An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cosaint ar éin fhiáine, ainmhithe cosanta agus flora) Ar Aghaidh (Caibidil V Ilghnéitheach)

39 1976

AN tACHT UM FHIADHÚLRA, 1976

Caibidil IV

Srianta chun fiadhúlra a chosaint

Srian ginearálta maidir le mamaigh fhiáine dhíolmhaithe áirithe agus éin fhiáine chosanta áirithe a fhiach nó a mharú le hairm tine.

28. —(1) Ní dhéanfaidh duine mamach fiáin díolmhaithe ná éan fiáin cosanta, de speiceas a shonrófar in ordú faoi alt 24 den Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a fhiach ná a mharú le hairm tine ar aon talamh mura rud é—

(a) gur de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú faoin Acht seo, nó a mheasfar a bheith arna dheonú faoi alt 29 den Acht seo, a dhéanfar an mamach fiáin díolmhaithe nó an t-éan fiáin cosanta a fhiach nó a mharú, agus

(b) gur duine é atá cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil leis an talamh.

(2) Beidh duine cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le talamh má bhíonn sé ar a laghad sé bliana déag d'aois agus—

(a) go mbeidh sé i dteideal cearta spóirt ar an talamh, nó

(b) gurb aoi, tochraí, seirbhíseach nó gníomhaire é ag duine atá i dteideal cearta spóirt ar an talamh nó go bhfuil údarás i scríbhinn aige ón duine sin, nó

(c) gur comhalta é de chomhlacht daoine atá i dteideal cearta spóirt ar an talamh nó a bhfuil an t-údarás áirithe sin aige, nó,

(d) gur duine é d'aicme nó de thuairisc a ndearbhóidh an tAire, le rialacháin, gurb aicme nó tuairisc cháilithe í chun críocha an ailt seo.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Ceadúnais chun fiach le hairm tine.

1925, Uimh. 17 .

1964, Uimh. 1 .

29. —(1) Faoi réir alt 75 (1) den Acht seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis, ceadúnas (a oibreoidh mar a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo) a dheonú do dhuine ina ghnáthchónaí sa Stát, a thabharfaidh dearbhú tráth an iarratais a dhéanamh i bhfoirm arna ceadú chun críocha an ailt seo ag an Aire, chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe (seachas giorriacha) a fhiach agus a mharú le hairm tine, faoi réir na srianta atá in alt 33 den Acht seo.

(2) Faoi réir alt 75 (1) den Acht seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis, ceadúnas (a oibreoidh mar a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo) a dheonú do dhuine ina ghnáthchónaí lasmuigh den Stát, a thabharfaidh, tráth a iarratais a dhéanamh ar cheadúnas, an dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe agus éin fhiáine chosanta lena mbaineann ordú faoi alt 24 den Acht seo de thuras na huaire a fhiach agus a mharú le hairm tine, faoi réir na srianta atá in alt 33 den Acht seo.

(3) Nuair a bheidh iarratas ar cheadúnas nó ar athnuachan faoi fho-alt (1), fo-alt (2) nó fo-alt (6) den alt seo á chinneadh ag an Aire, tabharfaidh sé aird ar riachtanais chaomhnaithe an speicis d'éin fhiáine chosanta nó de mhamaigh fhiáine dhíolmhaithe a bheidh i gceist agus ar oiriúnacht an iarratasóra ag féachaint do na riachtanais sin nó do chríocha an Achta seo.

(4) Fanfaidh ceadúnas arna dheonú nó arna athnuachan ag an Aire faoin alt seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse dar tosach lá an cheadúnais a dheonú nó a athnuachan agus dar críoch an 31ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin, agus faoi réir a théarmaí oibreoidh an ceadúnas chun a údarú do shealbhóir an cheadúnais, fad a bheidh an ceadúnas i bhfeidhm, fauna ar bith lena mbaineann an ceadúnas a fhiach agus a mharú le hairm tine, de bhun agus de réir cibé orduithe (más ann), arna ndéanamh faoi alt 24 nó 25 den Acht seo, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(5) I gcás ina n-iarrfaidh duine ar Cheannfort den Gharda Síochána deimhniú airm tine a dheonú dó faoi alt 3 d'Acht na nArm Teine, 1925 , nó deimhniú den sórt sin a athnuachan faoi alt 9 d'Acht na nArm Teine, 1964, agus tráth a iarratais ar an deimhniú nó ar an athnuachan sin a dhéanamh go ndéanfaidh sé dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, measfar, má bhíonn sé formhuinithe mar a thuairiscítear i bhfo-alt (8) den alt seo, an deimhniú a bheith, chun críocha ailt 22 (4) agus 23 (5) den Acht seo, ina cheadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo agus, faoi réir alt 75 (1) agus na srianta atá in alt 33 den Acht seo, oibreoidh an deimhniú sin, fad a bheidh sé i bhfeidhm, chun údarás a thabhairt don duine dar deonaíodh é le go bhféadfaidh sé, leis an arm tine lena mbaineann an deimhniú—

(a) aon éan fiáin cosanta a fhiach agus a mharú de bhun aon ordú faoi alt 24 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire,

(b) aon ghiorria a fhiach agus a mharú de bhun agus de réir aon ordú faoi alt 25 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm amhlaidh.

(6) Aon cheadúnas a dheonóidh an tAire faoin alt seo (seachas ceadúnas a measfar de bhun fho-alt (5) den alt seo é a bheith arna dheonú amhlaidh), féadfaidh an tAire, más cuí leis, é a athnuachan ar iarratas ó shealbhóir an cheadúnais a thabharfaidh, tráth an iarratais a dhéanamh, dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(7) Aon duine arb éagóir leis diúltú ón Aire ceadúnas a dheonú faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo nó ceadúnas a athnuachan faoi fho-alt (6) den alt seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche i gcoinne an diúltaithe, agus nuair a bheidh an t-achomharc á chinneadh aige féadfaidh an Breitheamh—

(a) an diúltú a dhaingniú, nó

(b) géilleadh don achomharc, a bhreith a chur in iúl don Aire agus a threorú don Aire ceadúnas faoin alt seo a dheonú a luaithe is féidir don iarratasóir nó é a athnuachan, cibé acu is iomchuí.

(8) I gcás ina ndeonófar deimhniú airm tine do dhuine a thuairiscítear i bhfo-alt (5) den alt seo, formhuineofar an méid seo a leanas ar an deimhniú:

“Údaraíonn an deimhniú seo, fad a bheidh sé i bhfeidhm, go bhféadfaidh an duine dá ndeonaítear é, leis an arm tine lena mbaineann sé—

(a) aon éan fiáin atá cosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976 , a fhiach agus a mharú de bhun aon ordú faoi alt 24 den Acht sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire,

(b) aon ghiorria a fhiach agus a mharú de bhun agus de réir ordú faoi alt 25 den Acht a dúradh a bheidh i bhfeidhm amhlaidh.”

(9) Má dhéanann aon choinbhinsiún, prótacal nó comhaontú eile idir an Stát agus aon tír nó críoch eile foráil chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cheadúnais arna ndeonú, nó a mheastar a bheith arna ndeonú, faoin alt seo agus do cheadúnais, ceadanna, ceaduithe nó údaraíochtaí eile arna ndeonú nó arna n-eisiúint sa tír nó sa chríoch sin, féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú agus a fhoráil go measfar go mbeidh, agus beidh, an éifeacht dhlíthiúil chéanna le ceadúnas faoin alt seo a bheidh ag aon cheadúnas, cead, ceadú nó údaraíocht eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(10) Déanfaidh an sealbhóir ar cheadúnas a dheonófar nó a athnuafar faoin alt seo, nó ar dheimhniú airm tine a bheidh formhuinithe mar a thuairiscítear i bhfo-alt (8) den alt seo, má éilíonn an tAire air é, trí fhógra i scríbhinn arna chur chuig an sealbhóir nó trí fhógra arna fhoilsiú chun críocha an fho-ailt seo i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt don Aire, eadhon, ráiteas faoin méad speiceas d'éin fhiáine chosanta, agus faoi líon agus speiceas na n-ainmhithe fiáine cosanta, a lámhaigh agus a ghabh an sealbhóir i cibé tréimhse a shonróidh an tAire san fhógra agus, de réir mar a shonrófar amhlaidh, in aon áit sa Stát nó in aon áit i gcuid den Stát a shonrófar amhlaidh.

(11) Duine ar bith nach ndéanfaidh de réir mar a éileoidh an tAire faoi fho-alt (10) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(12) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d'aon ní in Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971.

Srian le fiach ar urthrá de chuid an Stáit agus ar thalamh áirithe dá chuid.

30. —(1) Ní dleathach do dhuine, gan cead ón Aire, fauna a fhiach ar, ná thar, urthrá de chuid an Stáit ná ar, ná thar, thalamh de chuid an Stáit atá clúdaithe le haon uiscí intíre nó cuimsithe sa bhreisiú imill locha ó aon loch.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo, beidh foghail déanta aige agus, más cuí leis an Aire, féadfaidh an tAire é a agairt i bhfoghail in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Ní rachaidh aon ní san alt seo chun dochair d'aon imeachtaí dlíthiúla a thionscnófar ar leithligh ón alt seo.

Toirmeasc ar éin fara áirithe a dhíol, a cheannach agus a shealbhú.

31. —(1) Is cion do dhuine ar bith éan fara beo lena mbaineann an t-alt seo, seachas eiseamal dlúthfháinnithe a tógadh i mbraighdeanas, a dhíol, a cheannach nó a shealbhú.

(2) Baineann an t-alt seo le haon éan fara beo (ord Passeriformes) de speiceas a bhíonn ar fáil i staid fhiáin sa Stát, i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, ar Oileáin Mhuir nIocht nó ar Oileán Mhanann agus nach speiceas dá sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint don chosantóir a chruthú—

(a) go bhfuair sé an t-éan fara iomchuí go dleathach roimh thosach feidhme an ailt seo, nó

(b) go bhfuair sé an t-éan sin go dleathach ó dhuine a raibh sé faighte amhlaidh aige roimh an tosach feidhme sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “eiseamal dlúthfháinnithe” eiseamal d'éan fara beo (ord Passeriformes) le banda nó fáinne leanúnach miotail a sleamhnaíodh isteach thar a chrobh agus suas ar a chois ina ghearrcach dó.

Srian ar fháinniú, agus ar mharcáil agus ar theilglíonta, etc., a shealbhú.

32. —(1) Is cion do dhuine é má dhéanann sé, ar dhóigh seachas de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire chun críocha an fho-ailt seo, aon bhanda, fáinne, clib nó deis mharcála eile a cheangal d'aon ainmhí fiáin nó d'aon éan fiáin, nó aon ainmhí nó éan den sórt sin a ghabháil le líon, le gaiste nó le haon chóir eile chun aon bhanda, fáinne, clib nó deis mharcála eile a cheangal de.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le dlúthfháinniú éan fiáin a tógadh go saorga.

(3) Is cion do dhuine teilglíon, ceo-líon, roicéad-líon nó gaireas dá samhail sin a allmhairiú nó a bheith ina sheilbh aige le haghaidh gabhála nó gaistiú mura sealbhóir é ar cheadúnas arna dheonú ag an Aire chun críocha fho-alt (1) den alt seo.

(4) Féadfaidh ceadúnas arna dheonú chun críocha fho-alt (1) den alt seo feidhm a bheith aige, de réir mar is cuí leis an Aire, maidir le hainmhithe fiáine agus le héin fhiáine (seachas éin fhiáine a tógadh go saorga) go ginearálta nó maidir le cibé speicis de na hainmhithe sin agus de na héin sin a shonrófar sa cheadúnas.

(5) Féadfar a shainrá i gceadúnas a dheonófar chun críocha fho-alt (1) den alt seo go n-údaraíonn sé, agus má bhíonn sin sainráite ann oibreoidh sé chun go n-údarófar, i limistéar nó i limistéir a shonrófar sa cheadúnas, agus sa limistéar nó sna limistéir sin amháin, na nithe a dhéanamh a gceadóidh an ceadúnas a ndéanamh.

(6) Ní chiontófar duine faoin alt seo agus faoi alt 22, 23 nó 34 den Acht seo mar gheall ar an ngníomh céanna.

Srian le hairm tine áirithe, etc., a úsáid.

33. —(1) Is cion do dhuine—

(a) aon éan fiáin a mharú nó a dhíobháladh le gránghunna athchaite nó uathoibreach (seachas gránghunna athchaite nó uathoibreach a bheidh oiriúnaithe nó modhnaithe ar dhóigh nach bhféadfaidh sé thar trí chartús gránghunna a iompar), le haerghunna, le haer-raidhfil, le gásraidhfil, le piostal nó le gunnán, nó le haon arm tine ar a mbeidh ciúineadóir feistithe.

(b) aon éan fiáin cosanta a mharú nó a dhíobháladh le raidhfil.

(2) Is cion do dhuine aon éan fiáin nó aon mhamach fiáin a mharú nó a dhíobháladh le ling-ghunna nó le rian-urchar nó le coimeádán snámhach ina mbeidh substaint phléascach.

(3) Is cion do dhuine ainmhí fiáin cosanta, seachas giorria, a mharú nó a dhíobháladh le gunna gráin.

(4) Faoi réir na bhfo-alt roimhe seo den alt seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a shonróidh cineál agus cailibre na n-arm tine agus an lón lámhaigh a fhéadfar a úsáid chun éin fhiáine agus mamaigh fhiáine a fhiach agus á fhóráil nach n-úsáidfear airm tine ná lón lámhaigh d'aon chineál nó cailibre eile chun na héin nó na mamaigh sin a fhiach.

(5) San alt seo folaíonn “raidhfil” gásraidhfil agus aer-raidhfil.

Toirmeasc ar úsáid áirithe a bhaint as gaistí, dolaí, etc.

1911, c. 27.

34. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar leithligh ón alt seo ach faoi réir alt 42, ní dhéanfaidh duine ar bith—

(a) aon éan fiáin ná mamach fiáin a fhiach le gaiste, le dol, le líon, le sreang, le crúca, le saighead, le ga, le sleá, nó lena samhail sin de dheis, le huirlis ná le diúracán, ná le glae glas ná aon substaint den chineál sin, ná le haon bhaoite nimhiúil, nimhithe nó támhaithe, ná

(b) (i) aon ghaiste, dol nó líon chun éan fiáin nó mamach fiáin a mharú nó a ghabháil, ná

(ii) aon líne, crúca nó deis nó uirlis eile, a mbeidh sé ceaptha dó, nó ar dóigh dó, bás nó díobháil choirp a thabhairt ar aon éan fiáin nó mamach fiáin a thiocfadh i dtadhall leis,

a fheistiú, a chur nó a innliú ar aon chrann, cuaille, carn nó déanmhas eile in aon áit, nó gar d'aon áit, a ghnáthaíonn éin fhiáine nó mamaigh fhiáine, ná

(c) aon substaint nimhiúil nó nimhithe nó aon bhaoite támhaithe a chur síos, is substaint nó baoite a mbeidh sé ceaptha dó, nó ar dóigh dó, éan fiáin nó mamach fiáin, in aon áit nó gar d'aon áit a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, a dhíobháladh, nó a ghabháil a éascú, nó ar aon chrann, cuaille, carn nó déanmhas eile san áit sin nó gar dó.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás na nithe seo a leanas ná ní fhágfaidh sé go mbeidh siad neamhdhleathach.

(a) gaiste, dol nó líon a fheistiú, a chur nó a innliú a bheidh formheasta de thuras na huaire chun críocha an ailt seo de bhua rialachán faoin alt seo,

(b) aon éan fiáin nach éan fiáin cosanta nó aon mhamach fiáin nach mamach fiáin cosanta a ghabháil nó a mharú le haon ghaiste, dol nó líon den sórt sin,

agus ní fhágfaidh aon ní san fho-alt sin (1) gur neamhdhleathach aon ní a dhéanfar go cuí de bhun reachta (seachas an tAcht seo) nó ionstraime reachtúla, a cheadaítear a dhéanamh faoi reacht nó ionstraim den sórt sin, nó a dhéanfar de bhun agus de réir ceadúnais nó ceada eile arna dheonú nó arna eisiúint de bhun reachta nó ionstraime den sórt sin nó aon ní a thig de thoisc nó de thoradh nó de dhroim nó de dheasca aon ghnímh nó ní eile a bheidh déanta go dleathach.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás aon ní acu seo a leanas, más de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú chuige sin ag an Aire a dhéantar é:

(a) aon speiceas d'éan fiáin a shonrófar sa cheadúnas a ghabháil beo, le gaiste, le dol nó le líon, ar thalamh a shonrófar sa cheadúnas, chun an speiceas sin a shíolrú nó cáilíocht an speicis sin a fheabhsú,

(b) giorriacha a ghabháil beo le líonta ag club cúrsála a bheidh cleamhnaithe le Club Cúrsála na hÉireann nó thar ceann an chlub sin nó ar iarratas uaidh,

(c) seabhaic nó fabhcúin a ghabháil beo le líonta nó le deiseanna eile chun críche fabhcúnacht dleathach sa Stát,

(d) éin fhiáine nó mamaigh fhiáine a ghabháil beo, chun críocha taighde nó chun críocha eile eolaíochta nó oideachais nó chun iad a aistriú go gnáthóg nua, nó go háit a shonrófar sa cheadúnas.

(4) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú, i dtaobh gaiste nó dol nó líon is de chineál nó d'aicme nó de thuairisc áirithe a shonrófar sna rialacháin—

(a) go bhfuil sé ceadaithe chun críocha an ailt seo, agus féadfaidh sé, más cuí leis, a úsáid a rialú maidir le héin fhiáine nó le mamaigh fhiáine,

(b) gur gaiste, dol nó líon é a mbaineann fo-alt (6) den alt seo leis.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Aon duine a allmhaireoidh, ar dhóigh seachas de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire chuige sin, nó a dhéanfaidh i gcúrsa a thrádála nó a ghnó gaiste, dol nó líon a dhíol ar dhearbhaigh an tAire, de bhun fho-alt (4) den alt seo, é a bheith de thuras na huaire ina ghaiste, ina dhol nó ina líon lena mbaineann an fo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(7) Ní chiontófar duine faoin alt seo agus faoi alt 22 nó alt 23 den Acht seo ná faoi alt 8 den Protection of Animals Act, 1911. mar gheall ar an ngníomh céanna.

Srian le húsáid áirithe a bhaint as taibhsí préachán, cluaineadóirí, éanghlaonna agus glaonna mamach fiáin.

35. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar leithligh ón alt seo, ach faoi réir alt 42, ní dhéanfaidh duine—

(a) aon éan fiáin beo a bheidh ar teaghrán a úsáid mar thaibhse préachán, ná

(b) éan fiáin beo ar teaghrán nó ceangailte le teanntáin nó le fearais eile dá samhail nó iata i gcaighean nó i gcró nó atá dall, cithréimeach nó díobhálaithe a úsáid mar chluaineadóir chun aon éan fiáin a fhiach, ná

(c) cluaineadóir stuáilte nó saorga i bhfoirm aon éin a úsáid chun aon éin fhiáine chosanta, seachas lachain fhiáine agus géanna fiáine, a fhiach, ná

(d) úsáid a bhaint as aon uirlis nó fearas (lena n-áirítear gaireas taifeadta), leictreach nó eile, chun glaonna éan nó glaonna mamach fiáin, a ligean nó a aithris, chun éan fiáin cosanta nó ainmhí fiáin cosanta ar mamach é a fhiach.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le húsáid feadóige nó uirlise nó gairis dá samhail chun glaonna a aithris nó a ligean ar nós glaonna pilibíní, lachan fiáin nó géanna fiáine, agus a oibrítear (go hiomlán nó go páirteach) leis an lámh nó leis an mbéal, chun aon éan fiáin díobh sin a fhiach.

(3) D'ainneoin na bhforálacha roimhe seo den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc a chur ar fud an Stáit nó in aon limistéar áirithe de—

(a) le húsáid aon chluaineadóra stuáilte nó shaorga d'aicme nó de thuairisc áirithe a shonrófar san ordú chun lachain fhiáine nó géanna fiáine a fhiach, nó

(b) le húsáid aon fheadóige nó uirlise nó gairis eile (nach gaireas taifeadta), a oibrítear leis an mbéal nó leis an lámh, chun glaonna a aithris nó a ligean, ar nós glaonna lachan fiáin nó géanna fiáine nó chun glaonna taifeadta den sórt sin a ligean.

(4) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, féadfar úsáid a bhaint as cluaineadóir, nó as uirlis nó fearas lena n-áirítear gaireas leictreach nó gaireas taifeadta eile chun éanghlaonna (lena n-áirítear glaonna guaise) a ligean nó a aithris, d'fhonn éan fiáin cosanta a ruaigeadh, a scanrú nó a ghabháil, de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú chuige sin ag an Aire, le haghaidh taighde eolaíochta nó chun críche eile a bheidh formheasta ag an Aire.

(5) Féadfaidh an tAire ceadúnas a thabhairt do dhuine chun úsáid a bhaint mar chluaineadóir as éan fiáin beo is éan de speiceas a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a bheidh gaibhnithe i gcaighean nó i gcró, agus gabhfaidh le gach ceadúnas a dheonófar de bhun an fho-ailt seo na coinníollacha seo a leanas, eadhon—

(a) ní úsáidfear an t-éan amhlaidh ach amháin chun éin den speiceas céanna a fhiach, agus

(b) le linn a úsáidte amhlaidh soláthróidh sealbhóir an cheadúnais, nó duine éigin thar a cheann, don éan, leordhóthain bia agus uisce agus nuair a chuirfear isteach i gcaighean é ní choimeádfar é ach i gcaighean a bheidh fairsing go leor chun go bhféadfaidh sé gluaiseacht agus aclaíocht a dhéanamh go héasca.

(6) Duine—

(a) a dhéanfaidh aon ní a thoirmisctear le fo-alt (1) den alt seo ar dhóigh seachas de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo,

(b) a sháróidh ordú arna dhéanamh ag an Aire faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc ar fheithiclí, soithí agus aerárthaí innealghluaiste a úsáid chun fiaigh.

36. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar leithligh ón alt seo ach faoi réir alt 42, ní dhéanfaidh duine fiach ná corraí chun críche fiaigh—

(a) ar aon ainmhí fiáin cosanta le feithicil, soitheach nó aerárthach innealghluaiste, cibé acu a bheidh an céanna faoi ghluaiseacht amhlaidh nó ar fos,

(b) ar aon éan fiáin cosanta le feithicil, soitheach nó aerárthach den sórt sin le linn í a bheith faoi ghluaiseacht amhlaidh.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfar feithicil, soitheach nó aerárthach innealghluaiste a úsáid chun éin fhiáine chosanta nó ainmhithe fiáine cosanta a ghabháil nó a mharú, de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú chuige sin ag an Aire agus chun cibé críocha oideachais, eolaíochta nó eile a shonrófar sa cheadúnas, arb éin nó ainmhithe iad de speiceas a shonrófar amhlaidh.

(3) Ní fhágfaidh fo-alt (1) den alt seo gur rud neamhdhleathach aon ní a cheadaítear a dhéanamh le halt 3 (3) den Acht um Iascach Míolta Móra, 1937 .

(4) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion.

Srian le fiach istoíche.

37. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar leithligh ón alt seo ach faoi réir alt 42, ní dhéanfaidh duine fiach—

(a) ar chreabhar tráth ar bith idir luí gréine agus éirí gréine,

(b) ar aon éan fiáin cosanta eile, seachas lacha fhiáin nó gé fhiáin, ná ar aon ainmhí fiáin cosanta tráth ar bith in aon tréimhse dar tosach uair an chloig tar éis luí gréine, agus dar críoch uair an chloig roimh éirí gréine.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) le héin fhiáine chosanta a fhiach de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoi alt 22 (9) den Acht seo chun críche dá luaitear i mír (a) nó (d) den alt sin, nó

(b) le hainmhithe fiáine cosanta a fhiach de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoi alt 23 (6) den Acht seo.

(3) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc ar lampaí, scátháin, etc., a úsáid ag fiach.

38. —Duine ar bith a úsáidfidh aon lampa, solas, tóirse, scáthán nó aon deis nó gaireas saorga eile frithchaite solais nó dallraitheach ag fiach aon éin fhiáin chosanta nó ainmhí fhiáin chosanta, ar dhóigh seachas—

(a) le linn aon bhanda, fáinne, clib nó deis mharcála eile a ghreamú de, nó

(b) le linn bheith ag fiach chun críocha oideachais nó eolaíochta,

de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú faoin Acht seo ag an Aire, beidh sé ciontach i gcion.

Srian le fásra a dhó in aice le coillte nó le talamh áirithe eile.

39. —(1) Ní dhófaidh duine ar bith aon fhásra ag fás i bhfoisceacht míle—

(a) do choill nach leis an duine sin, nó

(b) do thalamh lena mbaineann ordú bunaithe, ordú aitheantais, ordú sainiúcháin nó comhaontú faoi alt 18 den Acht seo,

mura mbeidh an duine sin tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt, seacht lá ar a laghad nó cúig lá is tríocha ar a mhéid roimh an bhfásra sin a dhó, don sáirsint i gceannas ar stáisiún Garda Síochána sa cheantar Garda Síochána ina bhfuil an choill nó an talamh agus—

(i) i gcás coille, d'áititheoir na coille,

(ii) i gcás talamh lena mbaineann ordú bunaithe, ordú aitheantais nó comhaontú faoin alt sin 18, don Aire agus ina theannta sin, murab é an tAire úinéir na talún, don áititheoir,

(iii) i gcás talamh lena mbaineann ordú sainiúcháin, don Aire.

(2) Nuair a thabharfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire nó aon duine eile dá dtabharfar an fógra, laistigh de thrí lá tar éis an fógra a fháil, frithfhógra a sheirbheáil ar an duine a thug an fógra sin ag cur i gcoinne an dó bheartaithe ar an bhforas gur baolach dó damáiste a dhéanamh don choill nó don talamh áirithe.

(3) Ní dhéanfaidh duine—

(a) tine a lasadh, ná

(b) aon ghníomh eile,

a thabharfaidh, nó is dóigh a thabharfadh, go ndófaí fásra ag fás i bhfoisceacht míle do choill nach leis an duine sin í nó do thalamh a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo.

(4) Aon duine a dhófaidh fásra, a lasfaidh tine nó a dhéanfaidh aon ghníomh eile, de shárú ar an alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(5) Má dhéanann duine—

(a) aon fhásra a dhó de shárú ar fho-alt (1) den alt seo, nó tar éis an fógra a thabhairt is gá de réir an ailt seo agus frithfhógra faoin alt seo a fháil,

(b) tine a lasadh nó aon ghníomh eile a dhéanamh de shárú ar fho-alt (3) den alt seo, ansin,

aon díobháil a bhainfidh mar gheall ar an dó, an lasadh nó an gníomh sin,

(c) i gcás an sárú a bheith ina shárú ar an bhfo-alt sin (1), d'aon choill nó talamh ar cheart, nó a ndearnadh, fógra ina leith a sheirbheáil faoin alt seo, nó

(d) i gcás an sárú a bheith ina shárú ar an bhfo-alt sin (3), d'aon choill nach leis an duine sin í nó d'aon talamh a luaitear i mír (b) den fho-alt sin (1),

measfar gurbh é gníomh faillíoch an duine sin ba chúis leis agus féadfaidh úinéir na coille nó na talún sin, cibé acu é, cothrom na díobhála sin de dhamáistí a ghnóthú dá réir sin in aon chúirt dlínse inniúla ón duine sin.

(6) San alt seo folaíonn “coill” fáschoill.

Srian le milleadh fásra ar thalamh gan saothrú.

1936, Uimh. 38 .

40. —(1) Is cion do dhuine aon fhásra a bhaint, a ghrafadh, a dhó nó a mhilleadh ar dhóigh eile, sa tréimhse dar tosach an 15ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa in aon bhliain, a bheidh ag fás ar aon talamh nach mbeidh san am sin saothraithe nó á shaothrú le haghaidh talmhaíochta nó foraoiseachta.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás—

(a) aon fhásra ag fás ar aon fhál nó díg, nó ann, a scriosadh, i ngnáthchúrsa talmhaíochta nó foraoiseachta;

(b) toir nó toim fhánacha aitinn a ghearradh nó a ghrafadh nó fáis fhánacha raithní a bhaint i ngnáthchúrsa talmhaíochta;

(c) fásra a ghearradh, a ghrafadh nó a scriosadh i gcúrsa aon oibreacha a bheith á ndéanamh go cuí ag Aire Stáit nó ag comhlacht arna bhunú nó arna rialú le reacht nó faoi reacht;

(d) aon fhiailí díobhálacha lena mbaineann an tAcht um Fhiaile Dhíobhálach, 1936 , a scriosadh;

(e) fásra a ghlanadh chun siúil i bhforbairt nó in ullmhú láithreán a mbeartaítear aon fhoirgneamh nó déanmhas eile a chur ar fáil orthu;

(f) fásra a aistriú nó a scriosadh a gceanglaítear le fógra arna sheirbheáil ar an Aire faoi alt 62 (1) d'Acht 1946 é a aistriú nó a scriosadh;

ach ní oibreoidh an fo-alt seo chun aon ní a dhéanfar trí dhó a eisiamh ó fho-alt (1) den alt seo.