26 1976


Uimhir 26 de 1976


AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA GRAÍ NÁISIÚNTA, 1945 GO 1969. [7 Iúil, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1945, Uimh. 31 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Groighe Náisiúnta, 1945 .

Méadú ar scairchaipiteal na Cuideachta.

2. —Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad alt 11 (2) den Phríomh-Acht:

“(2) £5,000,000 arna roinnt i scaireanna £1 an ceann scairchaipiteal na Cuideachta.”

Cumhacht na Cuideachta airgead a fháil ar iasacht.

3. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 24 den Phríomh-Acht:

“24. Féadfaidh an Chuideachta, le ceadú an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a fháil ar iasacht ó am go ham, ach ní rachaidh an méid iomlán a gheofar ar iasacht faoin alt seo agus a bheidh gan íoc thar £500,000 aon tráth áirithe.”

Luach saothair phríomh-oifigeach na Cuideachta.

4. —Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc air) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

É a bheith d'oibleagáid cuntais a choimeád, etc.

5. —(1) Coimeádfaidh an Chuideachta, i cibé foirm a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead uile a fuair nó a chaith sí, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus, go háirithe, na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham uaidh féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an Chuideachta na cuntais a choimeádfar faoin alt seo a chur faoi bhráid iniúchóra gach bliain lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais, den chlár comhardaithe agus de cibé cuntais eile a choimeádfar de bhun ordú ón Aire mar aon le tuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóipeanna díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Tabharfaidh an Chuideachta, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, tuarascáil ar a himeachtaí i gcaitheamh na bliana sin don Aire, agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a feidhmeanna a iarrfaidh sé ó am go ham.

Stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú (agus fostaíocht sa Chuideachta) i ndáil le ceachtar Teach den Oireachtas.

6. —(1) I gcás stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, scoirfidh sé de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta ar é do ghlacadh le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ar é a ainmniú le haghaidh an toghcháin sin (de réir mar a bheidh).

(2) Duine a bheidh de thuaras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(3) I gcás duine is fostaí de chuid na Cuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas beidh sé, ar é do ghlacadh le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ar é a ainmniú le haghaidh an toghcháin sin (de réir mar a bheidh), ar iasacht óna fhostaíocht leis an gCuideachta agus ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniúchán agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú le toghadh chun ceachtar Tí acu sin, i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar amhlaidh é agus dar críoch an tráth a tharraingeoidh sé a iarrthóireacht siar, a chinnfidh an toghchán air nó a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin, de réir mar a bheidh.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina fhostaí ag an gCuideachta.

Airteagail chomh-lachais na Cuideachta.

7. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 13 den Phríomh-Acht:

“13. (1) Is i cibé foirm, a bheidh de réir an Achta seo, a cheadóidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a bheidh airteagail chomhlachais na Cuideachta.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hairteagail chomhlachais na Cuideachta:

(a) forálfaidh na hairteagail nach lú ná triúr ná nach mó ná seachtar líon na stiúrthóirí (agus an cathaoirleach a áireamh);

(b) forálfaidh na hairteagail gurb í an cháilíocht is gá chun duine bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta scair amháin ar a laghad sa Chuideachta a shealbhú;

(c) forálfaidh na hairteagail go gceapfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh cathaoirleach agus stiúrthóirí eile na Cuideachta, agus go bhféadfaidh sé iad a chur as oifig, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais;

(d) forálfaidh na hairteagail go gcinnfidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh ó am go ham, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, luach saothair chathaoirleach agus stiúrthóirí eile na Cuideachta;

(e) forálfaidh na hairteagail nach n-ainmneofar duine ar bith mar iniúchóir don Chuideachta gan ceadú an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais;

(f) ní thabharfaidh na hairteagail don Chuideachta aon chumhacht caipiteal na Cuideachta a mhéadú nó a laghdú ná aon chumhacht bintiúir a eisiúint ná, ach amháin de réir an Achta seo, airgead a fháil ar iasacht.”

Aisghairm.

1953, Uimh. 8 .

1969, Uimh. 25 .

8. —Aisghairtear leis seo—

(a) alt 25 den Phríomh-Acht,

(b) an tAcht Graí Náisiúnta, 1953 ,

(c) an tAcht Graí Náisiúnta, 1969 .

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

9. —(1) Féadfar an tAcht Graí Náisiúnta, 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 agus 1976, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.