|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Leasú Achtachán) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1976
CUID VI Ilghnéitheach | ||
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
80. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “alt leasaitheach 1975” alt 54 den Acht Airgeadais, 1975 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an séú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo; | |
[EN] | tá le “an tAire” “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt. | |
[EN] | (2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1976, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1975 ach “£7,122,533” a chur in ionad “£7,272,655”. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1975 ach “£4,496,112” a chur in ionad “£4,681,565”. | |
[EN] | (4) Déanfar suim £9,472,954 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig 1976. | |
[EN] | (5) Déanfar an séú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfar aon mhéid den séú blianacht bhreise is fiche, nach mó ná £6,097,945 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc. | |
[EN] | (7) Déanfar iarmhéid an séú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |
[EN] |
Aisghairm. |
81. —(1) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin. |
[EN] | (2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin. | |
[EN] | (3) (a) Measfar gur tháinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1976. | |
[EN] | (b) Measfar gur tháinig fo-alt (2) den alt seo i ngníomh an lú lá de Mhárta, 1976. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna. |
82. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme 1891, c. 39. |
83. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1976 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin. | |
[EN] | (4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |
[EN] | (5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Achta Cánach Breisluacha, 1972 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |
[EN] | (6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid I den Acht seo, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976. | |
[EN] | (7) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi. |