An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Rialú Cumann ag an gCláraitheoir)

38 1976

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976

CUID II

Bunú, Rialacha, Cumhachtaí etc. Cumann

Cumann a bhunú.

8. —Féadfaidh aon deichniúr daoine nó níos mó nach bhfuil dícháilithe faoin Acht seo cumann a bhunú trí chomhaontú ar rialacha chun an cumann a rialú a chomhlíonfaidh alt 10 agus trí cheanglais alt 11 (1) a chomhlíonadh.

Focail áirithe a úsáid.

9. —(1) Beidh na focail “building society” nó na focail “cumann foirgníochta” in ainm cumainn.

(2) Ní dhéanfaidh duine seachas cumann nó seachas cumann fóntais phoiblí a bheidh ann ar dháta thosach feidhme an ailt seo ainm, teideal ná abairt tuairisce ina mbeidh na focail “building society” nó na focail “cumann foirgníochta” ná aon aistriú, malairt nó díorthaíoch ó na focail sin a úsáid i ndáil leis féin.

Rialacha.

10. —(1) Sonróidh rialacha gach cumainn—

(a) ainm an chumainn;

(b) an dóigh a gcruinneofar cistí an chumainn;

(c) na téarmaí ar a ndéanfar scaireanna a eisiúint agus a aisíoc;

(d) an n-eiseofar scaireanna tosaíochta agus, má eisítear, na teorainneacha a bheidh leo;

(e) i gcás cumann arna chorprú ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, socrú chun scaireanna a eisiúint do chomhlíonadh alt 18;

(f) an mbeartaíonn an cumann airgead a fháil ar iasacht agus, má bheartaíonn, na teorainneacha a bheidh leis sin;

(g) an nglacfar taiscí agus, má ghlactar, na téarmaí ar an nglacfar iad;

(h) na críocha chun a n-úsáidfear cistí an chumainn agus an dóigh a n-infheisteofar iad;

(i) an dóigh a dtabharfar agus a n-aisíocfar iasachtaí, aon asbhaintí i leith préimheanna, agus na coinníollacha ar a bhféadfaidh iasachtaí an méid a bheidh dlite de a fhuascailt roimh dheireadh na tréimhse ar ina haghaidh a tugadh an iasacht;

(j) socrú chun na gníomhais mhorgáiste agus urrúis eile de chuid an chumainn a choimeád;

(k) an dóigh a bhfionnfar caillteanais agus a ndéanfar soláthar dóibh;

(l) cumhachtaí agus dualgais an bhord stiúrthóirí agus na n-oifigeach eile;

(m) an dóigh a ndéanfar an bord stiúrthóirí agus oifigigh eile a cheapadh, a íoc agus a chur as oifig (lena n-áirítear corrfholúntais a líonadh), agus an dóigh a n-íocfar iniúchóirí;

(n) socrú i dtaobh séala an chumainn a úsáid;

(o) ceart na gcomhaltaí cruinnithe a fhoréileamh, foirm an fhógra le cruinnithe a thionól agus an dóigh a seirbheálfar an fógra;

(p) an dóigh a dtabharfar fógra do chomhaltaí maidir le haon rún (lena n-áirítear rún speisialta) a thairgfear ag cruinnithe;

(q) an nós imeachta a bheidh i bhfeidhm ag cruinnithe;

(r) cearta vótála comhaltaí, ceart comhalta seachvótálaí a cheapadh agus vótaíocht a éileamh agus an dóigh a dtógfar vótaíocht;

(s) an ndéanfar díospóidí idir an cumann agus aon chomhalta dá chuid, nó aon duine a dhéanfaidh éileamh trí aon chomhalta nó faoi na rialacha, a shocrú trína dtarchur chun cúirte, chun an Chláraitheora nó chun eadrána;

(t) aon fhíneálacha agus forghéilltí a chuirfear ar chomhaltaí an chumainn;

(u) an dóigh a mbeidh deireadh le comhaltas sa chumann;

(v) an dóigh a bhféadfar an cumann a fhoirceannadh.

(2) (a) Beidh rialacha an chumainn ina gceangal ar gach duine de chomhaltaí agus d'oifigigh an chumainn agus ar gach duine a dhéanfaidh éileamh thar ceann comhalta nó faoi na rialacha, agus measfar eolas iomlán i dtaobh na rialacha a bheith ag gach comhalta, oifigeach agus duine den sórt sin.

(b) Tabharfaidh an cumann cóip dá rialacha d'aon duine a iarrfaidh í agus féadfaidh an cumann cibé táille a shocróidh an Cláraitheoir ó am go ham a bhaint amach ar an gcóip.

(3) Féadfaidh an tAire rialacha a fhorordú maidir le hábhar dá dtagraítear i bhfo-alt (1), go ginearálta nó faoi threoir aicme nó aicmí sonraithe rialacha nó cumann, arna sonrú faoi threoir cibé ábhair is oiriúnach leis an Aire.

(4) (a) I gcás rialacha d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe a bheith forordaithe faoi fho-alt (3) agus nach mbeidh rialacha chumann a bunaíodh roimh thosach feidhme rialachán faoin bhfo-alt sin ar comhréir go substaintiúil, i dtuairim an Chláraitheora, leis na rialacha a bheidh forordaithe amhlaidh, cuirfidh an Cláraitheoir a thuairim in iúl don chumann laistigh de shé mhí tar éis tosach feidhme na rialachán, agus i gcás den sórt sin measfar gurb iad na rialacha forordaithe (le héifeacht ó dháta, arna shonrú ag an gCláraitheoir, nach luaithe ná bliain ó thosach feidhme na rialachán) rialacha an chumainn in ionad na rialacha a bhí i bhfeidhm ar dháta na rialachán a dhéanamh.

(b) Féadfaidh cumann, laistigh de thréimhse trí mhí dar tosach an dáta a gheofar tuairim an Chláraitheora faoin bhfo-alt seo, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh na tuairime.

(c) I gcás a n-éireoidh le hachomharc faoin bhfo-alt seo féadfaidh rialacha an chumainn fanacht i ngníomh.

(d) I gcás nach n-éireoidh le hachomharc faoin bhfo-alt seo measfar gurb iad na rialacha forordaithe (le héifeacht ó dháta nach luaithe ná bliain ó thosach feidhme na rialachán nó sé mhí tar éis don Chúirt an t-achomharc a chinneadh, cibé dáta acu is déanaí) rialacha an chumainn in ionad na rialacha a bhí i bhfeidhm ar dháta na rialachán a dhéanamh.

Rialacha a chlárú agus cumann a chorprú.

11. —(1) I gcás a n-aontóidh deichniúr daoine nó níos mó nach bhfuil dícháilithe faoin Acht seo ar rialacha chun cumann a bhunú déanfaidh siad dhá chóip de na rialacha, a bheidh sínithe ag deichniúr ar a laghad de na daoine, a sheachadadh don Chláraitheoir.

(2) I gcás a ndéanfar cóipeanna de rialacha a sheachadadh don Chláraitheoir de réir fho-alt (1), féadfaidh an Cláraitheoir, más rogha leis é, ach faoi réir an ailt seo na rialacha a chlárú nó diúltú iad a chlárú.

(3) Más deimhin leis an gCláraitheoir go gcomhlíonann na rialacha ceanglais iomchuí an Achta seo, ní dhiúltóidh sé rialacha a seachadadh dó faoi fho-alt (1) a chlárú murab é a thuairim nach bhfuil na rialacha ar comhréir go substaintiúil le haon rialacha a fhorordaítear faoi alt 10 (3) nó gur ainm neamh-inmhianaithe ainm an chumainn atá beartaithe nó gur ainm é atá chomh cosúil sin le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú, nó nárbh é leas gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí clárú.

(4) Aon uair a chinnfidh an Cláraitheoir diúltú rialacha a seachadadh dó faoi fho-alt (1) a chlárú, déanfaidh sé, laistigh de shé mhí ó dháta an tseachadta sin, fógra a thabhairt do shínitheoirí na rialacha faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfaidh líon nach lú ná deichniúr de na daoine sin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.

(5) I gcás a seachadfar cóipeanna de rialacha don Chláraitheoir faoi fho-alt (1) agus nach gcinnfidh sé diúltú na rialacha a chlárú, coimeádfaidh agus cláróidh sé cóip amháin, tabharfaidh sé an chóip eile ar ais don chumann, mar aon le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe, ar chorprú an chumainn, agus tabharfaidh sé scéala faoin gclárú don Aire, don Aire Airgeadais agus don Bhanc Ceannais.

(6) Ó dháta a chorpraithe is comhlacht corpraithe cumann (faoin ainm a bheidh sna rialacha) ag a mbeidh comharbas suthain agus gnáthshéala.

(7) Beidh deimhniú corpraithe a thabharfaidh an Cláraitheoir faoin alt seo ina fhianaise leordhóthanach nó go suífear a mhalairt gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta seo i ndáil le clárú rialacha agus le réamhábhair agus ábhair theagmhasacha i ndáil le clárú rialacha agus gur cumann atá údaraithe a chorprú agus a corpraíodh go cuí faoin Acht seo an cumann.

Rialacha a athrú.

12. —(1) Féadfaidh cumann a rialacha a athrú le rún speisialta.

(2) Cuirfidh cumann a athróidh a rialacha go dtí an Cláraitheoir dhá chóip den athrú (nó, i gcás cealaithe, dhá chóip den rún), a bheidh sínithe ag triúr comhalta agus ag an rúnaí, mar aon le litir a bheidh sínithe ag an rúnaí á dhaingniú gur ritheadh rún speisialta i ndáil leis an athrú.

(3) I gcás a gcuirfear cóipeanna go dtí an Cláraitheoir de réir fho-alt (2) agus go gcinnfidh sé gur athrú de réir an Achta seo an t-athrú, tabharfaidh sé ceann de na cóipeanna ar ais don rúnaí mar aon le deimhniú cláraitheachta i bhfoirm fhorordaithe, agus coimeádfaidh agus cláróidh sé an chóip eile.

(4) Ní bheidh éifeacht le hathrú faoin alt seo go dtí go gclárófar é faoi fho-alt (3).

(5) Foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn gur féidir na rialacha a athrú gan rún speisialta a rith.

(6) I gcás a ndiúltóidh an Cláraitheoir cóip d'athrú nó de rún a cuireadh chuige faoi fho-alt (2) a chlárú faoi fho-alt (3), déanfaidh sé, laistigh de dhá mhí tar éis dó na cóipeanna a fháil, fógra a thabhairt don chumann faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.

(7) Ní bhaineann an t-alt seo le riail de chuid cumainn a dhéanann socrú i dtaobh ainm an chumainn.

Ainm a athrú.

13. —(1) Féadfaidh cumann a ainm a athrú le rún speisialta.

(2) Cuirfidh an cumann go dtí an Cláraitheoir fógra i dtaobh athrú ar ainm faoin alt seo mar aon le dhá chóip den rún (a bheidh sínithe ag triúr comhalta agus ag an rúnaí) agus litir a bheidh sínithe ag an rúnaí á dhaingniú gur ritheadh an rún mar rún speisialta.

(3) Faoi réir fho-alt (4), cláróidh an Cláraitheoir an t-athrú ainm agus cuirfidh sé deimhniú ar an gclárú sin i bhfoirm fhorordaithe go dtí an rúnaí.

(4) Ní dhiúltóidh an Cláraitheoir athrú ainm ag cumann a cuireadh chuige faoi fho-alt (2) a chlárú murab é a thuairim gur ainm neamhinmhianaithe an t-ainm beartaithe nó go bhfuil sé chomh cosúil sin le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú, nó nárbh é leas gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí clárú.

(5) I gcás a ndiúltóidh an Cláraitheoir athrú ainm a cuireadh chuige faoi fho-alt (2) a chlárú faoi fho-alt (3), déanfaidh sé, laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil faoin athrú ainm, fógra a thabhairt don chumann faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.

(6) Ní dhéanfaidh athrú ainm difear d'aon cheart nó oibleagáid de chuid cumainn nó de chuid aon chomhalta nó daoine eile lena mbainfidh, ná ní dhéanfaidh sé lochtach aon imeachtaí dlí ag an gcumann nó ina aghaidh, agus aon imeachtaí dlí a tionscnaíodh ina aghaidh faoina shean-ainm féadfar leanúint díobh ina aghaidh faoina ainm nua.

(7) (a) I gcás lena mbaineann an fo-alt seo, féadfaidh an Cláraitheoir a cheangal ar chumann ainm an chumainn a athrú trí fhógra sa chéill sin a thabhairt dó.

(b) Baineann an fo-alt seo leis na cásanna seo a leanas—

(i) i gcás arb é tuairim an Chláraitheora go bhfuil cumann a corpraíodh roimh thosach feidhme an ailt seo cláraithe faoi ainm is ainm neamh-inmhianaithe nó ainm atá chomh cosúil le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú,

(ii) i gcás a mbeidh cumann, ar é a chéad-chlárú nó ar é a chlárú faoi ainm nua, cláraithe (trí neamart nó eile) faoi ainm arb é tuairim an Chláraitheora gur ainm neamh-inmhianaithe é nó gur ainm é atá chomhcosúil le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú.

(8) I gcás a dtabharfar fógra faoi fho-alt (7) do chumann ceadófar dó cibé tréimhse a ordóidh an Cláraitheoir le déanamh de réir an fhógra agus, má mhainníonn an cumann déanamh de réir an fhógra sa tréimhse sin, féadfaidh an Cláraitheoir dul i mbun clárú an chumainn a fhionraí faoi alt 94.

(9) Féadfaidh cumann achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh fógra ón gCláraitheoir faoi fho-alt (7).

Príomh-oifig.

14. —(1) Beidh ag cumann, amhail ón lá a thosóidh sé ag seoladh gnó nó an ceathrú lá déag tar éis dáta a chorpraithe, cibé lá acu is luaithe, oifig sa Stát (dá ngairfear a phríomh-oifig) a bhféadfar an comhfheagras agus na fógraí go léir a bhírú chuici.

(2) Tabharfaidh cumann fógra i dtaobh láthair na príomh-oifige agus i dtaobh aon athrú ar an gcéanna don Chláraitheoir Iaistigh de 14 lá tar éis dáta an chumainn a chorprú nó dáta an athraithe (de réir mar is iomchuí), agus cláróidh an Cláraitheoir an t-eolas agus tabharfaidh sé don chumann deimhniú ar an gclárú sin i bhfoirm fhorordaithe.

Ainm cláraithe a úsáid.

15. —(1) Ní úsáidfidh cumann aon ainm ná teideal seachas a ainm cláraithe.

(2) Beidh ar chumann—

(a) a ainm a bheith péinteáilte nó daingnithe in áit fheiceálach, i litreacha so-léite, ar an taobh amuigh de gach ceann dá oifigí nó dá áiteanna gnó,

(b) a ainm a bheith greanta aige i litreacha inléite ar a shéala,

(c) a ainm a bheith luaite i ngach fógra, litir, seic, admháil nó doiciméad eile a airbheartaítear a bheith arna n-eisiúint nó arna gcur amach aige nó thar a cheann,

(d) sonraí ar áit a chorpraithe, an uimhir faoina bhfuil sé cláraithe agus seoladh a phríomh-oifige a bheith ina litreacha go léir.

(3) Ní sárú ar fhorálacha an ailt seo an cumann d'úsáid, i dteannta ainm cláraithe an chumainn, leagan giorraithe ar an ainm sin.

Talamh agus foirgnimh.

16. —(1) Beidh de chumhacht ag cumann talamh a theachtadh agus a dhíol a mhéid is gá sin chun na críche dar bunaíodh an cumann.

(2) Féadfaidh cumann foirgneamh lena ghnó a sheoladh a cheannach, a thógáil, a fhruiliú nó a ghlacadh ar léas agus foirgneamh den sórt sin a oiriúnú, a mhéadú agus a throscánú.

(3) Féadfaidh cumann aon talamh a cheannach nó a theachtadh ar léas d'aontoisc chun foirgneamh lena ghnó a sheoladh a thógáil air.

(4) Féadfaidh cumann iomlán aon fhoirgnimh nó talún a luaitear i bhfo-alt (2) nó (3), nó aon chuid den chéanna, a dhíol, a mhalartú nó a ligean.

(5) Déanfar aon talamh nó foirgneamh a bhfaighidh cumann teideal iomlán chuige, trí ghéilleadh nó trí mhúchadh eile ar cheart fuascailte, a dhíol nó a chomshó in airgead, a luaithe is féidir.

Comhaltas.

17. —(1) Is comhalta de chumann gach duine ag a bhfuil scair nó scaireanna sa chumann.

(2) Féadfaidh cumann, faoi réir a rialacha, a cheadú do dhuine a mbeidh iasacht á thabhairt dó nó tugtha dó bheith ina chomhalta gan scair a bheith aige sa chumann, agus ní mó dliteanas comhalta den sórt sin ná a dhliteanas dá measfaí faoi na rialacha scair a bheith aige sa chumann de bharr an iasacht a thabhairt.

(3) Féadfaidh beirt daoine nó níos mó scaireanna a chomhshealbhú i gcumann.

(4) An dliteanas a bheidh ar chomhalta de chumann maidir le haon scair sa chumann nár tugadh iasacht ina leith beidh an méid a íocadh iarbhír agus a bheidh i riaráiste ar an scair de theorainn leis agus maidir le haon scair ar tugadh iasacht ina leith, beidh an méid is iníoctha uirthi faoi aon mhorgáiste nó urrús eile, nó faoi rialacha an chumainn, de theorainn leis.

(5) Féadfar duine faoi bhun bliain agus fiche d'aois a ghlacadh mar chomhalta d'aon chumann nach dtoirmisceann a rialacha glacadh den sórt sin agus féadfaidh sé gach admháil riachtanach a thabhairt ach ní beidh sé i dteideal, faoin aois sin dó, oifig a shealbhú.

(6) (a) I gcás a gcomhshealbhóidh beirt daoine nó níos mó scaireanna i gcumann beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—

(i) is é an duine arb é a ainm an chéad ainm i dtaifid an chumainn i ndáil le scaireanna i gcomhsheilbh an comhshealbhóir sinsearach;

(ii) ach amháin i gcás a bhforálann rialacha cumainn a mhalairt, measfar aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaíonn an tAcht seo ar chumann a chur chuig sealbhóirí scaireanna an chumainn a bheidh curtha chuig na comhshealbhóirí má cuireadh chuig an gcomhshealbhóir sinsearach é;

(iii) i gcás ar féidir faoin Acht seo le comhalta cumainn freastal agus vótáil ag cruinniú de bhua gur sealbhóir scaireanna sa chumann é, agus gur comhbhealbhóir ar na scaireanna sin an duine sin, is é an comhshealbhóir sinsearach a bheidh i dteideal na cearta a thugtar le hailt 52, 53 agus 54 a fheidhmiú, d'ainneoin aon ní sna hailt sin;

(iv) measfar ceanglais alt 75 a bheith comhlíonta ag cumann i gcás ainm an chomhshealbhóra shinsearaigh a bheith taifeadta sa chlár a cheanglaítear a choimeád faoin alt sin;

(v) chun críocha ailt 25 agus 26, measfar gurb é an comhshealbhóir sinsearach amháin a shealbhaíonn na scaireanna agus ní mheasfar gur comhalta den chumann chun críocha na n-alt sin comhshealbhóir na scaireanna (seachas an comhshealbhóir sinsearach);

(vi) beidh ag an gcomhshealbhóir sinsearach, ach ní bheidh ag na comhshealbhóirí eile, ceart uamadh chun iarratas a dhéanamh faoi alt 29, agus déanfar aon tagairt san alt sin don chomhaltas iomlán a fhorléiriú dá réir sin.

(b) Ní oibreoidh mír (a) (ii) lena chosc ar aon duine de na comhshealbhóirí cóip de chlár comhardaithe nó de thuairisceán bliantúil an chumainn a fháil ón gcumann ar í a iarraidh.

(c) Beidh na comhshealbhóirí i dteideal an t-ord ina n-ainmneofar iad i dtaifid an chumainn a roghnú.

Srianta le gnó a thosú.

18. —(1) Ní chruinneoidh cumann aon chistí faoi alt 22 tar éis tosach feidhme an ailt seo mura rud é—

(a) go mbeidh fianaise scríofa tugtha ar aird don Chláraitheoir á dheimhniú dó gur eisíodh scaireanna sa chumann, nach 1ú a luach ná cibé suim a bheidh forordaithe ag an Aire tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, chun líon nach 1ú na deichniúr de na daoine iomchuí (nó i gcás ar 1ú ná deichniúr a líon, chuig gach uile dhuine díobh), agus nach 1ú luach iomlán na scaireanna sin ná cibé suim a bheidh forordaithe ag an Aire tar éis dó comhairle a ghlacadh amhlaidh,

(b) go mbeidh fianaise scríofa tugtha ar aird don Chláraitheoir á dheimhniú dó gur íoc na daoine iomchuí na suimeanna forordaithe in airgead leis an gcumann ar na scaireanna sin,

(c) go mbeidh fianaise scríofa tugtha ar aird don Chláraitheoir á dheimhniú dó gur chomhlíon an cumann alt 20, agus

(d) go mbeidh deimhnithe ag an gCláraitheoir gur tugadh ar aird an fhianaise dá dtagraítear i míreanna (a) go (c).

(2) Chun críocha fho-alt (1) is iad na daoine iomchuí—

(a) i gcás cumann a corpraíodh an 5ú lá de Nollaig, 1975, nó dá éis, na daoine a bhunaigh an cumann, agus

(b) i gcás aon chumainn eile, stiúrthóirí an chumainn.

(3) (a) Maidir leis na téarmaí is infheidhmithe ar na scaireanna dá dtagraíonn fo-alt (1) (a), ní bheidh siad, tráth na scaireanna a eisiúint nó aon tráth roimh dheireadh cúig bliana ó dháta deimhniú an Chláraitheora dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (d) a eisiúint, níos fabhraí ar dhóigh ar bith ná na téarmaí is infheidhmithe i leith aon scaireanna eile a bheidh eisithe ag an gcumann.

(b) Ní thabharfaidh cumann éifeacht, ná aitheantas, laistigh den tréimhse cúig bliana dá dtagraítear i mír (a), d'aon aistriú scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) seachas aistriú trí oibriú dlí.

(c) Chun críocha mhír (a) folóidh “téarmaí” ráta úis, díbhinn nó bónas, dliteanas ranníoc i leith caillteanas, cearta ar ghealltanais de chuid an chumainn a aistriú nó ar an gcumann a fhoirceannadh nó a nascadh le cumann eile.

(4) Ní aisíocfaidh cumann, laistigh den tréimhse cúig bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (3), an tsuim (ná aon chuid den tsuim) a suibscríobhadh i leith na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) mura rud é, i rith na tréimhse sin, go ndéanfar an cumann a fhoirceannadh faoi alt 95 nó go ndearna an Cláraitheoir gealltanais an chumainn a aistriú faoi alt 26 nó 27 go dtí cumann eile nó go dtiocfaidh duine a shuibscríobh i leith na scaireanna sin a bheith dícháilithe faoin Acht seo go bhfaighidh sé bás.

(5) I gcás duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) teacht chun bheith dícháilithe nó d'fháil bháis—

(a) íocfaidh an chuid eile de na daoine a shuibscríobh i leith na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) leis an gcumann, laistigh den tréimhse 30 lá tar éis an dícháilithe nó an bháis, suimeanna airgid ar cóimhéid a n-iomlán leis an tsuim a shuibscríobh an duine a tháinig chun bheith dícháilithe nó a fuair bás, agus eiseofar chucu scaireanna sa chumann ar comhluach leis an tsuim a suibscríobhadh amhlaidh, nó

(b) féadfaidh aon duine eile nach bhfuil dícháilithe faoin Acht seo suibscríobh in airgead i leith scaireanna sa chumann, agus eiseofar chuige iad, go feadh luach nach lú ná an tsuim a shuibscríobh an duine a tháinig chun bheith dícháilithe nó a fuair bás,

agus bainfidh forálacha fho-alt (3) le scaireanna a eiseofar faoin bhfo-alt seo.

(6) Tabharfar an fhianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar aird don Chláraitheoir—

(a) i gcás cumann a chorprófar ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, laistigh de thrí mhí ó dháta a chorpraithe;

(b) i gcás aon chumainn eile, laistigh de thrí mhí ó dháta thosach feidhme an ailt seo.

(7) I gcás a mainneoidh cumann an fhianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt ar aird don Chláraitheoir sa tréimhse iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (6)—

(a) i gcás cumann a chorprófar ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, féadfaidh an Cláraitheoir clárú an chumainn a chealú faoi alt 94;

(b) i gcás aon chumainn eile, féadfaidh an Cláraitheoir iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 95 chun an cumann a fhoirceannadh.

(8) Má chruinníonn cumann lena mbaineann an t-alt seo aon chistí contrártha don alt seo, nó má bhíonn aon fhoráil i bhfo-alt (3) nó i bhfo-alt (4) gan chomhlíonadh, aon tráth sa tréimhse cúig bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (3), féadfaidh an Cláraitheoir iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 95 chun an cumann a fhoirceannadh.

(9) Measfar, chun críocha an ailt seo, nach scaireanna a eisíodh faoi alt 22 na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a).

(10) Ní bhainfidh an t-alt seo—

(a) le haon chumann a corpraíodh an 5ú lá de Nollaig, 1973, nó roimh an lá sin, agus a rinne, in imeacht na tréimhse dhá bhliain dar chríoch an 5ú lá de Nollaig, 1975, cistí a chruinniú agus iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí ar urrús eastáit ruílse nó eastáit léasaigh,

(b) le haon chumann a corpraíodh sa tréimhse dhá bhliain dar chríoch an 4ú lá de Nollaig, 1975, agus a raibh ar an dáta sin £20,000 ar a laghad de shócmhainní aige.

Cead fógraíochta.

19. —(1) Ní dhéanfaidh cumann a corpraíodh an 5ú lá de Nollaig, 1975, nó dá éis, fógraíocht ná sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna tar éis tosach feidhme an ailt seo gan cead roimh ré i scríbhinn ón gCláraitheoir.

(2) Ní dhéanfaidh cumann ar 1ú na £1,000,000 na sócmhainní go léir a bhí aige an 5ú lá de Nollaig, 1975, fógraíocht ná sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis gan cead roimh ré i scríbhinn ón gCláraitheoir.

(3) Féadfaidh sé a bheith sainráite i gcead fógraíochta a thabharfar faoin alt seo gur bailí dó go ceann tréimhse sonraithe, agus, i gcás den sórt sin, ní dhéanfaidh cumann fógraíocht ná sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna tar éis deireadh na tréimhse sonraithe gan cead eile i scríbhinn ón gCláraitheoir.

(4) Féadfaidh an Cláraitheoir, dá rogha féin, a cheangal ar chumann a dhéanfaidh fógraíocht nó sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis ar dhóigh seachas de réir cead a tugadh faoin alt seo fianaise a thabhairt dó a dheimhneoidh dó nár lú sócmhainní uile an chumainn ar an dáta a shonraítear i bhfo-alt (2) ná an tsuim a cheanglaítear faoin bhfo-alt sin.

(5) Ní thabharfaidh an Cláraitheoir cead faoin alt seo mura deimhin leis—

(a) gur sheol an cumann gnó ar feadh cuid den tréimhse, nó ar feadh iomlán na tréimhse, dhá bhliain dar chríoch dáta an cheada sin a iarraidh ar dhóigh nár dhochar do ghnó oumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí;

(b) gur chomhlíon an cumann ceanglais alt 18, má bhaineann an t-alt sin leis, agus ceanglais alt 20;

(c) nach ainm neamh-inmhianaithe ainm an chumainn ná nach ainm é atá chomh cosúil sin le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú;

(d) go gcomhlíonann an cumann cibé coinníollacha i ndáil le leachtaíocht, cúlchistí agus ábhair eile de chineál airgeadais a fhorordóidh an tAire Airgeadais faoi Chuid IV;

(e) go bhfuil an cumann in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nach bhfuil aon íocaíochtaí fionraithe aige atá dlite de agus nach bhfuil aon riaráiste úis air atá dlite ar scaireanna nó ar thaiscí sa chumann; agus

(f) nach bhfuil aon chuid d'iasacht gan íoc ar dháta cead a iarraidh faoin alt seo is iasacht a raibh nó a bhfuil ceangal ann faoi alt 43 (1) sonraí ina leith a bheith i dtuairisceán bliantúil chuig an gCláraitheoir.

(6) Ní iarrfar cead faoin alt seo sula mbeidh tuairisceán bliantúil amháin ar a laghad curtha ag cumann chuig an gCláraitheoir faoi alt 70 do bhliain airgeadais a bhaineann le tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad nó, in aon bhliain airgeadais, sula mbeidh an tuairisceán bliantúil don bhliain airgeadais roimhe sin curtha chuig an gCláraitheoir.

(7) I gcás a ndiúltóidh an Cláraitheoir cead a thabhairt faoin alt seo, tabharfaidh sé laistigh de shé mhí tar éis an t-iarratas ar chead a fháil, fógra don chumann faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfar achomarc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.

Taisce sa Bhanc Ceannais.

20. —(1) Ní sheolfaidh cumann gnó ná ní fheidhmeoidh sé aon chumhacht faoi alt 22 mura mbeidh cibé méid a chinnfear de réir an ailt seo i dtaisce aige sa Bhanc Ceannais.

(2) (a) Is é méid a bheidh i dtaisce faoin alt seo cibé méid nó cibé cionúireacht den méid iomlán a bheidh dlite do scairshealbhóirí agus do thaisceoirí a fhordóidh an tAire, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, ach ní lú ná £20,000 ná ní mó ná £500,000 é.

(b) Féadfar méideanna éagsúla nó cionúireachtaí éagsúla a fhorordú i ndáil le haicmí éagsúla cumann, a shonrófar faoi threoir cibé ábhair is cuí leis an Aire tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais.

(3) Ríomhfaidh an Banc Ceannais méid aon taisce faoin alt seo dhá uair sa bhliain (i gceann tréimhsí, is tréimhsí comhfhada, a mhéid is féidir sin), de réir fho-alt (2) agus faoi threoir tuairisceáin a thabharfaidh an cumann ar iarratas ón mBanc Ceannais, agus i gcás cumann a chorprófar tar éis tosach feidhme an ailt seo ríomhfaidh an Banc Ceannais méid aon taisce faoin alt seo a luaithe is féidir tar éis don Chláraitheoir a chur in iúl dó gur corpraíodh an cumann faoi alt 11.

(4) Déanfar méid aon taisce faoin alt seo a mhéadú, i gcás ar gá sin, go dtí an méid iomchuí arna ríomh faoi fho-alt (3), tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an dáta a gheobhaidh an cumann fógra ón mBanc Ceannais faoin méid is gá chun an méadú a dhéanamh.

(5) Féadfaidh an Banc Ceannais méid taisce faoin alt seo a shocrú ag an iolrú ar chéad punt is gaire.

(6) Béarfaidh taisce faoin alt seo ús de réir cibé ráta (nach lú ná an ráta is iníochta ó am go ham ag an mBanc Ceannais ar thaiscí sa Bhanc Ceannais de bhun alt 7 d'Acht 1971) agus a bheidh iníoctha ar cibé dóigh agus cibé tráthanna a chinnfidh an Banc Ceannais ó am go ham.

(7) Beidh aon mhuirear a airbheartaítear a bheith arna bhunú ar thaisce faoin alt seo ar neamhní.

(8) Ní bheidh taisce faoin alt seo faoi réir forfheidhmiú d'aon sórt do shásamh aon éilimh ó aon chreidiúnaí cumainn, nó do shásamh aon bhreithiúnais, ordaithe nó foraithne de chuid aon chúirte sa Stát i bhfabhar aon chreidiúnaí den sórt sin ar shlí seachas faoi réim agus de réir forálacha an Achta seo.

(9) Féadfaidh an Cláraitheoir a cheangal ar chumann deimhniú ón mBanc Ceannais a thabhairt ar aird go gcomhlíonann an cumann ceanglais an ailt seo.

(10) (a) I gcás cumann lena mbaineann alt 18, déanfaidh an Banc Ceannais an ríomh tosaigh ar mhéid na taisce chun críocha an ailt seo nó a luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an ailt seo nó a luaithe is féidir tar éis don Chláraitheoir fógra a thabhairt i dtaobh corpraithe faoi alt 11, cibé acu is déanaí.

(b) I gcás aon chumainn eile ní bheidh feidhm ag an alt seo in imeacht na tréimhse trí mhí dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo.

(11) Chun críocha an ailt seo is ar an gcumann a bheidh sé a chruthú don Chláraitheoir go bhfuil tosaithe ag an gcumann ar ghnó a sheoladh.

Forálacha d'fhorlionadh alt 20.

21. —(1) Aon uair a gheobhaidh duine breithiúnas, ordú nó foraithne in aon chúirt sa Stát in aghaidh cumainn go n-íocfar taisce atá aige nó dó sa chumann, nó a thionscnóidh sé imeachtaí in aghaidh an chumainn ag éileamh go ndéanfar íoc den sórt sin, ansin, an duine nó aon duine eile a mbeidh taisce aige sa chumann—

(a) féadfaidh sé, trí fhoriarratas ex parte, ordú faoi fho-alt (2) a iarraidh ar an gCúirt, agus

(b) beidh sé, ar é do dheimhniú do chláraitheoir nó do chléireach na cúirte ina bhfuarthas an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne, nó inar tionscnaíodh na himeachtaí, go mbeartaíonn sé iarratas a dhéanamh faoin alt seo, i dteideal deimhniú a fháil a bheidh sínithe ag an gcláraitheoir nó ag an gcléireach agus a déarfaidh go bhfuarthas an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne nó gur tionscnaíodh na himeachtaí (de réir mar a bheidh), agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) I gcás iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1)—

(a) féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú nach ndéanfar an taisce ná aon chuid den taisce a bheidh, faoi alt 20, sa Bhanc Ceannais ag an gcumann lena mbaineann an t-iarratas a scaoileadh le linn cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt agus a shonróidh sí san ordú, agus

(b) má bhíonn breithiúnas, ordú nó foraithne faighte in aghaidh an chumainn ag an duine a rinne an t-iarratas agus gur dealraitheach don Chúirt, tar éis di cibé fiosrú is cuí léi a dhéanamh—

(i) nach dóigh go ndéanfar aon éilimh eile in aghaidh na taisce i ndáil le suimeanna a bheidh dlite den chumann an tráth sin, nó

(ii) gur leor an taisce, má dhéantar éilimh den sórt sin, chun freastal iomlán a dhéanamh dóibh,

féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú go ndéanfar an tsuim a shonraítear sa bhreithiúnas, san ordú nó san fhoraithne, i dteannta nó d'éagmais costais an iarratais, a íoc leis an duine as an taisce.

(3) I gcás a ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) (a), féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh freisin á ordú—

(a) nach ndéanfaidh banc, ach amháin faoi réir cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta in ainm an chumainn a ndearnadh an t-ordú ina aghaidh, nó

(b) nach ndéanfaidh banc sonraithe, ach amháin faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta ná as cuntas baincéireachta sonraithe ná as cineál cuntais bhaincéireachta a bheidh á choimeád ag an mbanc sonraithe in ainm an chumainn a ndearnadh an t-ordú ina aghaidh.

(4) I gcás—

(a) a ndéanfar, ar bhreithiúnas, ordú nó foraithne den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith faighte in aghaidh cumainn, ordú faoi fho-alt (2) (a) ar iarratas ón duine a fuair an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne, nó

(b) a ndéanfar ordú faoi fho-alt (3),

measfar chun críocha alt 95 nach bhfuil an cumann in ann a fhiacha a íoc.

(5) Má thionscnaítear achomharc sa Chúirt Uachtarach—

(a) in aghaidh ordú ón gCúirt a rinneadh faoi fho-alt (2) (a) nó (3) ar iarratas ó dhuine a fuair breithiúnas, ordú nó foraithne den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó

(b) in aghaidh ordú ón gCúirt a rinneadh faoi fho-alt (3) ar iarratas ó dhuine a thionscain imeachtaí den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1),

beidh feidhm ag fo-alt (6) agus, más iomchuí, ag fo-alt (7).

(6) Féadfaidh an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt, le hordú, feidhmiú fho-alt (4) a chur siar go ceann cibé tréimhse agus (faoi réir fho-alt (7) i gcás achomharc dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (a)) ar cibé téarmaí a shocróidh an chúirt áirithe agus a shonróidh sí san ordú.

(7) Má dhéanann an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt ordú faoi fho-alt (6) i gcás achomharc dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (a), féadfaidh an chúirt áirithe a cheangal ar an gcumann lena mbaineann an t-ordú cóimhéid an airgid go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé méid is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a thaisceadh leis an gcúirt nó d'eile, de réir mar is cuí leis an gcúirt, cibé urrús a thabhairt a ordóidh an chúirt go n-íocfar an t-airgead sin go léir, agus, i gceachtar cás, cibé suim eile nó urrús eile i leith costais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt is cóir.

(8) Féadfaidh an Chúirt nó an Chúirt Uachtarach, de réir mar a bheidh, ordú faoi fho-alt (2) (a), (3) nó (6) a chúlghairm nó a athrú.

(9) Féadfar imeachtaí nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo nó achomharc nó aon chuid d'achomharc i ndáil le himeachtaí den sórt sin a sin a éisteacht i ndlísheomraí.

Cumhacht cistí a chruinniú agus airgead a fháil ar iasacht.

22. —(1) Féadfaidh cumann ó am go ham cistí a chruinniú chun críche an chumainn trí scaireanna d'ainmníocht amháin nó níos mó a eisiúint, le hús carnach nó dá éagmais, agus féadfaidh sé na cistí sin a aisíoc nuair nach mbeidh siad ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin.

(2) Féadfar aisíoc cistí faoi fho-alt (1) a dhéanamh i ndáil leis na scairshealbhóirí go léir nó le haicme nó le haicmí sonraithe de na scairshealbhóirí (arna sonrú faoi threoir cibé ábhair is cuí leis an gcumann), ach ní cead an t-aisíoc sin a dhéanamh le scairshealbhóir (seachas ar iarratas uaidh) idir an dáta a chuir sé in iúl go raibh beartaithe aige rún nó rún speisialta a chur ar aghaidh (nó tacú le hainmniúchán) ag cruinniú den chumann agus dáta an chruinnithe.

(3) Féadfaidh cumann airgead a fháil ar iasacht agus, chun na críche sin, féadfaidh sé taiscí nó iasachtaí a ghlacadh ar ús, lena n-úsáid chun críche an chumainn.

(4) Ní ghlacfaidh cumann aon taisce ach amháin ar théarmaí a chuirfidh ar chumas an chumainn fógra nach giorra ná mí a éileamh roimh aisíoc nó aistarraingt a dhéanamh.

(5) Chun críocha an ailt seo measfar gur airgead a fuair an cumann ar iasacht aon airgead a taisceadh leis an gcumann mar urrús i leith iasacht a thug an cumann do chomhalta, nó mar urrús i leith ráthaíocht a tugadh maidir le hiasacht den sórt sin.

(6) Ní dhéanfaidh duine seachas cumann aon chumhacht a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú.

(7) (a) Faoi réir mhír (b), ní eiseoidh cumann scaireanna faoi fho-alt (1) nach mbeidh cearta vótála ag gabháil leo.

(b) Ní bhainfidh mír (a) le cumann a d'eisigh, an 5ú lá de Nollaig, 1975, nó roimh an lá sin, scaireanna den sórt sin nach raibh cearta vótála ag gabháil leo.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 22.

23. —(1) Ní mór cibé faisnéis a cheanglóidh an Cláraitheoir ó am go ham a bheith scríofa i ngach leabhar taisce, admháil nó urrús d'aon sórt a thabharfaidh an cumann i leith taisce nó iasachta.

(2) Duine a shuibscríobhfaidh i leith scaireanna i gcumann nó a thaiscfidh airgead le cumann beidh sé i dteideal, ar theacht dó chun bheith ina scairshealbhóir nó ina thaisceoir den chéad uair, cóip den ráiteas a bheidh ar taispeáint an tráth sin ag an gcumann faoi alt 61 a fháil in aisce ón gcumann.

(3) (a) I gcás comhalta de chumann nó taisceoir i gcumann a bhfuil aige i gcistí an chumainn suim airgid nach mó ná cibé suim a bheidh ceaptha ag an gCláraitheoir ó am go ham chun críche an fho-ailt seo, d'fháil bháis ina dhíthiomnóir, féadfar an méid a bheidh dlite do eastát an chomhalta nó an taisceora a íoc leis an duine a mheasfaidh stiúrthóirí an chumainn a bheith i dteideal é a fháil, gan an duine sin d'fháil litreacha riaracháin, ar an gcumann d'fháil fianaise shásúil faoin mbás mar aon le dearbhú reachtúil gur éag an comhalta nó an taisceoir ina dhíthiomnóir, agus go bhfuil an teideal sin ag an duine atá ag éileamh amhlaidh.

(b) I gcás a n-íocfaidh cumann aon suim a bheidh dlite do dhuine a measadh teideal a bheith aige chun earraí an duine éagtha, beidh an íocaíocht bailí éifeachtúil maidir le haon éileamh in aghaidh cistí an chumainn ó aon duine eile a éileoidh mar neasghaol nó mar ionadaí dleathach an chomhalta nó an taisceora éagtha, ach beidh a leigheas ag an neasghaol nó ag an ionadaí sin i leith méid na híocaíochta in aghaidh an duine a fuair í.

Iasachtaí ó chumann do chumann eile.

1974, Uimh. 9 .

24. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó i rialacha cumainn, féadfaidh cumann airgead a thabhairt ar iasacht do chumann eile i gcás a n-údaróidh an Cláraitheoir é, le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Measfar na cumachtaí a thugtar le fo-alt (1) d'údarú iasachtaí a thug cumann, ón lú lá d'Iúil, 1974, do chumann ab ábhar, de bhun alt 2 den Acht Cumann Foirgníochta, 1974 , d'iarratas chun an Chláraitheora lena ghealltanais a aistriú chun an chumainn chéadluaite.

Aontú cumann.

25. —(1) Faoi réir alt 28 a chomhlíonadh, féadfaidh dhá chumann nó níos mó aontú agus cumann amháin a dhéanamh díobh, cibé acu a dhíscaoilfear nó nach ndíscaoilfear ceann amháin nó níos mó de na cumainn nó a roinnfear nó nach roinnfear cistí ceann amháin nó níos mó de na cumainn, más rud é—

(a) go gceadófar togra an aontaithe le rún speisialta ó gach cumann, agus

(b) (i) go dtabharfaidh sealbhóirí dhá thrian ar a laghad de luach iomlán na scaireanna i ngach cumann toiliú i scríbhinn leis an togra, nó

(ii) go ndaingneofar an t-aontú faoi alt 27.

(2) I gcás a n-aontóidh dhá chumann nó níos mó faoi mhíreanna (a) agus (b) (i) d'fho-alt (1), cuirfidh an cumann aontaithe fógra i dtaobh an aontaithe chuig an gCláraitheoir agus cláróidh seisean go cuí é agus cuirfidh sé deimhniú ar an gclárú sin i bhfoirm fhorordaithe chuig an gcumann sin.

(3) Ní bhainfidh ailt 18 agus 19 le cumann a fhoirmeofar trí aontú faoin alt seo murar bhain an dá alt sin, nó ceachtar díobh, roimh an aontú, le ceann amháin ar a laghad de na cumainn dá mbeidh an t-aontú comhdhéanta.

Aistriú agus comhalladh gealltanas.

26. —(1) Faoi réir alt 28 a chomhlíonadh, féadfaídh cumann a ghealltanais a aistriú chuig cumann eile nó a ghealladh go gcomhallfaidh sé gealltanais cumainn eile más rud é—

(a) go gceadófar togra maidir le haistriú nó gealladh faoin alt seo le rún speisialta ó gach cumann nó, i gcás cumann a bheartaíonn a ghealladh gealltanais cumainn eile a chomhalladh, le rún ó chruinniú ginearálta de chuid an chumainn nó ó chruinniú de bhord stiúrthóirí an chumainn a bheartaíonn amhlaidh má thoilíonn an Cláraitheoir le ceachtar de na cruinnithe sin a thionól chun an rún a rith, agus

(b) (i) go dtabharfaidh sealbhóirí dhá thrian ar a laghad de luach iomlán na scaireanna i ngach cumann toiliú i scríbhinn leis an togra, nó

(ii) go ndaingneofar an t-aistriú nó an gealladh faoi alt 27.

(2) I gcás a ndéanfar aistriú faoi mhíreanna (a) agus (b) (i) d'fho-alt (1), cuirfidh an cumann a gheallfaidh na gealltanais a chomhalladh fógra i dtaobh an aistrithe chuig an gCláraitheoir agus cláróidh seisean go cuí é, agus cuirfidh sé deimhniú ar an gclárú sin i bhfoirm fhorordaithe chuig an gcumann sin.

Aontú faoi alt 25 nó aistriú nó gealladh faoi alt 26 a dhaingniú agus a chlárú.

27. —(1) I gcás a gceadófar go cuí togra dá dtagraítear in alt 25 nó 26, féadfaidh aon chumann a bhfuil baint aige leis an togra a iarraidh ar an gCláraitheoir an t-aontú, an t-aistriú nó an gealladh a dhaingniú.

(2) (a) I gcás a ndéanfaidh cumann iarratas faoi fho-alt (1), cuirfidh sé faoi deara, laistigh de sheacht lá tar éis dáta an iarratais, go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sna limistéir ina bhfuil príomh-oifigí na gcumann a bhfuil baint acu leis an togra, fógra ina mbeidh sonraí an iarratais agus a déarfaidh go bhféadfar agóidí nó uiríolla i ndáil leis a dhéanamh i scríbhinn chun an Chláraitheora laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 21 lá tar éis dáta an fhógra a fhoilsiú) a shonrófar san fhógra.

(b) Is i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a bheidh fógra faoin bhfo-alt seo agus déarfar ann go bhféadfar cóip den ráiteas a ullmhaíodh faoi alt 28 a fháil ar é a iarraidh i bpríomh-oifig an chumainn le linn gnáthuaire oifige an chumainn.

(3) Féadfar agóidí agus uiríolla i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (1) a dhéanamh chun an Chláraitheora laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí a fhoilseofar faoi fho-alt (2).

(4) Tar éis don Chláraitheoir iarratas faoi fho-alt (1) agus aon agóid nó uiríoll faoi fho-alt (3) a bhreithniú—

(a) daingneoidh sé an t-aontú, an t-aistriú nó an gealladh, nó

(b) i gcás nach deimhin leis gur comhlíonadh alt 28, nó ar dóigh leis nárbh é leas an phobail nó nárbh é leas gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí daingniú, diúltóidh sé an t-aontú, an t-aistriú nó an gealladh a dhaingniú.

(5) I gcás a ndiúltóidh an Cláraitheoir aontú, aistriú nó gealladh a dhaingniú, tabharfaidh sé, laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas ar an daingniú sin a fháil, fógra don iarratasóir faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.

(6) (a) I gcás a ndaingneoidh an Cláraitheoir aontú, aistriú nó gealladh, cláróidh an Cláraitheoir an t-aontú, an t-aistriú nó an gealladh, agus amhail ó dháta an chláraithe sin beidh éifeacht leis de réir téarmaí an togra iomchuí.

(b) Cuirfidh an Cláraitheoir deimhniú ar an gclárú faoi mhír (a) i bhfoirm fhorordaithe chuig iarratasóir faoi fho-alt (1).

(7) Faoi réir fho-alt (6), oibreoidh clárú aontaithe nó aistrithe faoin Acht seo chun cistí, maoin agus sócmhainní chumainn an aontaithe a aistriú chuig an gcumann aontaithe, nó chun cistí, maoin agus sócmhainní an chumainn a aistreoidh a ghealltanais chuig an gcumann chun a n-aistreofar iad, mar thíolacadh, aistriú nó sannadh éifeachtúil, ar dháta an chláraithe, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh foirmiúil, ach ní dhéanfaidh aon aontú ná aistriú den sórt sin difear do chearta aon chreidiúnaí de chuid aon chumainn a aontóidh nó a aistreoidh amhlaidh.

Ráiteas do chomhaltaí i ndáil le togra faoi alt 25 nó 26.

28. —(1) Cumann a bheartaíonn aontú le cumann nó cumainn eile nó a ghealltanais a aistriú chuig cumann eile nó a ghealladh gealltanais cumainn eile a chomhalladh cuirfidh sé faoi deara go n-ullmhófar, le cur sa timpeall agus go gcuirfear chuig daoine a bheidh i láthair ag an gcruinniú a bheartaítear a thionól faoi alt 25 (1) (a) nó 26 (1) (a) agus, i gcás a gceanglóidh an Cláraitheoir é, seolfaidh sé chuig gach comhalta dá chuid, ráiteas, i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir, a thaispeánfaidh—

(a) staid airgeadais gach cumainn a bhfuil baint aige leis an aontú, leis an aistriú nó leis an ngealladh atá beartaithe,

(b) leas stiúrthóirí gach cumainn lena mbaineann san aontú, san aistriú nó sa ghealladh atá beartaithe,

(c) aon chúiteamh a bheartaítear a íoc le stiúrthóirí nó le hoifigigh eile gach cumainn lena mbaineann nó aon chomaoin a bheartaítear a thabhairt dóibh,

(d) sonraí aon íocaíochtaí a bheartaítear a thabhairt do chomhaltaí gach cumainn lena mbaineann i gcomaoin an aontaithe, an aistrithe nó an gheallaidh atá beartaithe, agus

(e) sonraí na gcomshocraíochtaí atá beartaithe i ndáil le fostaithe an chumainn.

(2) I gcás a gceanglóidh an Cláraitheoir ráiteas a sheoladh chuig gach comhalta de chumann faoi fho-alt (1), seolfar amhlaidh é ionas go bhfaighidh gach comhalta den chumann é tráth nach déanaí ná an dáta a gheobhaidh sé fógra faoi aon rún a bheidh le tairiscint ag cruinniú den chumann i bhfabhar an togra, agus i gcás a n-iarrfaidh cumann ar a chomhaltaí a dtoiliú i scríbhinn a thabhairt faoi alt 25 (1) (b) nó 26 (1) (b) seolfar an ráiteas amhlaidh ionas go bhfaighidh gach comhalta é tráth nach déanaí ná an dáta a gheobhaidh sé an t-iarratas ar a thoiliú.