Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL An Bord Pleanála)

20 1976


Uimhir 20 de 1976


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FOR-BAIRT), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ NÍOS FEARR, AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL, I nDÁIL LE PLEANÁIL AGUS FORBAIRT CHUÍ AR CHATHRACHA, AR BHAILTE AGUS AR LIMISTÉIR EILE, UIRBEACH NÓ TUAITHE, AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, DO BHUNÚ COMHLACHTA DÁ nGAIRFEAR AN BORD PLEANÁLA AGUS DO SHONRÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [5 Iúil, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1963, Uimh. 33 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an lá iomchuí” an lá a thiocfaidh alt 14 den Acht seo i ngníomh;

tá le “an Bord” an bhrí a thugtar dó le halt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “cuideachta”, ach amháin in alt 34 (4), cuideachta de réir brí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó cuideachta atá corpraithe lasmuigh den Stát;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar mar lá bunaithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “oifig bhreithiúnach” oifig, arb í oifig an Phríomh-Bhreithimh, Uachtarán na hArd-Chúirte, gnáth-bhreithimh den Chúirt Uachtarach nó gnáth-bhreithimh den Ard-Chúirt í;

1955, Uimh. 12 .

ciallaíonn “bainisteoir” bainisteoir de réir brí alt 1 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 ;

1963, Uimh. 28 .

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

folaíonn “scaireanna” stoc agus forléireofar “scairchaipiteal” dá réir sin.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh mar lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Bord Pleanála a bhunú.

3. —(1) Bunófar, an lá bunaithe, comhlacht dá ngairfear An Bord Pleanála (ar a dtugtar an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a shanntar dó leis an Acht seo.

(2) Beidh éifeacht maidir leis an mBord le forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

Cathaoirleach an Bhoird.

4. —(1) Is é a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord—

(a) cibé gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh ainmnithe de thuras na huaire lena thoiliú féin ag an Rialtas tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, nó

(b) duine a ainmneoidh an Rialtas agus a shealbhaigh tráth, ach nach sealbhaíonn faoi láthair, oifig bhreithiúnach.

(2) Má bhíonn, díreach sula bhfeidhmeoidh an Rialtas cumhacht faoi fho-alt (1) den alt seo, ainmniúchán i bhfeidhm faoin bhfo-alt sin, ansin, nuair a fheidhmeoidh, scoirfidh an t-ainmniúchán d'éifeacht a bheith leis.

(3) Breitheamh den Ard-Chúirt is cathaoirleach ar an mBord scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach ar an mBord ar scor dó de bheith ina ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt.

(4) Duine a scoirfidh de bheith ina chathaoirleach ar an mBord de bhua fho-alt (3) den alt seo féadfar é a cheapadh faoi fho-alt (1) den alt seo.

1973, Uimh. 26 .

(5) I gcás a n-ainmneofar duine faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas ar feadh na tréimhse iomchuí, is é sin,

(a) ní chuirfear san áireamh, le linn alt 1 (1) d'Acht na gCúirteanna, 1973 , a bheith á fheidhmiú, gur gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt an duine, agus

(b) beidh éifeacht dá réir sin leis an alt sin 1 (1).

(6) San alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”, maidir le duine atá ainmnithe faoi fho-alt (1) den alt seo, an tréimhse dar tosach lá an duine sin a ainmniú amhlaidh agus dar críoch—

(a) an lá a scoirfidh an duine de bheith ina ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt, nó

(b) an lá a dhéanfar an chéad ainmniúchán eile den sórt sin,

cibé lá acu is túisce.

Coinneoidh an Bord é féin eolasach ar pholasaithe agus ar chuspóirí áirithe.

1946, Uimh. 9 .

5. —(1) Coinneoidh an Bord, a mhéid is dóigh leis is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh, é féin eolasach ar na polasaithe agus ar na cuspóirí arb iad, de thuras na huaire, na polasaithe agus na cuspóirí atá ag an Aire, ag údaráis phleanála agus aon chomhlacht eile is comhlacht poiblí a bhfuil baint, nó a bhféadfadh baint a bheith, ag a fheidhmeanna le pleanáil chuí agus le forbairt chuí (lena n-áirítear caomhnú agus forbairt taitneamhachtaí) cathracha, bailte nó limistéir eile, uirbeach nó tuaithe.

(2) San alt seo ciallaíonn “údarás poiblí” aon Aire Stáit seachas an tAire, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éireann, Coimisiún Talún na hÉireann, údarás cuain de réir brí alt 2 den Acht Cuanta, 1946 , agus aon chomhlacht eile a bunaíodh le reacht nó faoi reacht a mbeidh sé dearbhaithe de thuras na huaire, le rialachán a rinne an tAire, gur údarás poiblí é chun críocha an ailt seo.

Treoracha ginearálta polasaí maidir le forbairt.

6. —(1) Tabharfaidh an tAire, ó am go ham, don Bhord cibé treoracha ginearálta is dóigh leis is gá maidir le polasaí i ndáil le pleanáil agus forbairt.

(2) Beidh aird ar aon treoir faoin alt seo ag an mBord ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn don Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le haon chás áirithe a mbeidh baint, nó a bhféadfadh baint a bheith, ag an mBord leis.

(4) Nuair a thabharfaidh an tAire treoir faoin alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, is é sin—

(a) cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir, cóip den treoir a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas,

(b) foilseofar an treoir san Iris Oifigiúil, agus

(c) cuirfidh an tAire faoi deara cóip den treoir a sheoladh go dtí gach údarás pleanála.

Deontais don Bhord.

7. —Féadfar, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, deontas nó deontais a íoc leis an mBord gach bliain airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord i ndáil le clár caiteachais an Bhoird don bhliain sin.

Cuntais agus iniúchadh.

8. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead uile a fuair nó a chaith an Bord.

(2) Déanfaidh an Bord na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire agus, nuair a bheidh siad iniúchta aige, tíolacfar iad, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtatire Cuntas agus Ciste orthu, don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.

9. —(1) Tabharfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná an 30ú lá de Mhéan Fómhair gach bliain, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham i dtaobh comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.

Fostaithe an Bhoird.

10. —(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine chun bheith ina bhfostaithe don Bhord is dóigh leis an mBord, faoi réir ceadú an Aire maidir leis an líon agus leis an gcineál fostaithe den sórt sin, ó am go ham is cuí.

(2) Féadfaidh an Bord duine a fhostú i gcáil pháirt-aimsire lena n-íocfar luach saothair ar mhodh táillí ina mbeidh cibé méideanna a chinnfidh an Bord ó am go ham le ceadú ón Aire a thabharfar le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Sealbhóidh fostaí don Bhord a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham faoi réir ceadú an Aire.

(4) Íocfaidh an Bord lena fhostaithe, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham faoi réir ceadú an Aire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntas d'fhostaithe an Bhoird.

11. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae bunaithe, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire lena cheadú a fháil, scéim nó scéimeanna le pinsin, aiscí agus lúntais eile a dheonú ar scor nó ar éag dóibh do cibé fostaithe lánaimsire, nó i leith cibé fostaithe lánaimsire, de chuid an Bhoird is cuí leis an mBord.

(2) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, scéim do leasú scéime faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(3) I gcás a gcuirfear scéim faoi bhráid an Aire de bhun an ailt seo, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a cheadú gan mhodhnú nó fara cibé modhnú (trí chur léi, baint aisti nó athrú) is dóigh leis an Aire, leis an gcomhthoiliú sin, is cuí.

(4) Déanfaidh an Bord aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais eile iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(6) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Fostaithe an Bhoird a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas nó d'údarás áitiúil.

12. —(1) I gcás a ndéanfar duine is fostaí don Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó é teacht chun bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás a ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacann sé leis an ainmniúchán agus dar críoch an tráth a scoireann sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás a n-ainmneofar é le toghadh chun ceachtar Teach acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar é agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí,

(c) i gcás a dtiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a thiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta den údarás áitiúil agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den údarás sin.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina fhostaí don Bhord.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire ina chomhalta d'údarás áitiúil beidh sé, fad a shealbhóidh sé oifig mar chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina fhostaí don Bhord.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

13. —(1) Féadfaidh an Bord cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhruiliú ó am go ham a mheasfaidh sé is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh agus íocfaidh an Bord as airgead a bheidh faoina réir aige aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fhruileofar de bhun an ailt seo.

(2) Féadfaidh aon duine fógra a thabhairt don Bhord i scríbhinn go bhfuil sé toilteanach go bhfruileodh an Bord é mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir de bhun an ailt seo agus nuair a thabharfaidh an duine sin an fógra sin don Bhord tabharfaidh sé sonraí ar a cháilíochtaí agus ar a thaithí don Bhord.

(3) Coimeádfaidh an Bord liosta de na daoine a thabharfaidh go cuí don Bhord fógra de bhun fho-alt (2) den alt seo.

(4) Nuair a fhruileoidh an Bord sainchomhairleoir nó comhairleoir faoin alt seo beidh aird aige ar an liosta a bheidh á choimeád faoi fho-alt (3) den alt seo, ach ní fhorléireofar na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo mar fhorálacha a choisceann ar an mBord duine nach bhfuil a ainm ar an liosta sin a fhruiliú mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir.

(5) Cuirfidh an Bord i ngach tuarascáil a thabharfar faoi alt 9 den Acht seo ráiteas ina mbeidh ainmneacha na ndaoine (má b'ann) a fruilíodh de bhun an ailt seo in imeacht na bliana lena mbainfidh an tuarascáil.

Is chun an Bhoird nó faoi bhráid an Bhoird a chuirfear achomhairc áirithe agus ábhair eile.

14. —(1) In ionad achomharc faoi alt iomchuí den Phríomh-Acht a dhéanamh chun an Aire, déanfar é chun an Bhoird agus mura dtarraingeofar siar é cinnfidh an Bord é, agus

(a) más le hiarratas, fógra nó ordú a bhainfidh an t-achomarc, déanfar an t-iarratas, an fógra nó an t-ordú a chinneadh nó a dhaingniú nó a neamhniú (de réir mar a bheidh) dá réir sin, agus

(b) más le ceadúnas faoi alt 89 den Phríomh-Acht a bhainfidh an t-achomharc, tabharfar cibé treoracha is iomchuí i ndáil leis an gceadúnas a tharraingt siar, a dheonú nó a athrú.

(2) Aon cheist a bheidh ann in aon chás áirithe i dtaobh céard is forbairt nó forbairt dhíolmhaithe ann nó céard nach ea, ansin, in ionad í a chur faoi bhráid an Aire agus an tAire á cinneadh faoi alt 5 (1) den Phríomh-Acht, tarchuirfear chun an Bhoird í agus cinnfidh an Bord í.

(3) I gcás a mbeidh coinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (f) d'alt 26 den Phríomh-Acht ag gabháil le cead nó le ceadú a thabharfar faoin alt sin agus nach mbeidh comhaontú ann maidir leis an ranníoc a cheanglaítear le fo-alt (7) den alt sin 26 a dhéanfadh údarás áitiúil, ansin, in ionad an tAire do chinneadh an ábhair faoin bhfo-alt sin (7), tarchuirfear chun an Bhoird é agus cinnfidh an Bord méid an ranníoca.

(4) I gcás a mbeidh ag gabháil le cead nó le ceadú a thabharfar faoi alt 26 den Phríomh-Acht coinníoll á fhoráil go gcomhaontóidh an t-údarás pleanála agus an duine dá dtabharfar an cead nó an ceadú ar ranníoc nó ar ábhar eile agus, mura mbeidh comhaontú ann, go gcinnfidh an tAire an ranníoc nó an t-ábhar eile, forléireofar an coinníoll mar choinníoll a fhorálann go gcinnfidh an Bord an ranníoc nó an t-ábhar eile mura mbeidh comhaontú ann.

(5) Déantar leis seo feidmeanna an Aire faoi alt 29 den Phríomh-Acht a aistriú chun an Bhoird agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (9) den alt seo déanfar gach ceann de na tagairtí san alt sin 29 don Aire a fhorléiriú mar thagairt don Bhord.

(6) Aon cheist nó díospóid a bheidh ann i dtaobh an nglacfadh nó an nglacann déanmhas nua go substaintiúil, de réir brí alt 56 den Phríomh-Acht, ionad déanmhais a scartáladh nó a scriosadh, cinnfidh an Bord í in ionad an tAire á cinneadh.

(7) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, bainfidh an Príomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo), fara aon mhodhnuithe is gá, leis an méid seo a leanas, is é sin—

(a) achomharc a dhéanamh chun an Bhoird,

(b) tarchur chun an Bhoird,

(c) cinneadh an Bhoird ar achomharc,

(d) an Bord do dhaingniú nó do neamhniú (de réir mar a bheidh) an fhógra nó an ordaithe lena mbainfidh an t-achomharc,

(e) an Bord do chinneadh ceist nó díospóid lena mbaineann tarchur faoi alt 5 (1) den Phríomh-Acht,

(f) an Bord do chinneadh easaontas, ceist nó díospóid lena mbaineann alt 26 (7) nó alt 56 (3) den Príomh-Acht,

(g) fógra ceannaigh a seirbheáladh ar údarás pleanála faoi alt 29 den Príomh-Acht a dhaingniú,

(h) déanamh de réir orduithe ón mBord i ndáil le hachomcharc i leith ceadúnais faoi alt 89 den Phríomh-Acht, agus

(i) an Bord do chinneadh ranníoca nó ábhair eile a bheidh le cinneadh ag an mBord de bhua fho-alt (4) den alt seo,

mar a bhain sé, díreach roimh an lá iomchuí, le cibé acu seo a leanas is iomchuí, is é sin, achomharc comhréire a dhéanamh chun an Aire nó ní comhréire a tharchur chun an Aire faoin bPríomh-Acht, cinneadh an Aire ar achomharc den sórt sin, an tAire do dhaingniú nó do neamhniú nó do chinneadh fógra, ordú, ceist nó díospóid a bhaineann le hachomharc nó le tarchur den sórt sin, an tAire do chinneadh easaontas, ceist nó díospóid lena mbaineann an t-alt sin 26 (7) nó an t-alt sin 56 (3), an tAire do dhaingniú fógra ceannaigh, déanamh de réir orduithe ón Aire i ndáil le hachomharc i leith ceadúnais faoin alt sin 89 nó an tAire do chinneadh ranníoca nó ábhair eile de bhun coinníoll a luaitear san fho-alt sin (4).

(8) Féadfaidh an Bord nuair a bheidh achomharc faoi alt 26 nó alt 27 den Phríomh-Acht á chinneadh aige a chinneadh cead nó ceadú a thabhairt bíodh is go ndéanann an fhorbairt bheartaithe sárú ábhartha ar an bplean forbartha nó ar aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann le limistéar an údaráis phleanála ar lena chinneadh a bhaineann an t-achomharc.

(9) Gach áit a dtagraíonn an Príomh-Acht don Aire i ndáil le haon ní acu seo a leanas—

(a) achomharc faoi alt iomchuí,

(b) tarchur faoi alt 5 (1) den Phríomh-Acht,

(c) easaontas, ceist nó díospóid lena mbaineann alt 26 (7) nó alt 56 (3) den Phríomh-Acht a chinneadh,

(d) cinneadh ar achomharc faoi alt iomchuí,

(e) cinneadh de bhun alt 85 den Phríomh-Acht i dtaobh ar coimeádadh toilú siar go míreasúnach.

(f) cinneadh, daingniú nó neamhniú (de réir mar a bheidh) ar an bhfógra nó ar an ordú, ar an gceist nó ar an díospóid lena mbaineann achomharc faoi alt iomchuí nó tarchur a luaitear i mír (b) den fho-alt seo,

(g) ceanglas á cheangal ar iarratasóirí nó ar údaráis phleanála aon eolas sonraithe a thabhairt don Aire, nó

(h) aon fhocal atá gaolmhar le hachomharc, tarchur, cinneadh, daingniú no neamhniú,

forléireofar an tAcht sin, seachas alt 18 de, mar Acht a thagraíonn don Bhord.

(10) San alt seo ciallaíonn “alt iomchuí” alt is alt 26, 27, 30, 33, 36, 37, 44, 45, 46, 48, 85 nó 89 den Phríomh-Acht.

Achomharcóirí do thaisceadh éarlais £10.

15. —(1) Déanfaidh achomharcóir éarlais £10 a thaisceadh leis an mBord i dteannta a achomhairc agus ní bailí d'aon achomharc chun an Bhoird nach mbeidh an éarlais sin ina theannta.

(2) A luaithe is féidir é tar éis achomharc chun an Bhoird a tharraingt siar nó a chinneadh, tabharfaidh an Bord an éarlais ar ais don achomharcóir, ach sin faoi réir alt 18 (3) den Acht seo.

Eisteacht ó bhéal.

16. —(1) Ach amháin i gcás a dtabharfaidh an tAire ordú faoin alt seo, beidh de lán-rogha ag an mBord aon tarchur nó achomharc chun an Bhoird a éisteacht ó bhéal.

(2) I gcás a n-iarrfar ar an mBord tarchur nó achomharc a éisteacht ó bhéal agus go socróidh sé an tarchur nó an t-achomharc a chinneadh gan éisteacht ó bhéal—

(a) seirbhéalfaidh an Bord fógra faoina chinneadh ar an duine a d'iarr an éisteacht sin, agus

(b) ní rachaidh an Bord do chinneadh an tarchuir nó an achomhairc go dtí go rachaidh an tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo in éag.

(3) Aon duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (2) den alt seo, seachas duine a mbeidh fógra faoi alt 18 den Acht seo a bhaineann leis an tarchur iomchuí nó leis an achomharc iomchuí seirbheáilte air freisin, féadfaidh sé, aon tráth sula mbeidh ceithre lá dhéag dar tosach lá seirbheála an fhógra faoin bhfo-alt sin (2) caite, ordú faoin alt seo maidir leis an tarchur iomchuí nó leis an achomharc iomchuí a iarraidh i scríbhinn ar an Aire.

(4) I gcás a ndéanfar iarratas faoi fho-alt (3) den alt seo chun an Aire, ní dhéanfaidh an Bord, mura socróidh sé an tarchur iomchuí nó an t-achomharc iomchuí a éisteacht ó bhéal, an tarchur nó an t-achomharc sin a chinneadh go dtí go ndéanfaidh an tAire cinneadh ar an iarratas.

(5) Féadfaidh an tAire a ordú don Bhord aon tarchur nó achomharc chun an Bhoird a éisteacht ó bhéal agus déanfaidh an Bord de réir aon ordú den sórt sin.

Féadfar ábhair, seachas ábhair ó pháirtithe, a chur i gcuntas le linn tarchuir nó achomhairc a bheith á gcinneadh.

17. —Féadfaidh an Bord, ag cinneadh tarchuir nó achomhairc dó, ábhair a chur i gcuntas seachas ábhair a bheidh tarraingthe anuas ag na páirtithe sa tarchur nó san achomharc má bhaineann na hábhair le pleanáil chuí agus le forbairt chuí limistéar an údaráis phleanála iomchuí nó más ábhair iad a mbeidh aird orthu ag an mBord de bhua alt 24 (2) den Acht seo, ar choinníoll go mbeidh aird na bpáirtithe sin tarraingthe orthu agus go mbeidh deis tugtha dóibh ar thuairimí orthu a chur in iúl don Bhord nó, i gcás éisteachta ó bhéal, don duine a sheolfaidh an éisteacht.

Cumhacht an Bhoird maidir le tarchuir nó achomhairc chráiteacha, etc.

18. —(1) I gcás arb é tuairim an Bhoird gur tarchur nó achomharc cráiteach tarchur nó achomharc, nó tarchur nó achomharc a bheith á mhoilliú gan riachtanas ag aon pháirtí, féadfaidh an Bord fógra a sheirbheáil ar an bpáirtí á rá go ndéanfaidh sé, tráth tar éis an lae a shonrófar san fhógra (ar lá é nach luaithe ná seacht lá tar éis an fógra a sheirbheáil) gan aon fhógra eile a thabhairt don pháirtí, an tarchur nó an t-achomharc lena mbainfidh an fógra a chinneadh, agus go bhféadfaidh an Bord an tarchur nó an t-achomharc a chinneadh amhlaidh d'ainneoin nach mbeidh aon aighneacht déanta chuig an mBord ag an bpáirtí i ndáil leis an tarchur nó leis an achomharc.

(2) I gcás a mbeidh fógra seirbheáilte faoin alt seo féadfaidh an Bord, aon tráth tar éis an lae a bheidh sonraithe san fhógra, gan aon fhógra eile a thabhairt don pháirtí ar ar seirbheáladh an fógra, an tarchur nó an t-achomharc a chinneadh, agus féadfaidh an Bord an tarchur nó an t-achomharc a chinneadh amhlaidh d'ainneoin nach mbeidh aon aighneacht déanta chuig an mBord ag an bpáirtí sin i ndáil leis an tarchur nó leis an achomharc.

(3) Más é tuairim an Bhoird ag cinneadh achomharc dó gur achomharc cráiteach é, féadfaidh an Bord a ordú go bhforghéillfear don Bhord an éarlais a taisceadh i ndáil leis an achomharc.

Caiteachais achomhaire.

19. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás a ndéanfar achomharc chun an Bhoird in aghaidh cinneadh a rinne údarás pleanála—

(a) féadfaidh an Bord, más cuí leis agus ar neamhspleidh le toradh an achomhairc, a ordú don údárás pleanála—

(i) cibé suim a íoc leis an achomharcóir a shonróidh an Bord, dá lán-rogha féin, mar chúiteamh don achomharcóir sa chaiteachas a bhain dó i ndáil leis an achomharc,

(ii) cibé suim a íoc leis an mBord a shonróidh an Bord dá lán-rogha féin, mar chúiteamh don Bhord i leith an chaiteachais a thabhaigh an Bord i ndáil leis an achomharc a éisteacht;

(b) i gcás a ndaingneofar ar achomharc cinneadh an údaráis phleanála, nó i gcás a n-athrófar ar achomharc an cinneadh, mura dtabharfaidh an Bord, ag cinneadh an achomhairc dó, aontachas do bhrí fhoras achomhairc an achomharcóra, féadfaidh an Bord, más cuí leis, a ordú don achomharcóir—

(i) cibé suim a íoc leis an údarás pleanála a shonróidh an Bord, dá lán-rogha féin, mar chúiteamh don údarás pleanála sa chaiteachas a bhain dóibh i ndáil leis an achomharc,

(ii) cibé suim a shonróidh an Bord, dá lán-rogha féin, a íoc le haon cheann de na páirtithe eile san achomharc, mar chúiteamh don pháirtí sa chaiteachas a bhain dó i ndáil leis an achomharc,

(iii) cibé suim a íoc leis an mBord a shonróidh an Bord, dá lán-rogha féin, mar chúiteamh don Bhord i leith an chaiteachais a thabhaigh an Bord i ndáil leis an achomharc a éisteacht.

(2) Is tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, agus ansin amháin, a thabharfaidh an Bord ordú faoi fho-alt (1) den alt seo aon suim is mó ná £50 a íoc.

(3) Beidh aon suim a ordófar faoin alt seo a íoc inghnóthaithe, mura n-íocfar í, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Forálacha forlíontacha a bhaineann le tarchuir agus le hachomhairc.

20. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do dhéanamh socrú d'aon cheist nós imeachta i ndáil le tarchuir nó achomhairc chun an Bhoird.

(2) Déanfar rialacháin faoin alt seo do dhéanamh socrú go ndéanfar aon éisteacht ó bhéal ag an mBord ar tharchur nó ar achomharc a sheoladh ag duine a cheapfaidh an Bord chuige sin.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh dá chumasú don Bhord, nuair a bheidh achomharc faoi alt 26 nó 27 den Phríomh-Acht á bhreithniú aige, cuireadh a thabhairt d'iarratasóir agus dá chumasú d'iarratasóir dar tugadh cuireadh amhlaidh pleananna nó líníochtaí eile athscrúdaithe ag déanamh modhnú, nó sonraí eile ina mbeidh socrú le modhnú a dhéanamh, ar an bhforbairt lena mbaineann an t-achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird.

(4) I gcás ina gcuirfear pleananna, líníochtaí nó sonraí a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo faoi bhráid an Bhoird de bhua rialacháin a rinneadh faoin bhfo-alt sin, féadfaidh an Bord ag cinneadh an achomhairc dó cead nó ceadú a thabhairt i leith na forbartha iomchuí arna modhnú le gach ceann nó le haon cheann de na pleananna, de na líníochtaí nó de na sonraí sin.

Eatramhach.

21. —(1) Má bhí, díreach roimh an lá iomchuí, achomharc, ranníoc, ceist nó díospóid dá dtagraítear in alt 14 den Acht seo nó achomharc de bhun alt 25 den Acht seo á bhreithniú ag an Aire, beidh feidhm ag an alt sin 14 agus ag ailt 16, 17, 18, 19 agus 20 den Acht seo i ndáil leis an achomharc, leis an ranníoc, leis an gceist nó leis an díospóid a ndéanfar, in ionad an tAire dá bhreithniú tuilleadh faoin bPríomh-Acht, é a chinneadh, mura dtarraingeofar siar é, ag an mBord ionann is dá mba chun an Bhoird a rinneadh nó a tarchuireadh i gcéaduair é faoin Acht seo.

(2) I gcás a mbeidh fógra ceannaigh de réir brí alt 29 don Phríomh-Acht seirbheáilte roimh an lá iomchuí ar údarás pleanála agus nach mbeidh fógra i ndáil leis sin seirbheáilte roimh an lá sin ag an údarás faoi fho-alt (2) den alt sin á rá go bhfuil siad toilteanach déanamh de réir an fhógra ceannaigh, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás a mbeartóidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar an úinéir iomchuí de réir mhír (b) den fho-alt sin (2) agus nach mbeidh cóipeanna de na fógraí dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt sin 29 curtha, roimh an lá sin, ag an údarás chun an Aire, ansin, chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go mbeidh feidhm ag alt 14 (5) den Acht seo i ndáil leis an bhfógra,

(b) i gcás a mbeidh na cóipeanna de na fógraí dá dtagraítear san fho-alt sin (4) curtha ag an údarás pleanála chun an Aire roimh an lá iomchuí ach nach mbeidh an tAire, roimh an lá iomchuí, tar éis an fógra ceannaigh a dhaingniú ná aon ghníomh eile a dhéanamh den sórt a luaitear i mír (i) nó i mír (ii) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (4), ná a chur in iúl don úinéir a sheirbheáil an fógra nach mbeartaíonn sé an fógra a dhaingniú, ansin, in ionad an tAire do bhreithniú an fhógra tuilleadh, breithneoidh an Bord é ionann is dá mba gur cuireadh cóip de chun an Bhoird an lá iomchuí, agus beidh feidhm fara aon mhodhnuithe is gá i ndáil leis an bhfógra ag an bhfo-alt sin (4) agus ag an bhfo-alt sin (5) den alt sin 29, arna leasú leis an Acht seo, agus

(c) i gceachtar cás, d'ainneoin alt 14 (9) den Acht seo, beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (2) i ndáil leis an bhfógra a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin a sheirbheáil ionann is dá ndéanfaí “chun an Aire nó chun an Bhoird, de réir mar is iomchuí” a chur ann in ionad “chun an Aire”.

(3) D'fhonn a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a chomhlíonadh an lá iomchuí agus uaidh sin amach, féadfaidh an Bord socruithe a dhéanamh, mar ghníomh eatramhach, chun an tAire do sholáthar don Bhord aon seirbhísí a theastóidh ón mBord go dtí go ndéanfaidh an Bord dóthain ceapachán de bhun alt 10 den Acht seo agus féadfaidh an tAire seirbhísí dá ndéanfar socruithe faoin alt seo a sholáthar agus féadfaidh an Bord leas a bhaint as na seirbhísí sin.

Am d'achomhairc i gcoitinne.

22. —(1) I gcás nach dtugann foráil den Acht seo a údaraíonn achomharc (seachas achomharc chun cúirte) cumas achomharc a dhéanamh ach amháin laistigh de thréimhse shonraithe, gheofar an t-achomharc, más leis an bpost a sheolfar é, tráth nach déanaí ná an tríú lá tar éis na tréimhse sin agus aon achomharc a sheolfar amhlaidh agus nach bhfaighfear amhlaidh beidh sé neamhbhailí mar achomharc nach ndearnadh in am.

(2) I gcás nach dtugann foráil den Phríomh-Acht a údaraíonn achomharc (seachas achomharc chun cúirte) cumas achomharc a dhéanamh ach amháin laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh éag do thréimhse shonraithe nó roimh lá sonraithe, forléireofar an fhoráil mar fhoráil a fholaíonn—

(a) ceanglas nach foláir an t-achomharc, más leis an bpost a sheolfar é, a fháil tráth nach déanaí ná an tríú lá tar éis na tréimhse sin nó an lae sin, agus

(b) foráil go mbeidh aon achomharc a sheolfar amhlaidh agus nach bhfaighfear amhlaidh neamhbhailí mar achomharc nach ndearnadh in am.

Tuarascálacha ar iniúchadh, etc.

23. —I gcás a dtarlóidh i ndáil leis an Aire do chomhlíonadh aon cheann de na feidhmeanna a shanntar dó faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, nó i ndáil leis an mBord do chomhlíonadh a fheidhmeanna go ndéanfaidh duine, is duine a cheapfar chuige ag an Aire nó ag an mBord, iniúchadh, nó go seolfaidh sé éisteacht ó bhéal, thar ceann an Aire nó an Bhoird, de réir mar a bheidh, tabharfaidh an duine a cheapfar amhlaidh don Aire nó don Bhord, de réir mar is iomchuí, tuarascáil scríofa ar an iniúchadh nó ar an éisteacht, de réir mar a bheidh, agus cuirfidh sé ina thuarascáil moladh maidir leis an ábhar lenar bhain an t-iniúchadh nó an éisteacht, agus breithneoidh an tAire nó an Bord, de réir mar is iomchuí, an tuarascáil (lena n-áirítear aon mholadh a bheidh inti) roimh chinneadh a thabhairt ar an ábhar ar i ndáil leis a rinneadh an t-iniúchadh nó a seoladh an éisteacht.

Abhair bhreise a bhféadfaidh údarás pleanála nó an Bord aird a thabhairt orthu le linn bheith ag breithniú iarratas áirithe, etc. agus achomharc áirithe.

24. —(1) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, le linn d'údarás pleanála bheith ag déanamh breithnithe,

(a) ar iarratas ar chead faoi alt 26 nó 27 den Acht sin.

(b) ar fóirsteanach nó nach fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoi alt 30, 31, 32, 33 nó 35 den Acht sin,

(c) an seirbheálfaidh siad nó nach seirbheálfaidh siad fógra faoi alt 36 nó 37 den Acht sin,

beidh aird acu, i gcás arb iomchuí leo é, ar cheachtar de na nithe seo a leanas nó orthu araon, is é sin,

(i) an éifeacht is dóigh a bheadh ag cinneadh áirithe dá gcuid ar an ábhar ar aon áit nach áit laistigh, nó ar aon limistéar lasmuigh, dá limistéar, agus

(ii) aon ábhar eile a bhaineann le forbairt lasmuigh dá limistéar.

(2) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, le linn don Bhord bheith ag breithniú achomhairc a rinneadh faoi alt 26, 27, 30, 33, 36 nó 37 den Acht sin, beidh aird aige, i gcás arb iomchuí leis é, ar cheachtar de na nithe seo a leanas nó orthu araon, is é sin.

(a) an éifeacht is dóigh a bheadh ag cinneadh áirithe dá chuid ar an ábhar ar aon áit nach áit laistigh, nó ar aon limistéar lasmuigh. de limistéar an údaráis phleanála iomchuí, agus

(b) aon ábhar eile a bhaineann le forbairt lasmuigh de limistéar an údaráis sin.

Rialú pleanála (spásanna oscailte) a chur i bhfeidhm.

25. —(1) I gcás—

(a) a bhfuil forbairt á déanamh nó déanta de bhun cead faoi alt 26 den Phríomh-Acht, agus

(b) (i) a raibh coinníoll á cheangal talamh a sholáthar nó a chothabháil mar spás oscailte, ar spás oscailte é lena mbaineann an t-alt seo, ag gabháil leis an gcead, nó

(ii) a raibh sé dearfa nó intuigthe san iarratas ar an gcead sin go soláthrófaí nó go gcothabhálfaí talamh mar spás oscailte den sórt sin, agus

(c) a mbeidh iarratas scríofa seirbheáilte ag an údarás pleanála ar úinéir na talún go ndéanfaidh sé, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san iarratas (is tréimhse nach giorra na dhá mhí dar tosach dáta an iarratais), an talamh sin a sholáthar, a chothromú, a phlandáil nó a oiriúnú ar shlí eile nó a chothabháil ar mhodh a shonrófar amhlaidh, ar modh é a dhéanfaidh, dar leo, oiriúnach é don chríoch a raibh an spás oscailte le soláthar chuici, agus

(d) go mainneoidh an t-úinéir déanamh de réir an iarratais nó a áirithiú go ndéanfaí dá réir laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh,

féadfaidh an t-údarás pleanála, más oiriúnach leo, fógra (dá ngairtear fógra fála ina dhiaidh seo san alt seo) a fhoilsiú i nuachtán a léitear sa cheantar go bhfuil siad chun an talamh a fháil le hordú faoin alt seo agus sonrófar san fhógra fála tréimhse (is tréimhse nach giorra na dhá mhí dar tosach dáta an fhógra a fhoilsiú) ar féidir achomharc a dhéanamh faoin alt seo laistigh di.

(2) I gcás a bhfoilseoidh údarás pleanála fógra fála, déanfaidh siad, tráth nach déanaí ná deich lá tar éis dáta an fhoilsithe, cóip den fhógra a sheirbheáil ar úinéir na talún lena mbainfidh an fógra.

(3) Aon duine a mbeidh, de thuras na huaire, leas aige sa talamh lena mbainfidh fógra fála féadfaidh sé, laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra, achomharc a dhéanamh—

(a) i gcás ar roimh an lá iomchuí a dhéanfar an t-achomharc chun an Aire.

(b) i gcás arb é an lá iomchuí nó dá éis sin a dhéanfar an t-achomharc, chun an Bhoird.

(4) I gcás a ndéanfar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an tAire nó an Bord, de réir mar is iomchuí—

(a) an fógra fála lena mbainfidh an t-achomharc a neamhniú, nó

(b) an fógra fála a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, i leith na talún iomchuí go léir nó i leith na coda sin den talamh iomchuí a mheasfaidh an tAire nó an Bord a bheith réasúnach.

(5) Má fhoilsíonn údarás pleanála fógra fála agus—

(a) go mbeidh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra caite agus nach mbeidh aon achomharc déanta, nó

(b) go mbeidh achomharc déanta in aghaidh an fhógra agus go mbeidh an t-achomharc tarraingthe siar nó go mbeidh an fógra daingnithe gan choinníoll nó faoi réir modhnuithe,

féadfaidh an t-údarás pleanála ordú a dhéanamh san fhoirm fhorordaithe is ordú a bheidh sainráite agus a oibreoidh chun an talamh lena mbaineann an fógra fála, nó, i gcás ar iomchuí sin, an fógra fála arna dhaingniú, a dhílsiú don údarás pleanála ar dháta sonraithe ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir a raibh an talamh sin i seilbh ag an úinéir ar a fheadh díreach roimh dháta an ordaithe mar aon leis na cearta agus na dliteanais go léir a theacht nó a thabhaigh an t-úinéir i ndáil leis an gcéanna díreach roimh an dáta sin mar aon le hoibleagáid déanamh de réir an iarratais a rinneadh faoi mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo.

(6) I gcás a mbeidh údarás pleanála tar éis talamh á fháil faoi ordú faoin alt seo is talamh atá, leis féin nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach é atá inti go heisiatach cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an t-údarás chun bheith agus beidh siad faoi dhliteanas, amhail ó dháta na talún a dhílsiú dóibh leis an ordú dílseacháin, go n-íocfaidh siad le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, an tsuim bhliantuil nó an chuid sin di a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, ar an talamh ionann is dá mbeadh an talamh aistrithe chuig an údarás ag úinéir na talún sin ar an dáta sin.

1964, Uimh. 16 .

(7) Nuair a dhéanfaidh údarás pleanála ordú faoin alt seo i ndáil le haon talamh, cuirfidh siad an t-ordú go dtí an t-údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , agus air sin cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an t-údarás pleanála a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe.

(8) I gcás a ndéanfar éileamh ar chúiteamh i leith talún lena mbaineann ordú faoin alt seo agus go mbeidh an t-ábhar le cinneadh trí eadráin de bhua alt 68 den Phríomh-Acht, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) mura suífidh an t-úinéir nó mura suífear thar a cheann nach ndearnadh cóimhéid luach na talún lena mbaineann an cead iomchuí faoi alt 26 den Phríomh-Acht, arbh é an luach sin é an tráth a iarradh an cead, a ghnóthú de thoradh na forbartha agus nach mbeidh sé, mar thoradh breise den sórt sin, inghnóthaithe san am le theacht tríd an talamh a dhiúscairt ar talamh é lena mbaineann an cead agus nach talamh é lena mbaineann an tordú, déanfaidh an t-eadránaí dámhachtain nialais. agus

(b) ní thabharfar aird sa mheasúnacht ar luach na talún lena mbaineann an t-ordú ar luach na talún sin le haghaidh úsáide seachas mar spás oscailte agus déanfar asbhaint i leith costas cibé oibreacha a dhéanamh is gá le géilleadh don iarratas a rinneadh de bhun mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo.

(9) Taifeadfaidh údarás pleanála sa chlár—

(a) sonraí aon fhógra fála a bheidh foilsithe acu,

(b) dáta agus éifeacht aon chinneadh ar achomharc i ndáil leis an bhfógra sin,

(c) sonraí aon ordaithe a bheidh déanta faoin alt seo,

agus déanfar gach taifeadadh den sórt sin laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach lá an fhoilsithe, lá an fhógra faoin gcinneadh a fháil nó lá an ordaithe a dhéanamh, de réir mar is iomchuí.

(10) Baineann an t-alt seo le haon sórt spás ocailte (is cuma cé acu spás oscailte nó tuairisc eile a thugtar air san iarratas iomchuí ar chead nó i gcoinníoll a ghabhann leis an gcead iomchuí) is talamh nach dtuairiscítear san iarratas sin nó sa choinníoll sin mar spás oscailte príobháideach nó i dtéarmaí ag insint nach mbeartaítear go mbeadh cead gan srian isteach ann ag an bpobal.

Fógra rabhaidh.

26. —(1) I gcás ar dealraithach d'údarás pleanála—

(a) go bhfuil talamh á fhorbairt nó gur dóigh go bhforbrófar é contrártha d'alt 24 den Phríomh-Acht, nó

(b) go bhfuil aon úsáid neamhúdaraithe á dhéanamh de thalamh, nó

(c) go bhféadfaidh go n-aistreofaí nó go ndamáisteofaí aon chrann nó airí eile (is déanmhas nó airí nádúrtha) nó aon ní eile a gceanglaítear le coinníoll ar deonaíodh faoina réir cead aon talamh a fhorbairt é a chaomhnú.

féadfaidh an t-údarás pleanála fógra (dá ngairtear fógra rabhaidh ina dhiaidh seo san alt seo) a sheirbheáil ar úinéir na talún agus féadfaidh siad cóip den fhógra sin a thabhairt d'aon duine eile ar dóigh leo baint a bheith aige leis na hábhair lena mbainfidh an fógra.

(2) Tagróidh fógra rabhaidh don talamh iomchuí agus—

(a) ceanglóidh sé, i ndáil le haon talamh a bheidh á fhorbairt nó ar dóigh go bhforbrófar é, nach dtosófar á fhorbairt contrártha d'alt 24 den Phríomh-Acht nó, má bhíonn an fhorbairt sin tosaithe, go scoirfear di láithreach,

(b) ceanglóidh sé, i ndáil le haon úsáid neamhúdaraithe de thalamh, go scoirfear láithreach den úsáid neamhúdaraithe,

(c) ceanglóidh sé, i ndáil le coinníoll a cheanglaíonn aon chrann, airí eile nó ní eile a chaomhnú, nach ndéanfar an crann, an airí eile nó an ní eile, de réir mar is iomchuí, a aistriú ná a dhamáistiú agus go ndéanfaidh úinéir na talún aon bhearta réasúnacha is gá lena chaomhnú,

agus ceanglóidh an fógra sin freisin ar úinéir na talún leorbhearta a dhéanamh lena chinntiú go ndéanfar de réir an fhógra agus beidh rabhadh ann go bhféadfaidh an t-údarás pleanála iomchuí imeachtaí faoin alt seo a bhunú ina aghaidh agus in aghaidh aon duine eile a mhainneoidh déanamh de réir ceanglais an fhógra nó a thabharfaidh cabhair nó cead le haghaidh aon fhorbairt a dhéanamh ar thalamh nó aon úsáid a dhéanamh de thalamh nó aon ní eile a dhéanamh contrártha don fhógra.

(3) I gcás a mbeidh fógra rabhaidh seirbheáilte i ndáil le sárú ar choinníoll a luaitear i mír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, ní cion faoin alt seo aon ní a dhéanfar i ndáil leis an gcrann, leis an airí eile nó leis an ní eile lena mbaineann an fógra má dhéantar é le toiliú i scríbhinn ón údarás pleanála a sheirbheáil an fógra.

(4) Aon duine—

(a) a mhainneoidh go feasach déanamh de réir ceanglais fógra rabhaidh, nó

(b) a thabharfaidh go feasach cabhair nó cead,

(i) do dhuine eile chun aon fhorbairt a dhéanamh a gceanglaíonn fógra rabhaidh nach dtosófar uirthi nó nach foláir scor di, nó

(ii) do dhuine eile leanúint d'úsáid a gceanglaíonn fógra rabhaidh nach foláir scor di, nó

(iii) do dhuine eile aon ní eile a dhéanamh contrártha do fhógra rabhaidh, nó

(c) a dhamáisteoidh ar shlí eile nó a aistreoidh aon chrann, airí eile nó ní eile lena mbainfidh fógra rabhaidh,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a chur air.

(5) I gcás a gciontófar duine i gcion faoin alt seo agus go leanfaidh sé den chion tar éis a chiontaithe, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den chion nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile a chur air.

(6) Féadfar fógra forfheidhmiúcháin de réir brí alt 31, 32 nó 35 den Phríomh-Acht a sheirbheáil cibé acu a bheidh nó nach mbeidh ionchúiseamh tionscanta faoin alt seo.

(7) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le himeachtaí faoin alt seo inarb é an cion a líomhnaítear crann, airí eile nó ní eile lena mbaineann fógra rabhaidh a aistriú nó a dhamáistiú, is é sin—

(a) más é an cosantóir úinéir na talún lena mbaineann an fógra rabhaidh,

(i) is leor don ionchúiseamh a chruthú gur aistríodh nó gur damáistíodh an crann, an airí eile nó an ní eile, de réir mar is iomchuí, agus

(ii) gan dochar d'aon chosaint eile a bheidh ar a dheis aige, is cosaint mhaith don chosantóir má chruthaíonn sé go ndearna sé, nó gur chuir sé faoi deara go ndéanfaí, bearta réasúnacha á áirithiú go ndéanfaí de réir ceanglais an fhógra rabhaidh agus gur le deámhéin a ghníomhaigh sé i gcónaí i ndáil leis an bhfógra,

(b) in aon chás eile, má chruthaíonn an t-ionchúiseamh agus ar an gcuntar amháin go gcruthóidh—

(i) go ndearnadh, tar éis an fógra rabhaidh a sheirbheáil, bearta lena chur in iúl do dhaoine an fógra a bheith ann, nó an crann, an airí eile nó an ní eile, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an cion líomhnaithe a chosaint ar dhamáiste nó a chaomhnú, agus

(ii) gur tar éis na bearta a luaitear i bhfomhír (i) den mhír seo a dhéanamh a tharla an t-aistriú nó an damáiste líomhnaithe,

toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go ndearna an cosantóir, go feasach, an crann, an airí eile nó an ní eile a aistriú nó a dhamáistiú, de réir mar is iomchuí.

(8) In ionchúiseamh i leith cion faoin alt seo, ní gá don ionchúiseamh a shuíomh, agus toimhdeofar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nárbh fhorbairt dhíolmhaithe ná forbairt ar ar tosaíodh roimh an lá ceaptha an fhorbairt (más ann) a bheidh i gceist.

(9) Chun críocha an ailt seo, measfar crann a bheith aistrithe má bhíonn sé gearrtha de thalamh nó damáistithe go toiliúil ar shlí eile.

(10) I gcás a seirbheálfaidh údarás pleanála fógra rabhaidh faoin alt seo, taifeadfaidh an t-údarás sonraí i dtaobh an fhógra sa chlár.

Féadfaidh an Ard-Chúirt forbairt nó úsáid neamhúdaraithe talún a thoirmeasc.

27. —(1) I gcás—

(a) forbairt, is forbairt ar gá cead chuici faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, a bheith á déanamh ar thalamh gan cead den sórt sin, nó

(b) úsáid neamhúdaraithe a bheith á déanamh de thalamh,

féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ó údarás pleanála nó ó aon duine eile, bíodh nó ná bíodh leas sa talamh ag an duine, toirmeasc a chur, le hordú, leis an bhforbairt nó leis an úsáid neamhúdaraithe leanúint ar aghaidh.

(2) I gcás a mbeidh aon fhorbairt a údaraíodh le cead a deonaíodh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht tosaithe ach nach mbeidh sí déanta, nó á déanamh, de réir an cheada mar gheall ar cheanglais coinníll atá ag gabháil leis an gcead a bheith gan chomhlíonadh nó mar gheall ar aon chúis eile, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ó údarás pleanála nó ó aon duine eile, bíodh nó ná bíodh leas sa talamh ag an duine sin, a cheangal le hordú ar aon duine a shonrófar san ordú aon ní is dóigh leis an gCúirt is gá chun a áirithiú go mbeidh an fhorbairt déanta de réir an cheada agus a shonróidh sé san ordú a dhéanamh nó gan é a dhéanamh nó scor de bheith á dhéanamh.

(3) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte ar ordú faoin alt seo agus féadfaidh an Chúirt, nuair a bheidh sí ag breithniú an ábhair, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) a dhéanamh is dóigh léi is iomchuí. Féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann), maidir le costais a íoc, a mheasfaidh an Chúirt is iomchuí a bheith in ordú trína gcinnfear iarratas faoin alt seo.

Údarás pleanála do tharraingt fógraí áirithe siar agus taifid iomchuí sa chlár a chealú.

28. —(1) I gcás a seirbheálfaidh údarás pleanála fógra a luaitear in alt 30, 31, 32, 35, 36, 37 nó 44 den Phríomh-Acht féadfaidh siad, trí fhógra i scríbhinn, an fógra a tharraingt siar.

(2) I gcás a dtarraingeoidh údarás pleanála fógra siar faoin alt seo taifeadfaidh an t-údarás sa chlár gur tarraingíodh siar é.

Teorainn le ré cead pleanála.

29. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, aon chead a deonaíodh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, scoirfidh sé, ar éag don tréimhse chúig bliana dar tosach dáta an ailt seo a theacht i ngníomh nó ar dháta an cheada a thabhairt, cibé dáta acu is déanaí, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin dá bhun roimh éag don tréimhse sin, d'éifeacht a bheith leis—

(a) i gcás gan an fhorbairt lena mbaineann an cead a bheith tosaithe i rith na tréimhse sin, maidir leis an bhforbairt go léir, agus

(b) i gcás an fhorbairt sin a bheith tosaithe amhlaidh, maidir leis an méid sin de nach mbeidh críochnaithe laistigh den tréimhse sin.

(2) Ní bheidh feidhm mar a leanas ag fo-alt (1) den alt seo:

(a) i gcás teach, siopa, oifig ná foirgneamh eile atá críochnaithe é féin, i ndáil le soláthar aon déanmhais nó oibreacha atá ar áireamh sa chead iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht agus atá riachtanach nó cumhalda nó foghabhálach i ndáil le húsáid an fhoirgnimh de réir an cheada sin, agus

(b) i gcás forbairt a chuimsíonn uimhir foirgneamh nach bhfuil ach cuid acu críochnaithe, i ndáil le bóithre, seirbhísí agus spásanna oscailte a sholáthar atá ar áireamh sa chead iomchuí sin agus atá riachtanach nó cumhalda i ndáil leis na foirgnimh chríochnaithe sin.

(3) I gcás—

(a) a mbeidh forbairt críochnaithe an oiread sin a thuairiscítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus go mbeidh coinníoll a ghabhann leis an gcead sin gan chomhlíonadh, nó

(b) a mbeidh forbairt críochnaithe amhlaidh agus go ngabhann leis an gcead sin coinníoll á cheangal rud éigin a fhágáil gan déanamh, nó

(c) a mbeidh forbairt críochnaithe ach amháin coinníoll a chomhlíonadh a ghabhann leis an gcead iomchuí, nó

(d) a mbeidh forbairt críochnaithe ach go ngabhann leis an gcead iomchuí coinníoll á cheangal rud éigin a fhágáil gan déanamh,

ansin, mura ndéanfar fógra (dá ngairtear fógra tarscaoilidh ina dhiaidh seo san alt seo) á rá nach gá an coinníoll a chomhlíonadh a eisiúint faoin alt seo ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar fho-alt a dhéanann difear, ná ní oibreoidh sé le difear a dhéanamh, d'oibleagáid aon duine ceanglais an choinníll a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh údarás pleanála, más oiriúnach leo, fógra tarscaoilidh a eisiúint ar iarratas a bheith déanta chuige sin.

(5) Féadfaidh aon duine arb éagóir leis cinneadh ag údarás pleanála ar iarratas ag iarraidh fógra tarscaoilidh achomharc a dhéanamh chun an Bhoird laistigh de lá agus fiche dar tosach an dáta a chuirfidh an t-údarás pleanála a gcinneadh in iúl don iarratasóir.

(6) I gcás a ndéanfar achomharc faoi fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an Bord—

(a) má bhíonn fógra tarscaoilidh eisithe ag údarás pleanála, an fógra a dhaingniú nó a neamhniú, nó

(b) mura mbeidh fógra tarscaoilidh eisithe amhlaidh, cinneadh an údaráis phleanála a dhaingniú nó fógra tarscaoilidh a eisiúint.

(7) I gcás—

(a) a mbeidh cead tugtha faoi Chuid IV den Phríomh-Acht le haghaidh forbartha agus go mbeidh an fhorbairt lena mbaineann an cead tosaithe ach nach mbeidh sí críochnaithe sula scoirfidh an cead d'éifeacht a bheith leis, agus

(b) ar deimhin leis an údarás pleanála iomchuí go bhfuil díospóid ann—

(i) i dtaobh cé acu a bhí nó nach raibh cuid áirithe den fhorbairt críochnaithe sular scoir an cead d'éifeacht a bheith leis, nó

(ii) i dtaobh arb éard cuid áirithe den fhorbairt aon cheann amháin nó níos mó acu seo a leanas a sholáthar, is é sin, déanmhas a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, oibreacha, bóithre, seirbhísí agus spásanna oscailte a luaitear amhlaidh,

ansin, más deimhin leis an údarás gur críochnaíodh amhlaidh an chuid den fhorbairt nó gurb í sin í, de réir mar is iomchuí, féadfaidh siad, ar an táille iomchuí (más ann) a bheith íoctha, deimhniú (dá ngairtear deimhniú forbartha ina dhiaidh seo san alt seo) sa chéill sin a eisiúint.

(8) In aon imeachtaí dlíthiúla beidh deimhniú forbartha ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh deimhnithe leis, agus aon doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú forbartha é glacfar i bhfianaise é gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaítear a shínigh an deimhniú nó gur oifigeach don údarás pleanála iomchuí an duine, go dtí go suífear a mhalairt.

(9) Más oiriúnach le húdarás pleanála é féadfaidh siad, maidir le cead áirithe, le hordú, an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a shíneadh, nó a shíneadh tuilleadh, ó am go ham, cibé tréimhse bhreise a mheasfaidh an t-údarás is iomchuí agus i gcás a ndéanfaidh údarás pleanála ordú den sórt sin, déanfar an tagairt san fho-alt sin (1) don tréimhse chúig bliana a fhorléiriú, maidir leis an gcead lena mbaineann an t-ordú, mar thagairt don tréimhse sin arna síneadh amhlaidh nó arna síneadh agus arna síneadh tuilleadh amhlaidh, de réir mar is iomchuí.

(10) Nuair a dhéanfaidh údarás pleanála tréimhse a shíneadh nó a shíneadh tuilleadh, nó deimhniú forbartha a eisiúint, taifeadfar sonraí ina thaobh sin ar an taifead iomchuí sa chlár.

(11) Féadfaidh aon duine arb éagóir leis cinneadh ag údarás pleanála ar iarratas ar dheimhniú forbartha achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda laistigh de shé mhí ó dháta an chinnte sin.

(12) I gcás a ndéanfar achomharc faoi fho-alt (11) den alt seo, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi go mbaineann mír (a) d'fho-alt (7) den alt seo leis an gcás agus go bhfuil díospóid ann a luaitear i mír (b) den fho-alt sin (7), breith dá réir a thabhairt agus, de réir mar is iomchuí, ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon a chinneadh, is é sin, a mhéid a bhí an fhorbairt iomchuí críochnaithe sular scoir an cead iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith leis, nó cibé acu an éard nó nach éard an chuid faoi dhíospóid den fhorbairt iomchuí nithe a sholáthar a luaitear i bhfomhír (ii) den mhír sin (b), a breith a chur in iúl don údarás pleanála iomchuí agus a ordú don údarás deimhniú forbartha iomchuí a eisiúint láithreach, mura mbeidh sin déanta cheana féin acu nó, má bhíonn deimhniú forbartha eisithe nach deimhniú forbartha iomchuí é ag féachaint do bhreith na Cúirte, an deimhniú sin a chur go dtí an t-údarás agus a ordú go ndéanfaidh an t-údarás deimhniú forbartha iomchuí a eisiúint ina ionad láithreach.

(13) I gcás ar deimhin leis an gCúirt Chuarda, ar dhuine do dhéanamh iarratais, gur mhoilligh údarás pleanála go míréasúnach déileáil le hiarratas ar dheimhniú forbartha agus ar deimhin freisin leis an gCúirt maidir leis an dá ní a luaitear i bhfo-alt (12) den alt seo, féadfaidh an Chúirt breithniú dá réir sin agus an cinneadh a dhéanamh a luaitear san fho-alt sin (12) agus is iomchuí, a cinneadh a chur in iúl don údarás agus a ordú don údarás deimhniú forbartha iomchuí a eisiúint láithreach.

Imeachtaí achomaire.

30. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfar imeachtaí achomaire lena mbaineann an t-alt seo a thionscnamh—

(a) aon tráth laistigh de shé mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) aon tráth laistigh de thrí mhí ón dáta a thiocfaidh fianaise ar umhail an duine a thionscnóidh na himeachtaí is leor. i dtuairim an duine sin. le gur chóir imeachtaí a thionscnamh,

cibé tráth acu sin is déanaí.

(2) Ní dhéanfar imeachtaí achomaire a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a thionscnamh tráth is déanaí ná cúig bliana ón dáta a rinneadh an cion.

(3) Chun críocha an ailt seo, beidh deimhniú a bheidh sínithe ag an duine, nó thar ceann an duine, a thionscnóidh na himeachtaí maidir leis an dáta a tháinig fianaise a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo ar umhail an duine sin ina fhianaise prima facie ar an gcéanna agus, in aon imeachtaí dlíthiúla, doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é a eisíodh chun críocha an ailt seo agus a bheith sínithe amhlaidh measfar é a bheith sínithe amhlaidh agus glacfar mar fhianaise é gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaítear a shínigh an deimhniú, mura suífear a mhalairt.

1851, c. 93.

(4) Beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo d'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.

(5) Baineann an t-alt seo leis na himeachtaí achomaire seo a leanas. is é sin:

(a) imeachtaí achomaire de bhun alt 26 den Acht seo nó i leith sárú ar alt 24 (2) den Phríomh-Acht agus a thionscnóidh an t-údarás pleanála ar ina limistéar a líomhnaítear a rinneadh an cion,

(b) imeachtaí achomaire de bhun alt 32 nó 33 den Acht seo.

Aighneachtaí agus glacadh comhairle.

31. —(1) Féadfaidh an Bord aighneachtaí a dhéanamh chun an Aire maidir le haon ábhair a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird.

(2) Féadfaidh an tAire comhairle a ghlacadh leis an mBord i ndáil le comhlíonadh aon fheidhme de chuid an Aire faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976.

Dearbhú ó chomhaltaí agus ó fhostaithe an Bhoird, agus ó chomhaltaí agus ó oifigigh údarás pleanála i dtaobh leasanna áirithe.

32. —(1) Is é dualgas duine lena mbaineann an t-alt seo dearbhú san fhoirm fhorordaithe, a bheidh sínithe aige agus ina mbeidh sonraí faoi gach leas dá chuid is leas lena mbaineann an t-alt seo, a thabhairt don chomhlacht iomchuí agus fad is duine é lena mbaineann an t-alt seo is é a dhualgas, nuair a tharlóidh athrú maidir le leas a mbeidh sonraí faoi sa dearbhú nó i gcás a bhfaighidh sé aon leas eile lena mbainfidh an t-alt seo, dearbhú den sórt sin a thabhairt as an nua don chomhlacht iomchuí.

(2) (a) Baineann an t-alt seo leis na daoine seo a leanas, is é sin:

(i) comhalta den Bhord,

(ii) comhalta d'údarás pleanála,

(iii) fostaí don Bhord nó aon duine eile,

(I) a mbainfidh an Bord leas as a sheirbhísí, agus

(II) is d'aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo,

(iv) oifigeach d'údarás pleanála is sealbhóir ar oifig is d'aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh forordaithe amhlaidh.

(b) Baineann an t-alt seo leis na leasanna seo a leanas, is é sin:

(i) aon eastát nó leas atá ag duine lena mbaineann an t-alt seo, i gcás ar comhalta de údarás pleanála nó oifigeach do údarás pleanála an duine, i dtalamh atá i limistéar an údaráis iomchuí, agus in aon chás eile, in aon talamh,

(ii) aon ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a bhfuil an duine sin ag gabháil dó nó fostaithe leis agus aon ghnó den sórt sin a sheolann cuideachta nó comhlacht eile ar comhalta di nó de eisean nó aon ainmní dá chuid,

(iii) aon ghairm, gnó nó slí bheatha dá bhfuil an duine sin ag gabháil, dó féin nó ar shlí eile, agus a bhaineann le déileáil i dtalamh nó le forbairt talún.

(3) Duine lena mbaineann an t-alt seo agus a bhfuil leas aige lena mbaineann an t-alt seo measfar go gcomhlíonann sé ceanglais fho-alt (1) den alt seo má thugann sé, agus amháin má thugann sé, don chomhlacht iomchuí dearbhú a luaitear san fho alt sin laistigh den tréimhse ocht lá is fiche dar tosach—

(a) i gcás ar duine den sórt sin an duine ar dháta thosach feidhme an ailt seo, ar an dáta sin,

(b) i gcás a dtiocfaidh an duine chun bheith ina dhuine den sórt sin tar éis tosach feidhme an ailt seo, an lá a thiocfaidh sé chun bheith ina dhuine den sórt sin,

(c) i gcás a dtarlóidh athrú maidir le leas a mbeidh sonraí faoi i ndearbhú a bheidh tugtha cheana féin ag an duine nó i gcás a bhfaighidh an duine aon leas eile lena mbainfidh an t-alt seo, an lá a tharlóidh an t-athrú nó a gheofar an leas eile den sórt sin.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar eastát nó leas i dtalamh a bheith ag duine lena mbaineann an t-alt seo más comhalta de chuideachta nó de chomhlacht eile ag a bhfuil eastát nó leas sa talamh eisean nó aon ainmní dá chuid.

(5) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar leas lena mbaineann an t-alt seo a bheith ag duine más leas chomh fánach nó chomh beag sin é nach inmheasta le réasún gur dóigh dó dul i gcion ar dhuine agus é ag breithniú nó ag plé aon cheist, nó ag vótáil ar aon cheist, i ndáil le haon ábhar a éireoidh nó a thiocfaidh os comhair an Bhoird nó an údaráis, de réir mar is iomchuí, nó le linn dó bheith ag comhlíonadh aon fheidhme i ndáil le haon ábhar den sórt sin.

(6) I gcás a bhfuil leas lena mbaineann an t-alt seo ag duine lena mbaineann an t-alt de dhroim agus amháin de dhroim scaireanna i gcuideachta nó i gcomhlacht eile a bheith ar úinéireacht tairbhiúil aige nó ag a ainmní agus nach mó luach ainmniúil iomlán na scaireanna sin ná cibé acu seo a leanas is lú—

(a) cúig chéad punt, nó

(b) an céadú cuid de luach ainmniúil iomlán scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó an chomhlachta nó, i gcás ar eisíodh an caipiteal sin ina scaireanna d'aicmí de bhreis ar aon aicme amháin, scairchaipiteal eisithe na haicme nó na n-aicmí scaireanna ina bhfuil leas aige,

ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil leis an leas sin.

(7) Coimeádfaidh an Bord agus gach údarás pleanála clár (clár dá ngairtear an clár leasanna san alt seo) chun críocha an ailt seo agus taifeadfaidh ann na sonraí a bheidh i ndearbhuithe a thabharfar don Bhord nó don údarás, de réir mar a bheidh, de bhun an ailt seo. Coimeádfar an clár leasanna in oifigí an Bhoird nó an údaráis phleanála, de réir mar a bheidh, agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal le linn uaire oifige.

(8) I gcás a scoirfidh duine de bheith ina dhuine lena mbaineann an t-alt seo, déanfaidh an comhlacht iomchuí aon sonraí a bheidh taifeadta sa chlár leasanna de thoradh an duine do thabhairt dearbhaithe don chomhlacht sin de bhun an ailt seo a bhaint as an gclár sin a luaithe is féidir tar éis éag don tréimhse chúig bliana dar tosach an lá a scoirfidh an duine de bheith ina dhuine den sórt sin.

(9) Faoi réir fho-alt (10) den alt seo, duine a mhainneoidh déanamh de réir fho-alt (1) den alt seo, nó a thabharfaidh, nuair a airbheartóidh sé a bheith ag déanamh de réir ceanglais an fho-ailt sin (1), sonraí a bheidh bréagach nó is eol dó a bheith míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(10) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo is cosaint don chosantóir a chruthú gur chreid sé, de mheon macánta agus ar chúis mhaith, an tráth iomchuí—

(a) gurbh fhíor na sonraí iomchuí,

(b) nach raibh aon ábhar a raibh sé faoi cheangal an uair sin dearbhú a dhéanamh maidir leis faoi fho-alt (1) den alt seo, nó

(c) nárbh ábhar a raibh sé faoi cheangal amhlaidh an dearbhú sin a dhéanamh maidir leis an t-ábhar a mbeidh an cion líomhnaithe i ndáil leis.

(11) (a) Chun críocha an ailt seo agus alt 33 den Acht seo,

(i) measfar, maidir le bainisteoir, gur oifigeach é do gach údarás pleanála dar bainisteoir é,

(ii) measfar, maidir le bainisteoir contae cúnta do chontae, gur oifigeach é do gach údarás pleanála sa chontae, agus

(iii) oifigeach d'údarás pleanála atá, de bhua comhshocraíocht nó comhaontú a rinneadh faoi aon achtachán, ag comhlíonadh dualgas faoi údarás pleanála eile, measfar gur oifigeach don údarás eile é freisin.

(b) San alt seo ciallaíonn an “comhlacht íomchuí”,

(i) i gcás ar comhalta den Bhord nó fostaí don Bhord, nó duine eile a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí, duine lena mbaineann an t-alt seo, an Bord, agus

(ii) i gcás ar comhalta de údarás pleanála nó oifigeach do údarás pleanála duine den sórt sin, an t-údarás.

Ceanglais a bhaineann le comhaltaí agus le fostaithe an Bhoird, le comhaltaí de údaráis phleanála, le hoifigigh áirithe do údaráis phleanála agus le daoine áirithe eile ag a bhfuil leasanna tairbhiúla áirithe.

33. —(1) I gcás a mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile in aon achomharc, ranníoc, ceist nó díospóid a bheidh le cinneadh ag an mBord, nó is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna, ag comhalta den Bhord, déanfaidh sé de réir na gceanglas seo a leanas:

(a) nochtfaidh sé don Bhord cad é an leas a leas,

(b) ní ghlacfaidh sé aon pháirt i bplé nó i mbreithniú an ábhair,

(c) ní vótálfaidh ná ní ghníomhóidh sé ar aon slí eile mar chomhalta den Bhord i ndáil leis an ábhar, agus

(d) ní fheidhmeoidh sé a chomhairle, ná ní fhéachfaidh sé lena chomhairle a fheidhmiú, ar chinneadh ag an mBord maidir leis an ábhar.

(2) I gcás a dtarlóidh ag cruinniú d'údarás pleanála nó d'aon choiste d'údarás pleanála go molfar, nó go n-éireoidh ar shlí eile, rún, tairiscint, ceist nó ábhar eile de bhun na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, nó maidir leis an údarás do chomhlíonadh feidhme faoi na hAchtanna sin nó i ndáil leis an údarás d'fháil nó do dhiúscairt talún faoi réim nó chun críocha na nAchtanna sin nó aon achtacháin eile, ansin, aon chomhalta den údarás nó den choiste a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus leas airgid nó leas tairbhiúil eile aige san ábhar nó is leas ábhartha maidir leis an ábhar—

(a) nochtfaidh sé ag an gcruinniú, sula dtosófar ag plé nó ag breithniú an ábhair, cad é an leas a leas,

(b) fágfaidh sé an cruinniú fad a bheidh an t-ábhar á phlé nó á bhreithniú,

agus dá réir sin, ní ghlacfaidh sé aon pháirt i bplé ná i mbreithniú an ábhair agus ní vótálfaidh sé i ndáil leis.

(3) Aon chomhalta d'údarás pleanála nó d'aon choiste d'údarás pleanála a mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile aige in ábhar a éireoidh de bhun na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, nó maidir leis an údarás do chomhlíonadh feidhme faoi na hAchtanna sin nó i ndáil leis an údarás d'fháil nó do dhiúscairt talún faoi réim nó chun críocha na nAchtanna sin nó aon achtacháin eile, nó is leas ábhartha i ndáil leis an ábhar sin, ní fheidhmeoidh sé a chomhairle, ná ní fhéachfaidh sé lena chomhairle a fheidhmiú, ar chinneadh ag an údarás maidir leis an ábhar.

(4) I gcás a mbeidh ag bainisteoir údaráis phleanála leas airgid nó leas tairbhiúil eile in aon ábhar a éireoidh nó a thiocfaidh os comhair an údaráis de bhun na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, nó maidir leis an údarás do chomhlíonadh feidhme faoi na hAchtanna sin nó i ndáil leis an údarás d'fháil nó do dhiúscairt talún faoi réim nó chun críocha na nAchtanna sin nó aon achtacháin eile, nó is leas ábhartha i ndáil leis an ábhar sin, nochtfaidh sé, a luaithe is féidir, do chomhaltaí an údaráis phleanála cad é an leas a leas.

(5) (a) I gcás a mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile in aon achomharc, ranníoc, ceist nó díospóid a bheidh le cinneadh ag an mBord, nó is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna, ag fostaí don Bhord nó ag aon duine eile a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí, déanfaidh sé de réir na gceanglas seo a leanas:

(i) ní fheidhmeoidh sé a chomhairle, ná ní fhéachfaidh sé lena chomhairle a fheidhmiú, ar chinneadh ag an mBord maidir leis an ábhar, agus

(ii) má bhíonn baint aige, mar fhostaí nó mar dhuine eile den sórt sin, leis an ábhar, nochtfaidh sé don Bhord cad é an leas a leas agus déanfaidh sé de réir aon orduithe a thabharfaidh an Bord dó i ndáil leis an ábhar.

(b) I gcás a mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile in aon ábhar a éireoidh nó thiocfaidh os comhair an údaráis de bhun na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, nó maidir leis an údarás do chomhlíonadh feidhme faoi na hAchtanna sin nó i ndáil leis an údarás d'fháil nó do dhiúscairt talún faoi réim nó chun críocha na nAchtanna sin nó aon achtacháin eile, nó is leas ábhartha i ndáil leis an ábhar sin, ag oifigeach d'údarás pleanála nach é an bainisteoir é, déanfaidh sé de réir na gceanglas seo a leanas:

(i) ní fheidhmeoidh sé a chomhairle, ná ní fhéachfaidh sé lena chomhairle a fheidhmiú, ar chinneadh ag an údarás maidir leis an ábhar, agus

(ii) má bhíonn baint aige, mar oifigeach den sórt sin, leis an ábhar, nochtfaidh sé do bhainisteoir an údaráis cad é an leas a leas agus déanfaidh sé de réir aon orduithe a thabharfaidh an bainisteoir dó i ndáil leis an ábhar.

(6) Chun críocha an ailt seo ach gan dochar do ghinearáltacht aon fho-ailt de na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine—

(a) más duine é féin nó a chéile, nó más duine aon ainmní dá chuid féin nó de chuid a chéile, is comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil i rún, tairiscint, ceist nó ábhar eile a luaitear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo nó leas is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna,

(b) má tá sé féin nó a chéile i gcomhpháirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, ag a bhfuil leas tairbhiúil i rún, tairiscint, ceist nó ábhar den sórt sin nó is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna,

(c) más páirtí é féin nó a chéile in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (is infheidhmithe nó nach infheidhmithe) i ndáil le talamh lena mbaineann rún, tairiscint, ceist nó ábhar eile den sórt sin,

(d) má tá leas tairbhiúil ag a chéile i rún, tairiscint, ceist nó ábhar eile den sórt sin nó is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna.

(7) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar leas tairbhiúil a bheith ag duine in aon rún, tairiscint, ceist nó ábhar eile, nó is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna, mar gheall, agus amháin mar gheall, ar leas dá chuid nó de chuid aon chuideachta nó de chuid aon comhlachta nó duine eile a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo atá chomh fánach nó chomh beag sin nach inmheasta le réasún gur dóigh dó dul i gcion ar dhuine agus é ag breithniú nó ag plé aon cheist, nó ag vótail ar aon cheist, maidir leis an ábhar, nó ag comhlíonadh aon fheidhme i ndáil leis an ábhar sin.

(8) I gcás a bhfuil leas tairbhiúil a luaitear i bhfo-alt (1), (2), (3), (4) nó (5) den alt seo ag duine de dhroim, agus amháin de dhroim, scaireanna i gcuideachta nó i gcomhlacht eile a bheith ar úinéireacht tairbhiúil aige féin nó ag a chéile agus nach mó luach ainmniúil na scaireanna sin ná cibé acu seo a leanas is lú—

(a) cúig chéad punt, nó

(b) an céadú cuid de luach ainmniúil iomlán scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó an chomhlachta nó, i gcás ar eisíodh an caipiteal sin ina scaireanna d'aicmí de bhreis ar aon aicme amháin, scairchaipiteal eisithe na haicme scaireanna ina bhfuil leas aige.

ní bheidh éifeacht le haon fho-alt acu sin i ndáil leis an leas tairbhiúil sin.

(9) I gcás ina ndéanfar nochtadh faoi fho-alt (2) den alt seo ag cruinniú a thuairiscítear san fho-alt sin, taifeadfar i miontuairiscí an chruinnithe sonraí faoin nochtadh agus faoi aon duine d'fhágáil an chruinnithe de bhun an fho-ailt sin.

(10) Faoi réir fho-alt (11) den alt seo, aon duine a sháróidh ceanglas, nó a mhainneoidh déanamh de réir ceanglais, den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(11) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint don chosantóir a chruthú nach raibh a fhios aige, agus nach raibh aon chúis aige a chreidiúint, tráth an chiona líomhnaithe, go raibh ábhar a raibh leas tairbhiúil aige ann nó i ndáil leis éirithe nó tógtha os comhair an Bhoird nó an údaráis phleanála nó an choiste, de réir mar is iomchuí, nó á bhreithniú ag an mBord, ag an údarás nó ag an gcoiste sin, nó gur leas lenar bhain ceanglas de chuid an ailt seo an leas tairbhiúil lena mbaineann an cion líomhnaithe.

Forálacha forlíontacha a bhaineann le hailt 32 agus 33.

34. —(1) Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoi alt 32 nó 33 den Acht seo ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó lena thoiliú.

(2) I gcás a gciontófar duine i gcion faoi alt 32 nó 33 den Acht seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) beidh an duine dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord,

(b) i gcás ar comhalta den Bhord an duine, scoirfidh sé dá réir sin, ar é a chiontú amhlaidh, de bheith ina chomhalta den Bhord,

(c) i gcás ar comhalta d'údarás pleanála nó ar comhalta d'aon choiste d'údarás pleanála an duine, scoirfidh sé, ar é a chiontú amhlaidh, de bheith ina chomhalta den údarás nó den choiste, de réir mar is iomchuí,

(d) i gcás ar comhalta d'údarás pleanála agus, freisin, d'aon choiste nó coistí den sórt sin an duine, scoirfidh sé amhlaidh de bheith ina chomhalta den údarás agus. freisin, de gach coiste den sórt sin, agus

(e) i gcás a scoirfidh an duine de bhua an fho-ailt seo de bheith ina chomhalta d'údarás pleanála nó d'aon choiste den sórt sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den údarás nó den choiste ar feadh na tréimhse arb í, mura mbeadh é scor de bheith ina chomhalta den údarás nó den choiste faoin alt seo, iarmhar a théarma í.

(3) I gcás a sáróidh duine ceanglas, nó i gcás é mainniú déanamh de réir ceanglais, de chuid alt 32 nó 33 den Acht seo, nó é do ghníomhú mar chomhalta den Bhord, d'údarás pleanála nó de choiste d'údarás pleanála le linn dó bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta de bhua an ailt seo, ní chuirfidh an sárú, an mhainneachtain nó an gníomhú sin aige, de réir mar a bheidh, ó bhailíocht aon ghníomh nó imeacht de chuid an Bhoird, an údaráis nó an choiste.

(4) I gcás a meastar faoi alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , aon chomhlacht is cuideachta de réir brí an ailt sin a bheith ina fhochuideachta do chuideachta eile nó a bheith ina chuideachta shealbhaíochta de chuid cuideachta eile den sórt sin, measfar, chun críocha ailt 32 agus 33 den Acht seo, duine is comhalta den chuideachta chéadluaite sin a bheith, freisin, ina chomhalta den chuideachta eile.

Rialacháin.

35. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh,

(a) ina mbeidh foráil,

(i) i ndáil le hiarratasóirí d'íoc táillí forordaithe le húdaráis phleanála ar fhógra tarscaoilidh faoi alt 29 den Acht seo,

(ii) i ndáil le húdaráis phleanála d'fhoilsiú fógraí forordaithe i leith iarratas ar chead faoin bPríomh-Acht talamh a fhorbairt nó ar fhógra tarscaoilidh den sórt sin,

(b) dá chumasú d'iarratasóir achomharc a dhéanamh chun an Bhoird in aghaidh diúltú ceadú a thabhairt is gá a fháil ar choinníoll ar faoina réir a thugtar cead nó ceadú faoin bPríomh-Acht,

(c) agus cibé socrú foghabhálach, iarmhartach, eatramhach nó forlíontach a dhéanamh iontu is dóigh leis is gá nó is cuí chun aon chríche den Acht seo nó de dhroim aon cheann dá fhorálacha nó chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon cheann dá fhorálacha.

Dualgas cruthúnais.

36. —In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo nó faoin bPríomh-Acht, ní gá aon chead a tugadh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht a bheith ann a fhrisnéis le fianaise agus is ar an duine a bheidh ag iarraidh leas a bhaint as an gcead sin a bheidh de dhualgas an cead sin a chruthú.

Leasú ar dhréachtphlean forbartha nó ar dhréachtathfhoirmiú.

37. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:

“21A.—(1) I gcás a mbeidh údarás pleanála tar éis dréacht de phlean forbartha beartaithe nó d'athfhoirmithe beartaithe ar phlean forbartha a ullmhú agus, tar éis déanamh de réir ceanglais fho-alt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht seo, gur dealraitheach don údarás gur ceart an dréacht a leasú, faoi réir fho-alt (2) den alt seo féadfaidh siad an dréacht a leasú agus an plean forbartha nó na hathfhoirmithe a dhéanamh dá réir sin.

(2) I gcás arbh athrú ábhartha ar an dréacht iomchuí an leasú beartaithe, dá ndéanfaí é, cuirfidh an t-údarás pleanála faoi deara fógra faoin leasú beartaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear ina limistéar, agus, tar éis dóibh déanamh de réir ceanglais fho-alt (3) agus, i gcás ar iomchuí é, de réir ceanglas de chuid fho-alt (4) den alt seo, agus ar aon uiríolla a chur i gcuntas, féadfaidh siad, de réir mar is oiriúnach leo, an plean beartaithe nó an t-athfhoirmiú beartaithe, de réir mar a bheidh, a dhéanamh maille leis an leasú beartaithe nó dá éagmais nó maille le cibé leasú eile (nach leasú do dhéanamh socrú le déanmhas nó ceart slí poiblí a chaomhnú) a mheasfaidh siad, ag féachaint do na himthosca áirithe, is iomchuí.

(3) Déarfar i bhfógra faoin bhfo-alt sin roimhe seo—

(a) go bhféadfar cóip den leasú a bheartaítear a dhéanamh ar an dréacht a iniúchadh in áit a luafar agus tráthanna a luafar i rith tréimhse a luafar nach giorra ná mí (agus coimeádfar an chóip ar fáil le hiniúchadh dá réir sin), agus

(b) go gcuirfear san áireamh, sula ndéanfar aon leasú, uiríolla scríofa maidir leis an leasú a bheartaítear a dhéanamh ar an dréacht, a dhéanfar chun an údaráis phleanála sa tréimhse sin (agus cuirfear aon uiríolla den sórt sin san áireamh dá réir sin).

(4) (a) I gcás a mbeidh sa leasú beartaithe aon fhoráil chun aon déanmhas a chaomhnú mar gheall ar a spéisiúlacht ó thaobh ealaíne, staire nó ailtireachta, déanfaidh an t-údarás pleanála, i dteannta déanamh de réir ceanglais fho-alt (2) den alt seo, fógra ina mbeidh sonraí faoin bhforáil a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais.

(b) I gcás a mbeidh sa leasú beartaithe aon fhoráil chun ceart slí poiblí a chaomhnú, déanfaidh an t-údarás pleanála, i dteannta déanamh de réir ceanglais an fho-ailt sin (2), cóip den fhógra ina mbeidh sonraí na forála agus léarscáil ag taispeáint an chirt slí a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún.

(5) Féadfaidh aon duine, sula mbeidh an lá is fiche díreach i ndiaidh na tréimhse a luafar de bhun mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo caite, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh aon fhoráil den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (b) den alt seo a chur sa leasú beartaithe agus, más deimhin leis an gCúirt nach bhfuil aon cheart slí poiblí ann, dearbhóidh an Chúirt sin agus ní chuirfear an fhoráil isteach dá réir sin.”.

Meadú ar fhíneálacha áirithe is féidir a ghearradh faoin bPríomh-Acht.

38. —(1) Déantar leis seo an fhíneáil is mó is féidir a ghearradh mar gheall ar chion faoi alt den Phríomh-Acht a luaitear i bhfo-alt (3) (a) den alt seo (seachas cion ar cion breise é faoi alt den sórt sin nó cion leanúnach) a mhéadú go dtí dhá chéad is caoga punt, agus dá réir sin—

(a) gach tagairt do chéad punt sna hailt den Príomh-Acht a luaitear i mír (a) (i) d'fho-alt (3) den alt seo forléireofar í agus beidh éifeacht léi ionann is dá mba thagairt í do dhá chéad is caoga punt, agus

(b) cuirfear tagairt do dhá chéad is caoga punt in ionad na tagartha do dhá chéad punt in alt 45 (8) den Phríomh-Acht agus cuirfear na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt a chur air” i ndiaidh na bhfocal “i gcion” in alt 46 (8) den Phríomh-Acht.

(2) Gach tagairt d'fhiche punt sna hailt den Phríomh-Acht a luaitear i bhfo-alt (3) (b) den alt seo forléireofar í agus beidh éifeacht léi ionann is dá mba thagairt í do chaoga punt.

(3) (a) Is iad na hailt den Phríomh-Acht dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo,

(i) ailt 31 (8), 34 (1), 34 (6), 35 (7), 37 (7), 49 (2) (b) agus 86 (8), agus

(ii) ailt 45 (8) agus 46 (8).

(b) Is iad na hailt den Phríomh-Acht dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ailt 31 (8), 34 (5), 34 (6), 35 (8), 37 (7), 49 (2) (b) agus 86 (8).

Leasú ar Chuid IV den Phríomh-Acht.

1955 Uimh. 12.

39. —Leasaítear leis seo Cuid IV den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in alt 25 (2) i ndiaidh mhír (c):

“(cc) i gcásanna a gcosnóidh an fhorbairt lena mbaineann an t-iarratas níos mó, i dtuairim an údaráis phleanála iomchuí, ná méid a bheidh sonraithe sna rialacháin, i dtaobh staidéar scríofa a thabhairt don údarás sin i dtaobh na héifeachta, más aon éifeacht í, a bheadh leis an bhforbairt bheartaithe, dá ndéanfaí í, ar an timpeallacht i ndáil leis an áit a ndéanfar an fhorbairt sin,”;

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in alt 25 (2) i ndiaidh mhír (d):

“(dd) á chumasú d'údaráis phleanála a iarraidh ar iarratasóir go gcuirfidh sé faoina mbráid pleananna athscrúdaithe nó líníochtaí eile ag déanamh modhnaithe, nó sonraí eile do dhéanamh socraithe le modhnú a dhéanamh, ar an bhforbairt lena mbaineann an t-iarratas agus, i gcás a gcuirfear pleananna, líníochtaí nó sonraí den sórt sin faoi bhráid údaráis phleanála de fhreagra ar iarraidh den sórt sin, á chumasú don údarás ag cinneadh an iarratais dóibh cead nó ceadú a dheonú le haghaidh na forbartha iomchuí arna modhnú le gach ceann nó le haon cheann de na pleananna, de na líníochtaí nó de na sonraí sin,”;

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in alt 26 (2) i ndiaidh mhír (b):

“(bb) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar bearta le go laghdófar nó go gcoiscfear—

(i) aon torann nó tonnchrith amach as aon déanmhas a bheidh ar áireamh san fhorbairt a bheidh údaraithe leis an gcead a thabharfadh cúis réasúnach bearráin do dhaoine in aon áitreabh i gcomharsanacht na forbartha nó do dhaoine a bheidh go dleathach ag úsáid aon áit phoiblí sa chomharsanacht sin, nó

(ii) aon torann nó tonnchrith isteach a thabharfadh cúis réasúnach bearráin d'aon duine a bheidh go dleathach ag áitiú aon déanmhais den sórt sin,”;

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ált (3) d'alt 26:

“(3) (a) I gcás a sáródh an fhorbairt iomchuí go hábhartha an plean forbartha nó aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta, féadfaidh údarás pleanála, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, a chinneadh cead a thabhairt faoin alt seo, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta sula ndéanfar an cinneadh, is é sin,

(i) déanfar fógra san fhoirm fhorordaithe go bhfuil an t-údarás pleanála chun a bhreithniú an gcinnfidh siad an cead a dheonú a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a léitear ina limistéar,

(ii) tabharfar cóipeanna den fhógra don iarratasóir agus d'aon duine a mbeidh agóid i scríbhinn déanta aige in aghaidh na forbartha lena mbainfidh an t-iarratas,

(iii) breithneiodh an t-údarás pleanála go cuí aon agóid nó uiríoll maidir lena chinneadh cead a dheonú agus a gheobhaidh an t-údarás pleanála tráth nach déanaí ná lá is fiche tar éis an fógra a fhoilsiú den chéad uair, agus

(iv) rithfidh an t-údarás rún á cheangal go gcinnfear cead a dheonú.

(b) Is gá le rún dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a rith gur mó ná trian de líon iomlán comhaltaí an údaráis phleanála an líon comhaltaí den údarás pleanála a votálfaidh i bhfabhar an rúin, agus is ceanglas i dteannta, agus ní ceanglas in ionad, aon cheanglas eile ag a mbeidh feidhm i ndáil le rún den sórt sin ceanglas na míre seo.

(c) I gcás a dtabharfar fógra de bhun alt 4 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 , go bhfuiltear le rún a mholadh a cheanglódh, dá rithfí é, ar an mbainisteoir a chinneadh cead a thabhairt faoin alt seo, ansin más é tuairim an bhainisteora go sáródh an fhorbairt iomchuí go hábhartha an plean forbartha nó aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta, déanfaidh sé, laistigh de sheacht lá ón tráth a gheobhaidh sé an fógra ordú (a dtabharfaidh sé cóip de do gach duine de shínitheoirí an fhógra) á cheangal go gcomhlíonfar forálacha fomhíreanna (i), (ii) agus (iii) de mhír (a) den fho-alt seo sa chás áirithe agus oibreoidh an t-ordú, nuair a dhéanfar é, le nach mbeidh éifeacht feasta leis an bhfógra iomchuí a tugadh de bhun an ailt sin 4.

(d) Má ritear go cuí rún dá dtagraítear i mír (a) (iv) den fho-alt seo, cinnfidh an bainisteoir an cead iomchuí a dheonú.”;

(e) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) d'alt 26 (4) (b):

“(ii) i gcás a ndéanfar fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a fhoilsiú i ndáil leis an iarratas, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a céadfhoilsíodh an fógra,”;

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) d'alt 26:

“(4A) Má tharlaíonn, agus amháin má tharlaíonn, roimh éag don tréimhse iomchuí de réir brí fho-alt 4 (a) den alt seo, go dtabharfaidh iarratasóir ar chead faoin alt seo don údarás pleanála a thoiliú i scríbhinn le hiad do shíneadh na tréimhse sin, féadfaidh an t-údarás pleanála an tréimhse a shíneadh agus i gcás, de bhun an mhéid sin roimhe seo, a ndéanfaidh údarás pleanála síneadh, ansin, maidir leis an gcás áirithe lena mbainfidh an síneadh, forléireofar fo-alt 4 (b) den alt seo agus beidh éifeacht leis de réir an tsínte.”;

(g) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8) d'alt 26:

“(8) Aon chinneadh a thabharfar faoin alt seo agus an fógra ag insint an chinnte sin—

(a) i gcás an cinneadh a dhéanamh ag údarás pleanála agus ar cinneadh é trína ndiúltófar aon chead nó ceadú a thabhairt nó trína dtabharfar aon chead nó ceadú faoi réir coinníollacha, beidh ráiteas ann ag sonrú na gcúiseanna a bheidh leis an diúltú nó leis na coinníollacha a fhorchur, agus

(b) i gcás ar cinneadh é ar achomharc, beidh sonraí ann ag sonrú na gcúiseanna a bheidh leis an gcinneadh,

ar choinníoll, i gcás ar coinníoll a thuairiscítear i mír (a) nó in aon mhír ina dhiaidh sin d'fho-alt (2) den alt seo coinníoll a fhorchuirfear, gur leor mar chomhlíonadh ar cheanglais an fho-ailt seo tagairt don mhír den fho-alt sin (2) ina dtuairiscítear an coinníoll.”;

(h) trí “a bhféadfar nó nach bhféadfar an déanmhas a úsáid chucu, agus i gcás a sonróidh an tabhairt sin úsáid mar theaghais mar chríoch chun a bhféadfar an déanmhas a úsáid, féadfar an cead a thabhairt freisin faoi réir coinníll gurb í an úsáid amháin a dhéanfar de mar theaghais a úsáid ag daoine d'aicme nó de thuairisc áirithe agus go gcuirfear foráil sa chéill sin i gcomhaontú de bhun alt 38 den Acht seo” a chur in alt 28 (6) in ionad “chun a bhféadfar an déanmhas a úsáid”;

(i) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) d'alt 30:

“(2A) Ní chúlghairfidh ná ní mhodhnóidh údarás pleanála cead faoin alt seo mura mbeidh athrú ar imthosca a bhaineann le cuí-phleanáil agus le cuífhorbairt an limistéir lena mbainfidh agus gur tháinig an t-athrú sin ar imthosca,

(a) i gcás a ndearnadh fógra i ndáil leis an gcead a sheirbheáil faoin alt seo agus gur neamhníodh é, ó neamhníodh an fógra,

(b) i gcás nár seirbheáladh aon fhógra amhlaidh, ó tugadh an cead.

(2B) I gcás a ndéanfaidh údarás pleanála cead a chúlghairm nó a mhodhnú de bhun an ailt seo, sonróidh siad ina gcinneadh an t-athrú ar imthosca a thug gur cheart an chúlghairm nó an modhnú.”;

(j) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) d'alt 38:

“(1A) Féadfaidh údarás pleanála agus iad ag déanamh comhaontaithe faoin alt seo uamadh le haon chomhlacht is údarás forordaithe chun críocha alt 21 den Acht seo.”;

(k) trí “nó aon chomhlacht a bheidh uamtha leo” a chur isteach i ndiaidh “an t-údarás pleanála” agus “nó ag an gcomhlacht sin, de réir mar is iomchuí,” a chur isteach i ndiaidh “ag an údarás pleanála” in alt 38 (2); agus

(l) trí “, an Bord” a chur isteach i ndiaidh “an tAire” in alt 38 (3).

Leasú ar Chuid V den Phríomh-Acht.

40. —Leasaítear leis seo Chuid V den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 42:

“(1) Nuair a fheictear don údarás pleanála gur ceart a dhearbhú faoin alt seo i ndáil le limistéar, mar gheall ar—

(a) a shár-áilleacht nádúrtha,

(b) a luachmhaireacht speisialta chun caithimh aimsire, nó

(c) riachtanas a bheith le dúlra a chaomhnú,

gur limistéar taitneamhachta speisialta é, féadfaidh siad sin a dhéanamh le hordú agus féadfar cuspóir an údaráis phleanála i ndáil le gné nó airíona speisialta an limistéir a chaomhnú nó i ndáil le méadú ar a dtaitneamhacht, lena n-áirítear cuspóirí le forbairt sa limistéar a chosc nó a theorannú, a insint san ordú.

(1A) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur gá é, a threorú d'údarás pleanála ordú a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le limistéar a shonrófar sa treoir agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis, a cheangal go gcuirfidh an t-údarás pleanála cuspóirí a bheidh sonraithe sa treoir ina n-ordú i leith ábhair agus i slí a bheidh sonraithe amhlaidh agus i gcás a dtabharfaidh an tAire treoir faoin bhfo-alt seo comhlíonfaidh an t-údarás pleanála iomchuí an treoir agus ní dhéanfar ordú a rinneadh de bhun treoir faoin bhfo-alt seo a chúlghairm ná a athrú ach amháin le toiliú an Aire.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 46:

“(1) má fheictear don údarás pleanála, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis fhorordaithe, gur fóirsteanach, ar mhaithe le taitneamhacht, foráil a dhéanamh le go ndéanfar aon fhásra nó ainmhithe i limistéar, nó i gcuid de limistéar, lena mbaineann ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a chaomhnú ar éag nó a chosaint ar shlí eile, is fásra nó ainmhithe a bhfuil luachmhaireacht speisialta iontu ó thaobh taitneamhachta nó is díol spéise speisialta, féadfaidh siad ordú a dhéanamh do thoirmeasc (faoi réir aon díolúintí dá bhféadfar socrú a dhéanamh leis an ordú) an fásra nó na hainmhithe sin a thógáil, a mharú nó a dhíothú.”; agus

(c) trí “caoga punt a chur air; agus má leantar, i gcás ciona leanúnaigh, den alt seo a shárú tar éis ciontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den sárú” a chur i bhfo-alt (4) d'alt 51 in ionad “deich bpunt a chur air”

Leasú ar Chuid VI den Phríomh-Acht.

41. —Leasaítear leis seo Cuid VI den Phríomh-Acht—

(a) trí “an tráth a comhaontaíodh ar an gcúiteamh nó a cinneadh an cúiteamh” a chur in ionad “tráth an chinnte” i mír (a) d'alt 55 (2);

(b) trí “, an Bord” a chur isteach i ndiaidh “an t-údarás pleanála” i mír (a) d'alt 55 (6);

(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (c) d'alt 56 (1) i ndiaidh fhomhír (iv):

(iva) bearta le aerthruailliú nó astaíocht nó intíocht torainn nó tonnchreatha a laghdú nó a chosc,”;

(d) trí “nó an Bord, de réir mar a bheidh,” a chur isteach in alt 58 (1) i ndiaidh “tar éis an tAire”;

(e) trí “ailt 56, 57 agus 58” a chur i mír (b) d'alt 59 (1) in ionad “ailt 56 agus 57”;

(f) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le halt 61 (1):

“; ar choinníoll, mura mbeidh iarratas déanta chuige chun na críche sin, go ndéanfaidh an tAire ordú á dhearbhú gur deimhin leis nach mbeadh sé cóir ná réasúnach sna himthosca áirithe go gcoiscfeadh forálacha an choinníll seo íoc cúitimh, nach n-íocfar aon chúiteamh faoin alt seo i ndáil le damáiste de bharr coinníollacha a fhorchur faoi alt 37 den Acht seo maidir le leanúint de thalamh a úsáid, is coinníollacha a forchuireadh le aerthruailliú nó uiscethruailliú tromaí nó contúirt truaillithe den sórt sin a sheachaint nó a laghdú”; agus

(g) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in alt 61 in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás ar úsáid le fógraíocht a thaispeáint úsáid talún murar ghiorra ná cúig bliana a bhí an talamh á úsáid, tráth an scoir nó an chomhlíonta sin, le fógraíocht a thaispeáint, cibé acu úsáid chomhleanúnach nó úsáid eatramhach an úsáid sin agus cibé acu a taispeánadh nó nár taispeánadh le linn an talamh a bheith á úsáid amhlaidh fógraíocht san áit chéanna ar an talamh.”.

Leasú ar Chuid VIII den Phríomh-Acht.

42. —Leasaítear leis seo Cuid VIII den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 82:

“(1) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoi aon ábhair a bhaineann le nós imeachta i ndáil le hachomhairc chun an Aire faoi alt 88 den Acht seo nó i ndáil le haon éisteacht faoi alt 76.

(2) Déanfar rialacháin faoin alt seo ina mbeidh foráil—

(a) chun go n-éistfear ó bheal aon achomharc den sórt sin chun an Aire a n-iarrfaidh an t-achomharcóir go n-éistfí ó bhéal é,

(b) chun aon éisteacht ó bhéal den sórt sin nó aon éisteacht faoi alt 76 a sheoladh ag duine a cheapfaidh an tAire chun na críche sin.

(3) I gcás a n-éireoidh ceist dlí ar aon tarchur, achomharc nó éisteacht faoi alt 76, ansin, le go dtabharfaidh an Ard-Chúirt breith uirthi,

(a) féadfaidh an Bord, i gcás tarchuir nó achomhairc, seachas achomharc chun an Aire faoi alt 88 den Acht seo, í a tharchur chun na cúirte sin,

(b) féadfaidh an tAire, i gcás achomhairc chun an Aire faoi alt 88 den Acht seo nó i gcás éisteachta faoi alt 76, í a tharchur chun na cúirte sin.

(3A) Ní dhéanfaidh duine, trí thoirmeasc, certiorari ná in aon imeachtaí dlí eile ar aon chor—

(a) bailíocht chinneadh údaráis phleanála ar iarratas ar chead nó ar cheadú faoi Chuid IV den Phríomh-Acht,

(b) bailíocht chinneadh an Bhoird ar aon achomharc nó ar aon tarchur,

(c) bailíocht chinneadh an Aire ar aon achomharc,

a cheistiú mura dtionscnófar na himeachtaí laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnte a thabhairt.”;

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in alt 82 in ionad fho-alt (8):

“(8) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) go (7) den alt seo, modhnaithe mar is gá, i ndáil le duine ag seoladh éisteachta faoi alt 76.

(9) I bhfo-ailt (3) go (7) den alt seo—

ciallaíonn ‘achomharc’, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, achomharc chun an Aire faoi alt 88 den Acht seo nó achomharc chun an Bhoird;

ciallaíonn ‘tarchur’ tarchur faoi alt 5 den Acht seo chun an Bhoird;

ciallaíonn ‘éisteacht faoi alt 76’ éisteacht a sheolfar de bhun alt 76 den Acht seo, arna leasú le halt 43 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976.”;

(c) trí alt 83 a leasú mar a leanas—

(i) “Féadfaidh comhalta den Bhord nó” a chur in ionad “Féadfaidh” i bhfo-alt (1) agus “Comhalta den Bhord nó” a chur in ionad “Aon” i bhfo-alt (2),

(ii) “comhalta den Bhord nó duine údaraithe” a chur in ionad “duine údaraithe” i bhfo-alt (3) agus i bhfo-alt (7), agus

(iii) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) San alt seo—

ciallaíonn ‘duine údaraithe’ duine arna cheapadh ag an údarás pleanála, ag an Aire nó ag an mBord chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn ‘údarás iomchuí’—

(a) i gcás ar údarás pleanála a cheap an duine údaraithe—an t-údarás sin,

(b) i gcás arb é an tAire a cheap an duine údaraithe—an tAire, agus

(c) i gcás arb é an Bord a cheap an duine údaraithe—an Bord.”;

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) d'alt 86:

“(4A) Féadfaidh foráil i ndáil le riachtanais speisialta daoine atá ar míthreoir a bheith i rialacháin foirgníochta.”;

(e) trí “faoi réir nó d'éagmais coinníollacha” a chur isteach i ndiaidh “mhaolú” in alt 87 (1); agus

(f) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 88:

“Achomharc in aghaidh cinneadh ó údarás pleanála ar iarratas faoi alt 87.

88.—(1) Má dhiúltaíonn údarás pleanála d'iarratas aon cheanglas i rialacháin foirgníochta a ligean thar ceal nó a mhaolú atá de chumhacht acu a ligean thar ceal nó a mhaolú, nó má dhéanann siad ceanglas den sórt sin a ligean thar ceal nó a mhaolú faoi réir coinníll, féadfaidh an t-iarratasóir, trí fhógra i scríbhinn, achomharc a dhéanamh chun an Aire laistigh de mhí ón dáta a chuirfidh an t-údarás pleanála a gcinneadh in iúl don iarratasóir.

(2) I gcás a ndéanfar achomharc faoin alt seo in aghaidh cinneadh ó údarás pleanála agus nach dtarraingeofar siar é, cinnfidh an tAire an t-iarratas ionann is dá mba chuige, faoi alt 87 den Acht seo, arna leasú le halt 42 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, a rinneadh é sa chéad ásc, agus oibreoidh a chinneadh le cinneadh an údaráis phleanála a neamhniú amhail ón tráth a tugadh é; ar choinníoll nach bhforléireofar an fo-alt seo mar fho-alt a cheanglaíonn ar an Aire dul i gcomhairle le húdarás pleanála i ndáil le hachomharc a dhéanfar faoin alt seo.”.

Leasuithe ilghnéith eacha ar an bPríomh-Acht.

43. —(1) Leasaítear leis seo an Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (6) d'alt 2:

“(c) Féadfaidh comhairle contae a rinne dearbhú faoin bhfo-alt seo an dearbhú sin a leasú agus is feidhm fhorcoimeádta aon leasú den sórt sin a dhéanamh.”;

(b) trí “agus nach oibreacha a áirítear ar fhálú nó iamh talún a bhí ar oscailt don phobal nó á úsáid ag an bpobal laistigh de na deich mbliana roimh an dáta ar tosaíodh ar na hoibreacha” a chur isteach i ndiaidh “san Acht um Míntíriú Talún, 1949 ” i mír (i) d'alt 4 (1);

(c) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) d'alt 4:

“(1A) I gcás a luafaidh údarás pleanála, ina bplean forbartha, chun na críche a luaitear i mír 5A de Chuid IV den Tríú Sceideal a gabhann leis an Acht seo (a cuireadh isteach ann le halt 43 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976), cuspóirí chun daingneáin shonraithe nó airíona sonraithe a chaomhnú is cuid den taobh istigh de dhéanmhas a shonraítear sa phlean forbartha agus a ndeirtear sa phlean sin gur díol spéise iad ó thaobh ealaíne, staire nó ailtireachta, ansin, d'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, ní forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo oibreacha ar cuid díobh daingneán nó airí den sórt sin a athrú nó a asláithriú nó a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh don chéanna.”;

(d) tríd an mír nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c) d'alt 14 (2):

“(cc) comhlacht nó duine a sholáthraíonn tearmainn nó scáthláin do mhadraí agus do chait atá ar fán nó gan éileamh orthu,”;

(e) trí “, nó déanfaidh siad plean forbartha nua” a chur le halt 20 (1);

(f) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) d'alt 20:

“(1A) Féadfaidh an tAire an tréimhse a bhféadfaidh údarás pleanála ceanglais fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh lena linn a shíneadh (i ndáil le húdaráis phleanála i gcoitinne nó i gcás áirithe).”;

(g) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'alt 21 (1):

“(c) i gcás a mbeidh sa dréacht aon fhoráil maidir le haon déanmhas nó daingneán nó airí imheánach a bheartaítear a shlánchoimeád mar gheall ar a spéisiúlacht ó thaobh ealaíne, staire nó ailtireachta, seirbheálfaidh siad fógra (ina mbeidh sonraí na forála) ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais lena mbainfidh á rá gur ullmhaíodh an dréacht,”;

(h) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur le halt 22:

“(5) I gcás a gceanglóidh an tAire faoin alt seo ar údarás pleanála an plean forbartha a athrú, go dtí go gcomhlíonfaidh siad an ceanglas beidh de dhualgas ar an údarás aird a bheith acu ar an gceanglas agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo.”;

(i) trí “má dhéantar agóid in aghaidh an ordaithe agus nach dtarraingeofar siar an agóid, cuirfidh an tAire faoi deara éisteacht ó bhéal a sheoladh agus tabharfaidh sé don duine a rinne an agóid deis ar éisteacht a fháil” a chur i bhfo-alt (1) d'alt 76 in ionad na bhfocal go léir ó “ní cheadóidh an tAire” go dtí deireadh an fho-ailt;

(j) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur le halt 76:

“(3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ordú faoin alt seo a cheadú a mhéid amháin a bhaineann sé le cuid a shonraigh sé den cheart slí a bheartaítear a mhúchadh leis an ordú, agus i gcás a gceadóidh an tAire amhlaidh ordú den sórt sin, forléireofar an t-ordú agus beidh éifeacht leis de réir an cheadaithe.”;

(k) trí “foirgnimh nó déanmhais le tearmainn nó scáthláin a sholáthar do mhadraí agus do chait atá ar fán nó gan éileamh orthu,” a chur le mír (b) d'alt 77 (2); agus

(l) tríd an mír seo a leanas a chur roimh mhír 6 i gCuid IV den Tríú Sceideal:

“5A. Pláistéireacht, staighrí, obair adhmaid nó daingneáin nó airíona eile is díol spéise ó thaobh ealaíne, staire nó ailtireachta agus is cuid den taobh istigh de dhéanmhais a chaomhnú.”.

(2) Déanfar an tagairt don Aire i bhfo-alt (6) d'alt 7 den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Bhord agus forléireofar forálacha an fho-ailt sin agus beidh eifeacht leo dá réir sin.

Leasú ar alt 42 den Public Health (Ireland) Act, 1878.

1878, c. 52.

44. —Déanfar alt 42 den Public Health (Ireland) Act, 1878, arna leasú le hailt 86 agus 91 den Phríomh-Acht, a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis, ionann is dá gcuirfí “or such extended period as may at any time be agreed in writing between that authority and the person proposing to execute the work” agus “or such extended period, as may be appropriate,” isteach ann i ndiaidh “within two months” agus “such two months”, faoi seach.

Aisghairm.

45. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht, is é sin, mír (b) d'alt 24 (4); fo-ailt (2), (7) agus (10) d'alt 46; alt 55 (5); i mír (h) d'alt 56 (1) na focail go léir ó “i bhfianaise” go dtí deireadh na míre.

Gearrtheideal, comhlua, tosach feidhme agus forléiriú.

46. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le haon ordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorálacha éagsúla den Acht seo.

(4) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.