19 1976


Uimhir 19 de 1976


AN tACHT UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1973 . [29 Meitheamh, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1973, Uimh. 21 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 ;

ciallaíonn “an Cumann” Comharchumann an Bhord Bainne Teoranta.

Méadú ar mhéid na ráthaíochta ar iasachtaí don Chumann.

2. —Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 6 den Phríomh-Acht a fheidhmiú i slí gur mó ná £40,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCumann, agus dá réir sin, forléireofar alt 6 (3) den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 agus 1976, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.