25 1976


Uimhir 25 de 1976


AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (LEASÚ), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHÓIR TEORANTA, 1972 AGUS 1973. [7 Iúil, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1973, Uimh. 9 .

1972, Uimh. 1 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “cht 1973” an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1973 ;

ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhóir Teoranta, 1972 .

Méadú ar chumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil.

2. —Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire agus iasacht a fuarthas chun aon cheann de chríocha na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan iasachtaí a fuair Taiscí Stáit Teoranta a áireamh) thar £35,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 12 (b) den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1973) ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.

Méadú ar airleacain ón Aire.

3. —Ní rachaidh comhiomlán na n-airleacan a thabharfaidh an tAire don Chuideachta (lena n-áirítear airleacain chun críocha aon cheann d'fheidhmeanna na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan airleacain a tugadh do Thaiscí Stáit Teoranta a áireamh) a bheidh gan aisíoc thar £35,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 13 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1973) ionann is da gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1976, a ghairm de na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 agus 1973, agus den Acht seo le chéile.