|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT GÁIS, 1976) | Ar Aghaidh (CUID II Bord Gáis Éireann) |
AN tACHT GÁIS, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Gáis, 1976 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo, gan an t-alt seo ná ailt 2, 3, 6, 34, 35, 36 agus 44 a áireamh, i bhfeidhm an lá bunaithe. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960 , arna leathnú le halt 4 (2) den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” an comhlacht a bhunaítear le halt 7; | |
[EN] | ciallaíonn “an Coimisiún” Coimisiún Talún na hÉireann; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Bord Gáis Éireann Teoranta; | |
[EN] | tá le “teorainneacha claonaidh” an bhrí a shanntar dó le hAirteagal 1 den Dara Sceideal; | |
[EN] | ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire de bhun alt 3; | |
[EN] | tá le “ceadúnas taiscealaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 8 d'Acht 1960; | |
[EN] | ciallaíonn “urthrá” grinneall agus cladach na farraige agus gach abhann taoide agus inbhir taoide agus gach cuisle, crompáin agus cuain farraige nó aon abhann nó inbhir den sórt sin idir snáth lánmhara gnáth-thaoidí nó taoidí meadh-rabharta agus imeall dia-thrá na dtaoidí sin; | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás cuain” údarás cuain de réir brí an Achta Cuanta, 1946 ; | |
[EN] | folaíonn “talamh” cladach farraige, talamh faoi uisce agus urthrá seachas urthrá is maoin de chuid an Stáit; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta; | |
[EN] | ciallaíonn “gás nádúrtha” aon ghás a díorthaíodh ó shraitheanna aiceanta (bíodh sé nó ná bíodh sé curtha faoi bhrí leachtaithe nó aon phróise nó cóireála eile); | |
[EN] | ciallaíonn “úinéir”, ach amháin in alt 32 (7) agus faoi réir Airteagal 12 den Dara Sceideal, i ndáil le talamh, | |
[EN] | (a) duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, ag a bhfuil, dá cheart féin nó mar iontaobhaí nó gníomhaire d'aon duine eile, teideal cíos forlán na talún a fháil nó, i gcás nach bhfuil an talamh ligthe ar chíos forlán, a mbeadh an teideal sin aige dá mbeadh an talamh ligthe mar sin, | |
[EN] | (b) léasaí nó áititheoir (seachas tionónta ar feadh míosa nó ar feadh tréimhse is giorra ná mí); | |
[EN] | tá le “léas peitriliam” an bhrí a shanntar do le halt 13 d'Acht 1960; | |
[EN] | ciallaíonn “píoblíne” píoblíne a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid le gás a tharchur agus folaíonn sé cuid de phíoblíne, agus, ach amháin in alt 8 (3) (f), folaíonn sé aon ghaireas, trealamh nó ní eile atá coimhdeach le píoblíne den sórt sin; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo; | |
[EN] | folaíonn “ceart thar thalamh” aon chead slí no éasúint eile nó aon profit á prendre nó aon cheart in aon talamh, ar aon talamh nó thar aon talamh; | |
[EN] | callaíonn “imeall trá” gach trá, bruach agus aill atá tadhlach leis an urthrá agus folaíonn sé na scaineamháin agus na carraigeacha go léir atá tadhlach leis an urthrá. | |
[EN] |
An lá bunaithe. |
3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo. |
[EN] |
Rialacháin. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní forordaithe. |
[EN] | (2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoin bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Fógraí a sheirbheáil, etc. |
5. —(1) I gcás a gceanglaíonn an tAcht seo fógra a sheirbheáil ar dhuine, díreofar chuige é agus féadfar é a sheirbheáil air ar shlí éigin díobh seo a leanas: |
[EN] | (a) i gcás a mbeidh sé dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh dó, | |
[EN] | (b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás a mbeidh seoladh le haghadh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin, | |
[EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás a mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin, | |
[EN] | (d) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear amhlaidh an fógra nó an chóip a sheirbheáil i leith aon talún nó cirt thar thalamh, tríd an bhfógra nó an chóip a sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó fostaithe ar an talamh lena mbainfidh nó tríd an gcéanna a dhaingniú in áit fheiceálach ar an talamh sin nó ina aice. | |
[EN] | (2) I gcás a gceanglaíonn an tAcht seo fógra a sheirbheáil ar áititheoir agus nach féidir ainm an áititheora a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach, féadfar é a dhíriú go dtí “an t-áititheoir” gan a ainm a lua. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta is cuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus measfar gnáthchónaí a bheith ina a phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe. | |
[EN] |
Caiteachais. |
6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |