|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 4 de 1977 | ||
[EN] |
AN tACHT UM BULA LIMITED (SCAIREANNA A FHÁIL), 1977 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA SCAIREANNA A FHÁIL I mBULA LIMITED AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN AGUS A LEANANN AS. [29 Márta, 1977] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Comhaontú” an comhaontú dar dáta an 12ú lá de Nollaig, 1975, agus a rinneadh idir Bula Holdings, Patrick Wright. Thomas Celestine Roche, Michael James Wymes, Richard Francis Wood agus Thomas James Roche agus an tAire; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Bula Limited; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
An tAire d'fháil scaireanna de chuid na Cuideachta agus a n-aistriú dá éis sin. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire cion nach lú ná daichead a naoi faoin gcéad de scaircanna eisithe na Cuideachta a fháil de réir an Chomhaontaithe agus féadfaidh sé chun na críche sin suimeanna nach mó ná £9,540,000 san iomlán a chaitheamh. |
[EN] | (2) A luaithe is féidir tar éis na fála a údaraítear le fo-alt (1) den alt seo, déanfar na scaireanna de chuid na cuideachta a bheidh faighte amhlaidh a aistriú chun an Aire Airgeadais agus a chlárú ina ainm. | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo nó aon ní a rinneadh faoin bhfo-alt sin, leanfaidh aon cheart nó cumhacht dá dtagraítear sa Chomhaontú mar cheart nó mar chumhacht atá dílsithe don Aire de bheith infheidhmithe aige. | |
[EN] |
Aire d'fheidhmiú ceart agus cumhachtaí mar shealbhóir ar scaireanna de chuid na Cuideachta. |
3. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire nó an tAire Airgeadais, maidir le scaireanna de chuid na Cuideachta a bheidh ina sheilbh, cearta agus cumhachtaí uile sealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás an ceart nó an chumhacht sin a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trína aturnae. |
[EN] | (2) I ndáil le haon ní a bhaineann le feidhm nó freagracht de chuid an Aire Airgeadais, ní dhéanfaidh an tAire ceart nó cumhacht dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó dá dtagraítear sa Chomhaontú mar cheart nó mar chumhacht atá dílsithe don Aire a fheidhmiú go dtí go mbeidh comhairle glactha aige leis an Aire Airgeadais. | |
[EN] |
Scaireanna de chuid na Cuideachta a shealbhaíonn Aire a aistriú chun ainmní. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire nó an tAire Airgeadais scaireanna de chuid na Cuideachta a shealbhaíonn sé faoin Acht seo a aistriú chuig duine (dá ngairtear “an t-ainmní” san alt seo) a ainmneoidh sé, agus sealbhóidh an t-ainmní thar ceann an Aire sin scaireanna a aistríodh chuige. |
[EN] | (2) I gcás a ndéanfar scaireanna de chuid na Cuideachta a shealbhaíonn Aire Stáit faoin Acht seo a aistriú faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an t-ainmní na scaireanna de chuid na Cuideachta atá in ainm an ainmní a shealbhú ar iontaobhas don Aire sin agus, i ndáil le diúscairt na scaireanna sin agus le feidhmiú a cheart agus a chumhachtaí mar ainmní, gníomhóidh sé de réir cibé treoracha scríofa a thabharfaidh an tAire sin ó am go ham. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire, scaireanna de chuid na Cuideachta a shealbhóidh sé faoin Acht seo a dhíol, a aistriú nó a dhiúscairt ar dhóigh eile. | |
[EN] |
Airgead a sholátbar as an bPríomh-Chiste. |
5. —Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham chun scaireanna de chuid na Cuideachta a fháil faoin Acht seo agus de bhun an Chomhaontaithe. |
[EN] |
Díbhinní etc. a íoc isteach sa Státchiste. |
6. —Íocfar isteach sa Státchiste nó diúscrófar chun tairbhe don Státchiste na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais maidir le húinéireacht scaireanna de chuid na Cuideachta nó maidir le diúscairt scaireanna den sórt sin, cibé acu a shealbhaíonn sé féin na scaireanna nó a shealbhaíonn ainmní iad faoi alt 4 den Acht seo. |
[EN] |
Caiteachais an Aire. |
7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
8. —Féadfar an tAcht um Bula Limited (Scaireanna a Fháil), 1977, a ghairm den Acht seo. |