An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Bainistí agus Riaradh Cumann) Ar Aghaidh (CUID VII Ilghnéitheach)

38 1976

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976

CUID VI

Iasachtaí

Méideanna iasachtaí agus a gcuspóirí.

77. —(1) Aon uair is fóirsteanach leis an Aire é, ar mhaithe le gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí agus ag féachaint don éileamh ar iasachtaí chun tithe a cheannach, féadfaidh sé, faoi réir toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an gCláraitheoir, rialacháin a dhéanamh i ndáil le cuspóirí na n-iasachtaí agus méideanna na n-iasachtaí ó chumainn.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo maidir le gach ní nó aon ní nó nithe díobh seo a leanas—

(a) an méid is mó a fhéadfaidh cumann a thabhairt ar iasacht;

(b) na cuspóirí a bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh cumann iasachtaí a thabhairt lena n-aghaidh; agus

(c) an méid is mó a fhéadfaidh cumann a thabhairt ar iasacht do chomhlacht corpraithe agus méid iomlán iasachtaí den sórt sin.

(3) Féadfaidh sé a bheith sainráite i rialacháin faoin alt seo go mbainfidh siad le gach cumann nó le gach iasacht nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann agus iasachtaí (a shonrófar faoi threoir cibé ábhair a mheasfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, is iomchuí), agus féadfaidh foráil a bheith iontu i dtaobh teorainneacha faoi threoir méideanna nó céatadán nó eile agus i dtaobh teorainneacha sonraithe a fheidhmiú ar aicme shonraithe nó ar aicmí sonraithe cumann agus iasachtaí (a shonrófar faoi threoir cibé ábhair a mheasfaidh an tAire, leis an toiliú sin, a bheith iomchuí).

(4) Ní thabharfaidh cumann iasacht do chomhlacht corpraithe laistigh de dhá bhliain tar éis an cumann a chorprú ná tar éis cead fógraíochta a thabhairt dó faoi alt 19, cibé acu is déanaí.

Urrús d'iasachtaí.

78. —(1) Ní mó an iasacht a thabharfaidh cumann ná an méid arb é, de réir alt 79, luacháil an eastáit ruílse nó an eastáit léasaigh a bheidh tairgthe mar urrús don iasacht.

(2) Le linn méid iasachta a bheith á chinneadh féadfaidh cumann luach aon urrúis bhreise, seachas eastát ruílse nó eastát léasach, atá ar fáil i leith na hiasachta, a chur san áireamh.

(3) Féadfaidh an Cláraitheoir ordú a thabhairt i ndáil leis na haicmí urrúis (seachas eastát ruílse nó eastát léasach) a fhéadfaidh cumann a áireamh le linn méid iasachta a bheith á chinneadh, agus féadfaidh sé chun na críche sin na coinníollacha nó ná comhshocraíochtaí a ordú a bhainfidh le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe urrús breise a chur san áireamh.

(4) I gcás a n-iarrfar iasacht chun praghas ceannaigh eastáit a íoc agus go gcuirfear urrús (seachas eastát ruílse nó eastát léasach) san áireamh le linn méid na hiasachta a bheith á chinneadh, ní bheidh méid na hiasachta níos mó ná an praghas ceannaigh sin ná níos mó de mhéid is mó ná 25 faoin gcéad ná an méid uasta a mheasfadh an cumann ba chuí a airleacan ar urrús an eastáit dá mbeadh an cumann gan aon urrús eile a thógáil.

Luacháil urrúis i ndáil le hiasachtaí.

79. —(1) Is é dualgas gach stiúrthóir cumainn a dheimhniú dó féin maidir leis na comhshocraíochtaí le leordhóthanacht an urrúis a mheasúnú a thógfar i leith iasachtaí a thabharfaidh an cumann gur réasúnach a mheas go n-áirithíonn siad—

(a) go measúnóidh na stiúrthóirí nó stiúrthóir nó oifigeach eile nach mbeidh curtha ó theideal ag an alt seo an mheasúnacht a dhéanamh leordhóthanacht an urrúis a thógfar, agus

(b) go mbeidh ar fáil ag gach duine a mbeidh air leordhóthanacht an urrúis a thógfar amhlaidh a mheasúnú tuarascáil scríofa arna hullmhú agus arna síniú ag duine inniúil (nach oifigeach don chumann) a mbeidh taithí aige ar ábhair a bhaineann le cinneadh luach an urrúis, agus

(c) go mbainfidh an tuarascáil le luach aon eastáit ruílse nó eastáit léasaigh san urrús agus le haon ábhar eile ar dóigh dó difear a dhéanamh do luach an urrúis.

(2) Ní ghlacfaidh an duine nó na daoine a bheidh ag measúnú leordhóthanacht urrúis, mar thuarascáil chun críocha fho-alt (1) (b), le tuarascáil ó dhuine a bhfuil leas airgeadais aige i ndiúscairt eastát a mbeidh an cumann le hiasacht i ndáil leis a thabhairt.

(3) Duine a bheidh ag measúnú leordhóthanacht urrúis i leith iasacht ó chumann, ní duine é a mbeidh leas airgeadais aige i ndiúscairt an eastáit a mbeidh an iasacht le tabhairt i ndáil leis ná ní duine é a bheidh i dteideal aon choimisiún a fháil mar gheall ar na páirtithe san idirbheart lena mbaineann an diúscairt a chur in aithne dá chéile.

Iasacht ar an dara morgáiste.

80. —Ní thabharfaidh cumann iasacht ar urrús aon eastát ruílse nó eastát léasach atá faoi réir morgáiste tosaíochta mura morgáiste i bhfabhar chumann tabhartha na hiasachta an morgáiste tosaíochta.

Toirmeasc ar vótáil le haghaidh iasachtaí.

81. —Ní chuirfidh cumann faoi deara ná ní cheadóidh sé do lucht iarrtha iasachtaí vótáil le haghaidh tosaíochta ná ní cheadóidh sé ar dhóigh ar bith go mbeidh tabhairt iasachta ag brath ar amas nó ar chrannchur.

Maoin mhorgáistithe a dhíol.

82. —(1) I gcás a ndéanfar eastát a bheidh morgáistithe chun cumainn a dhíol i bhfeidhmiú cumhacht a thugann an morgáiste, íocfaidh an cumann leis an morgáisteoir suim ar cóimhéid le luach an leasa san eastát a bheidh ar a dhiúscairt ag an gcumann, tar éis an méid den iasacht a bheidh gan aisíoc an tráth sin a asbhaint agus ina theannta sin aon suim a bheidh dlite i leith úis agus na costais go léir a thabhaigh an cumann ag gnóthú agus ag diúscairt an eastáit.

(2) (a) Le linn do chumann bheith ag feidhmiú aon chumhacht díola faoi mhorgáiste áiritheoidh sé a mhéid is féidir sin le réasún go ndíolfar an t-eastát ar an bpraghas is fearr is féidir a fháil le réasún.

(b) Is comhaontú ar neamhní aon chomhaontú a mhéid a thugann sé faoiseamh (nó a bhféadfadh d'éifeacht a bheith leis faoiseamh a thabhairt) do chumann nó d'aon duine ón oibleagáid a fhorchuireann mír (a).

(3) (a) I gcás a ndíolfar eastát faoi fho-alt (1), déanfaidh an cumann, laistigh de 21 lá tar éis an díol a bheith críochnaithe, fógra ina mbeidh sonraí i dtaobh an díola i cibé foirm a cheanglóidh an Cláraitheoir a chur leis an bpost cláraithe chuig an morgáisteoir ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige.

(b) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú aon riail dlí a bhaineann le dualgas morgáistí cuntas a thabhairt do mhorgáisteoir.

(4) San alt seo ciallaíonn “morgáisteoir” duine dá mbeidh iasacht tugtha ag cumann, agus folaíonn sé comharba i dteideal duine den sórt sin.

Taifid iasachtaí.

83. —(1) Cuirfidh gach cumann faoi deara taifid a choimeád ina dtaispeánfar, i ndáil le gach iasacht, méid na hiasachta, an cuspóir ar lena aghaidh a tugadh í, an luach a measadh don eastát ruílse nó don eastát léasach, ainm an duine a thug an tuarascáil faoi alt 79 (1) agus sonraí aon urrúis bhreise a thóg an cumann.

(2) Beidh sna taifid a cheanglaítear le fo-alt (1) cibé faisnéis eile i ndáil le hiasachtaí a thug an cumann a ordóidh an Cláraitheoir ó am go ham.

Urscaoileadh morgáiste.

1964, Uimh. 16 .

1707, c. 2.

1832, c. 87.

84. —(1) Más rud é, i ndáil le talamh neamhchláraithe de réir brí an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , go mbeidh an t-airgead go léir a bheartaítear a urrú le morgáiste nó le muirear breise a tugadh do chumann íoctha nó urscaoilte go hiomlán, féadfaidh an cumann atíolacadh na maoine mhorgáistithe chun an duine is úinéir an tráth sin ar chothromas na fuascailte (nó chun cibé daoine agus le haghaidh cibé úsáidí a ordóidh sé) nó admháil faoi shéala an chumainn a fhormhuiniú ar an morgáiste nó ar an muirear breise nó a cheangal den chéanna.

(2) Oibreoidh admháil faoin alt seo chun an morgáiste nó an muirear breise a dhíchur agus, gan aon atíolacadh ná athghéilleadh, dílseoidh sé eastát na maoine, agus an eastát sa mhaoin, a bheidh cuimsithe sa mhorgáiste nó sa mhuirear breise don duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal chothromas na fuascailte.

(3) (a) I gcás morgáiste nó muirear breise a tugadh do chumann a bheith cláraithe i gClárlann na nGníomhas a bunaíodh leis an Acht um Chlárú Gníomhas, 1707, déanfaidh an Cláraitheoir faoin Acht sin, ar admháil faoi fho-alt (1) a thabhairt ar aird, iontráil a chur isteach os coinne iontráil an mhorgáiste nó an mhuirir á rá go bhfuil an morgáiste nó an muirear sásaithe, agus tabharfaidh sé deimhniú (ar an morgáiste nó ar an muirear nó ar leithligh) sa chéill sin.

(b) Beidh ar áireamh na cumhachta a thugtar don Aire Dlí agus Cirt le halt 35 den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832, arna oiriúnú leis an Ordú um an Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832 (Oiriúnú), 1956 (I.R. Uimh. 281 de 1956), táillí a shocrú, cumhacht táillí a shocrú a bheidh le híoc as an iontráil a chur isteach agus an deimhniú a thabhairt faoin bhfo-alt seo, agus íocfar isteach sa Státchiste aon airgead a gheofar faoin bhfo-alt seo.

(4) Glacfar i bhfianaise i ngach cúirt agus imeacht, gan aon chruthúnas eile, deimhniú faoi fho-alt (3) agus beidh d'éifeacht le hiontráil faoin bhfo-alt sin an morgáiste iomchuí a ghlanadh as an gclár nó as an taifead.

(5) Más rud é, i ndáil le talamh cláraithe de réir brí an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , go mbeidh an t-airgead go léir a beartaíodh a urrú le morgáiste a tugadh do chumann íoctha nó urscaoilte go hiomlán, féadfaidh an cumann admháil faoi shéala an chumainn a thabhairt d'úinéir cláraithe an eastáit ar leor í, chun críocha alt 65 den Acht sin, mar chruthú ar an morgáiste a bheith sásaithe.