|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Coibhneasa agus Infheistíochtaí) | Ar Aghaidh (CUID VI Iasachtaí) |
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID V Bainistí agus Riaradh Cumann | |
[EN] |
Oifigeach do thabhairt urrúis agus cuntais in airgead. |
39. —(1) Gach oifigeach do chumann a bheidh ag glacadh nó i bhfeighil airgid leis an gcumann tabharfaidh sé cibé urrús a cheanglóidh an cumann agus é de choinníoll ann go dtabharfaidh sé cuntas fíorcheart ar an airgead go léir a bheith faighte agus íoctha aige ar chuntas an chumainn agus go n-íocfaidh sé na suimeanna airgid go léir a bheidh dlite de don chumann, agus chun na críche sin rachaidh sé faoi cheangal leorurra amháin ar a laghad i mbanna i cibé foirm agus i leith cibé méid a cheanglóidh an Cláraitheoir nó déanfaidh sé comhshocraíochtaí i modh árachais ráthaíochta dílseachta nó tabharfaidh sé cibé urrús eile a ordóidh an cumann agus ina mbeidh cibé suim a cheanglóidh an cumann. |
[EN] | (2) Déanfaidh gach oifigeach do chumann nó déanfaidh a sheiceadóirí nó a riarthóirí, ar éileamh a bheith déanta nó ar fhógra i scríbhinn a bheith tugtha nó a bheith fágtha ag an áit chónaí dheiridh a bhí aige nó ag a ghnáth-áit chónaí, cuntas a thabhairt mar a cheanglóidh stiúrthóirí an chumainn, lena scrúdú agus lena cheadú nó lena dhícheadú acu, agus, ar éileamh nó fógra den tsamhail chéanna a bheith déanta nó tugtha, íocfaidh sé an t-airgead go léir de chuid an chumainn a bheidh fós ina lámha agus seachadfaidh sé do cibé duine a cheapfaidh an cumann na hurrúis agus na hearraí, na leabhair, na páipéir agus an mhaoin go léir de chuid an chumainn a bheidh ina lámha nó ar coinneáil aige, agus má fhaillítear nó má dhiúltaítear an fo-alt seo a chomhlíonadh féadfaidh an cumann agairt ar an mbanna nó i leith aon urrúis eile nó iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda agus féadfaidh an Chúirt sin cibé ordú a dhéanamh is cuí léi. | |
[EN] |
Stiúrthóirí. |
40. —(1) Beidh triúr stiúrthóirí ar a laghad ar chumann. |
[EN] | (2) Ní bheidh comhlacht corpraithe mar stiúrthóir ar chumann. | |
[EN] |
Stiúrthóir do nochtadh leasa. |
41. —(1) Stiúrthóir cumainn a bhfuil aon leas aige, díreach nó neamhdhíreach, i gconradh, nó i gconradh beartaithe, leis an gcumann, dearbhóidh sé ag cruinniú den bhord stiúrthóirí cad é an cineál leasa a leas— |
[EN] | (a) i gcás conartha bheartaithe, ag an gcruinniú de na stiúrthóirí ag a bpléifear den chéad uair an cheist faoin gconradh a dhéanamh nó, mura raibh leas sa conradh beartaithe ag an stiúrthóir ar dháta an chruinnithe sin, ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis dó teacht chun leas den sórt sin a bheith aige, nó, mura conradh é a phléifear ag cruinniú de na stiúrthóirí, a luaithe is féidir, agus | |
[EN] | (b) i gcás an stiúrthóir teacht chun leas a bheith aige i gconradh tar éis a dhéanta, ag an gcéad chruinniú de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis dó teacht chun leas a bheith aige sa chonradh. | |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), measfar gur dearbhú leordhóthanach chun críocha fho-alt (1) fógra ginearálta chuig stiúrthóirí cumainn ó stiúrthóir á chur in iúl gur comhalta é de chuideachta shonraithe nó de ghnólacht sonraithe agus go bhfuil sé le meas leas a bheith aige in aon chonradh a dhéanfar, tar éis dáta an fhógra, leis an gcuideachta sin nó leis an ngnólacht sin. | |
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht le fógra faoi fho-alt (2) mura dtabharfar é ag cruinniú de na stiúrthóirí nó mura ndéanfaidh an stiúrthóir bearta réasúnacha chun a áirithiú go dtabharfar faoi chaibidil é agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis é a thabhairt. | |
[EN] | (4) Déanfar cóip de gach dearbhú a rinneadh agus de gach fógra a tugadh faoin alt seo a thaifeadadh, laistigh de thrí lá tar éis an céanna a dhéanamh nó a thabhairt, i leabhar a choimeádfar chun na críche sin agus féadfaidh aon oifigeach, iniúchóir nó comhalta de chuid an chumainn an leabhar sin a iniúchadh in aisce i bpríomh-oifig an chumainn agus beidh fáil air ag gach cruinniú ginearálta den chumann agus ag aon chruinniú de na stiúrthóirí má iarrann stiúrthóir ar bith é luath go leor le go mbeidh an leabhar ar fáil ag an gcruinniú sin. | |
[EN] | (5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú aon riail dlí a shrianann stiúrthóirí cumainn ó aon leas a bheith acu i gconarthaí leis an gcumann. | |
[EN] |
Toirmeasc ar fhéimhigh agus ar dhaoine eile. |
42. —(1) Duine is féimheach agus a maireann a fhéimheacht nó a ciontaíodh ar díotáil in aon chion lenar ghabh calaois nó mí-ionracas— |
[EN] | (a) ní duine é a bhunóidh cumann, | |
[EN] | (b) ní ghníomhóidh sé mar stiúrthóir ar chumann, | |
[EN] | (c) ní bheidh baint ná páirt, díreach ná neamhdhíreach, aige le bainistí cumainn, ná | |
[EN] | (d) ní cheadóidh sé a ainm a chur ar aghaidh chun a thofa nó a cheaptha chun aon oifig dá dtagraítear i mír (b) nó (c). | |
[EN] | (2) Aon uair a tharlóidh do dhuine a bheidh i seilbh oifige dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (1) (c) a bheith neamhcháilithe de bhua an fho-ailt sin chun bheith i seilbh oifige, scoirfidh sé láithreach den oifig sin a shealbhú agus measfar gur corrfholúntas an folúntas agus féadfar é a líonadh mar a fhoráiltear d'fholúntas den sórt sin i rialacha an chumainn. | |
[EN] |
Iasachtaí do stiúrthóirí, etc. |
43. —(1) Beidh i ngach tuairisceán bliantúil ó chumann chuig an gCláraitheoir faoi alt 70 sonraí ag taispeáint méid aon iasachta a thug an cumann i rith na bliana airgeadais lena mbaineann an tuairisceán— |
[EN] | (a) d'aon stiúrthóir de chuid an chumainn, | |
[EN] | (b) d'aon duine a tháinig, tar éis an iasacht a thabhairt, chun bheith, i rith na bliana airgeadais sin, ina stiúrthóir ar an gcumann, | |
[EN] | (c) d'aon duine de theaghlach oifigigh i gcás nach fostaí lánaimsire de chuid an chumainn an duine sin, agus | |
[EN] | (d) d'aon chomhlacht corpraithe a raibh i ndáil leis, an tráth a tugadh an iasacht nó aon tráth dá éis sin an bhliain airgeadais sin, oifigeach don chumann nó duine dá theaghlach— | |
[EN] | (i) i seilbh, go díreach nó trí ainmní, scaireanna ar mhó a n-ainmluach ná 20 faoin gcéad de scaireanna an chomhlachta chorpraithe, nó | |
[EN] | (ii) ina stiúrthóir, ina bhainisteoir nó ina rúnaí ar an gcomhlacht corpraithe, | |
[EN] | agus ag tabhairt sonraí i dtaobh a scairshealbhaíochta sa chomhlacht corpraithe. | |
[EN] | (2) Beidh sna cuntais a cheanglaítear faoi alt 60 a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil de chumann sonraí ina dtaispeánfar méid aon iasachta a tugadh i rith na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais d'aon oifigeach nó do dhuine de theaghlach oifigigh i gcás nach fostaí lánaimsire de chuid an chumainn an duine sin— | |
[EN] | (a) ar mó a méid ná méid a shocróidh an Cláraitheoir chun críocha an ailt seo, nó | |
[EN] | (b) chun aon chríche seachas críoch arna ceadú ag an gCláraitheoir chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | (3) (a) I gcás a gceadóidh cumann iasacht i bhfabhar duine de theaghlach oifigigh agus nach fostaí lánaimsire de chuid an chumainn an duine sin, ní bheidh na téarmaí a bhainfidh leis an iasacht níos fabhraí ar dhóigh ar bíth ná na téarmaí a bhaineann le hiasachtaí eile a cóimhéid a thabharfaidh an cumann chun críche den sórt céanna an tráth a íocfar an iasacht chéadluaite. | |
[EN] | (b) San fho-alt seo ciallaíonn “téarmaí” an ráta úis a bhaineann leis an iasacht, an céatadán arb ionannas dó an iasacht de luach measta na maoine a morgáistíodh mar urrús don iasacht agus tréimhse aisíoctha na hiasachta. | |
[EN] | (4) Is é dualgas gach oifigigh de chuid cumainn fógra scríofa a thabhairt a luaithe is féidir don chumann i dtaobh na n-ábhar sin a bhaineann leis féin agus na daoine dá theaghlach mar is gá a thabhairt chun críocha an ailt seo agus alt 44. | |
[EN] | (5) I gcás a dtabharfar fógra faoi fho-alt (4) ar dhóigh seachas ag cruinniú stiúrthóirí, déanfaidh an t-oifigeach a thabharfaidh é gach beart réasúnach lena áirithiú go dtabharfar faoi chaibidil é agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis a thabhairt. | |
[EN] | (6) In aon imeachtaí in aghaidh oifigigh i ndáil le cion faoin alt seo, is cosaint é a chruthú nárbh eol dó tráth an chiona líomhnaithe gur thug an cumann an iasacht áirithe don duine eile nó don chomhlacht corpraithe eile lena mbaineann agus go raibh an tráth sin socruithe réasúnacha i bhfeidhm le fios a thabhairt dó faoi iasacht de chineál dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) go (3). | |
[EN] | (7) I gcás nach gcomhlíonfar ceanglais an ailt seo, is é dualgas iniúchóir an chumainn nóta faoin neamhchomhlíonadh sin a chur ina thuarascáil ar an tuairisceán bliantúil nó ar na cuntais bhliantúla (cibé acu é) agus, a mhéid is féidir leis le réasún, ráiteas ina mbeidh na sonraí iomchuí a cheanglaítear leis an alt seo. | |
[EN] |
Iocaíochtaí le stiúrthóir. |
44. —(1) Taispeánfaidh cuntais cumainn méid comhlán díolaíochtaí na stiúrthóirí, pinsin na stiúrthóirí nó na n-iarstiúrthóirí agus aon chúiteamh do stiúrthóirí nó d'iarstiúrthóirí mar gheall ar oifig a chailleadh. |
[EN] | (2) Na díolaíochtaí a thaispeánfar faoin alt seo— | |
[EN] | (a) áireofar iontu aon suimeanna a íocadh le haon duine nó ab infhaighte ag aon duine i leith a sheirbhísí mar stiúrthóir ar chumann nó i leith a sheirbhísí le linn dó bheith ina stiúrthóir ar chumann i ndáil le bainistí gnóthaí an chumainn, | |
[EN] | (b) déanfar idirdhealú iontu idir díolaíochtaí i leith seirbhísí mar stiúrthóir agus díolaíochtaí eile, agus | |
[EN] | (c) áireofar iontu táillí agus céatadáin, suimeanna ar mhodh liúntais chaiteachas, a mhéid a mhuirearaítear cáin ioncaim ar na suimeanna sin, aon ranníoc a d'íoc an cumann ina leith faoi aon scéim pinsin agus an luach airgid a mheastar d'aon sochair eile a fuarthas seachas in airgead, a mhéid a mhuirearaítear cáin ioncaim orthu. | |
[EN] | (3) Na pinsin a thaispeánfar faoin alt seo— | |
[EN] | (a) ní áireofar iontu aon phinsean a íocadh nó ab infhaighte faoi scéim pinsin más leor go substaintiúil na ranníocaí faoin scéim lena cothabháil, ach thairis sin áireofar iontu aon phinsean a íocadh nó ab infhaighte i leith na seirbhísí sin ag stiúrthóir nó ag iarstiúrthóir de chuid an chumainn mar a luaitear i bhfo-alt (2) leis nó aige nó, ar ainmniú aige nó de bhua cleithiúnais air nó de bhua aon bhaint eile leis, le haon duine nó ag aon duine, agus | |
[EN] | (b) déanfar idirdhealú iontu idir pinsin i leith seirbhísí mar stiúrthóir agus pinsin eile. | |
[EN] | (4) An cúiteamh mar gheall ar oifig a chailleadh a thaispeánfar faoin alt seo— | |
[EN] | (a) áireofar ann aon suimeanna a íocadh le stiúrthóir nó le hiarstiúrthóir nó ab infhaighte aige ar mhodh cúiteamh mar gheall ar oifig a chailleadh mar stiúrthóir ar an gcumann nó mar gheall ar é do chailleadh aon oifige eile i ndáil le bainistí gnóthaí an chumainn le linn dó bheith ina stiúrthóir ar an gcumann nó ar é scor nó i ndáil lena scor de bheith ina stiúrthóir ar an gcumann, | |
[EN] | (b) déanfar idirdhealú ann idir cúiteamh i leith oifig stiúrthóra agus cúiteamh i leith oifigí eile, agus | |
[EN] | (c) áireofar ann suimeanna a íocadh mar chomaoin maidir le, nó i ndáil le, duine éirí as oifig. | |
[EN] | (5) Is iad na méideanna a thaispeánfar faoin alt seo in aghaidh aon bhliana airgeadais na méideanna ab infhaighte i leith na bliana sin cibé uair a íoctar iad nó, i gcás suimeanna nárbh infhaighte i leith tréimhse, na suimeanna a íocadh i rith na bliana sin, i slí go ndéanfar, i gcás cáin ioncaim a mhuirearú tar éis deireadh na bliana airgeadais iomchuí ar aon suimeanna a íocadh ar mhodh liúntais chaiteachas, na suimeanna sin a thaispeáint ar leithligh, go feadh an méid a muirearaíodh amhlaidh iad, sna chéad chuntais inar féidir iad a thaispeáint. | |
[EN] | (6) I gcás ar gá é chun aon idirdhealú a dhéanamh a cheanglaítear leis an alt seo a dhéanamh in aon chuntas a bheidh le taispeáint faoin alt seo, féadfaidh na stiúrthóirí aon íocaíocht a chionroinnt idir na hábhair ar ina leith a íocadh nó is infhaighte iad mar is iomchuí leo. | |
[EN] | (7) I gcás ceanglais an ailt seo a bheith gan chomhlíonadh, is é dualgas an iniúchóra a scrúdaigh na cuntais ráiteas ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear a chur, a mhéid is féidir leis le réasún sin a dhéanamh, ina thuarascáil ar na cuntais sin. | |
[EN] | (8) San alt seo— | |
[EN] | folaíonn “pinsean” aon aoisliúntas, aois-aisce nó íocaíocht dá samhail; | |
[EN] | ciallaíonn “scéim pinsin” scéim le pinsin a sholáthar i ndáil le seirbhísí mar stiúrthóir nó eile agus a chothabháiltear go hiomlán nó go páirteach le ranníocaí; | |
[EN] | ciallaíonn “ranníoc”, i ndáil le scéim pinsin, aon íocaíocht (lena n-áirítear préimh árachais) a íoctar chun críocha na scéime ag daoine nó i leith daoine a dhéanann seirbhísí a mbeidh nó a dtiocfadh go mbeidh pinsin iníoctha ina leith faoin scéim, ach ní fholaíonn sé aon íocaíocht i leith beirt daoine nó níos mó murab infhionnta an méid a íocadh i leith gach duine díobh. | |
[EN] |
Toirmisctear íocaíocht saor ó cháin a thabhairt do stiúrthóirí. |
45. —(1) Ní dleathach do chumann luach saothair a íoc le stiúrthóir (mar stiúrthóir nó eile) saor ó cháin ioncaim nó a ríomhfar ar dhóigh eile faoi threoir méid, nó a athróidh de réir méid, a chánach ioncaim nó faoi threoir an ráta, nó a athróidh de réir an ráta, cánach ioncaim, ach amháin faoi chonradh a bhí i bhfeidhm an 5ú lá de Nollaig, 1975, agus a fhorálann go sainráite (agus ní go heisiatach faoi threoir rialacha an chumainn) go n-íocfaí an luach saothair sin. |
[EN] | (2) Beidh le haon fhoráil i rialacha cumainn, nó in aon chonradh seachas conradh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó in aon rún ó chumann nó ó stiúrthóirí cumainn, go n-íocfaí luach saothair mar a dúradh le stiúrthóir, éifeacht ionann is dá bhforálfadh sí go n-íocfaí, mar shuim chomhlán, faoi réir cánach ioncaim, an ghlansuim dá bhforálann sí iarbhír. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh an t-alt seo le luach saothair a bheidh dlite roimh thosach feidhme, ná i leith tréimhse roimh thosach feidhme, an ailt seo. | |
[EN] | (4) San alt seo folaíonn “luach saothair” díolaíochtaí a shonraítear in alt 44 (2). | |
[EN] |
Ainmneacha stiúrthóirí ar litreacha gnó, etc. |
46. —(1) I ngach litir ghnó a mbeidh ainm cumainn uirthi nó inti agus a chuirfidh an cumann go dtí aon duine cuirfidh an cumann síos i litreacha inléite, i ndáil le gach stiúrthóir, a shloinne láithreach agus a thúsainm láithreach (nó túslitreacha an túsainm sin) agus aon ainm nó sloinne a bhíodh air. |
[EN] | (2) I gcás imthosca speisialta a bheith ann a thabharfaidh gur fóirsteanach, i dtuairim an Chláraitheora, díolúine dá shórt a thabhairt, féadfaidh an Cláraitheoir, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, díolúine a thabhairt ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an alt seo. | |
[EN] |
Forálacha ginearálta i ndáil le díospóidí. |
47. —(1) Baineann ailt 48 go 50— |
[EN] | (a) le haon díospóid idir cumann agus comhalta den chumann ina cháil mar chomhalta, nó ionadaí do chomhalta den sórt sin ina cháil mar chomhalta, maidir le haon ábhar seachas forléiriú nó éifeacht gníomhais mhorgáiste nó aon chonradh eile is cuid de dhoiciméad nó atá bunaithe ar dhoiciméad seachas rialacha an chumainn, agus | |
[EN] | (b) le haon díospóid nó aon chineál díospóide eile a gcuireann rialacha an chumainn na hailt sin chun feidhme go sainráite ina leith, | |
[EN] | agus, dá réir sin, sna hailt sin ciallaíonn “díospóid” díospóid lena mbaineann na hailt sin. | |
[EN] | (2) Ní choiscfidh aon ní in ailt 48 go 50 ar chumann, ar chomhalta de chumann ná ar aon duine ag éileamh trí chomhalta nó faoi, aon leigheas a fháil i ngáthchúrsa an dlí a bhfuil an cumann, an comhalta nó an duine ina theideal de réir dlí maidir le haon mhorgáiste nó aon chonradh eile seachas rialacha cumainn. | |
[EN] | (3) Déanfar aon tagairt i rialacha cumainn do dhíospóid a fhorléiriú, ach amháin a mhéid a fhorálann na rialacha a mhalairt go sainráite, mar thagairt do dhíospóid lena mbaineann ailt 48 go 50 agus do dhíospóid den sórt sin amháin. | |
[EN] |
Díospóidí a chinneadh trí eadráin. |
48. —(1) Faoi réir an ailt seo, bainfidh Acht 1954, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, le díospóid i gcás a bhforálann rialacha cumainn gur trí eadráin a chinnfear an díospóid. |
[EN] | (2) I gcás a bhforálann rialacha cumainn gur trí eadráin a chinnfear díospóid, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:— | |
[EN] | (a) measfar, chun críocha fho-alt (1), gur comhaontú eadrána de réir brí Acht 1954 na rialacha; | |
[EN] | (b) ainmneofar agus roghnófar eadránaithe de réir na rialacha nó, mura mbeidh aon fhoráil mar sin iontu, ainmneoidh an bord stiúrthóirí eadránaí amháin agus ainmneoidh an comhalta eadránaí eile; | |
[EN] | (c) ní bheidh leas tairbhiúil, díreach ná neamhdhíreach, ag eadránaí i gcistí an chumainn; | |
[EN] | (d) déanfar ainmneacha eadránaithe a cheapfaidh an cumann a thaifeadadh go cuí i gclár a choimeádfaidh an cumann chun na críche sin. | |
[EN] |
An Cláraitheoir do chinneadh díospóidí. |
49. —(1) Faoi réir an ailt seo, bainfidh Acht 1954, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, le díospóid i gcás a bhforálann rialacha cumainn gurb é an Cláraitheoir a chinnfidh díospóid den sórt sin. |
[EN] | (2) I gcás a bhforálann rialacha cumainn gurb é an Cláraitheoir a chinnfidh díospóid, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:— | |
[EN] | (a) measfar, chun críocha fho-alt (1), gur comhaontú eadrána de réir brí Acht 1954 na rialacha; | |
[EN] | (b) measfar gur eadránaí aonair chun críocha an Achta sin an Cláraitheoir agus ní bheidh feidhm ag aon fhoráil ann i dtaobh eadránaithe agus moltóirí breise a cheapadh. | |
[EN] |
An Chúirt Chuarda do chinneadh díospóidí. |
50. —(1) Féadfaidh an Chúirt Chuarda díospóid lena mbaineann alt 47 a éisteacht agus a chinneadh i gcás a bhforálann rialacha cumainn é. |
[EN] | (2) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh díospóide ag an gCúirt Chuarda agus beidh sé de cheangal ar na páirtithe agus ar aon daoine a bheidh ag éileamh fúthu, ní fhéadfar achomharc a dhéanamh ina choinne ná ní aistreofar isteach in aon chúirt eile é ná ní dhéanfar é a shrianadh le hurghaire ó aon chúirt eile. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chúirt Chuarda, ar pháirtí sa díospóid á iarraidh, cás a shonrú don Ard-Chúirt ar phointe dlí. | |
[EN] |
Fógra faoi chruinniú. |
51. —(1) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn le cruinniú den chumann (seachas cruinniú atrátha) a ghairm trí fhógra is giorra ná fógra 21 lá. |
[EN] | (2) Measfar gur cruinniú a gaireadh go cuí cruinniú de chumann a gaireadh trí fhógra ba ghiorra ná fógra 21 lá má chomhaontaíonn iniúchóir an chumainn agus an Cláraitheoir air sin ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chuige ag an gcumann. | |
[EN] | (3) Ní thabharfar fógra faoi chruinniú cumainn do chomhaltaí an chumainn tráth is luaithe ná 42 lá roimh dháta an chruinnithe. | |
[EN] | (4) Tabharfaidh cumann fógra faoi chruinniú den chumann— | |
[EN] | (a) trí fhógra i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a chur chuig gach duine atá i dteideal freastal ar an gcruinniú, nó | |
[EN] | (b) le toiliú an Chláraitheora, trí fhógra i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomh-oifig an chumainn. | |
[EN] | (5) Sonrófar san fhógra, i gcás cruinniú de chumann ag a mbeartaítear rún a mholadh mar rún speisialta, go mbeartaítear rún den sórt sin a mholadh. | |
[EN] | (6) Ní bheidh imeachtaí chruinniú de chumann ó bhail toisc gur mainníodh de neamart fógra faoin gcruinniú a thabhairt do dhuine a bhí i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil nó toisc nach bhfuair duine den sórt sin fógra faoi chruinniú den sórt sin. | |
[EN] |
Ceart freastal ar chruinnithe. |
52. —(1) Is iad na daoine a bheidh i dteideal freastal ar chruinniú de chumann na comhaltaí go léir a shealbhaigh, i ndeireadh na bliana airgeadais is deireanaí roimh dháta an chruinnithe, scaireanna lenar ghabh cearta vótála a d'eisigh an cumann faoi alt 22 (1) agus a raibh na scaireanna sin ina seilbh fós ar dháta an chruinnithe. |
[EN] | (2) Féadfaidh rialacha cumainn ceart freastal ar chruinniú den chumann a thabhairt do dhuine seachas duine atá i dteideal freastal ar chruinniú den sórt sin faoi fho-alt (1). | |
[EN] |
Vótáil ag cruinniú. |
53. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is iad na daoine a bheidh i dteideal vótáil ag cruinniú de chumann na comhaltaí go léir a shealbhaigh, i ndeireadh na bliana airgeadais is deireanaí roimh dháta an chruinnithe, scaireanna lenar ghabh cearta vótála agus a d'eisigh an cumann faoi alt 22 (1) agus nár lú ná £10 a luach, agus a raibh na scaireanna sin ina seilbh fós ar dháta an chruinnithe. |
[EN] | (2) Ní bheidh duine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois i dteideal vótáil ag cruinniú. | |
[EN] |
Seachvótálaithe. |
54. —(1) Aon chomhalta de chumann atá i dteideal freastal agus vótáil ag cruinniú den chumann, beidh sé i dteideal duine eile a cheapadh mar sheachvótálaí dó chun freastal agus vótáil ina ionad, agus beidh an ceart céanna ag an seachvótálaí a cheapfar amhlaidh is atá ag an gcomhalta chun labhairt ag an gcruinniú agus vótáil ag vótaíocht. |
[EN] | (2) Beidh i ngach fógra ag gairm cruinniú de chumann ráiteas réasúnta feiceálach go bhfuil comhalta atá i dteideal freastal agus vótáil i dteideal seachvótálaí a cheapadh le freastal, le labhairt agus le vótáil ina ionad agus nach gá gur comhalta den chumann seachvótálaí. | |
[EN] | (3) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn a mbeadh d'éifeacht léi go mbeadh an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí (nó aon doiciméad eile ba ghá chun bailíocht ceapadh seachvótálaí, nó a bhainfeadh ar shlí eile le ceapadh seachvótálaí, a shuíomh) faighte ag an gcumann nó ag aon duine eile tráth ba luaithe ná 48 n-uaire a chloig roimh chruinniú nó roimh chruinniú atrátha ionas go mbeadh éifeacht leis an gceapadh ag an gcruinniú. | |
[EN] | (4) Is i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a bheidh ionstraim cheaptha seachvótálaí. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), i gcás a ndéanfar, chun críocha aon chruinnithe de chumann, cuirí chun duine, nó chun duine de líon daoine, a bheidh sonraithe sna cuirí, a cheapadh mar sheachvótálaí, a eisiúint ar chostas an chumainn chuig cuid agus gan ach chuig cuid de na comhaltaí a bheidh i dteideal freastal ar an gcruinniú agus vótáil ag an gcruinniú, trí sheachvótálaí, beidh gach oifigeach de chuid an chumainn a d'údaraigh nó a cheadaigh go feasach toiliúil an eisiúint sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air. | |
[EN] | (6) Ní bheidh oifigeach faoi dhliteanas faoi fho-alt (5) de bhíthin amháin gur eisigh sé chuig comhalta, ar é á iarraidh i scríbhinn, foirm cheapacháin ag ainmniú an tseachvótálaí nó liosta de na daoine a thoiligh gníomhú mar sheachvótálaí, má bhíonn an fhoirm nó an liosta ar fáil, ar é a iarraidh i scríbhinn, ag gach comhalta a bheidh i dteideal vótáil ag an gcruinniú trí sheachvótálaí. | |
[EN] |
Ceart vótaíocht a éileamh. |
55. —(1) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn— |
[EN] | (a) a shéanfadh an ceart vótaíocht a éileamh ag cruinniú den chumann ar aon cheist seachas toghadh chathaoirleach an chruinnithe nó atráthú an chruinnithe, nó | |
[EN] | (b) a chuirfeadh ó éifeacht éileamh ag iarraidh vótaíochta ar aon cheist den sórt sin a dhéanfaidh líon comhaltaí nach lú ná deichniúr a bhfuil ceart vótáil acu ag an gcruinniú. | |
[EN] | (2) Measfar go dtugann an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí le vótáil ag cruinniú de chumann údarás freisin vótaíocht a éileamh nó uamadh chun vótaíocht a éileamh, agus is ionann, chun críocha fho-alt (1), éileamh ó dhuine mar sheachvótálaí do chomhalta agus éileamh ón gcomhalta. | |
[EN] |
Rún speisialta. |
56. —(1) Is rún speisialta rún de chuid cumainn nuair a bheidh sé rite ag tromlach de na comhaltaí sin den chumann a dhéanfaidh, agus teideal acu, vótáil i bpearsa nó trí sheachvótálaí ar vótaíocht ar an rún ag cruinniú den chumann ar tugadh go cuí i ndáil leis fógra á shonrú go raibh beartaithe an rún a mholadh mar rún speisialta. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní i rialacha cumainn, féadfaidh aon rún a bheidh le rith mar rún speisialta bheith ina chuid den ghnó a ndéileálfar leis ag aon chruinniú den chumann. | |
[EN] | (3) Féadfar téarmaí aon rún speisialta a bheidh os comhair cruinniú de chumann a leasú le ghnáthrún a mholfar ag an gcruinniú más amhlaidh i gcónaí do théarmaí an rúin arna leasú gur féidir a mheas gur tugadh fógra leordhóthanach go raibh sé beartaithe an rún a rith. | |
[EN] |
Rún speisialta ó chomhaltaí. |
57. —(1) I gcás a ndéanfaidh comhalta de chumann atá, faoi alt 53, i dteideal vótáil ar rún speisialta, iarratas i scríbhinn chun an chumainn le rún a mholadh (a mbeidh a théacs san iarratas) mar rún speisialta ag cruinniú den chumann, is é dualgas an chumainn, faoi réir fho-alt (2), fógra á shonrú go mbeartaítear an rún sin a mholadh mar rún speisialta ag an gcruinniú a chur san fhógra faoin gcruinniú. |
[EN] | (2) I gcás arb é tuairim bord stiúrthóirí cumainn maidir le hábhar rúin is ábhar d'iarratas faoi fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) go bhfuil sé cráiteach nó suaibhreosach, | |
[EN] | (b) gur faoi ábhar é nach mbaineann le gnóthaí an chumainn, nó | |
[EN] | (c) gurb amhlaidh dó, dá rithfí an rún, go bhféadfadh an cumann bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí ar dhóigh dóibh a bheith ultra vires, | |
[EN] | féadfaidh an cumann, laistigh de dheich lá ó dháta an iarratais a fháil, scéala a thabhairt don chomhalta go bhfuil diúltaithe ag an gcumann fógra a thabhairt faoin rún agus ag insint na bhforas atá leis an diúltú. | |
[EN] | (3) I gcás a ndiúltóidh cumann, faoi fho-alt (2), fógra a thabhairt faoi rún speisialta a bheith beartaithe ag comhalta, féadfaidh an comhalta a cheangal go ndéileálfar leis an ábhar mar dhíospóid idir é féin agus an cumann chun críocha ailt 47 go 50. | |
[EN] | (4) I gcás nach sonrófar in iarratas faoi fho-alt (1) an cruinniú ag a bhfuil sé beartaithe ag an gcomhalta an rún a mholadh, nó má shonraítear ann cruinniú a thionólfar 42 lá nó níos lú tar éis don chumann an fógra a fháil agus mura bhfeidhmeoidh an cumann a chumhachtaí faoi fho-alt (2), toimhdeoidh an cumann go mbeartaíonn an comhalta an rún a mholadh ag an gcéad chruinniú den chumann a thionólfar breis agus 42 lá tar éis dáta an iarratais. | |
[EN] |
Cruinniú ginearálta bliantúil. |
58. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfaidh gach cumann sna chéad cheithre mhí de gach bliain airgeadais cruinniú a thionól sa Stát mar a chruinniú ginearálta bliantúil i dteannta aon chruinnithe eile a thionólfar an bhliain sin, agus tabharfaidh sé an cruinniú ginearálta bliantúil de thuairisc ar an gcruinniú sin sna fógraí á ghairm. |
[EN] | (2) Ní gá do chumann cruinniú ginearálta bliantúil a thionól bliain a chorpraithe. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Cláraitheoir, dá rogha féin, ar iarratas a bheith déanta chuige i scríbhinn, tréimhse is faide ná ceithre mhí a shocrú chun críocha fho-alt (1) i ndáil le cumann nó le haicme nó le haicmí áirithe cumann nó le gach cumann. | |
[EN] | (4) I gcás a mainneofar fo-alt (1) a chomhlíonadh, féadfaidh an Cláraitheoir cruinniú ginearálta a ghairm nó a ordú cruinniú ginearálta a ghairm agus féadfaidh sé cibé orduithe coimhdeacha nó iarmhartacha is dóigh leis a bheith fóirsteanach, lena n-áirítear orduithe ag modhnú nó ag forlíonadh oibriú rialacha an chumainn, a thabhairt i ndáil le gairm, tionól agus seoladh an chruinnithe. | |
[EN] |
Leabhair chuntais a choimeád, etc. |
59. —(1) Cuirfidh gach cumann faoi deara leabhair chuntais chuí a choimeád i ndáil leis na suimeanna airgid go léir a fuair sé agus a chaith sé, leis na hábhair lenar bhain an t-ioncam agus an caiteachas agus le sócmhainní agus le dliteanais uile an chumainn. |
[EN] | (2) Déanfaidh gach cumann córas rialaithe agus iniúchta a bhunú agus a chothabháil dá leabhair chuntais agus córas chun maoirsiú a dhéanamh ar a shealúchais airgid agus ar a fháltais agus ar a sheoltáin go léir. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (1), ní mheasfar leabhair chuntais chuí a bheith á gcoimeád i ndáil leis na hábhair a luaitear san fho-alt sin ach amháin i gcás a gcoimeádtar na leabhair sin is gá le léargas fíorcheart a thabhairt ar staid gnóthaí an chumainn agus lena idirbhearta a mhíniú. | |
[EN] | (4) Déanfaidh gach cumann córas a bhunú agus a chothabháil lena áirithiú go gcoimeádfar slán doiciméid teidil uile an chumainn agus na gníomhais a bhaineann le maoin a bheidh morgáistithe chun an chumainn. | |
[EN] | (5) Chun críocha fho-alt (4), measfar nach bhfuil córas ceart bunaithe ag cumann mura mbeidh ceangal ann gur gá toiliú an bhord stiúrthóirí (nó toiliú duine a bheidh údaraithe amhlaidh ag an mbord stiúrthóirí) gach ócáid a scaoilfear doiciméad teidil nó gníomhas as coimeád oifigigh an chumainn. | |
[EN] | (6) Coimeádfar leabhair chuntais cumainn i bpríomh-oifig an chumainn nó cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí agus féadfaidh na stiúrthóirí iad a iniúchadh gach tráth réasúnach. | |
[EN] | (7) Déanfaidh an cumann gach taifead (seachas doiciméad nó gníomhas dá dtagraítear i bhfo-alt (4)) a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo a choimeád slán go ceann sé bliana ar a laghad tar éis an dáta lena mbaineann sé. | |
[EN] | (8) (a) I gcás a mainneoidh stiúrthóir cumainn gach beart réasúnach a dhéanamh d'áirithiú go gcomhlíonfaidh an cumann an t-alt seo nó i gcás é bheith ina chúis, mar gheall ar ghníomh toiliúil aige féin, le haon mhainneachtain ag an gcumann faoin alt seo, beidh sé, maidir le gach mainneachtain nó gníomh den sórt sin, ciontach i gcion agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air. | |
[EN] | (b) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo mar gheall ar chion ar mainneachtain é gach beart réasúnach a dhéanamh go gcomhlíonfaí an t-alt seo, is cosaint é a chruthú go raibh foras réasúnach ag an gcosantóir chun a chreidiúint gur cuireadh de chúram ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt sin agus go raibh sé ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Cuntais bhliantúla. |
60. —(1) Cuirfidh stiúrthóirí cumainn faoi deara go leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil an chumainn cuntas ioncaim agus caiteachais don tréimhse, i gcás arb é an chéad chuntas é, ó corpraíodh an cumann agus, in aon chás eile, ón gcuntas roimhe sin, arna dhéanamh amach i ngach cás go dtí deireadh na bliana airgeadais roimhe sin. |
[EN] | (2) Cuirfidh stiúrthóirí cumainn faoi deara go n-ullmhófar agus go leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil den chumann clár comhardaithe amhail mar a bhí i ndeireadh na bliana airgeadais roimhe sin. | |
[EN] | (3) Tabharfaidh gach cuntas ioncaim agus caiteachais cumainn léargas fíorcheart ar ioncam agus ar chaiteachas an chumainn don tréimhse iomchuí, agus tabharfaidh gach clár comhardaithe léargas fíorcheart ar staid gnóthaí an chumainn mar a bhí i ndeireadh na tréimhse iomchuí. | |
[EN] | (4) (a) I gcás a mainneoidh stiúrthóir cumainn gach beart réasúnach a dhéanamh d'áirithiú go gcomhlíonfar an t-alt seo, beidh sé ciontach i gcion maidir leis an mainneachtain sin agus dlífear ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £300 a chur air. | |
[EN] | (b) In aon imeachtaí in aghaidh duine mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é a chruthú go raibh foras réasúnach aige chun a chreidiúint gur cuireadh de chúram ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh sé ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Ráiteas a thaispeáint. |
61. —(1) Taispeánfaidh cumann agus coimeádfaidh sé ar taispeáint i gcónaí in áit fheiceálach i ngach oifig, brainse nó ionad gnó eile de chuid an chumainn ráiteas i ndáil leis an ngnó a sheolann sé. |
[EN] | (2) Is i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a bheidh an ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo a thaispeáint. | |
[EN] |
Foirm na gcuntas. |
62. —(1) Is i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a bheidh cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe cumainn, agus beidh iontu cibé sonraí a ordóidh an Cláraitheoir, go ginearálta nó maidir le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann, arna sonrú faoi threoir cibé ábhair is cuí leis an gCláraitheoir. |
[EN] | (2) Mura n-ordóidh an Cláraitheoir a mhalairt, beidh i gcuntas ioncaim agus caiteachais agus i gclár comhardaithe cumainn d'aon bhliain airgeadais na sonraí comhréire don bhliain airgeadais roimhe sin. | |
[EN] |
Siniú an chláir chomhardaithe. |
63. —(1) Déanfaidh beirt de stiúrthóirí cumainn agus rúnaí an chumainn, nó oifigeach eile de chuid an chumainn, gach clár comhardaithe leis an gcumann a shíniú thar ceann an bhord stiúrthóirí. |
[EN] | (2) Cuirfear an cuntas ioncaim agus caiteachais i gceangal le gach clár comhardaithe de chuid cumainn agus cuirfear tuarascáil an iniúchóra ag gabháil leis, agus déanfaidh an bord stiúrthóirí aon chuntas a bheidh curtha i gceangal amhlaidh a cheadú sula síneofar an clár comhardaithe thar a gceann. | |
[EN] |
Tuarascáil stiúrthóirí. |
64. —(1) Cuirfear ag gabháil le gach clár comhardaithe a leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil cumainn tuarascáil ó na stiúrthóirí (arna síniú ag beirt stiúrthóir thar a gceann) maidir le staid gnóthaí an chumainn. |
[EN] | (2) Beidh sa tuarascáil a cheanglaítear leis an alt seo cibé sonraí, is iomchuí maidir le gnóthaí an chumainn, a ordóidh an Cláraitheoir i ndáil le gach cumann nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann. | |
[EN] |
Forálacha a bhaineann le doiciméid áirithe. |
65. —(1) Déanfar cóip de gach clár comhardaithe (lena n-áirítear gach doiciméad a cheanglaítear faoin Acht seo a bheith i gceangal leis) a bheidh le leagan faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil cumainn, mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra agus de thuarascáil na stiúrthóirí, a chur chuig an gCláraitheoir tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis dáta an chruinnithe. |
[EN] | (2) Déanfar cóip den chlár comhardaithe de chuid cumainn is déanaí a bheidh ar fáil (lena n-áirítear gach doiciméad a cheanglaítear faoin Acht seo a chur i gceangal leis) mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra agus de thuarascáil na stiúrthóirí a thabhairt ar í a éileamh do gach comhalta de chumann agus do gach taisceoir i gcumann ar cibé táille a íoc a shocróidh an Cláraitheoir chun na críche sin. | |
[EN] | (3) Beidh na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar fáil chun a n-iniúchta ag aon chomhalta i bpríomh-oifig cumainn le linn uaire oifige an chumainn. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Cláraitheoir, más oiriúnach leis, a cheangal ar chumann cóip de dhoiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur chuig gach duine atá i dteideal freastal ar chruinnithe an chumainn. | |
[EN] |
Iniúchóir a cheapadh. |
66. —(1) Ceapfaidh cumann ag gach cruinniú ginearálta bliantúil iniúchóir a shealbhóidh oifig ó dheireach an chruinnithe sin go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), déanfar, ag aon chruinniú ginearálta bliantúil, iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig, cibé slí ar ceapadh é, a athcheapadh gan rún a rith, mura rud é— | |
[EN] | (a) nach mbeidh sé cáilithe faoi alt 68 chun a athcheaptha, nó | |
[EN] | (b) gur ritheadh rún ag an gcruinniú sin ag ceapadh duine éigin eile ina ionad nó á fhoráil go sainráite nach n-athcheapfaí é, nó | |
[EN] | (c) go mbeidh fógra i scríbhinn tugtha aige don chumann á rá nach toil leis go n-athcheapfaí é. | |
[EN] | (3) I gcás a dtabharfar fógra faoi rún a bheith beartaithe chun duine nó daoine eile a cheapadh in ionad iniúchóra a bheidh ag éirí as oifig agus nach féidir, mar gheall ar bhás, éagumas nó dícháilíocht an duine sin nó na ndaoine sin go léir (de réir mar a bheidh) dul ar aghaidh leis an rún, ní dhéanfar an t-iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig a athcheapadh d'aontoisc de bhua fho-alt (2). | |
[EN] | (4) Féadfaidh na stiúrthóirí chéad-iniúchóir cumainn a cheapadh tráth ar bith roimh an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil, agus beidh iniúchóir a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí deireadh an chruinnithe sin. | |
[EN] | (5) Féadfaidh cumann ag cruinniú ginearálta iniúchóir a ceapadh faoi fho-alt (4) a chur as oifig agus aon duine eile a cheapadh ina ionad a bheidh ainmnithe chun a cheaptha ag aon chomhalta den chumann agus a mbeidh fógra faoina ainmniú tugtha do chomhaltaí an chumainn 14 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe. | |
[EN] | (6) (a) I gcás a mainneoidh na stiúrthóirí a gcumhachtaí faoi fho-alt (4) a fheidhmiú, féadfaidh cumann ag a chéad chruinniú ginearálta bliantúil an chéad iniúchóir a cheapadh. | |
[EN] | (b) I gcás nach ndéanfar iniúchóir a cheapadh nó a athcheapadh ag cruinniú ginearálta bliantúil, féadfaidh an Cláraitheoir duine a cheapadh leis an bhfolúntas a líonadh. | |
[EN] | (c) Déanfaidh cumann, laistigh de sheachtain ón tráth a bheidh cumhachtaí an Chláraitheora faoi mhír (b) infheidhmithe, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Chláraitheoir. | |
[EN] | (7) Féadfaidh stiúrthóirí cumainn aon chorfholúntas a líonadh in oifig an iniúchóra ach, fad a bheidh aon fholúntas den sórt sin ann, féadfaidh aon iniúchóir nó iniúchóirí, marthanach nó leanúnach. gníomhú. | |
[EN] | (8) I gcás gnólacht a cheapadh faoi ainm an ghnólachta mar iniúchóir do chumann measfar gurb é ceapadh na ndaoine sin é arb iad, ó am go ham le linn tréimhse an cheaptha, na comhpháirtithe sa ghnólacht sin mar a bheidh sé comhdhéanta ó am go ham agus iad cáilithe le bheith ina n-iniúchóir don chumann. | |
[EN] |
Rúin a bhaineann le ceapadh agus díchur iniúchóra. |
67. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh éifeacht le rún ag cruinniú ginearálta bliantúil cumainn ag ceapadh mar iniúchóir duine seachas iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig nó á fhoráil go sainráite nach n-athcheapfar iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig, mura mbeidh fógra go mbeartaítear an rún a thairiscint tugtha don chumann 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ag a dtairgfear é. |
[EN] | (2) I gcás a ndéanfar, tar éis fógra a bheith tugtha don chumann go mbeartaítear rún den sórt sin a thairiscint, cruinniú ginearálta bliantúil den chumann a ghairm do dháta níos luaithe ná 28 lá tar éis an fógra a thabhairt, measfar an fógra a bheith tugtha go cuí chun críocha fho-alt (1) cé nár tugadh é laistigh den am a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin. | |
[EN] | (3) Déanfaidh cumann fógra i dtaobh aon rún den sórt sin a bheidh beartaithe a thabhairt dá chomhaltaí an tráth céanna agus ar an dóigh chéanna a dthabharfaidh sé fógra faoin gcruinniú nó, murab indéanta sin, déanfaidh sé fógra lá is fiche ar a laghad i dtaobh an rún a bheidh beartaithe a thabhairt dóibh trí fhógrán i nuachtán laethúil a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomh-oifig an chumainn nó ar dhóigh ar bith eile a cheadaíonn rialacha an chumainn. | |
[EN] | (4) Ar fhógra a fháil i dtaobh rún den sórt sin a bheidh beartaithe, cuirfidh cumann cóip den fhógra láithreach chuig aon iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), i gcás a dtabharfar fógra i dtaobh rún den sórt sin a bheidh beartaithe agus go ndéanfaidh an t-iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig uiríolla i scríbhinn i ndáil leis chuig an gcumann (nach mbeidh thar fhad réasúnach iontu) agus go n-iarrfaidh sé na huiríolla sin a chur in iúl do chomhaltaí an chumainn, déanfaidh an cumann mar a leanas, mura tráth ró-mhall aige lena dhéanamh an tráth a gheobhaidh sé na huiríolla— | |
[EN] | (a) déarfaidh sé in aon fhógra i dtaobh an rúin bheartaithe a thabharfar do chomhaltaí an chumainn go ndearnadh na huiríolla, agus | |
[EN] | (b) cuirfidh sé cóip de na huiríolla chuig gach comhalta den chumann atá i dteideal freastal agus vótáil ag cruinniú den chumann, | |
[EN] | agus mura gcuirfear cóip de na huiríolla chuig gach comhalta mar a dúradh toisc iad a fháil ró-mhall nó mar gheall ar mhainneachtain ag an gcumann, féadfaidh an t-iniúchóir (gan dochar dá cheart éisteacht le briathra béil uaidh) a cheangal go léifear a uiríolla ag an gcruinniú. | |
[EN] | (6) Ní gá cóipeanna de na huiríolla a chur amach amhlaidh ná ní gá na huiríolla a léamh ag an gcruinniú más rud é, ar iarratas ón gcumann nó ó aon duine a éilíonn ábhar éagóra a bheith aige, gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil mí-úsáid, nó gur dóigh go mbeidh mí-úsáid, á bhaint as na cearta a thugtar leis an alt seo le poiblíocht gan riachtanas a fháil d'ábhar clúmhillteach, agus féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfaidh an t-iniúchóir costais an chumainn ar iarratas faoin alt seo a íoc go hiomlán nó go páirteach, d'ainneoin nach páirtí san iarratas é. | |
[EN] | (7) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) maidir le rún chun an chéad iniúchóir a ceapadh de bhua alt 66 (4) a chur as oifig mar atá feidhm acu i ndáil le rún nach n-athcheapfar iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig. | |
[EN] |
Cáilíochtaí duine chun a cheaptha mar iniúchóir. |
68. —(1) Ní bheidh duine cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn mura comhalta é de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta de thuras na huaire ag an Aire Tionscail agus Tráchtála chun críocha alt 162 (1) (a) d'Acht 1963 nó atá údaraithe de thuras na huaire ag an Aire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 162 (1) (b) den Acht sin chun a cheaptha mar iniúchóir cuideachta. |
[EN] | (2) I gcás iniúchóir cumainn a chiontú i gcion coiriúil i ndáil le comhlíonadh a dhualgas aige nó a iompar mar iniúchóir, ní bheidh sé cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn gan cead ón gCúirt. | |
[EN] | (3) Ní bheidh aon duine díobh seo a leanas cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn: | |
[EN] | (a) oifigeach nó seirbhíseach de chuid an chumainn (seachas iniúchóir); | |
[EN] | (b) duine is comhpháirtí le hoifigeach nó seirbhíseach de chuid an chumainn (seachas iniúchóir) nó atá ar fostú ag duine den sórt sin nó a bhfuil duine den sórt sin ar fostú aige; | |
[EN] | (c) comhlacht corpraithe. | |
[EN] |
Tuarascáil an iniúchóra, a cheart teacht ar leabhair agus freastal ar chruinnithe, etc. |
69. —(1) Tabharfaidh iniúchóir cumainn tuarascáil do na comhaltaí ar na cuntais a scrúdaigh sé agus ar gach clár comhardaithe agus gach cuntas ioncaim agus caiteachais a leagfar faoi bhráid an chumainn ag cruinniú ginearálta bliantúil le linn a théarma oifige. |
[EN] | (2) Léifear tuarascáil an iniúchóra ag cruinniú ginearálta bliantúil an chumainn agus féadfaidh aon chomhalta den chumann í a scrúdú. | |
[EN] | (3) Déarfaidh tuarascáil an iniúchóra— | |
[EN] | (a) an bhfuair sé an fhaisnéis agus na mínithe go léir ba ghá, chomh fada agus ab eol dó agus a chreid sé, chun críocha a iniúchta, | |
[EN] | (b) ar choimeád an cumann, de réir a thuairime, leabhair chuí chuntais, a mhéid is dealraitheach sin ó na leabhair sin a scrúdú aige, agus an bhfuarthas tuairisceáin chuí a bhí leordhóthanach chun críocha a iniúchta ó bhrainsí nár thug sé cuairt orthu, | |
[EN] | (c) an bhfuil an clár comhardaithe agus an cuntas ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le leabhair chuntais agus le taifid an chumainn, agus | |
[EN] | (d) an ndéanann clár comhardaithe agus cuntas ioncaim agus caiteachais an chumainn, de réir a thuairime agus chomh fada agus is eol dó agus de réir na mínithe a tugadh dó, an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Acht seo a thabhairt ar an modh a cheanglaítear amhlaidh agus léargas fíorcheart a thabhairt— | |
[EN] | (i) i gcás an chláir chomhardaithe, ar staid gnóthaí an chumainn amhail mar a bhí i ndeireadh a bhliana airgeadais, agus | |
[EN] | (ii) i gcás an chuntais ioncaim agus caiteachais, ar ioncam agus ar chaiteachas an chumainn in aghaidh a bhliana airgeadais. | |
[EN] | (4) Is é dualgas an iniúchóra le linn dó bheith ag ullmhú a thuarascála faoin alt seo cibé imscrúdú a dhéanamh a chuirfidh ar a chumas teacht ar thuairim— | |
[EN] | (a) ar choimeád an cumann leabhair chuntais agus taifid chuí, agus | |
[EN] | (b) ar choimeád an cumann córas sásúil do rialú a idirbhearta agus a thaifead agus, go háirithe, ar comhlíonadh fo-ailt (2) agus (4) d'alt 59; | |
[EN] | agus, i gcás arb é tuairim an iniúchóra gur mhainnigh an cumann leabhair chuntais agus taifid chuí a choimeád nó córas sásúil do rialú a idirbhearta agus a thaifead a chothabháil, déarfaidh sé sin ina thuarascáil. | |
[EN] | (5) Beidh fáil gach tráth réasúnach ag gach iniúchóir cumainn ar leabhair, cuntais, taifid agus dearbháin an chumainn agus ar gach doiciméad eile a bhaineann le gnóthaí an chumainn (lena n-áirítear gníomhais a bhaineann le maoin a morgáistíodh chun an chumainn), agus beidh sé i dteideal a cheangal ar oifigigh an chumainn cibé faisnéis agus mínithe a thabhairt dó is dóigh leis is gá chun dualgais an iniúchóra a chomhlíonadh. | |
[EN] | (6) Beidh iniúchóir cumainn i dteideal bheith i láthair ag aon chruinniú ginearálta den chumann, fógra 21 lá ar a laghad a fháil faoi aon chruinniú den sórt sin a thionól (mar aon le haon chumarsáidí i ndáil leis an gcruinniú sin a gheobhaidh aon chomhalta den chumann) agus éisteacht a fháil ag aon chruinniú a mbeidh sé i láthair aige maidir le haon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leis mar iniúchóir. | |
[EN] |
Tuairisceáin agus faisnéis a chur isteach. |
70. —(1) Cuirfidh gach cumann tuairisceán bliantúil isteach chuig an gCláraitheoir laistigh de 21 lá tar éis dáta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir agus cuirfidh sé isteach cibé faisnéis agus tuairisceáin eile laistigh de cibé tréimhse a cheanglóidh an tAire nó an Cláraitheoir ó am go ham. |
[EN] | (2) Déanfaidh beirt stiúrthóir agus rúnaí an chumainn nó oifigeach eile de chuid an chumainn an tuairisceán bliantúil a shíniú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Cláraitheoir, dá rogha féin, ar iarratas a bheith déanta chuige i scríbhinn, tréimhse seachas an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a shocrú chun an tuairisceán bliantúil i ndáil le cumann nó le haicme nó le haicmí áirithe cumann nó le gach cumann a chur isteach. | |
[EN] | (4) Tabharfaidh iniúchóir cumainn tuarascáil ar an tuairisceán bliantúil, agus cuirfear cóip den tuarascáil ag gabháil leis an tuairisceán a chuirfear chuig an gCláraitheoir faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Beidh an méid seo a leanas i dtuarascáil an iniúchóra ar an tuairisceán bliantúil— | |
[EN] | (a) an bhfuil, de réir a thuairime, an tuairisceán bliantúil tarraingthe suas go cuí de réir cheanglais an Achta seo agus aon rialachán faoin Acht seo, | |
[EN] | (b) an dtugann an tuairisceán léargas fíorcheart ar na hábhair a ndéileáiltear leo ann, agus | |
[EN] | (c) an bhfuil an tuairisceán i gcomhréir le cuntais agus taifid an chumainn. | |
[EN] | (6) Déanfar cóip den tuairisceán bliantúil is déanaí a bheidh ar fáil (mar aon le tuarascáil an iniúchóra air) a thabhairt ar í a éileamh do gach comhalta de chumann agus do gach taisceoir i gcumann ar cibé táille a íoc a shocróidh an Cláraitheoir chun na críche sin. | |
[EN] | (7) Cuirfidh gach cumann isteach chuig an gCláraitheoir, i dteannta an tuairisceáin bhliantúil a cheanglaítear faoi fho-alt (1), tuairisceán— | |
[EN] | (a) maidir le gach maoin a dhíol an cumann, i rith na bliana airgeadais lena mbaineann an tuairisceán, i bhfeidhmiú a chumhachtaí mar mhorgáistí, agus | |
[EN] | (b) maidir le gach morgáiste a d'aistrigh an cumann i rith na bliana airgeadais sin. | |
[EN] | (8) Duine a bhunaigh morgáiste i bhfabhar cumainn, agus aon duine ar aistrigh chuige (trí oibriú dlí nó eile) aon cheann de na cearta nó de na dliteanais faoi mhorgáiste den sórt sin de chuid an duine a bhunaigh é beidh sé i dteideal go dtabharfaidh an cumann dó cóip den méid sin d'aon tuairisceán a tugadh faoi fho-alt (7) agus a bhaineann leis an morgáiste sin. | |
[EN] |
Dliteanas oifigigh. |
71. —(1) Is foráil ar neamhní, faoi réir fho-alt (2), aon fhoráil (i rialacha cumainn nó in aon chonradh le cumann nó ar dhóigh ar bith eile) chun oifigeach cumainn a dhíolmhú ó aon dliteanas, nó a shlánú in aghaidh aon dliteanas, a bheadh air ar dhóigh eile de bhua aon riail dlí maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais a bhféadfaidh sé a bheith ciontach ann i ndáil leis an gcumann. |
[EN] | (2) (a) Ní oibreoidh aon ní san alt seo le go mbainfear d'aon duine aon díolúine nó ceart slánaithe maidir le haon ní a rinne sé nó a d'fhág sé gan déanamh roimh thosach feidhme an ailt seo. | |
[EN] | (b) Féadfaidh cumann oifigeach den sórt sin a shlánú in aghaidh aon dliteanas a thabhaigh sé ag cosaint imeachtaí, sibhialta nó coiriúil, inar tugadh breithiúnas ina fhabhar nó inar éigiontaíodh é, nó i ndáil le haon iarratas faoi alt 72 ina dtabharfar faoiseamh dó. | |
[EN] |
Cumhacht cúirte faoiseamh a thabhairt d'oifigeach cumainn. |
72. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais in aghaidh oifigeach cumainn gur dealraitheach don chúirt a bheidh ag éisteacht an cháis go bhfuil an t-oifigeach, nó go bhféadfadh sé a bheith, faoi dhliteanas maidir leis an bhfaillí, leis an mainneachtain, leis an sárú dualgais nó leis an sárú iontaobhais, ach gur go hionraic agus go réasúnach a ghníomhaigh sé agus gur den chóir é, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (lena n-áirítear imthosca a cheaptha), maitheamh dó maidir leis an bhfaillí, leis an mainneachtain, leis an sárú dualgais nó leis an sárú iontaobhais, féadfaidh an chúirt sin faoiseamh (iomlán nó páirteach) a thabhairt dó óna dhliteanas ar cibé téarmaí is oiriúnach leis an gcúirt. |
[EN] | (2) I gcás oifigeach cumainn a bheith imníoch go ndéanfar, nó go bhféadfadh go ndéanfaí, éileamh ina aghaidh maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar an gCúirt, agus beidh ag an gCúirt, ar aon iarratas den sórt sin a fháil, an chumhacht chéanna faoiseamh a thabhairt dó a bheadh aici faoin alt seo dá mba í an chúirt í ar tionscnaíodh imeachtaí in aghaidh an duine sin os a comhair mar gheall ar an bhfaillí, ar an mainneachtain, ar an sárú dualgais nó ar an sárú iontaobhais sin. | |
[EN] | (3) I gcás aon chás lena mbaineann fo-alt (1) a bheith á thriail ag breitheamh mar aon le giúiré, féadfaidh an breitheamh, tar éis an fhianaise a éisteacht agus más deimhin leis gur chóir faoin bhfo-alt sin faoiseamh, iomlán nó páirteach, a thabhairt don chosantóir ón dliteanas a bheifear a iarraidh a fheidhmiú ina choinne, an cás a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach ón ngiuiré agus a ordú breithiúnas a thaifeadadh i bhfabhar an chosantóra ar cibé téarmaí i leith costas nó eile is cuí leis an mbreitheamh. | |
[EN] |
Clár comhaltaí. |
73. —(1) Coimeádfaidh gach cumann clár d'ainmneacha agus de sheoltaí a chomhaltaí. |
[EN] | (2) Coimeádfar an clár i bpríomh-oifig an chumainn nó, le toiliú i scríbhinn ón gCláraitheoir, in oifig nó in oifigí de chuid an chumainn seachas a phríomh-oifig. | |
[EN] | (3) Déanfaidh gach cumann ina bhfuil breis agus caoga comhalta, murab innéacs is foirm don chlár, innéacs d'ainmneacha comhaltaí an chumainn a choimeád agus déanfaidh sé, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a ndéanfar aon athrú i gclár na gcomhaltaí, aon athrú is gá a dhéanamh ar an innéacs, agus coimeádfar an t-innéacs i gcónaí san áit chéanna a mbeidh clár na gcomhaltaí á choimeád. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh comhalta cumainn, d'fhonn dul i gcumarsáid le comhaltaí eile maidir le hábhar a bhaineann le gnóthaí an chumainn, a iarraidh ar an rúnaí cibé faisnéis a chur chuig na comhaltaí eile sin a iarrfaidh sé agus i gcás ar deimhin leis an rúnaí, ag féachaint do leas na gcomhaltaí go léir agus d'aon imthosca iomchuí eile, gur de mheon macánta a rinneadh an t-iarratas, déanfaidh sé mar a iarradh. | |
[EN] | (b) I gcás rúnaí cumainn déanamh de réir iarraidh faoi mhír (a) beidh an t-iarratasóir faoi dhliteanas maidir le haon chostais a thabhaigh an cumann ag déanamh de réir na hiarrata agus féadfaidh an cumann a cheangal ar an iarratasóir urrús a thabhairt go n-íocfar costais. | |
[EN] | (5) I gcás a ndiúltóidh cumann déanamh de réir iarraidh faoi fho-alt (4), cuirfidh rúnaí an chumainn foras an diúltaithe sin in iúl don chomhalta a rinne an iarraidh agus féadfaidh an comhalta an diúltú a tharchur chun an Chláraitheora. | |
[EN] | (6) Déanfar cinneadh ar iarraidh faoi fho-alt (4) a chur in iúl, laistigh de mhí ón lá a fuair an cumann an iarraidh, don chomhalta a rinne an iarraidh. | |
[EN] | (7) I gcás a dtarchuirfidh iarratasóir diúltú chun an Chláraitheora faoi fho-alt (5), féadfaidh an Cláraitheoir a ordú don chumann, tar éis aon uiríolla ón gcumann a éisteacht, déanamh de réir na hiarrata faoi réir cibé teorainneacha nó coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil leis an gcineál faisnéise a thabharfar, agus i ndáil le socruithe chun costais a íoc) is oiriúnach leis an gCláraitheoir. | |
[EN] |
Clár de na stiúrthóirí agus den rúnaí. |
74. —(1) Coimeádfaidh gach cumann ina phríomh-oifig nó (le toiliú i scríbhinn ón gCláraitheoir) in oifig nó in oifigí de chuid an chumainn seachas a phríomh-oifig clár ina mbeidh na sonraí seo a leanas i ndáil le gach stiúrthóir agus le rúnaí an chumainn— |
[EN] | (a) a shloinne láithreach agus a thúsainmneacha láithreacha agus aon ainm nó sloinne a bhíodh air; agus | |
[EN] | (b) seoladh a áite cónaí faoi láthair. | |
[EN] | (2) Beidh na sonraí seo a leanas freisin i ndáil le gach stiúrthóir cumainn i gclár faoin alt seo— | |
[EN] | (a) a ghairm ghnó (más ann); agus | |
[EN] | (b) aon stiúrthóireachtaí eile atá aige i gcomhlachtaí corpraithe atá corpraithe sa Stát. | |
[EN] | (3) (a) Cuirfidh cumann, laistigh den tréimhse iomchuí dá dtagraítear i mír (b), chuig an gCláraitheoir tuairisceán i cibé foirm a éileoidh sé ina mbeidh na sonraí atá i gclár faoin alt seo agus fógra faoi aon athrú maidir le stiúrthóir nó rúnaí cumainn, mar aon le dáta an athraithe sin. | |
[EN] | (b) Is iad na tréimhsí a luaitear i mír (a)— | |
[EN] | (i) i gcás an tuairisceáin, 14 lá ó thosach feidhme an ailt i gcás cumann a bheith corpraithe roimh an tosach feidhme sin, agus 14 lá ó lá ceaptha na gcéad stiúrthóirí i gcás cumann a chorprú tar éis an tosach feidhme sin, | |
[EN] | (ii) i gcás athrú, 14 lá ó dháta an athraithe. | |
[EN] | (4) Féadfaidh aon chomhalta de chumann nó aon duine eile cóip den chlár, nó d'aon chuid de, a iarraidh ar cibé suim a íoc a shocróidh an Chláraitheoir, agus cuirfidh an cumann faoi deara go gcuirfear aon chóip a iarrfar amhlaidh chuig an duine laistigh de dheich lá ón lá a gheobhaidh an cumann an t-iarratas ar an gcóip. | |
[EN] | (5) Beidh clár faoin alt seo ar oscailt lena scrúdú ag aon chomhalta in aisce agus ag aon duine eile ar cibé suim a íoc a shocróidh an Cláraitheoir faoi réir cibé sriantachtaí réasúnacha a fhorchuirfidh an cumann áirithe ag cruinniú ginearálta, ach sin ar shlí go lamhálfar dhá uair a chloig ar a laghad gach lá le haghaidh scrúdaithe. | |
[EN] |
Coimisiún, árachas, etc. |
75. —(1) Ní thabharfaidh cumann aon choimisiún i gcomaoin gnó morgáiste a thabhairt chun an chumainn nó i ndáil leis sin, ná i gcomaoin gealltanas gnó den sórt sin a thabhairt chuige nó i ndáil leis sin. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh cumann comhshocraíocht le duine a mbeidh leas airgeadais aige i ndiúscairt eastáit (ná le haon duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann) faoina bhfaighidh, nó arb é is éifeacht di go bhfaighidh, an cumann coimisiún i gcomaoin iasachta i leith an eastáit, nó i ndáil le hiasacht den sórt sin a thabhairt, nó i ndáil le cinneadh nó gealltanas iasacht den sórt sin a thabhairt. | |
[EN] | (3) Ní ghlacfaidh duine aon choimisiún i gcomaoin gnó morgáiste a thabhairt chun cumainn nó i ndáil leis sin, ná i gcomaoin gealltanas an gnó sin a thabhairt chuige nó i ndáil leis sin. | |
[EN] | (4) Ní ghlacfaidh oifigeach, aturnae nó suirbhéir de chuid cumainn aon choimisiún, de bhreis ar an luach saothair a údaraítear le rialacha an chumainn, as aon iasacht nó i ndáil le haon iasacht a thug an cumann nó a bheartaíonn an cumann a thabhairt. | |
[EN] | (5) Ní ghlacfaidh stiúrthóir cumainn, is ceantálaí freisin, aon choimisiún ina cháil mar cheantálaí as idirbheart nó i ndáil le hidirbheart a bhaineann le maoin ar thug an cumann iasacht ina leith nó a bheartaíonn an cumann iasacht a thabhairt ina leith. | |
[EN] | (6) Ní ghlacfaidh oifigeach, aturnae nó suirbhéir de chuid cumainn aon choimisiún i ndáil le polasaí árachais (lena n-áirítear polasaí árachais saoil) a chur i gcrích, i gcás— | |
[EN] | (a) a dtabharfar muirear ar an bpolasaí mar urrús breise as iasacht a thug an cumann nó a bheartaíonn sé a thabhairt, | |
[EN] | (b) a dtabharfaidh an cumann suim i dteannta iasachta le go bhféadfar préimh ar an bpolasaí a íoc, nó | |
[EN] | (c) a mbainfear an polasaí amach chun na téarmaí a chomhlíonadh ar ar thug an cumann iasacht nó ar a mbeartaíonn sé iasacht a thabhairt. | |
[EN] | (7) Ní cheanglóidh cumann ar iasachtaí polasaí árachais saoil a bhaint amach, i gcomaoin iasacht a thabhairt nó i ndáil le hiasacht a thabhairt, ach amháin polasaí a fhorálann, i gcás an t-iasachtaí d'fháil bháis sula mbeidh an iasacht aisíoctha, go n-íocfar suim nach mó ná an méid a bheidh amuigh an tráth sin ar an iasacht nó polasaí a baineadh amach chun urrús breise a sholáthar faoi alt 78 (2). | |
[EN] | (8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) i ndáil le hiasacht a ndéanfar ina leith, faoi théarmaí an mhorgáiste, an tsuim a airleacadh a aisíoc as fáltais polasaí árachais saoil a baineadh amach an tráth a tugadh an iasacht ar shaol an mhorgáisteora. | |
[EN] | (9) Beidh duine ciontach i gcion a thabharfaidh aon choimisiún a dtoirmisctear le fo-alt (3), (4), (5) nó (6) é a ghlacadh. | |
[EN] |
Rialacháin a bhaineann le bainistí cumainn. |
76. —(1) Féadfaidh an tAire, ar mholadh ón gCláraitheoir agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais agus le Coiste Comhairleach na gCumann Foirgníochta, cibé rialacháin a dhéanamh i ndáil le bainistí cumann a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun bainistí chuí éifeachtach na gcumann sin a áirithiú nó chun neartú le gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí. |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil a bheith a rialacháin faoin alt seo— | |
[EN] | (a) do theorainneacha (arna ríomh faoi threoir méideanna, céatadán nó eile) leis an gcaiteachas a thabhóidh cumann lena oibriú agus lena bhainistí nó a bheidh ann dá bharr sin, | |
[EN] | (b) do chód cleachtais i ndáil le cumainn, a ndéanfaidh cumainn gach ar féidir lena chomhlíonadh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo baint le gach uile chumann nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann, agus leis an gcaiteachas go léir den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe den chaiteachas sin, agus féadfaidh teorainneacha éagsúla agus forálacha éagsúla de chód cleachtais baint le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann, agus féadfar aicme nó aicmí cumann a shonrú amhlaidh faoi threoir cibé ábhar a mheasfaidh an tAire, ar mholadh ón gCláraitheoir, is iomchuí. | |
[EN] | (4) I gcás a mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh. |