|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Iasachtaí) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear) |
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII Ilghnéitheach | |
[EN] |
Cláraitheoir na gCumann Foirgníochta. |
85. —(1) Is é, chun críocha an Achta seo, Cláraitheoir na gCara-Chumann Cláraitheoir na gCumann Foirgníochta (dá ngairtear an Cláraitheoir san Acht seo). |
[EN] | (2) Beidh, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ar áireamh aon chumhacht a thugtar leis an Acht seo don Chláraítheoir orduithe a thabhairt agus táillí a shocrú cumhacht orduithe den sórt sin a athrú nó a chúlghairm agus táillí den sórt sin a athrú. | |
[EN] |
Tuarascáil bhliantúil ón gCláraitheoir. |
86. —Déanfaidh an Cláraitheoir tuarascáil bhliantúil faoi fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo aige a chur faoi bhráid an Aire, an Aire Airgeadais agus an Aire Tionscail agus Tráchtála, agus leagfar cóip den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
[EN] |
An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí a gheobhaidh cumainn. |
87. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis é, a ráthú i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh cumann go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an cumann ar iasacht (seachas taiscí a ghlacfar faoi alt 22 (3)), nó go n-íocfar ús ar an airgead sin, nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús, mar aon le haon chostais theagmhasacha i ndáil leis an airgead sin a fháil ar iasacht. |
[EN] | (2) Ní rachaidh iomlán na príomhshuime a bheidh gan aisíoc d'aon airgead a ndéanfar a aisíoc a ráthú faoin alt seo thar £20,000,000. | |
[EN] | (3) I gcás ráthaíocht faoin alt seo a bheith i bhfeidhm, déanfaidh an cumann ar ina leith a tugadh í cibé urrús a shonrófar san iarratas a thabhairt don Aire Airgeadais, má iarrann sé é, chun a áirithiú don Aire Airgeadais go n-aisíocfar leis aon airgead a dhlífidh sé a íoc nó a bheidh íoctha aige faoin ráthaíocht. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina mbeidh na nithe seo a leanas sonraithe maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh tráth ar bith roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin— | |
[EN] | (a) sonraí na ráthaíochta, | |
[EN] | (b) i gcás a mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire Airgeadais faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus aon mhéid a aisíocadh leis ar scór na híocaíochta, | |
[EN] | (c) an méid príomhshuime lenar bhain an ráthaíocht agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin. | |
[EN] | (5) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan suimeanna as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile mar is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh. | |
[EN] | (7) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuine agus úis na n-urrús uile a eiseofar faoi fho-alt (6) agus na gcostas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] | (8) Aon airgead a íocfaidh an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo déanfaidh an cumann ar ina leith a tugadh an ráthaíocht é a aisíoc leis (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rataí a chinnfidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste. | |
[EN] | (9) I gcás a mbeidh an t-airgead uile nó aon chuid den airgead is gá de réir fho-alt (8) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais gan íoc de réir an fho-alt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (10) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (9) chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an cumann lena mbainfidh de bheith faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid sin agus déanfaidh an cumann an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a chinnfidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire Airgeadais cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a chinnfidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe ón gcumann lena mbainfidh mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (11) Déanfar airgead a íocfaidh cumann faoi fho-alt (8) nó (10) a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (12) Measfar go n-údaraíonn na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) an tAire Airgeadais do ráthú aon airgead a fuair cumann ar iasacht ó bhanc ón 18ú lá de Dheireadh Fómhair, 1973. | |
[EN] |
Bliain airgeadais cumainn. |
88. —Cumann nach gcríochnaíonn a bhliain airgeadais an 31ú lá de Nollaig, déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an ailt seo, a bhliain airgeadais a athrú go dtí an bhliain dar críoch an dáta sin trína chuntais a dhéanamh amach in aghaidh tréimhse amháin is faide ná sé mhí agus nach faide ná 18 mí dar críoch an 31ú lá de Nollaig. |
[EN] |
Forálacha maidir le fianaise. |
89. —(1) Deimhniú corpraíochta nó cláraitheachta nó doiciméad eile a bhaineann le cumann agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gCláraitheoir measfar, cheal fianaise dá mhalairt, gurb é an Cláraitheoir a shínigh é agus glacfar dá réir sin leis i bhfianaise. |
[EN] | (2) Doiciméad clóite a airbheartóidh gur cóip é de rialacha cumainn agus a mbeidh deimhnithe ag oifigeach don chumann gur cóip dhílis é de rialacha an chumainn, measfar, cheal fianaise dá mhalairt, gur cóip dhílis é de rialacha an chumainn agus glacfar dá réir sin leis i bhfianaise. | |
[EN] |
Foirm clár, taifead agus leabhar cuntais. |
90. —(1) Aon chlár, taifead nó leabhar cuntais a cheanglaíonn an tAcht seo ar chumann nó ar an gCláraitheoir a choimeád, féadfar é a choimeád trí iontrálacha a chur i leabhair cheangailte nó trí na hábhair áirithe a thaifeadadh in aon slí eile. |
[EN] | (2) I gcás nach trí iontrálacha a chur i leabhar ceangailte ach gur ar shlí éigin eile a choimeádtar aon chlár, taifead nó leabhar cuntais a cheanglaítear ar chumann a choimeád, glacfaidh an duine ar a mbeidh sé de cheangal an clár, an taifead nó an leabhar a choimeád leorchúram in aghaidh falsaithe agus le fionnadh aon fhalsaithe den sórt sin a éascú. | |
[EN] |
Díolúine ó dhleacht stampa. |
91. —Ní bheidh dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim díobh seo a leanas— |
[EN] | (a) aon aistriú scaire i gcumann; | |
[EN] | (b) aon bhanna nó urrús eile (seachas morgáiste) a bheidh le tabhairt do chumann nó ar cuntas cumainn nó ag oifigeach de chuid cumainn; | |
[EN] | (c) aon ordú d'oifigeach de chuid cumainn airgead a íoc le comhalta; | |
[EN] | (d) aon ionstraim ag ceapadh gníomhaire cumainn nó ag cúlghairm ceapadh den sórt sin; | |
[EN] | (e) aon ionstraim nó doiciméad eile seachas morgáiste a cheanglaítear nó a údaraítear a thabhairt, a eisiúint, a shíniú, a dhéanamh nó a thabhairt ar aird de bhun an Achta seo, nó de bhun rialacha cumainn. | |
[EN] |
Cionta. |
92. —(1) Duine nó cumann a sháróidh ceanglas de chuid an Achta seo nó a mhainneoidh ceanglas de chuid an Achta seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear, i gceachtar cás, ceanglas i rialacháin faoin Acht seo agus lena n-áirítear aon ordú ón gCláraitheoir de bhun a chumhachtaí faoin Acht seo ach gan aon cheanglas a áireamh a bhforáiltear ina leith gur cion a mhainniú an ceanglas a chomhlíonadh, beidh an duine nó an cumann sin ciontach i gcion agus dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air; nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 a chur air, | |
[EN] | agus má leantar tar éis an chiontaithe den sárú nó den mhainneachtain inar ciontaíodh é beidh an duine nó an cumann ciontach i gcion breise agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear fíneáil nach mó ná £250 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain. | |
[EN] | (2) I gcás a ndéanfaidh cumann nó duine a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar ceann cumainn cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí thoiliúil ar thaobh, aon duine is oifigeach don chumann, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion. | |
[EN] | (3) I gcás a dtabharfar iasacht contrártha d'aon cheanglas de chuid an Achta seo nó faoin Acht seo (lena n-áirítear ceanglas in aon rialacháin faoin Acht seo), beidh stiúrthóirí an chumainn a d'údaraigh an iasacht faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le haon chaillteanas don chumann de bharr na hiasachta. | |
[EN] |
Forálacha i ndáil le breithiúnais in aghaidh cumainn. |
93. —(1) Aon uair a gheobhaidh duine (dá ngairtear creidiúnaí breithiúnais san alt seo), in aon chúirt sa Stát, breithiúnas, ordú nó foraithne in aghaidh cumainn chun suim airgid a bheidh dlite don chreidiúnaí breithiúnais den chumann a íoc, cuirfidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte áirithe an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne agus téarmaí an chéanna agus aon achomharc in aghaidh an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne agus toradh an achomhairc sin i bhfios don Chláraitheoir a luaithe is féidir. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), mura ndéanfaidh an cumann, laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach dáta an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, an t-airgead go léir a bheidh dlite a íoc (nó, i gcás costas, de rogha an chumainn, urrús a thabhairt ina leith in ionad iad a íoc) nó na héilimh go léir faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne a shásamh, measfar an cumann a bheith éagumasach ar fhreastal dá oibleagáidí dá chreidiúnaithe agus a bheith, chun críocha alt 95, éagumasach ar a chuid fiacha a íoc. | |
[EN] | (3) Má thionscnaítear achomharc in aon chúirt in aghaidh an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, féadfaidh an chúirt sin nó an chúirt a thug an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne feidhmiú fho-alt (2) a chur siar, le hordú, go ceann cibé tréimhse agus, faoi réir fho-alt (4), ar cibé téarmaí, a shocróidh an chúirt áirithe agus a shonróidh sí san ordú. | |
[EN] | (4) Má dhéanann cúirt ordú faoi fho-alt (3), féadfaidh sí a cheangal ar an gcumann lena mbaineann an t-ordú, de réir mar is cuí leis an gcúirt sin, suim ar cóimhéid leis an airgead go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé suim is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a thaisceadh sa chúirt nó cibé urrús a thabhairt a chinnfidh an chúirt go n-íocfar leis an gcreidiúnaí breithiúnais an t-airgead sin go léir, agus, ina theannta sin, i gceachtar cás, cibé suim nó urrús sa bhreis i leith costais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt is cóir. | |
[EN] | (5) Féadfaidh cúirt ordú a rinne sí faoi fho-alt (3) nó a dtabharfar achomharc os a comhair i ndáil leis a athrú nó a chúlghairm. | |
[EN] |
Clárú a fhionraí agus a chealú. |
94. —(1) (a) I gcás ar deimhin leis an gCláraitheoir go ndearna cumann go toiliúil agus tar éis fógra a fháil ón gCláraitheoir aon fhoráil de chuid an Achta seo a shárú nó ceanglas de chuid an Achta seo nó faoin Acht seo a fhágáil gan chomhlíonadh, féadfaidh sé clárú an chumainn a fhionraí go ceann tréimhse nach faide ná trí mhí agus féadfaidh sé fad a chur leis an bhfionraí ó am go ham de thréimhse nach faide ná trí mhí ar gach ócáid. |
[EN] | (b) I gcás ar deimhin leis an gCláraitheoir go bhfuil scortha ag cumann de bheith ag feidhmiú, féadfaidh sé clárú an chumainn a chealú. | |
[EN] | (2) A luaithe is féidir tar éis do chealú nó d'fhionraí faoin alt seo éifeacht a ghlacadh, cuirfidh an Cláraitheoir faoi deara fógra faoin gcealú nó faoin bhfionraí a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomh-oifig an chumainn. | |
[EN] | (3) A luaithe is féidir tar éis cealú nó fionraí a dhéanamh faoin alt seo, cuirfidh an Cláraitheoir an cealú nó an fhionraí in iúl don Bhanc Ceannais. | |
[EN] | (4) I gcás a ndéanfar clárú cumainn a chealú nó a fhionraí faoin alt seo, féadfaidh an cumann, laistigh de dhá mhí dar tosach an dáta a bhfuarthas cinneadh an Chláraitheora, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, an cealú nó an fhionraí a chur do leataobh. | |
[EN] | (5) Gan dochar d'aon fhoráil eile de chuid an ailt seo, féadfaidh an Cláraitheoir clárú cumainn a chealú ar iarratas ón gcumann agus sin fianaithe i cibé slí a ordóidh sé. | |
[EN] | (6) I gcás clárú cumainn a chealú nó a fhionraí faoin alt seo, scoirfidh an cumann, faoi réir fho-alt (4), ó theacht in éifeacht don chealú nó don fhionraí (agus, i gcás fionraí, fad a mhairfidh an fhionraí) de phribhléidí cumainn a theachtadh. | |
[EN] | (7) Beidh éifeacht le fo-alt (6) gan dochar d'aon dliteanas a thabhaigh an cumann iarbhír agus féadfar aon dliteanas den sórt sin a chur i bhfeidhm in aghaidh an chumainn ionann is dá mba nár tharla an cealú nó an fhionraí. | |
[EN] |
Foirceannadh. |
95. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfar cumann a fhoirceannadh de réir Chuid VI d'Acht 1963, agus dá réir sin beidh feidhm ag an gCuid sin den Acht sin, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ionann is dá mba chuideachta an cumann. |
[EN] | (2) D'ainneoin alt 213 d'Acht 1963, féadfaidh an Chúirt cumann a fhoirceannadh faoin alt seo más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh beartaithe ag an gcumann le rún speisialta go ndéanfaidh an Chúirt an cumann a fhoirceannadh; | |
[EN] | (b) nach mbeidh tosaithe ag an gcumann ar a ghnó laistigh de bhliain óna chorprú nó go mbeidh a ghnó curtha ar fionraí aige go ceann tréimhse dhá mhí dhéag; | |
[EN] | (c) go mbeidh an cumann éagumasach ar a fhiacha a íoc; | |
[EN] | (d) gurb é tuairim na Cúirte gur cheart agus gur chóir an cumann a fhoirceannadh. | |
[EN] | (3) (a) D'ainneoin aon ní in alt 215 (arna chur chun feidhme leis an alt seo) d'Acht 1963, féadfaidh an Cláraitheoir iarratas a dhéanamh faoin alt sin go ndéanfar an cumann a fhoirceannadh. | |
[EN] | (b) Ní bhainfidh alt 215 (d) d'Acht 1963 le foirceannadh cumainn. | |
[EN] | (4) Ní bheidh foirceannadh cumainn ina urchosc ar cheart an Chláraitheora go ndéanfadh an Chúirt é a fhoirceannadh. | |
[EN] | (5) Ní bhainfidh Cuid X d'Acht 1963 le cumann agus, d'ainneoin aon ní san Acht sin nó in aon Acht eile, ní féidir cumann a fhoirceannadh ach amháin de réir an ailt seo. | |
[EN] | (6) I gcás cumann a bheith á fhoirceannadh, ní dhlífidh duine a fuair iasacht ón gcumann faoi mhorgáiste nó urrús eile an méid is iníoctha i leith na hiasachta a íoc ach amháin an tráth nó na tráthanna agus faoi réir (de réir mar is iomchuí) na gcoinníollacha a bheidh leagtha amach sa mhorgáiste nó san urrús eile. | |
[EN] | (7) I gcás cumann a bheith á fhoirceannadh faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó leachtaitheoir an chumainn, a ordú go ndéanfar an tsuim a bheidh taiscthe ag an gcumann faoi alt 20 leis an mBanc Ceannais, mar aon le haon ús a bheidh faibhrithe ar an gcéanna, a dhílsiú don leachtaitheoir faoina ainm oifigiúil, agus air sin dílseoidh an tsuim sin agus an t-ús sin dá réir sin. | |
[EN] | (8) Íocfaidh an leachtaitheoir as an méid a bheidh dílsithe dó faoi fho-alt (7) leis na daoine a mbeidh taiscí acu sa chumann méid gach taisce (lena n-áirítear ús a bheidh creidiúnaithe do na daoine sin) a bheidh dlite fós den chumann do na daoine sin nó, mura leor chun na críche sin an méid a bheidh dílsithe dó amhlaidh, dáilfidh sé é ar na daoine sin i gcomhréir le méid gach taisce a bheidh dlite fós amhlaidh, agus, sula ndéanfaidh an leachtaitheoir na híocaíochtaí nó an dáileadh sin, íocfaidh sé nó coimeádfaidh sé as an méid a bheidh dílsithe dó amhlaidh— | |
[EN] | (a) aon chostais agus caiteachais de chuid an leachtaitheora i ndáil leis an méid réamhráite agus leis an méid a íocadh leis na daoine sin nó leis an dáileadh orthu a cheadóidh an Chúirt, | |
[EN] | (b) aon suim a shásóidh aon éileamh i ndáil le hús is iníoctha ag an gcumann trí chomhaontú ar mhéideanna a taisceadh leis an gcumann, | |
[EN] | agus áireofar ar shócmhainní an chumainn, chun críche an fhoirceanta, aon mhéid a bheidh fágtha tar éis an iarmhéid sin a úsáid amhlaidh. | |
[EN] | (9) Mura leor an méid iomlán a bheidh dílsithe amhlaidh don leachtaitheoir le héilimh na ndaoine a gceanglaíonn fo-alt (8) air é a dháileadh orthu a íoc, féadfaidh na daoine sin éileamh a dhéanamh mar ghnáthchreidiúnaithe de chuid an chumainn i leith na coda dá n-éilimh a bheidh gan sásamh. | |
[EN] | (10) I gcás a dtosófar ar chumann a fhoirceannadh laistigh de bhliain tar éis don chumann a ainm a athrú, beidh an seanainm agus an t-ainm láithreach i ngach fógra agus fógrán a bhainfidh leis an bhfoirceannadh. | |
[EN] | (11) San alt seo tá le “cuideachta” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1963. | |
[EN] |
Coiste Comhairleach na gCumann Foirgníochta. |
96. —(1) Féadfaidh an tAire comhlacht a cheapadh dá ngairfear Coiste Comhairleach na gCumann Foirgníochta agus dá ngairtear an Coiste san alt seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coiste comhairle a thabhairt don Aire i ndáil le haon ábhar a bhaineann le hoibriú gnó cumann foirgníochta agus le haon ábhar a bhaineann le cumainn fhoirgníochta a chuirfidh an tAire faoina bhráid. | |
[EN] | (3) Beidh ar an gCoiste cibé líon daoine, nach mó ná naonúr, a bheidh ionadaitheach don Roinn Rialtais Áitiúil, don Roinn Airgeadais, don Chláraitheoir, don Bhanc Ceannais, do Chomhlachas Chumainn Fhoirgníochta na hÉireann agus do cibé comhlachtaí eile a mheasfaidh sé ó am go ham is iomchuí, agus a cheapfar go ceann cibé tréimhse is oiriúnach leis an Aire. | |
[EN] | (4) Ainmneoidh an tAire ó am go ham comhalta den Choiste chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gCoiste. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon chomhalta den Choiste (lena n-áirítear an cathaoirleach) a chur as oifig. | |
[EN] |
Cosaint, etc. |
97. —(1) A mhéid a bhféadfaí aon ordú, rialachán, riail, comhaontú, achomharc, iarratas, tíolacadh, cinneadh, íocaíocht nó tarchur a rinneadh, nó aon léas, iasacht, morgáiste, ceadú, toiliú nó ordú a tugadh, aon cheanglas a forchuireadh, aon deimhniú nó ionstraim a eisíodh nó aon chlár a coimeádadh, aon rún a ritheadh, aon fhógra a seirbheáladh, nó aon ní eile a rinneadh faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a dhéanamh, a thabhairt, a fhorchur, a eisiúint, a choimeád, a rith nó a sheirbheáil faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, ní chuirfidh aon aisghairm a dhéantar leis an Acht seo ó bhail é ach, má bhí sé i bhfeidhm díreach sular aisghaireadh an t-achtachán sin amhlaidh, beidh éifeacht leis ionann is dá mba faoi fhoráil chomhréire den Acht seo a rinneadh, a tugadh, a forchuireadh, a eisíodh, a coimeádadh, a ritheadh nó a seirbheáladh é (cibé acu é). |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an aisghairm a dhéantar leis an Acht seo difear do chlárú nó do chorprú aon chumainn a cláraíodh nó a corpraíodh faoi achtachán a aisghairtear amhlaidh, agus measfar gur clárú nó corprú faoin Acht seo aon chlárú nó corprú den sórt sin. | |
[EN] | (3) I gcás ar cion faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo aon ghníomh nó neamhghníomh, agus go bhforálann an t-achtachán sin pionós mar gheall ar leanúint den chion, is cion faoin bhforáil den Acht seo atá ar comhréir leis an bhforáil den achtachán aisghairthe a bhunaigh an cion leanúint den ghníomh nó den neamhghníomh tar éis tosach feidhme an ailt seo. | |
[EN] | (4) Más rud é, ina fheidhm maidir le cumann foirgníochta áirithe, go mbeidh tréimhse ama atá sonraithe i bhforáil (dá ngairtear an fhoráil aisghairthe) d'achtachán a aisghairtear leis an Acht seo gan chaitheamh tráth thosach feidhme na forála (dá ngairtear an fhoráil chomhréire) den Acht seo atá ar comhréir leis an bhforáil aisghairthe, beidh éifeacht leis an bhforáil chomhréire ionann is dá mba go raibh sé i ngníomh i dtosach na tréimhse. | |
[EN] | (5) Déanfar tagairt in aon doiciméad d'achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don fhoráil chomhréire den Acht seo. | |
[EN] | (6) I gcás ar deimhin leis an gCláraitheoir, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais, go mba é leas an phobail nó leas gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí é sin a dhéanamh, féadfaidh sé a dhearbhú gur cumann lena mbaineann an fo-alt seo cumann. | |
[EN] | (7) Ní fhéadfaidh an Cláraitheoir a dhearbhú gur cumann lena mbaineann fo-alt (6) cumann mura mbeidh fianaise scríofa tugtha ar aird a dheimhníonn dó— | |
[EN] | (a) go bhfuil oifigigh agus comhaltaí an chumainn nasctha dá chéile trí cheird, gairm nó fostaíocht in aon ghnóthas amháin, | |
[EN] | (b) gur go heisiatach lena chumasú do chomhaltaí tithe a fháil le iad féin á n-áitiú a úsáidtear cistí an chumainn. | |
[EN] | (c) nach n-íoctar aon táille, díolaíocht ná luach saothair eile le haon oifigeach de chuid an chumainn (seachas iniúchóir) as cistí an chumainn, | |
[EN] | (d) go raibh an cumann corpraithe an 5ú lá de Nollaig, 1965, nó roimhe sin agus go raibh tosaithe aige ar ghnó a sheoladh ar an dáta sin nó roimhe, | |
[EN] | (e) nach ndearna an cumann, ón 5ú lá de Nollaig, 1965, fógraíocht ná sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna seachas ar dhaoine i dtrádáil, i ngairm nó i bhfostaíocht sa ghnóthas dá dtagraítear i mír (a), agus | |
[EN] | (f) go bhfuil ar chumas an chumainn freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nach bhfuil aon íocaíochtaí atá dlite de go dleathach fionraithe aige agus nach bhfuil sé i riaráiste maidir le haon ús atá dlite ar scaireanna nó ar thaiscí sa chumann. | |
[EN] | (8) I gcás a ndearbhóidh an Cláraitheoir faoi fho-alt (6) gur cumann lena mbaineann an fo-alt sin cumann, ní bhainfidh cibé ceanglais d'ailt 20, 37 agus 38 a shonróidh sé sa dearbhú leis an gcumann. | |
[EN] | (9) I gcás arb é tuairim an Chláraitheora nach mbaineann na hábhair go léir a shonraítear i bhfo-alt (7) leis an gcumann a thuilleadh, féadfaidh sé dearbhú faoi fho-alt (6) i ndáil leis an gcumann sin a chealú agus air sin bainfidh forálacha uile ailt 20, 37 agus 38 leis an gcumann sin. | |
[EN] | (10) Féadfaidh an Cláraitheoir tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais dearbhú faoi fho-alt (6) a athrú. | |
[EN] | (11) San Acht seo, folóidh “faoin Acht seo”, i gcás a n-éilíonn an comhthéacs é, aon Acht a aisghairtear leis an Acht seo nó an fhoráil chomhréire d'Acht aisghairthe den sórt sin, agus forléireofar focail agus abairtí gaolmhara dá réir sin. |