaidh an Chúirt, más é a tuairim go bhfuil cúis réasúnach ann lena chreidiúint gur gá é ar mhaithe le sábháilteacht nó leas an chéile sin nó aon linbh chleithiúnaigh den teaghlach, a ordú don chéile eile, má chónaíonn sé in áit ina gcónaíonn an céile iarrthach nó an leanbh sin, an áit sin a fhágáil, agus, cibé acu a chónaíonn nó nach gcónaíonn an céile eile san áit sin, a thoirmeasc air dul isteach san áit sin go dtí go ndéanfaidh an Chúirt ordú eile nó go dtí cibé tráth eile a shonróidh an Chúirt.

(2) Féadfaidh ceachtar céile iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun na Cúirte a rinne ordú faoin alt seo á iarraidh go n-urscaoilfí an t-ordú, agus urscaoilfidh an Chúirt an t-ordú más deimhin léi gur ceart sin a dhéanamh agus nach ndéanfaidh an t-urscaoileadh dochar do shábháilteacht agus do leas an chéile ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú ná do shábháilteacht agus do leas aon linbh chleithiúnaigh.

(3) Gan dochar don dlí maidir le díspeagadh cúirte, i gcás duine—

(a) do shárú ordú faoin alt seo, nó

(b) do chur, le linn ordú faoin alt seo a bheidh dírithe ina aghaidh a bheith i bhfeidhm, araoid nó eagla ar a chéile nó ar leanbh cleithiúnach,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air.

(4) I bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt, an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche, agus—

(a) beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche i ndáil le himeachtaí faoin alt seo ar neamhshuim le luacháil inrátaithe na háite lena mbaineann na himeachtaí, ach, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, rachaidh aon ordú ón gCúirt Dúiche in éag trí mhí tar éis dáta a dhéanta ach féadfar é a athnuachan ó am go ham le hordú ón gCúirt Dúiche, ar dhuine a ndearnadh an t-ordú ar mhaithe leis á iarraidh sin uirthi, go ceann tréimhsí eile trí mhí ach nach faide ná trí mhí maidir le haon athnuachan ar leith,

(b) ní bheidh dlínse ag an gCúirt Chuarda (ach amháin ar achomharc ó ordú de chuid na Cúirte Dúiche) i ndáil le himeachtaí faoin alt seo i gcás inar mó ná £100 luacháil inrátaithe na háite lena mbaineann na himeachtaí,

(c) rachaidh ordú ón gCúirt Chuarda ar achomharc ó ordú de chuid na Cúirte Dúiche faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil le háit ar mó ná £100 a luacháil inrátaithe in éag, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, trí mhí tar éis dáta a dhéanta ach féadfar é a athnuachan ó am go ham le hordú ón gCúirt Dúiche, ar dhuine a ndearnadh an t-ordú ar mhaithe leis á iarraidh sin uirthi, go ceann tréimhsí eile trí mhí ach nach faide ná trí mhí maidir le haon athnuachan ar leith.

(5) Rachaidh ordú faoin alt seo in éag nuair a chinnfear aon chúis nó ábhar maidir le pósadh san Ard-Chúirt idir na céilí nó aon imeachtaí idir na céilí faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda, agus an Chúirt a chinnfidh aon chúis, ábhar nó imeachtaí den sórt sin, féadfaidh sí ordú faoin alt seo a dhéanamh sa chúis, san ábhar nó sna himeachtaí ar neamhshuim le luacháil inrátaithe na háite lena mbainfidh an t-ordú.

(6) Cuirfidh achomharc ó ordú faoin alt seo, má dhéanann an chúirt a rinne an t-ordú nó an chúirt a ndéanfar an t-achomharc chuici sin a chinneadh, ach ní chuirfidh in aon chúinse eile, bac ar an imeacht ar an ordú ar cibé téarmaí (más ann) a fhorchuirfidh an chúirt a dhéanfaidh an cinneadh.

(7) I gcás gan duine a bheith ina chónaí in áit i gcaitheamh aon tréimhse áirithe mar gheall ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus mar gheall ar sin amháin, measfar, chun críocha aon chearta faoi na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionontaí, 1931 go 1971, faoi Reacht na dTréimhsí, 1957 , nó faoi na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, é a bheith ina chónaí san áit i gcaitheamh na tréimhse sin.

Dlínse na gCúirteanna.

1924, Uimh. 10 .

23. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh, go comhthráthach, ag an Ard-Chúirt, ag an gCúirt Chuarda (ar achomharc ón gCúirt Dúiche) agus ag an gCúirt Dúiche, dlínse imeachtaí faoi ailt 5, 6, 7 agus 9 den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh.

(2) (a) Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ná ag an gCúirt Chuarda (ar achomharc ón gCúirt Dúiche) ordú a dhéanamh faoin Acht seo á ordú go n-íocfar suim thréimhsiúil de réir ráta is mó ná £50 sa tseachtain chun céile a chothú nó is mó ná £15 sa tseachtain chun leanbh a chothú.

(b) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thugann don Chúirt Dúiche nó don Chúirt Chuarda (ar achomharc ón gCúirt Dúiche) dlínse ordú a dhéanamh nó treoir a thabhairt faoi alt 5, 6, 7 nó 9 den Acht seo in aon ábhar a ndearna an Ard-Chúirt ordú, nó ar thug an Ard-Chúirt treoir, i ndáil leis faoi aon cheann de na hailt sin.

(3) D'ainneoin aon ní in alt 52 nó 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , féadfaidh Breitheamh na cuarda ina bhfuil gnáthchónaí ar cheachtar de na páirtithe sna himeachtaí nó ina seolann ceachtar de na páirtithe sin aon ghairm, gnó nó slí bheatha an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda le halt 8 den Acht seo a fheidhmiú agus féadfar imeachtaí faoin Acht seo a thabhairt os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar cheachtar de na páirtithe sna himeachtaí nó ina seolann ceachtar de na páirtithe sin aon ghairm, gnó nó slí bheatha agus féadfaidh an Breitheamh sin na himeachtaí sin a éisteacht agus a chinneadh.

Gan cáin ioncaim a bhaint as íocaíochtaí.

24. —Aon íocaíocht thréimhsiúil airgid a dhéanfar de bhun ordaithe cothabhála, ordaithe athrúcháin, ordaithe eatramhaigh, ordú faoi alt 8 den Acht seo (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é), nó ordaithe astaithe tuillimh déanfar í gan cáin ioncaim a bhaint aisti.

Seoladh imeachtaí Cúirte.

25. —(1) Déanfar imeachtaí faoin Acht seo a sheoladh go hachomair agus a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(2) I ndlísheomraí a éistfear imeachtaí san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Chuarda faoin Acht seo.

Costais.

26. —Is de réir rogha na Cúirte a bheidh costais aon imeachtaí faoin Acht seo.

Forálacha áirithe i gcomhaontuithe a bheith ar neamhní.

27. —Beidh comhaontú ar neamhní a mhéid a bheadh d'éifeacht leis gníomhú aon fhorála den Acht seo (seachas alt 21) a eisiamh nó a theorannú.

Leasú ar Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , agus ar Acht na gCúirteanna, 1971 .

1930, Uimh. 17 .

1971, Uimh. 36 .

1952, Uimh. 25 .

28. —(1) Leasaítear leis seo Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach in alt 1:

“ciallaíonn ‘leanbh’ aon leanbh atá faoi bhun sé bliana déag d'aois, nó, má tá an aois sin slán aige—

(i) a bhfuil nó a mbeidh nó, dá ndéanfaí ordú faoin Acht seo do dhéanamh socrú le haghaidh íocaíochtaí tréimhsiúla lena chothú, a mbeadh oideachas nó teagasc lánaimsire á fháil aige in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus atá faoi bhun bliain is fiche d'aois, nó

(ii) a bhfuil an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air nach féidir leis le réasún é féin a chothabháil go hiomlán.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in alt 2 in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní fhéadfar iarratas go n-eiseofaí toghairm nó próis eile faoin alt seo a dhéanamh ach—

(a) roimh bhreith an linbh neamhdhlisteanaigh ar ina leith a dhéanfar an t-iarratas, nó

(b) laistigh de thrí bliana tar éis bhreith an linbh, nó

(c) i gcás inar thug athair líomhnaithe an linbh cabhair chun an leanbh a chothabháil laistigh de thrí bliana tar éis dáta an linbh a bhreith, aon tráth tar éis an chabhair a thabhairt, nó

(d) i gcás nach raibh athair líomhnaithe an linbh ina chónaí sa Stát ar dháta an linbh a bhreith, aon tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis don athair líomhnaithe teacht do chónaí, den chéad uair, sa Stát tar éis an dáta sin, nó

(e) i gcás ina raibh athair líomhnaithe an linbh ina chónaí sa Stát ar dháta an linbh a bhreith ach gur scoir sé de bheith ina chónaí ansin laistigh de thrí bliana tar éis an dáta sin, aon tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis don athair líomhnaithe teacht do chónaí, den chéad uair, sa Stát tar éis an scoir sin.”;

(c) trí “dhá chéad punt” a chur in alt 3 (1) (a) in ionad “caoga punt” (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna, 1971 );

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 3 (5):

“(5) Is ar shlí seachas go poiblí a sheolfar imeachtaí faoin Acht seo.”;

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 3 (6):

“(6) Ní dleathach aon ábhar a bhaineann le himeachtaí faoin Acht seo a thabharfadh go n-aith neofaí na páirtithe sna himeachtaí a chló nó a fhoilsiú ná a chur faoi deara é a chló nó a fhoilsiú.”;

(f) trí ailt 3 (7) agus 9 (2) a scriosadh;

(g) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in alt 3, i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) D'ainneoin aon ní san Acht seo, beidh feidhm ag alt 9 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , maidir le hordú atharthachta faoi réir na modhnuithe go ndéanfar an tagairt i bhfo-alt (4) den alt sin 9 don chreidiúnaí cothabhála a fhorléiriú mar thagairt don duine a ndéanfaí, ar leith ón alt seo, íocaíochtaí faoin ordú a íoc leis de bhua fho-ailt (3) agus (4) d'alt 9 den Acht seo agus déanfar na tagairtí eile san alt sin 9 don chreidiúnaí cothabhála a fhorléiriú mar thagairtí don duine ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú atharthachta.”;

(h) trí na hailt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“4.—(1) Tosóidh íocaíocht thréimhsiúil faoi ordú faoin Acht seo ar cibé dáta, nach luaithe ná an dáta a dhéanfar an t-ordú, a shonrófar san ordú.

(2) Gach suim thréimhsiúil is iníoctha ag athair toimhdean faoi ordú atharthachta leanfaidh sí, faoi réir fho-alt (3) den alt seo agus aon athrú a dhéanfar ar a méid faoin Acht seo, de bheith iníoctha go ceann cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(3) Gach suim thréimhsiúil is iníoctha ag athair tiomhdean faoi ordú atharthachta scoirfidh sí de bheith iníoctha nuair a tharlóidh cibé teagmhas de na teagmhais seo a leanas is luaithe a tharlóidh, is é sin le rá:

(a) bás an linbh ar ina leith is iníoctha an tsuim thréimhsiúil sin;

(b) an tsuim thréimhsiúil sin a iomalartú faoin Acht seo trí chnapshuim a íoc;

(c) an tsuim thréimhsiúil sin a fhoirceannadh trí ordú faoi alt 5;

(d) an leanbh sin do shlánú sé bliana déag d'aois, mura rud é, tráth an ordaithe a dhéanamh nó aon tráth dá eis sin sula raibh sé bliana déag d'aois slán ag an leanbh, go mbeidh an Chúirt Dúiche tar éis a mhalairt a ordú mar gheall ar riachtanais oideachais an linbh sin nó mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach a bheith air;

(e) an leanbh sin do shlánú bliain is fiche d'aois, i gcás é a bheith ordaithe ag an gCuirt, mar gheall ar riachtanais oideachais an linbh sin, go ndéanfaí íocaíochtaí thar a cheann tar éis dó sé bliana déag d'aois a shlánú.

(4) (a) I gcás ordú atharthachta, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , nó dá éis sin a rinneadh é, a bheith urscaoilte ag an gCúirt Dúiche faoi alt 5 den Acht seo nó i gcás íocaíochtaí faoi ordú atharthachta gan a bheith iníoctha feasta de bhua an Achta seo, féadfaidh an Chúirt Dúiche le hordú, aon tráth dá éis sin, d'ainneoin aon ní san Acht seo, a ordú go n-íocfaidh an t-athair toimhdean íocaíochtaí a mbeidh cibé méid iontú, cibé tráthanna agus go ceann cibé tréimhse a shonróidh an Chúirt Dúiche le linn don duine ar chun sochair dó a rinneadh an t-ordú a bheith ina leanbh.

(b) Measfar, chun críocha alt 3 (10) den Acht seo, fho-alt (1) den alt seo, ailt 5 agus 6 den Acht seo agus alt 31 (1) den Acht Uchtála, 1952 , gur ordú atharthachta ordú faoin bhfo-alt seo.

(5) Ar athair toimhdean a dhlíonn suim thréimhsiúil a íoc faoi ordú faoin Acht seo d'fháil bháis, rachaidh dliteanas an tsuim thréimhsiúil sin a íoc in astú dá eastát mar fhiach sibhialta agus beidh an tsuim thréimhsiúil sin inghnóthaithe dá réir sin ag an duine lenarb iníoctha í de thuras na huaire.

4A.—(1) I gcás inar dealraitheach don Chúirt ar aon duine do dhéanamh iarratais chuici, go bhfuil mainnithe ag tuismitheoir linbh an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar don leanbh, féadfaid an Chúirt ordú a dhéanamh go n-íocfaidh an tuismitheoir leis an duine sin íocaíochtaí tréimhshiúla chun an leanbh a chothú go ceann cibé tréimhse le linn an duine sin a bheith beo, a mbeidh cibé méid iontu agus cibé tráthanna is cuí leis an gCúirt.

(2) Beidh feidhm i ndáil le hordú faoin alt seo ag na forálacha den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , a bhaineann le horduithe cothabhála, fara aon mhodhnuithe agus aon oiriúnuithe is gá.

(3) Ní dhéanfaidh an Chúirt ordú i ndáil le tuismitheoir linbh faoin alt seo má bhíonn ordú atharthachta nó ordú faoi alt 4 (4) den Acht seo i bhfeidhm á cheangal ar an tuismitheoir sin íocaíochtaí chun sochair don leanbh a íoc nó má bhíonn soláthar déanta don leanbh ag an tuismitheoir sin le comhaontú a mbeidh, tráth éisteachta nó tar éis tráth éisteachta an iarratais ar an ordú faoin alt seo, íocaíochtaí le híoc faoi agus a mbeidh ordú faoi alt 10 den Acht seo déanta i ndáil leis mura rud é—

(a) nach mbeidh an tuismitheoir ag comhlíonadh an ordaithe atharthachta nó an ordaithe faoin alt sin 4 (4) nó an chomhaontaithe, de réir mar a bheidh, agus

(b) nach cuí leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca go léir, sin a dhéanamh,

ach, má dhéanann an Chúirt an t-ordú faoin alt seo, ní bheidh aon mhéideanna iníoctha a bheidh dlite le híoc faoin ordú atharthachta, faoin ordú faoin alt sin 4 (4) nó faoin gcomhaontú, de réir mar a bheidh, ar dháta. ná tar éis dáta, an ordaithe faoin alt seo a dhéanamh.

(4) San alt seo—

forléireofar “Cúirt” de réir alt 23 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

ciallaíonn “tuismitheoir”, maidir le leanbh, máthair an linbh, athair toimhdean an linbh, nó duine a mbeidh soláthar déanta aige don leanbh trí chomhaontú a mbeidh ordú faoi alt 10 den Acht seo déanta i ndáil leis;”

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in alt 5:

“(3) Déanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas ón duine a dhlíonn suim thréimhsiúil a íoc faoi ordú atharthachta, an t-ordú a urscaoileadh más deimhin leis nach leanbh feasta an duine ar chun sochair dó a rinneadh an t-ordú.”

(j) trí “dhá chéad punt” a chur in alt 6 (1) in ionad “caoga púnt” agus “dhá chéad punt” a chur in alt 7 in ionad “caoga punt” (a cuireadh san alt sin 7 le hAcht na gCúirteanna, 1971 );

agus tá na hailt sin 3 (1) (a), 6 (1) agus 7, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Déanfar na tagairtí in Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , a dúradh, d'íocaíocht sheachtainiúil a fhorléiriú mar thagairtí d'íocaíocht thréimhsiúil.

(3) Leasaítear leis seo alt 19 (3) (a) d'Acht na gCúirteanna, 1971 , trí £15 a chur in ionad £5, agus tá an t alt sin 19 (3) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(a) má fuair an leanbh san bás roimh an ordú san do dhéanamh sochraide an leinbh sin, fé mar mheasfaidh an Breitheamh iad, chó fada le méid nách mó ná dhá chéad punt, nó

6.—(1) Ar iarratas fén alt so i dtaobh leinbh thabhartha fé bhun sé mblian déag d'áois go mbeidh suim sheachtainiúil iníoctha mar gheall air an uair sin fé ordú athairíochta, nó i dtaobh leinbh thabhartha de shé bliana déag d'aois go raibh suim sheachtainiúil iníoctha mar gheall air fé ordú athairíoctha díreach sara raibh an aois sin slán aige, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche a ordú d'athair cheaptha an leinbh sin nó d'ionadaí phearsanta an athar cheaptha san pé suim nach mó ná dhá chéad punt agus a shocróidh an Breitheamh d'íoc chun an leanbh san do chur le céird.

7—I gcás leanbh tabhartha go ndearnadh ordú athairíochta ina thaobh d'fháil bháis agus suim sheachtainiúil iníoctha mar gheall air fén ordú san, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar a iarraidh sin laistigh de dhá mhí tar éis bháis an leinbh sin don té le n-a raibh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha, a ordú d'athair cheaptha an leinbh sin nó d'ionadaí phearsanta an athar cheaptha san costaisí sochraide an leinbh sin, fé mar mheasfaidh an Breitheamh san iad, d'íoc chó fada le suim nách mó ná dhá chéad punt.

(a) Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ordú a dhéanamh faoin Acht sin chun suim sheachtainiúil is mó ná £15 a íoc le haghaidh cothabháil agus oideachas linbh.

Leasú ar an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 .

1940, Uimh. 23 .

29. —Déanfar na tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (7) d'alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , d'ordú a fhorléiriú mar thagaintí a fholaíonn tagairtí d'ordú cothabhála, d'ordú athrúcháin, d'ordú eatramhach, d'ordú faoi alt 8 den Acht seo (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é) nó do threoir faoi alt 9 den Acht seo.

Aisghairm.

1886, c. 52.

1940, Uimh. 23 .

1971, Uimh. 36 .

1954, Uimh. 18 .

30. —(1) Aisghairtear leis seo an Married Woman (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, alt 13 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , alt 7 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , agus alt 18 d'Acht na gCúirteanna, 1971 , agus déanfar an tagairt in alt 98 (1) (a) den Acht Cosanta, 1954 , d'ordú arna dhéanamh ag cúirt shibhialta faoi alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, a dúradh, a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoi alt 5, 6 nó 7 den Acht seo nó d'ordú faoi alt 8 den Acht seo (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é).

(2) (a) Aon ordú a rinne Cúirt faoi na forálacha a aisghairtear leis an alt seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh sé i bhfeidhm ionann is dá mba éard é, agus measfar chun gach críche gurb éard é, ordú cothabhála nó ordú astaithe tuillimh, de réir mar a bheidh.

(b) Aon imeachtaí a tionscnaíodh faoi na forálacha a aisghairtear leis an alt seo agus nach raibh críochnaithe roimh an aisghairm measfar chun gach críche gur imeachtaí iad faoi na forálacha comhréire den Acht seo agus féadfar leanúint díobh dá réir sin.