An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Sochair Chomhchineáil) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

16 1976

AN tACHT AIRGEADAIS, 1976

Caibidil VI

Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar ailt 31 (cáin ioncaim ar dhíbhinní áirithe) agus 37 (cáin bhrabús corparáide ar dhíbhinní áirithe) den Acht Airgeadais, 1973 .

I.R. Uimh. 143 de 1975.

24. —Leasaítear leis seo ailt 31 agus 37 den Acht Airgeadais, 1973

(a) trí “lena mbaineann an t-alt seo” a chur in ionad—

(i) “atá leagtha amach sa Dara Sceideal” san alt sin 31, agus

(ii) “atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo” san alt sin 37;

(b) trí “1976” a chur in ionad “1975”; agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leo—

“(2) Baineann an t-alt seo leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, arna leathnú leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Ríocht Aontaithe), 1975.”,

agus tá na hailt sin 31 agus 37, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

31.—(1) Faoi réir forálacha ailt 76 agus 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna modhnú le Cuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, má bhíonn cáin ioncaim inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D i leith ioncam is díbhinn, de réir brí Airteagal 1 den Chomhaontú lena mbaineann an t-alt seo, is é sin, díbhinn arna híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, ach tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, áireofar san ioncam a bheidh inmhuirir i leith cánach ioncaim amhlaidh méid an chreidmheasa cánach a bhuil foráil a íoca san Airteagal sin 1.

(2) Baineann an t alt seo leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, arna leathnú leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Ríocht Aontaithe), 1975.

37.—(1) Má áirítear sna brabúis is inmhuirir i leith cánach brabús corparáide faoi alt 52 den Finance Act, 1920, díbhinn de réir brí Airteagal 1 den Chomhaontú lena mbaineann an t-alt seo, is é sin, díbhinn a íocadh nó a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, agus tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, áireofar sna brabúis is inmhuirir amhlaidh méid aon chreidmheasa cánach is iomchuí don díbhinn a bhfuil foráil a íoca san Airteagal sin 1.

(2) Baineann an t-alt seo leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, arna leathnú leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Ríocht Aontaithe), 1975.

Iocaíochtaí faoin Acht um Préimheanna Fostaíochta, 1975 .

1975, Uimh. 23 .

25. —Déanfar neamhshuim, chun críocha uile na nAchtanna Cánach agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, d'íocaíochtaí ón Aire Saothair faoin Acht um Préimheanna Fostaíochta, 1975 , cibé acu roimh thosach feidhme na Coda seo nó dá éis a íocadh iad.

Leasú ar alt 31 (faoiseamh do chuideachtaí i leith méadú ar stocluachanna) den Acht Airgeadais, 1975 .

1976, Uimh. 7 .

26. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1975

(a) in alt 31—

(i) trí “1976” a chur in ionad “1975” sa mhíniú ar “tréimhse chuntasaíochta” i bhfo-alt (1),

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “cuideachta”:

“tá le ‘tréimhse chuntais’ an míniú a shanntar dó le mír 6 (1) den Tríú Sceideal;” agus

(iii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(7) (a) I gcás cuideachta d'fháil nó do dhiúscairt stoc trádála ar shlí seachas gnáthsheoladh na trádála áirithe, déileálfar, chun críocha an ailt seo agus an Tríú Sceideal, leis an gcuideachta ar an mbonn go raibh aici, i dtosach nó i ndeireadh na tréimhse cuntais iomchuí stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

(b) I gcás nach ndéanfar luach stoc trádála cuideachta i dtosach tréimhse cuntais a ríomh ar an mbonn a ríomhfar luach an stoic thrádála i ndeireadh na tréimhse sin, déileálfar, chun críocha an ailt seo agus an Tríú Sceideal, le luach an stoic thrádála i dtosach na tréimhse sin mar an luach arbh é a luach é dá mba ar an mbonn sin a ríomhfaí é.

(8) In aon chás a bhfuil teideal, de bhua an ailt seo, ag cuideachta chun asbhainte is asbhaint lena bhfuil éifeacht do thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1975, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1976, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, seachas an t-alt seo, gur lú de mhéid na hasbhainte sin luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntais díreach i ndiaidh na tréimhse cuntais arb ionann deireadh di agus don tréimhse chuntasaíochta sin nó a bhí ar rith i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta sin.”;

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an ailt sin 31:

“31A—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta’, i ndáil le cuideachta, tréimhse chuntasaíochta arna cinneadh de réir forálacha alt 9 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1975, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1976;

ciallaíonn ‘trádáil’ trádáil a sheoltar sa Stát agus arb éard í go hiomlán nó go formhór, le linn tréimhse cuntasaíochta, aon oibríocht trádála d'aon chineál de na cineálacha seo a leanas—

(a) monarú earraí,

(b) seoladh oibríochtaí foirgníochta de réir brí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 ,

(c) feirmeoireacht, nó

(d) díol innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine a iompar de bhóthar) nó earraí le duine atá ag gabháil do thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór oibríochtaí trádála de chineál a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) lena úsáid chun críocha na trádála sin;

ciallaíonn ‘ioncam trádála’, i ndáil le haon trádáil, an t-ioncam ón trádáil arna ríomh de réir na rialacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D sula ndéantar aon fhritháireamh nó laghdú ar ioncam de bhua alt 16 nó 18 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus sula ndéantar aon asbhaint nó breisiú de bhua alt 14 den Acht sin;

tá le ‘stoc trádála’, i ndáil le haon trádáil, an bhrí chéanna atá leis in alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus le linn luach stoc trádála cuideachta aon tráth a bheith á chinneadh chun críocha asbhainte faoin alt seo, a mhéid a bheidh, an tráth sin nó roimhe, aon íocaíochtaí ar cuntas faighte ag an gcuideachta i leith aon stoic thrádála, déanfar luach an stoic sin a laghdú dá réir sin.

(2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo—

(a) má bhíonn cuideachta a chónaíonn sa Stáit ag seoladh, i dtréimhse chuntasaíochta, trádáil a mbeidh sí faoi réim cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D ina leith, agus

(b) más mó luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear a ‘stocluach dúnta’ san alt seo) ná luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear a ‘stocluach oscailte’ san alt seo),

beidh an chuideachta, le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, i dteideal asbhainte faoin alt seo faoi threoir méid na breise sin ionann is dá mba chaiteachas trádála a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta an asbhaint; agus sna forálacha seo a leanas den alt seo ‘méadú ar stocluach’ na cuideachta a thugtar ar an mbreis sin.

(3) Beidh éifeacht leis an gCúigiú Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

(4) (a) In aon chás a mbeidh cuideachta i dteideal asbhainte faoin alt seo, is é a bheidh san asbhaint sin suim ar cóimhéid lena méadú ar stocluach i dtréimhse chuntasaíochta lúide 20 faoin gcéad dá hioncam trádála don tréimhse sin:

Ar choinníoll—

(i) nach mbeidh in aon chás méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh níos mó ná méid ioncam trádála na cuideachta don tréimhse sin, agus

(ii) gurb éard é ioncam trádála na cuideachta a bheidh le cur i gcuntas le linn asbhaint a bheith á ríomh an t-ioncam sin sula ndéanfar aon asbhaint faoin alt seo nó faoin gCúigiú Sceideal.

(b) Déanfar cibé laghduithe ar mheasúnachtaí nó ar aisíocaíochtaí cánach is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don alt seo.

(5) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte de bhua an ailt seo le linn a hioncam trádála do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh mura ndéanfaidh sí éileamh ar an asbhaint—

(a) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó

(b) roimh dheireadh na tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Achta Airgeadais, 1976 , a rith,

cibé acu is déanaí.

(6) (a) I gcás cuideachta d'fháil nó do dhiúscairt stoc trádála ar shlí seachas gnáth-sheoladh na trádála áirithe, déileálfar, chun críocha an ailt seo agus an Cúigiú Sceideal, leis an gcuideachta ar an mbonn go raibh aici, i dtosach nó i ndeireadh na tréimhse cuntais iomchuí, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

(b) I gcás nach ndéanfar luach stoc trádála cuideachta i dtosach tréimhse cuntais a ríomh ar an mbonn céanna a ríomhfar luach an stoic thrádála i ndeireadh na tréimhse sin, déileálfar, chun críocha an ailt seo agus an Cúigiú Sceideal, le luach an stoic thrádála i dtosach na tréimhse sin mar an luach arbh é a luach é dá mba ar an mbonn sin a ríomhfaí é.

(7) I gcás a bhfuil teideal, de bhua an ailt seo, ag cuideachta chun asbhainte d'aon tréimhse chuntasaíochta, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, seachas an t-alt seo, gur lú de mhéid na hasbhainte sin luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntais díreach tar éis na tréimhse cuntais arb ionann deireadh di agus don tréimhse chuntasaíochta sin nó a bheidh ar rith i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta sin.” agus

(c) tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach:

“AN CUIGIU SCEIDEAL

MÉADÚ AR STOCLUACHANNA: FORÁLACHA FORLÍONTACHA

1. (1) In aon chás nach comhthráthach do thréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do thréimhse chuntais nó do dhá thréimhse chuntais chomhleanúnacha nó níos mó, déanfar an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31A ní de réir fho-alt (2) den alt sin ach faoi threoir tréimhse (dá ngairtear an treoirthréimhse sa Sceideal seo) a chinnfear de réir na míre seo.

(2) In aon chás nach comhthráthach do thosach tréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do thosach tréimhse cuntais, tosóidh an treoirthréimhse i dtosach na tréimhse cuntais arb í an tréimhse chuntais reatha í i dtosach tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

(3) In aon chás nach comhthráthach do dheireadh tréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do dheireadh tréimhse cuntais, críochnóidh an treoirthréimhse i ndeireadh na tréimhse cuntais arb í an tréimhse chuntais reatha í i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

(4) In aon chás nach mbaineann fomhír (2) leis, tosóidh an treoirthréimhse i dtosach tréimhse chuntasaíochta na cuideachta agus, in aon chás nach mbaineann fomhír (3) leis, críochnóidh an treoirthréimhse i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

2. (1) In aon chás a mbaineann mír 1 (1) leis, déanfar an méadú ar stocluach cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31A de réir na foirmle

A(C - O)

______

N

i gcás—

arb é A líon na míonna i dtréimhse chuntasaíochta na cuideachta;

arb é C luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na treoirthréimhse;

arb é O luach stoc trádála na cuideachta i dtosach na treoirthréimhse; agus

arb é N líon na míonna sa treoirthréimhse.

(2) In aon chás ina mbeidh méadú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir fhomhír (1), ansin, in alt 31A agus sna forálacha seo a leanas den Sceideal seo, déanfar aon tagairt do stocluach dúnta na cuideachta a fhorléiriú mar thagairt do luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na treoirthréimhse.

3. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo chun críocha alt 31A agus na bhforálacha sin roimhe seo den Sceideal seo in aon chás—

(a) ina mbeidh dhá chuideachta ann agus ceann acu ag gabháil do thrádáil arb éard í ar fad nó go formhór monarú earraí (dá ngairtear an chuideachta aistreora sa mhír seo) agus go bhfaigheann an chuideachta eile díobh (dá ngairtear an chuideachta aistrí sa mhír seo) na hearraí sin mar stoc trádála; agus

(b) gur i rith tréimhse cuntasaíochta de chuid na cuideachta aistrí nó, i gcás feidhm a bheith ag mír 1 (1) i ndáil leis an gcuideachta sin, i rith treoirthréimhse, a tharlaíonn an fháil sin; agus

(c) go dtagann den fháil dá dtagraítear i mír (a) laghdú ar stoc trádála na cuideachta aistreora agus méadú comhréire ar stoc trádála na cuideachta aistrí; agus

(d) inarb é gnó na cuideachta aistrí go hiomlán nó go formhór díol earraí a mhonaraigh an chuideachta aistreora; agus

(e) nach mbeidh an chuideachta aistrí i dteideal laghdú faoi alt 31A ach ambáin de bhua na míre seo.

(2) I gcás an chuideachta aistreora d'iarraidh faoisimh faoi alt 31A, ansin déileálfar leis an gcuideachta sin agus leis an gcuideachta aistrí, más í an tréimhse chuntasaíochta chéanna atá aici atá ag an gcuideachta aistreora, mar aon chuideachta amháin chun méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhfuil teideal acu chucu faoi alt 31A a chinneadh:

Ar choinníoll, má bhíonn feidhm ag mír 1 (1) i ndáil leis an gcuideachta aistreora, nach ndéileálfar leis an gcuideachta aistrí mar chuideachta lena mbaineann an fhomhír seo mura rud é go bhfuil feidhm freisin ag mír 1 (1) i ndáil leis an gcuideachta aistrí agus gurb í an treoirthréimhse chéanna atá ag an gcuideachta aistrí agus ag an gcuideachta aistreora.

(3) Chun na críche a shonraítear i bhfomhír (2), déanfar aon tagairt in alt 31A nó sna forálacha sin roimhe seo den Sceideal do luach stoc trádála cuideachta aon tráth áirithe nó dá hioncam trádála d'aon tréimhse áirithe a fhorléiriú mar thagairt do chomhiomlán luachanna na stoc trádála an tráth sin nó, de réir mar a bheidh, do chomhiomlán na n-ioncam trádála don tréimhse sin, de chuid na gcuideachtaí a ndéileáiltear leo, chun na críche sin, mar aon chuideachta amháin de bhua na fomhíre sin.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis comhiomlán na n-asbhaintí a mbeidh an chuideachta aistreora agus an chuideachta aistrí ina dteideal faoi alt 31A a chinneadh de réir fomhíreanna (2) agus (3), déanfar an méid sin a chionroinnt eatarthu sa dóigh go mbeidh idir an asbhaint a mbeidh teideal chuici amhlaidh ag cuideachta díobh agus an asbhaint a mbeidh teideal chuici amhlaidh ag an gcuideachta eile an chomhréir chéanna a bheidh idir stocluach dúnta na cuideachta sin díobh agus stocluach dúnta na cuideachta eile.

(5) Ní beidh feidhm ag forálacha na míre seo ach amháin i gcás ina dteachtóidh cuideachta amháin den dá chuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (1) (a) ar feadh na tréimhse cuntasaíochta nó na treoirthréimhse iomchuí go huile, ina hainm féin nó in ainm ainmní, na gnáthscaireanna go léir sa chuideachta eile dá dtagraítear san fhomhír sin nó i gcás ina dteachtóidh cuideachta éigin eile ar feadh na tréimhse cuntasaíochta nó na treoirthréimhse iomchuí go huile, ina hainm féin nó in ainm ainmní, na gnáthscaireanna go léir i ngach cuideachta den dá chuideachta dá dtagraítear san fhomhír sin.

(6) Chun ríomh a dhéanamh ar mhéid comhiomlán na n-asbhaintí a bhfuil an chuideachta aistreora agus an chuideachta aistrí, a ndéileáiltear leo de bhua fhomhír (2) mar aon chuideachta amháin, ina dteideal, faoi alt 31A, de bhun na míre seo agus cionroinnt an mhéid sin eatarthu, measfar trádáil a bheith á seoladh ag an gcuideachta aistrí.

4. (1) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte faoi alt 31A in aghaidh tréimhse cuntasaíochta má chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin de bhua an chuideachta—

(a) do scor de bheith ag seoladh trádála; nó

(b) do scor de bheith ina cónaí sa Stát; nó

(c) do scor de bheith laistigh de réim cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D.

(2) In aon chás ina mbeidh méadú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir mhír 2 (1), beidh éifeacht le fomhír (1) amhail is dá mba thagairt d'aon cheann de na tréimhsí cuntasaíochta i dtreoirthréimhse na cuideachta an tagairt san fhomhír sin do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

5. (1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo, i gcás ina n-éileoidh cuideachta asbhaint faoi alt 31A agus nach raibh an chuideachta, díreach roimh thosach tréimhse cuntasaíochta, ag seoladh na trádála lena mbaineann an t-éileamh, ansin, mura rud é—

(a) go bhfuair an chuideachta stoc trádála bunaidh na trádála sin ar dhíol nó ar aistriú ó dhuine eile ar an duine sin scor de bheith ag seoladh na trádála sin, agus

(b) gurb é stoc trádála na cuideachta mar a luacháladh i dtosach na tréimhse cuntasaíochta é an stoc a fuarthas amhlaidh nó gur cuid den stoc sin é.

déileálfar leis an gcuideachta chun críocha alt 31A agus na bhforálacha sin roimhe seo den Sceideal seo mar chuideachta a raibh aici, i dtosach na tréimhse cuntasaíochta, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire a bheith réasúnach agus cóir.

(2) Nuair a bheidh luach stoc trádála a bheidh le cur i leith cuideachta i dtosach na tréimhse cuntasaíochta á chinneadh chun na gcríocha a shonraítear i bhfomhír (1), tabharfaidh an cigire aird ar imthosca iomchuí uile an cháis agus go háirithe—

(a) ar ghluaiseachtaí le linn tréimhse chuntasaíochta na cuideachta i gcostas ítimí de chineál a bhí ar áireamh i stoc trádála na cuideachta sa tréimhse sin; agus

(b) ar athruithe i rith na tréimhse sin ar mhéid na trádála áirithe a bhí á seoladh ag an gcuideachta.

(3) Nuair a bheidh na Coimisinéirí Achomhairc ag déileáil le hachomharc in aghaidh cinneadh ó chigire ar éileamh i gcás ina ndearna an cigire, de réir fhomhír (1), stoc trádála ab fhiú luach áirithe a chur i leith cuideachta i dtosach tréimhse cuntasaíochta, déanfaidh siad, nuair a bheidh an t-achomharc á éisteacht agus á chinneadh acu, a mhéid a bhaineann sé le luach an stoic thrádála a bheidh le cur i leith na cuideachta sin amhlaidh, cibé luach a chinneadh is dóigh leo a bheith réasúnach agus cóir, ag féachaint do na dálaí sin nach foláir don chigire féachaint dóibh de bhua fhomhír (2).

(4) In aon chás ina mbaineann mír 1 (1) le tréimhse chuntasaíochta cuideachta, cuirfear tagairt don treoirthréimhse in ionad aon tagartha i bhfomhíreanna (1) go (3) don tréimhse chuntasaíochta sin.

6. (1) Sa Sceideal seo tá le ‘trádáil’, ‘ioncam trádála’ agus ‘stoc trádála’ na bríonna céanna atá leo, faoi seach, in alt 31A.

(2) In aon chás inarb éard í tréimhse chuntasaíochta cuideachta nó treoirthréimhse cuideachta líon de mhíonna iomlána agus codán de mhí, déanfar aon tagairt sna forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo don líon míonna sa tréimhse a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don chodán sin de mhí (agus in aon chás inar giorra ná mí aon tréimhse den sórt sin déanfar aon tagairt den sórt sin a fhorléiriú mar thagairt don chodán sin de mhí arb í an tréimhse sin í).”,

agus tá an míniú sin ar “tréimhse chuntasaíochta”, arna leasú amhlaidh le fo-alt (1) (a) (i), leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, maidir le cuideachta, tréimhse chuntasaíochta arna cinneadh de réir forálacha alt 54 den Finance Act, 1920, dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1973, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1976.

(2) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte de bhua fho-alt (1) (a) i leith measúnachta mura ndéanfaidh sí éileamh—

(a) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte,

(b) roimh éag don tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith,

cibé acu is déanaí.

Leasú ar alt 54 (míniú ar “earraí”) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

I.R. Uimh. 24 de 1973 .

27. —Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Cánach Corparáide, 1976 . tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(4)  (a)  Ní fholóidh ‘earraí’ san alt seo earraí a dhíoltar leis an ngníomhaireacht cibé acu a onnmhairítear nó nach n-onnmhairítear na hearraí as an Stát.

(b) Ciallaíonn ‘an ghníomhaireacht’ i mír (a) an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó feidhm a thugtar dó le Rialachán 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhbheartas Talmhaíochta) (Idirghabháil Mhargaidh), 1973, agus aon duine eile le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhachta nó feidhme comhréire in aon cheann de Bhallstáit Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.”.

Ráta laghdaithe cánach d'ús áirithe.

28. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “banc ceadaithe” aon bhanc arna cheadú chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais;

ciallaíonn “iasacht tithíochta” iasacht arna tabhairt an lú lá d'Iúil, 1975, nó dá éis, ag banc ceadaithe, nó ag fochuideachta dá chuid, do phearsa aonair a chónaíonn sa Stát d'aontoisc chun an phearsa aonair sin do cheannach tí cónaí sa Stát lena áitiú aige mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaí;

ciallaíonn “an ráta ceadaithe” an ráta úis a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn “fochuideachta”, i ndáil le banc ceadaithe, cuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) arb éard í, nó arbh éard í dá mba chuideachta (de réir na brí réamhráite sin) gach banc den sórt sin, fochuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) de chuid aon bhainc den sórt sin.

(2) Baineann an t-alt seo le hús ar iasachtaí tithíochta arna fháil an lú lá d'Iúil, 1975, nó dá éis, ag banc ceadaithe nó ag fochuideachta dá chuid, is é sin ús a muirearaíodh de réir an ráta cheadaithe.

(3) Ní bhainfidh alt 52 den Finance Act, 1920, le hús lena mbaineann an t-alt seo.

(4) Leasaítear leis seo alt 79 (3) den Acht Cánach Corparáide. 1976, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) ús lena mbaineann alt 28 den Acht Airgeadais, 1976 , agus, chun na críche sin, áireofar gur cuid d'ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí an t-ús sin, gan aon mhéid a bhaint as.”.

Ús ar cháin rachmais agus ar cháin fháltas caipitiúil nár íocadh.

1975, Uimh. 25 .

1976, Uimh. 8 .

29. —Le linn aon ioncam, brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach nó aon achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, ní lamhálfar ús is iníoctha faoi alt 18 den Acht Cánach Rachmais, 1975 , nó faoi alt 41 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 .

Achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas.

30. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “measúnacht i leith cánach” measúnacht i leith cánach a dhéanfar ar an Acht seo a rith nó dá éis sin;

tá le “achomharc a chinneadh” an bhrí chéanna atá leis in alt 550 (2A) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “an méid sonraithe cánach”, i gcás fógra achomhairc in aghaidh measúnacht i leith cánach a bheith tugtha—

(a) an méid cánach a bheidh sonraithe san fhógra de réir forálacha fho-alt (2), nó

(b) i gcás nach mbeidh aon mhéid cánach sonraithe amhlaidh, nó i gcás ar mó an méid cánach a bheidh sonraithe ná an cháin a mheasúnófar, an cháin a mheasúnófar;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin bhrabús corparáide, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar is iomchuí:

ciallaíonn “an cháin a mheasúnófar” an méid cánach a bheidh muirearaithe leis an measúnacht nó, i gcás an cháin a bheith iníoctha ina dhá tráthchuid, méid gach tráthchoda díobh.

(2) Aon uair a dhéanfar achomharc in aghaidh measúnachta i leith cánach, sonróidh an t-achomharcóir san fhógra achomhairc—

(a) foras an achomhairc, agus

(b) an méid cánach sa mheasúnacht nó, i gcás an cháin a bheith iníoctha ina dhá tráthchuid, méid gach tráthchoda díobh, is dóigh a bheith iníoctha, dar leis, ar an achomharc a chinneadh nó dá éis sin,

ach ní bhacfaidh an fo-alt seo na Coimisinéirí Achomhairc ó chead a thabhairt don achomharcóir, le linn an t-achomharc a bheith á éisteacht, plé le haon fhoras achomhairc nár sonraíodh san fhógra achomhairc agus arb é tuairim na gCoimisinéirí Achomhairc nach go toiliúil ná go míréasúnach nár cuireadh an foras sin san fhógra sin.

(3) In aon chás ar tugadh fógra achomhairc in aghaidh measúnacht i leith cánach—

(a) d'ainneoin an achomhairc, déanfar an méid sonraithe cánach a bhailiú agus a íoc agus iompróidh sé ús ar gach dóigh ionann is dá mba cháin í a muirearaíodh le measúnacht nach raibh aon achomharc ar feitheamh ina leith agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 550 (seachas fo-alt (2A)) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus

(b) tar éis an t-achomharc a chinneadh, beidh aon iarmhéid cánach is inmhuirearaithe de réir an chinnte iníoctha nó déanfar aon cháin a ró-íocadh a aisíoc.

(4) I gcás a mbeidh ró-íocaíocht cánach le haisíoc faoi fho-alt (3), iompróidh an ró-íocaíocht ús de réir an ráta nó na rátaí a bheidh i bhfeidhm de bhua alt 550 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in aghaidh na tréimhse ó dháta nó ó dhátaí íoca an méid nó na méideanna ba bhun leis an ró-íocaíocht, de réir mar is gá sa chás, go dtí dáta an aisíoca:

Ar choinníoll—

(a) nach mbeidh ús le híoc faoin bhfo-alt seo más lú ná £1 é, agus

(b) nach mbeidh cáin ioncaim inasbhainte ar ús a íoc faoin bhfo-alt seo agus nach n-áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

(5) I gcás a n-íocfar an méid sonraithe cánach tráth nach déanaí ná dhá mhí ón dáta a tháinig sé chun bheith dlite agus iníoctha agus nach lú an méid sin ná an méid is lú díobh seo a leanas—

(a) an cháin a measúnaíodh, agus

(b) 80 faoin gcéad den méid cánach a cinneadh a bheith in mhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh,

ní bheidh ús iníoctha ar aon iarmhéid cánach má íoctar an t-iarmhéid sin laistigh de dhá mhí ó dháta an chinnte:

Ar choinníoll, má bhíonn an cháin a cinneadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht iníoctha ina dhá tráthchuid, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le gach méid sonraithe cánach ionann is dá mba thagairt don méid den cháin sin is iníoctha sa tráthchuid iomchuí an tagairt don méid cánach a cinneadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht ar an achomharc a chinneadh.

(6) I gcás—

(a) a mbeidh an méid cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (b) le ríomh agus gurb éard é an t-ioncam a bhfuil an cháin inmhuirearaithe ina leith nó gur cuid den ioncam sin ioncam ó aon bhunadh nó bunaidh atá le ríomh ar fhoras na méideanna iarbhír ab infhaighte sa bhliain mheasúnachta, nó i gcás aon asbhaintí is inlamhála i ngeall ar aon suimeanna bliantúla a íocadh as brabúis nó gnóchain duine a bheith le lamháil mar asbhaintí i leith na bliana inarb iníoctha iad, agus

(b) a ndéanfar an t-achomharc roimh dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an mheasúnacht,

déanfar an méid sin, má ghlacann an duine measúnaithe de rogha é tráth an achomhairc a chinneadh, a ríomh ionann is—

(i) dá mba chóimhéid an méid ioncaim ó gach bunadh díobh sin agus an méid ioncaim a fuarthas ón mbunadh sin an bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta, agus

(ii) gur chóimhéid méid na n-asbhaintí is inlamhála amhlaidh agus méid na n-asbhaintí sin an bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta.

(7) Beidh éifeacht le halt 416 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá gcuirfí “de thríocha lá” in ionad “de lá agus fiche”.

(8) Ní bhainfidh ailt 417 agus 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le haon mheasúnacht i leith cánach.

Méadú ar theorainn na liúntas caipitiúil d'fheithiclí.

31. —(1) Beidh éifeacht le hailt 25 go 29 den Acht Airgeadais, 1973 , i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicil lena mbaineann na hailt sin ionann is dá gcuirfí “£3,500” in ionad “£2,500” gach áit a bhfuil “£2,500” sna hailt sin.

(2) Ní fholaíonn tagairt i bhfo-alt (1) do chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle—

(a) maidir leis na hailt sin 25 go 27, tagairt do chaiteachas a tabhaíodh an 28ú lá d'Eanáir, 1976, nó roimhe, nó arna thabhú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an lae sin faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin, ná

(b) maidir le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 28 agus leis an alt sin 29, tagairt do chaiteachas faoi chonradh a rinneadh an 28ú lá d'Eanáir, 1976, nó roimhe.

Srian le hasbhaint i leith feithiclí.

32. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” an méid caiteachais a tabhaíodh i ndáil le feithicil (de réir brí alt 30 den Acht Airgeadais, 1973 ), is é sin, caiteachas a bheadh, mura mbeadh forálacha an ailt seo—

(a) inlamhála mar asbhaint—

(i) le linn brabúis nó gnóchain ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Sceideal D a bheith á ríomh, is brabúis nó gnóchain de chuid na trádála, na gairme nó an ghnó ar á sheoladh a úsáideadh an fheithicil, nó

(ii) le linn brabúis nó gnóchain ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Sceideal E a bheith á ríomh, is brabúis nó gnóchain ó oifig nó ó fhostaíocht ar ag comhlíonadh a dualgas a úsáideadh an fheithicil,

(b) le cur i gcuntas chun críocha éilimh i leith caiteachas bainistí faoi alt 15 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó faoin alt sin arna fheidhmiú le halt 33 den Acht sin;

ciallaíonn “costas iomchuí”, i ndáil le feithicil a soláthraíodh chun críocha trádála, gairme, gnó, oifige nó fostaíochta—

(a) i gcás an fheithicil a bheith ceannaithe ag an duine a sholáthraigh í, an costas iarbhír a bhain don duine sin ag soláthar na feithicle, nó

(b) i gcás nach ndearna an duine a sholáthraigh an fheithicil í a cheannach, praghas miondíola na feithicle an tráth a soláthraíodh í ar dtús lena húsáid ag an duine sin.

(2) I gcás a ndéanfaidh duine in aghaidh aon bhliana measúnachta nó tréimhse cuntasaíochta asbhaint a éileamh maidir le caiteachas cáilitheach agus gur tabhaíodh an caiteachas sin—

(a) maidir le feithicil ar mhó ná £3,500 a costas iomchuí, agus

(b) maidir le tréimhse tar éis an 28ú lá d'Eanáir, 1976,

déanfar méid na hasbhainte a lamhálfar maidir leis an gcaiteachas cáilitheach sin a laghdú—

(i) trian den méid ba mhó ná £3,500 costas iomchuí na feithicle, nó

(ii) i gcás a roghnóidh an duine sin é, méid a mbeidh idir é agus méid an chaiteachais cháilithigh an chomhréir chéanna a bheidh idir an bhreis a bhí ag costas iomchuí na feithicle ar £3,500 agus costas iomchuí na feithicle:

Ar choinníoll, i gcás a mbeidh feidhm ag mír (i) agus nach raibh ach cuid de bhliain sa tréimhse ar tabhaíodh an caiteachas cáilitheach maidir léi, go ndéanfar an méid de laghdú a dhéanfar ar an asbhaint don tréimhse sin de bhua na míre sin (i) a laghdú de réir na comhréire idir an chuid sin de bhliain agus bliain.

Deireadh le faoiseamh i ndáil le brabúis áirithe de chuid cumann tionscail agus coigiltis.

33. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cumann” cumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971, agus is cumann talmhaíochta nó cumann iascaigh de réir brí alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “tréimhse chuntais” an bhrí a shanntar dó le halt 155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “liúntas caithimh agus cuimilte” liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “liúntas tosaigh” liúntas faoi Chaibidil I, Cuid XV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “liúntas infheistíochta” liúntas faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 .

(2) I gcás trádáil a sheolann cumann ní mheasfar gur idirbheart díolmhaithe chun críocha alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon idirbheart dar dáta an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis.

(3) I gcás cumann teacht faoi réim cánach corparáide i ndáil le trádáil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, beidh deireadh, chun críocha cánach corparáide, an 5ú lá d'Aibreán, 1976, le tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn.

(4) I gcás cumann a bhí ag seoladh trádála do thabhú caiteachais chaipitiúil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, ag soláthar innealra nó gléasra chun críocha na trádála agus gur chaiteachas é—

(a) ba chaiteachas cáilitheach de réir brí alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , nó

(b) ba chaiteachas ar innealra nó gléasra cáilitheach de réir brí alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 ,

féadfar liúntas ar cóimhéid le méid sonraithe an chaiteachais chaipitiúil sin a thabhairt, más rogha sin leis an gcumann, le linn trádáil an chumainn don tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a bheith á cur faoi cháin ionann is dá mba liúntas é i ngeall ar chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus i gcás a ndéanfar rogha den sórt sin, measfar, chun críocha Chaibidil II de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur nialas an méid den chaiteachas caipitiúil ar an innealra nó an gléasra a sholáthar a bheidh fós gan lamháil amhail tráth aon teagmhais dá éis sin.

(5) Chun críocha fho-alt (4), ciallaíonn méid sonraithe an chaiteachais chaipitiúil méid an chaiteachais chaipitiúil sin mar aon le haon liúntas infheistíochta i ndáil leis an gcaiteachas sin tar éis na méideanna seo a leanas a bhaint as a méid comhiomlán—

(a) méid, arna laghdú le halt 220 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon liúntais infheistíochta a tugadh don chumann i ndáil leis an gcaiteachas sin;

(b) méid comhiomlán, arna laghdú leis an alt sin 220 (5), na liúntas caithimh agus cuimilte agus na liúntas tosaigh, a tugadh don chumann i ndáil leis an gcaiteachas sin in aghaidh na dtréimhsí inmhuirearaithe go léir roimh an tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976;

(c) comhiomlán na méideanna a dhéanfaí, leis an alt sin 220 (5), na liúntais chaithimh agus chuimilte i ndáil leis an gcaiteachas sin a laghdú dá mba iad na liúntais chaithimh agus chuimilte do na tréimhsí inmhuirearaithe sin i ndáil leis an gcaiteachas sin, agus na liúntais sin amháin, na méidanna a dhéanfaí dá mbeadh éileamh ceart déanta go cuí ag an gcumann do gach tréimhse inmhuirearaithe ar neamhaird le halt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , nó le halt 26 den Acht Airgeadais, 1971 .

(6) I gcás

(a) cumann teacht laistigh de réim cánach corparáide i ndáil le trádáil,

(b) an cumann a bheith laistigh de réim cánach ioncaim don bhliain 1975-76 i ndáil leis an trádáil, agus

(c) tréimhse chuntais de chuid an chumainn tosú roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus críochnú ar an dáta sin nó ar dháta dá éis,

déanfar an t-ioncam ón trádáil don tréimhse chuntais a ríomh (de réir na bhforálacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D) ar neamhaird le forálacha alt 220 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus déanfar an t-ioncam arna ríomh amhlaidh a chionroinnt ar an gcuid den tréimhse chuntais roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus ar an gcuid tar éis an dáta sin, agus chun críocha fho-ailt (3) agus (4) d'alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 70 (5) den Acht Airgeadais, 1963 , measfar gur tréimhse chuntais gach cuid den sórt sin agus is é ioncam na trádála don chuid sin an méid a bheidh cionroinnte uirthi faoi fhorálacha an ailt seo.

(7) Aon chionroinnt a dhéanfar ar thréimhsí éagsúla faoin alt seo is ar bhonn ama a dhéanfar í de réir fad na dtréimhsí sin faoi seach.

Doiciméid agus taifid a iniúchadh.

1971, Uimh. 24 .

34. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

ciallaíonn “trádáil” aon trádáil nó gnó (seachas gnó baincéireachta de réir brí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ).

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit ina seoltar aon trádáil nó ina ndéantar aon ní i ndáil leis an trádáil agus—

(a) féadfaidh sé a cheangal ar úinéir nó ar bhainisteoir an áitribh nó na háite nó ar aon duine san áitreabh nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an trádáil aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a bhaineann leis an trádáil a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a thabhairt as agus a choimeád go ceann cibé tréimhse is réasúnach lena scrúdú,

(b) féadfaidh sé aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile sin nó sleachta a thógáil astu,

(c) féadfaidh sé scrúdú a dhéanamh ar aon mhaoin a bheidh ar liosta in aon chláir chomhardaithe nó cláir stoic nó in aon ráitis eile den sórt sin,

(d) féadfaidh sé a cheangal ar úinéir nó ar bhainisteoir an áitribh nó na háite nó ar aon duine san áitreabh nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an trádáil, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don chigire nó don oifigeach údaraithe.

(3) Ní dhéanfaidh duine go toiliúil bac ná moill a chur ar oifigeach údaraithe le linn dó bheith ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo.

(4) Duine a sháróidh fo-alt (3) nó nach gcomhlíonfaidh ceanglas a chuirfidh oifigeach údaraithe faoin alt seo dlífear pionós £500 a chur air.

(5) Nuair a bheidh oifigeach údaraithe ag feidhmiú aon chumhachtaí a thugtar leis an alt seo, déanfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim á rá go bhfuil údarás aige na cumhachtaí a thugtar amhlaidh a fheidhmiú a thabhairt ar aird don duine sin.