32 1976


Uimhir 32 de 1976


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ CHOIRIÚIL.

[24 Meán Fómhair, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1939, Uimh. 13 .

1954, Uimh. 18 .

1970, Uimh. 11 .

1972, Uimh. 7 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 ;

ciallaíonn “Óglaigh na hÉireann” na Buan-Óglaigh de réir brí an Achta Cosanta, 1954 ;

folaíonn “príosún” Foras Naomh Pádraig, aon áit a soláthraíodh faoi alt 2 d'Acht na bPríosún, 1970 , aon áit a gcoinnítear daoine i gcoimeád míleata de bhun alt 2 d'Acht na bPríosún, 1972 , nó aon áit arna sonrú lena húsáid mar phríosún faoi alt 3 den Acht sin, agus déanfar “rialtóir” agus “oifigeach príosúin” a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “eagraíocht neamhdhleathach” eagraíocht ar cóghléasadh neamhdhleathach í de réir brí agus chun críocha Acht 1939.

Pionóis mar gheall ar chionta áirithe faoi Acht 1939.

2. —(1) Príosúnacht ar feadh 20 bliain an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar fheileonacht faoi alt 6 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 6 (1) den Acht sin a leasú trí “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 20 bliain” a chur in ionad “pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná deich mbliana no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain”.

(2) Príosúnacht ar feadh 20 bliain an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar oilghníomh faoi alt 6 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 6 (2) den Acht sin a leasú trí “in oilghníomh” a chur in ionad “i mí-iompar” agus “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 20 bliain” a chur in ionad “príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain”.

(3) Príosúnacht ar feadh 20 bliain an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar fheileonacht faoi alt 7 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 7 (1) den Acht sin a leasú trí “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 20 bliain” a chur in ionad “piantseirbhís ar feadh téarma nach sia ná seacht mbliana no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain”.

(4) Príosúnacht ar feadh 20 bliain an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar oilghníomh faoi alt 7 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 7 (2) den Acht sin a leasú trí “in oilghníomh” a chur in ionad “i mí-iompar” agus “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 20 bliain” a chur in ionad “príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain”.

(5) Príosúnacht ar feadh 15 bliana an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar chion faoi alt 15 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 15 (3) den Acht sin a leasú trí “15 bliana” a chur in ionad “dhá bhliain”.

(6) Príosúnacht ar feadh 7 mbliana an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar chion faoi alt 21 d'Acht 1939, i gcás ciontú ar díotáil agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 21 (2) den Acht sin a leasú trí “7 mbliana” a chur in ionad “dhá bhliain” i mír (b).

(7) Fíneáil £500 nó príosúnacht ar feadh 12 mhí nó iad araon an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar chion faoi alt 27 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 27 (4) den Acht sin a leasú trí “£500” a chur in ionad “caoga punt” agus “12 mhí” a chur in ionad “trí mhí”.

Gríosú nó cuireadh chun dul isteach etc. in eagraíocht neamhdhleathach.

3. —Aon duine a dhéanfaidh duine eile a earcú d'eagraíocht neamhdhleathach nó a dhéanfaidh duine eile (nó daoine eile i gcoitinne) a ghríosú, nó cuireadh a thabhairt dó (nó dóibh) dul isteach in eagraíocht neamhdhleathach nó páirt a ghlacadh ina gníomhaíochtaí nó tacú nó cuidiú leo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide na 10 mbliana a chur air.

Leasú ar alt 25 d'Acht 1939.

4. —Leasaítear leis seo alt 25 d'Acht 1939—

(a) trí “12 mhí” a chur in ionad “de thrí mhí” i bhfo-alt (1) agus in ionad “trí mhí” i bhfo-alt (2), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(6) Aon uair a bheidh ordú dúnta arna fhadú, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ard-cheannfort oibriú an ordaithe dúnta sin a fhadú tréimhse nó tréimhsí breise nach faide ná 12 mhí aon cheann díobh, ach ní bheidh ordú dúnta i ngníomh níos faide ná trí bliana.”.

Barántais chuardaigh maidir le cionta faoi Acht 1939 a dhéanamh etc.

5. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 29 d'Acht 1939:

“29.—(1) Más deimhin le comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort go bhfuil cúis réasúnach ann chun a chreidiúint go bhfuil fianaise maidir le cion faoin Acht seo nó faoin Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 , nó cion is cion sceidealta de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht seo nó a bhaineann le cion den sórt sin a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a dhéanamh, nó fianaise a bhaineann le tréas a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a dhéanamh, ar fáil in aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh nó in aon fheithicil nó soitheach nó aerárthach nó sciorrárthach nó in áit ar bith eile, féadfaidh sé barántas cuardaigh faoin alt seo i dtaobh na háite sin a eisiúint chuig comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná sáirsint.

(2) Oibreoidh barántas cuardaigh faoin alt seo chun a údarú don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe sa bharántas, agus aon chomhaltaí den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann ina theannta, dul isteach, laistigh de sheachtain ó dháta an bharántais, agus le forneart más gá, in aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh, nó in aon fheithicil nó soitheach nó aerárthach nó sciorrárthach nó in áit ar bith eile a bheidh ainmnithe sa bharántas, agus an céanna agus aon duine a gheofar ann a chuardach, agus aon ní a gheofar ann nó ar an duine sin a urghabháil.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann, ag gníomhú faoi údarás barántais chuardaigh faoin alt seo—

(a) ainm agus seoladh aon duine a gheofar san áit a ndéanfar an cuardach a éileamh, agus

(b) aon duine den sórt sin a ghabháil gan bharántas a loicfidh nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin, nó a thabharfaidh ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach nó a bhfuil amhras ag an gcomhalta ar chúis réasúnach é a bheith bréagach nó míthreorach.

(4) Aon duine a choiscfidh aon chomhalta den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann, nó a fhéachfaidh lena chosc, agus an comhalta sin ag gníomhú faoi údarás barántais chuardaigh faoin alt seo, nó a loicfidh nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin, nó a thabharfaidh ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.

(5) Folaíonn aon tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do chion tagairt do iarracht nó comhcheilg an cion a dhéanamh.”.

Ealú as coimeád.

6. —(1) Aon duine—

(a) a chabhróidh le haon duine ag éalú nó ag iarraidh éalú as coimeád dleathach nó, le hintinn éalú aon duine as coimeád dleathach a éascú nó a chumasú do dhuine tar éis a éalaithe fanacht go neamhdhleathach ar a shaoirse, nó le hintinn díobháil a dhéanamh do dhaoine nó do mhaoin in áit a bhfuil duine i gcoimeád dleathach, a thabharfaidh aon earra nó ní isteach in áit den sórt sin nó amach as nó chuig duine in áit den sórt sin nó a shuífidh aon earra nó ní laistigh nó lasmuigh d'áit den sórt sin, nó

(b) a dhéanfaidh aon socrú, nó a ghlacfaidh páirt in aon socrú, chun a chumasú do dhuine éalú as coimeád dleathach, chun éalú den sórt sin a éascú, chun a chumasú do dhuine tar éis a éalaithe fanacht go neamhdhleathach ar a shaoirse, nó chun díobháil a dhéanamh do dhaoine nó do mhaoin in áit a bhfuil duine i gcoimeád dleathach,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú ar díotáil príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana a chur air.

(2) Aon duine a dhéanfaidh nó a thriailfidh, contrártha d'aon rialacha nó rialacháin a bheidh i bhfeidhm maidir le príosún, aon earra nó ní a thabhairt isteach sa phríosún nó amach as nó chuig duine sa phríosún, nó aon earra nó ní a shuíomh in aon áit laistigh nó lasmuigh den phríosún le hintinn a theachta i seilbh duine sa phríosún, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.

(3) Féadfaidh oifigeach príosúin, ar mhaithe le slándáil, duine ar bith a chuardach am ar bith le linn dó bheith i bpríosún nó le linn dó bheith i gcoimeád rialtóra príosúin.

Cumhacht an Gharda Síochána maidir le daoine áirithe a gabhadh.

1883, c. 3.

7. —(1) Nuair a bheidh duine i gcoimeád faoi fhorálacha alt 30 d'Acht 1939 nó alt 2 den Acht Cumhachtaí Práinne, 1976 , féadfaidh comhalta den Gharda Síochána gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh ina leith:

(a) a ainm agus a sheoladh a éileamh air;

(b) é a chuardach nó a chur faoi deara é a chuardach;

(c) é a ghrianghrafadh nó a chur faoi deara é a ghrianghrafadh;

(d) a mhéarloirg agus loirg a dhearnana a thógáil nó a chur faoi deara iad a thógáil;

(e) aon tástáil a dhéanamh, nó a chur faoi deara í a dhéanamh, a bheidh ceaptha chun a fháil amach an raibh sé i dtadhall le haon arm tine (de réir brí Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971) nó le haon ábhar pléascach (de réir brí an Explosive Substances Act, 1883) agus chun na críche sin táithíní a thógáil óna chraiceann nó samplaí dá ghruaig a thógáil;

(f) aon ní a bheidh ina sheilbh aige a urghabháil agus a choinneáil lena thástáil.

(2) Aon duine a choiscfidh aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine eile agus é ag gníomhú faoi na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo, nó a fhéachfaidh lena chosc, nó a loicfidh nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin, nó a thabharfaidh ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.

Cumhacht an Gharda Síochána feithiclí agus daoine i bhfeithiclí a chuardach.

1976, Uimh. 14 .

1861, c. 100.

1916, c. 50.

1973, Uimh. 29 .

8. —(1) Baineann an t-alt seo:

(a) le cion faoi Acht 1939 nó cion is cion sceidealta de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht sin;

(b) le cion faoi alt 2 nó 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 ;

(c) le dúnmharú nó dúnorgain nó cion faoi alt 18 den Offences Against the Person Act, 1861;

(d) le cion faoi alt 23, 23A nó 23B den Larceny Act, 1916:

(e) le cion damáistithe mhailísigh do mhaoin ina mbaintear úsáid as tine nó as aon ábhar pléascach (de réir brí alt 7 (1) (e) den Acht seo);

(f) le cion faoi Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971;

(g) le héalú as coimeád dleathach;

(h) le cion faoi alt 11 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1973 , nó faoi alt 10 den Acht um an Dl Coiriúil (Dlínse), 1976;

(i) le cion faoin Acht seo.

(2) Nuair a éileoidh comhalta den Gharda Síochána a bhfuil amhras aige ar chúis réasúnach cion lena mbaineann an t-alt seo a bheith déanta nó á dhéanamh nó ar tí a dhéanta, ar dhuine feithicil a stopadh chun a fháil amach—

(a) an mbeadh aon duine san fheithicil nó ag gabháil léi tar éis an cion a dhéanamh nó á dhéanamh nó ar tí é a dhéanamh, nó

(b) an mbeadh fianaise maidir leis an gcion a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a dhéanamh ag aon duine san fheithicil nó uirthi nó ar aon duine san fheithicil nó ag gabháil léi,

féadfaidh sé an fheithicil a chuardach, agus más rud é (cibé acu roimh thosú nó tar éis tosú ar an gcuardach é) go mbeidh amhras aige ar chúis réasúnach gurb ann d'aon fhíoras dá luaitear i mír (a) nó (b) thuas, féadfaidh sé aon duine a bheidh san fheithicil nó ag gabháil léi a chuardach.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána forneart réasúnach a úsáid chun d'iallach ar dhuine déanamh de réir éilimh chun feithicil a stopadh, agus féadfar a áireamh san fhorneart sin bacainn nó seift eile a chur sa bhealach ar fheithiclí.

(4) Folaíonn aon tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do chion tagairt do iarracht nó comhcheilg an cion a dhéanamh.

Cumhacht earraí a urghabhadh a choinneáil.

1897, c. 30.

9. —Más rud é, i gcúrsa aon chumhachtaí faoin Acht seo a fheidhmiú nó i gcúrsa cuardach a dhéanamh faoi aon chumhacht eile, go bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach príosúin nó comhalta d'Óglaigh na hÉireann, nó go dtiocfaidh ina sheilbh, aon ní a gcreidfidh sé gur fianaise é ar aon chion nó ar aon chion amhrasta, féadfar an ní sin a urghabháil agus é a choinneáil lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí coiriúla, nó in aon imeachtaí maidir le sárú ar araíonacht phríosúin, go ceann cibé tréimhse is réasúnach ó dháta na hurghabhála nó, má bhíonn tús curtha le himeachtaí inar gá an rud a urghabhadh amhlaidh a úsáid i bhfianaise, go dtí go mbeidh deireadh leis an himeachtaí, agus ina dhiaidh sin bainfidh an Police (Property) Act, 1897, leis an ní a urghabhadh amhlaidh amhail mar a bhaineann an tAcht sin le maoin a tháinig i seilbh an Gharda Síochána sna himthosca a luaitear san Acht sin.

(2) Má léirítear, nó má dhealraíonn sé, do dhuine a bheartóidh doiciméad a urghabháil nó a choinneáil faoin alt seo go ndearnadh, nó go bhféadfaidh sé go ndearnadh, an doiciméad chun comhairle dlí a fháil nó a thabhairt nó a chur in iúl ó abhcóide nó ó aturnae nó ag abhcóide nó ag aturnae, ní urghabhfaidh ná ní choinneoidh an duine sin an doiciméad mura rud é go bhfuil amhras aige ar chúis réasúnach nach ndearnadh an doiciméad, nó nach bhfuil sé ceaptha, d'aontoisc chun aon chríche acu sin atá luaite.

Toirmeasc ar ghrianghraif etc. d'fhoirgnimh áirithe a shealbhú.

10. —(1) Ní bheidh ina sheilbh ag duine i gcoimeád dlíthiúil in aon phríosún nó stáisiún Garda nó teach cúirte aon ghrianghraf, scannán, léaráid, líníocht, sceitse, léarscáil, plean nó eisiomlú eile de chuid ar bith, ná aon nóta i dtaobh cuid ar bith, den taobh istigh ná den taobh amuigh d'aon phríosún nó stáisiún Garda nó teach cúirte gan cead ón rialtóir (más i bpríosún dó), ón gcomhalta ceannais den Gharda Síochána (más i stáisiún Garda dó) nó ón gcúirt a bhfuil an duine áirithe os a comhair nó le bheith os a comhair (más i dteach cúirte dó), agus aon duine den sórt sin a mbeidh aon eisiomlú nó nóta den sórt sin ina sheilbh gan an cead sin beidh sé ciontach i gcion mura raibh sé ina sheilbh nuair a tógadh isteach i gcoimeád é agus go n-inseoidh sé é sin nuair a chuirfear i bhfios dó go bhfuil toirmeasc ar aon eisiomlú nó nóta den sórt sin a shealbhú gan chead.

(2) (a) Duine a bheidh i bpríosún, i stáisiún Garda nó i dteach cúirte, nó i maighin an chéanna, agus le linn dó bheith ansin a bheidh ar intinn, nó tar éis, cuairt a thabhairt nó casadh ar dhuine i gcoimeád dleathach sa phríosún, sa stáisiún nó sa teach cúirte sin, ní bheidh ina sheilbh aige aon eisiomlú ná nóta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo gan an cead a shonraítear san fho-alt sin, agus duine ar bith a mbeidh aon eisiomlú nó nóta den sórt sin ina sheilbh aige gan an cead sin beidh sé ciontach i gcion má cuireadh i bhfios dó ó bhéal nó trí fhógra i scríbhinn go bhfuil toirmeasc ar aon eisiomlú nó nóta den sórt sin a shealbhú gan an cead sin.

(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, má iarrann duine an cead a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo an chéad chaoi a gheobhaidh sé chuige sin tar éis teacht chuig an bpríosún nó an stáisiún Garda nó an teach cúirte, ní bheidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo mura ndiúltófar agus go dtí go ndiúltófar an cead agus go leanfaidh sé de sheilbh a choinneáil ar an eisiomlúnó ar an nóta.

(3) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo gur neamhdhleathach do dhuine aon eisiomlú nó nóta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith ina sheilbh aige i dteach cúirte i gcás é a bheith le tabhairt ar aird nó le húsáid nó le bheith faoi thagairt ina aon imeachtaí atá ar siúl nó ar tí bheith ar siúl nó tar éis bheith ar siúl sa teach cúirte sin.

(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.

Cionta áirithe a bheith ina bhfeileonachtaí.

11. —(1) Beidh cion fuadaigh agus cion príosúnachta bréige agus cion faoi alt 10 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , ina bhfeileonachtaí.

(2) Dlífear príosúnacht saoil a chur ar dhuine a bheidh ciontach i bhfuadach nó ciontach i bpríosúnacht bhréige, ar a chiontú ar díotáil.

Toirmeasc ar fhaisnéis bhréige áirithe a thabhairt.

12. —Aon duine—

(a) a thabharfaidh go feasach tuairisc nó ráiteas bréige a chuirfeadh i gcéill cion a bheith déanta, cibé acu aige féin nó ag duine eile é, nó a d'fhéadfadh imní a mhúscailt faoi shábháilteacht daoine nó maoine, nó

(b) a thabharfaidh go feasach tuairisc nó ráiteas bréige a chuirfeadh i gcéill go bhfuil faisnéis aige a bhaineann go hábhartha le haon fhiosrúchán ag an nGarda Síochána agus a chuirfidh am amú dá bhíthin sin ar an nGarda Síochána,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht are feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.

Cion a dhéanamh le linn pianbhreith a chur isteach.

1951, Uimh. 2 .

13. —(1) Aon phianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta nó aon phianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig a thabharfar ar dhuine mar gheall ar chion a rinneadh le linn dó aon phianbhreith den sórt sin a chur isteach leanfaidh sí an phianbhreith a bheidh á cur isteach aige nó, má bhíonn níos mó ná pianbhreith amháin á cur isteach nó le cur isteach aige, leanfaidh sí an phianbhreith is déanaí a bheidh le dul in éag, sa dóigh áfach, má thugann an Chúirt Dúiche dhá phianbhreith nó níos mó as a chéile mar a fhoráiltear leis an alt seo, nach mó ná dhá mhí dhéag an téarma iomlán príosúnachta nó coinneála i leith na bpianbhreitheanna sin as a chéile.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo in aon chás inar pianbhreith phianseirbhíse saoil nó phríosúnachta saoil an phianbhréith a bheidh á cur isteach nó a bheidh le tabhairt.

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo d'ainneoin aon ní in alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 .

Srian le brí “scríbhinn” in ailt 13 agus 14 d'Acht 1939.

1972, Uimh. 26 .

14. —In ailt 13 agus 14 d'Acht 1939, ní fholaíonn “scríbhinn” aon ní dá sonraítear sa leasú ar mhíniú “scríbhinn” a rinneadh le halt 5 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1972

Cumhacht Óglaigh na hÉireann daoine a ghabháil agus cuardach a dhéanamh in imthosca áirithe.

15. —(1) Ní fhéadfar na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (3) agus (4) den alt seo a fheidhmiú ach amháin de réir fho-alt (2) de alt seo.

(2) Aon uair a iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort ar oifigeach d'Óglaigh na hÉireann comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a chur ar fáil chun na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar le fo-ailt (3) agus (4) den alt seo i rith tréimhse a bheidh sonraithe san iarratas, féadfaidh an t-oifigeach--

(a) é féin agus comhalta nó comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas, nó

(b) comhalta nó comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas.

a chur ar fáil chun na críche réamhráite, agus féadfaidh comhalta d'Óglaigh na hÉireann a chuirfear ar fáil mar atá ráite, le linn dó bheith ar dualgas faoi éide i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san iarratas, na cumhachtaí a thugtar leis na fo-ailt sin (3) agus (4) a fheidhmiú.

(3) (a) Má bhíonn amhras ag comhalta d'Óglaigh na hÉireann ar chúis réasúnach go bhfuil cion lena mbaineann alt 8 den Acht seo déanta nó á dhéanamh nó ar tí a dhéanta, féadfaidh sé a éileamh ar dhuine feithicil a stopadh chun a fháil amach—

(i) an mbeadh aon duine san fheithicil nó ag gabháil léi tar éis an cion a dhéanamh nó á dhéanamh nó ar tí é a dhéanamh, nó

(ii) an mbeadh fianaise maidir leis an gcion a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a déanamh ag aon duine san fheithicil nó uirthi nó ar aon duine san fheithicil nó ag gabháil léi,

agus féadfaidh sé an fheithicil a chuardach, agus más rud é (cibé acu roimh thosú nó tar éis tosú ar an gcuardach é) go mbeidh amhras aige ar chúis réasúnach gurb ann d'aon fhíoras dá luaitear i bhfomhír (i) nó (ii) thuas, féadfaidh sé aon duine a bheidh san fheithicil nó ag gabháil léi a chuardach.

(b) Féadfaidh comhalta d'Óglaigh na hÉireann forneart réasúnach a úsáid chun a chur d'iallach ar dhuine déanamh de réir éilimh chun feithicil a stopadh, agus féadfar áireamh san fhorneart sin bacainn nó seift eile a chur sa bhealach ar fheithiclí.

(4) (a) Féadfaidh comhalta d'Óglaigh na hÉireann duine a ghabháil gan bharántas a mbeidh amhras aige ar chúis réasúnach cion lena mbaineann alt 8 den Acht seo a bheith á dhéanamh nó déanta nó ar tí a dhéanta aige agus a mbeadh teideal ag comhalta den Gharda Síochána, dá mbeadh amhras aige amhlaidh, an duine sin a ghabháil ina thaobh.

(b) Chun duine a ghabháil faoin bhfo-alt seo beidh an chumhacht chéanna ag comhalta d'Óglaigh na hÉireann dul isteach agus cuardach a dhéanamh in aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh nó in aon fheithicil nó soitheach nó aerárthach nó sciorrárthach, nó aon áit ar bith eile, is a bheadh ag comhalta den Gharda Síochána in imthosca dá samhail.

(c) Ní rachaidh an fo-alt seo chun dochair d'aon chumhacht ghabhála a thugtar le dlí ar leithligh ón bhfo-alt

(5) Déanfar, a luaithe is féidir, duine a ghabhfar faoin alt seo a sheachadadh isteach i gcoimeád an Gharda Síochána nó a scaoileadh saor agus ar aon chuma, mura mbeidh sé seachadta amhlaidh um an am sin, scaoilfear saor é i gceann 6 huaire a chloig ón am a gabhadh é.

(6) Comhlíonfaidh duine a dhéanfaidh gabháil faoin alt seo aon riail dlí a cheanglaíonn air foras na gabhála a lua má deir sé go bhfuil gabháil á déanamh aige mar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann de bhrí go bhfuil amhras aige cion lena mbaineann alt 8 den Acht seo a bheith á dhéanamh nó déanta nó ar tí a dhéanta, cibé acu é, ag an duine atá sé a ghabháil.

(7) (a) Nuair a fheidhmeofar cumhacht a thugtar le fo-alt (3) nó (4) den alt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach d'Óglaigh na hÉireann nach ísle céim ná ceannfort agus á rá—

(i) go ndearna comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort agus a bheidh ainmnithe sa deimhniú iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo ar dháta sonraithe chuig oifigeach d'Óglaigh na hÉireann a bheidh ainmnithe sa deimhniú.

(ii) go ndearna an t-oifigeach a bheidh ainmnithe sa deimhniú nó, cibé acu é, comhalta nó comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas nó an t-oifígeach sin mar aon le comhalta nó comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas, an chumhacht réamhráite a fheidhmiú agus, tráth an fheidhmithe sin, go raibh lucht feidhmithe na cumhachta ar dualgas faoi éide agus gur cuireadh ar fáil iad de bhun an iarratais réamhráite,

(iii) gur feidhmíodh an chumhacht réamhráite i rith na tréimhse a sonraíodh san iarratas.

ina fhianaise, gan cruthúnas ar shíniú an duine a mbeidh sé airbheartaithe an deimhniú a bheith sínithe aige ná cruthúnas gurbh oifigeach d'Óglaigh na hÉireann é nárbh ísle céim ná ceannfort, in imeachtaí ar bith ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú agus leis an deimhniú

(b) Nuair a fheidhmeofar cumhacht a thugtar le fo-alt (3) nó (4) den alt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort agus á rá go ndearna comhalta den Gharda Síochána nárbh ísle céim ná ceannfort agus a bheidh ainmnithe sa deimhniú iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo ar dháta sonraithe chuig oifigeach d'Óglaigh na hÉireann a bheidh ainmnithe sa deimhniú ina fhianaise, gan cruthúnas shíniú an duine a mbeidh sé airbheartaithe an deimhniú a bheith sínithe aige ná cruthúnas gur chomhalta den Gharda Síochána é nárbh ísle céim ná ceannfort, in imeachtaí ar bith ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú agus leis an deimhniú.

(8) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin fad a bheidh an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1976 , i bhfeidhm.

Gearrtheideal agus feidhm.

16. —(1) Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil, 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 2 agus 11 den Acht seo maidir le cionta a rinneadh roimh an Acht seo a rith agus is tagairt do chion a dhéanfar tar éis a rite an tagairt do chion in alt 13 (1) den Acht seo.