|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1977 | ||
[EN] |
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1977 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 GO 1973. [10 Bealtaine, 1977] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||
[EN] |
An líon gnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Chuarda agus an líon breithiúna sa Chúirt Dúiche. |
1. —(1) Naonúr ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt. | ||||||||||||
[EN] | (2) Aon déag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda. | |||||||||||||
[EN] | (3) Naonúr is tríocha ar a mhéid, i dteannta Uachtarán na Cúirte Dúiche, an líon breithiúna a bheidh sa Chúirt Dúiche. | |||||||||||||
[EN] |
Breithiúna den Chúirt Chuarda a shannadh do chuarda. |
2. —(1) (a) Beidh ceathrar breitheamh den Chúirt Chuarda buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath. | ||||||||||||
[EN] | (b) Beidh breitheamh amháin den Chúirt Chuarda buansannta do gach cuaird eile. | |||||||||||||
[EN] | (2) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a bheith ceaptha, déanfaidh an Rialtas é a bhuansannadh— | |||||||||||||
[EN] | (a) do Chuaird Bhaile Átha Cliath más rud é ar dháta an cheaptha gur lú ná ceathrar an líon breithiúna a bheidh buansannta don chuaird sin, nó | |||||||||||||
[EN] | (b) d'aon chuaird eile nach mbeidh ar dháta an cheaptha aon bhreitheamh buansannta di. | |||||||||||||
[EN] | (3) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a bheith ceaptha agus nach féidir é a bhuansannadh do chuaird áirithe ar é a cheapadh, féadfar, aon tráth dá éis sin, an breitheamh sin a bhuansannadh do chuaird ar bith le folúntas a líonadh do bhreitheamh a buansannadh don chuaird sin. | |||||||||||||
[EN] | (4) Aon bhreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh buansannta do chuaird áirithe féadfaidh an Rialtas, tráth ar bith, má thoilíonn an breitheamh leis ach ní fhéadfaidh ar aon slí eile, é a aistriú go dtí cuaird eile le folúntas a líonadh do bhreitheamh a buansannadh don chuaird eile sin agus ar an aistriú sin tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé buansannta don chuaird eile sin in ionad na cuarda chéadluaite. | |||||||||||||
[EN] | (5) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a bheith buansannta do chuaird, féadfaidh an Rialtas, ar iarratas ón mbreitheamh, más cuí leo é, deireadh a chur lena bhuansannadh don chuaird sin agus féadfaidh an Rialtas aon tráth dá éis sin an breitheamh a bhuansannadh do chuaird ar bith le folúntas a líonadh do bhreitheamh a buansannadh don chuaird sin. | |||||||||||||
[EN] | (6) Breitheamh den Chúirt Chuarda nach mbeidh de thuras na huaire buansannta do chuaird áirithe féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda é a shannadh go sealadach ó am go ham do chuaird ar bith. | |||||||||||||
[EN] | (7) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a bheith sannta go sealadach, faoi fho-alt (6) den alt seo, do chuaird, beidh ag an mbreitheamh sin, fad a bheidh sé sannta go sealadach amhlaidh, i ndáil leis an gcuaird sin agus i gcomhréim le haon bhreitheamh a bheidh buansannta don chuaird sin agus le haon bhreitheamh a bheidh sannta go sealadach, faoi alt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947 , arna fheidhmiú le halt 48 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , don chuaird sin, na pribhléidí agus na cumhachtaí go léir, agus beidh na dualgais go léir air, a bheidh, de thuras na huaire, bronnta nó forchurtha le dlí ar bhreitheamh a buansannadh don chuaird sin. | |||||||||||||
[EN] |
Iarmhartach. |
3. —(1) Cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (b) de mhír 2 (1) den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 : | ||||||||||||
[EN] | “(b) Más rud é, an tráth a cheapfar duine ina bhreitheamh dúiche, go mbeidh naonúr breitheamh dúiche ann nach bhfuil buansannta do dhúichí áirithe, déanfaidh an Rialtas an duine sin a bhuansannadh do dhúiche áirithe”. | |||||||||||||
[EN] | (2) Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) d'alt 14 (1) den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 : | |||||||||||||
[EN] | “(b) más rud é ar é a cheapadh amhlaidh gurb é Uachtarán na hArd-Chúirte é nó gur gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt é, ansin fad a shealbhóidh sé an oifig bhreithiúnach a shealbhaigh sé ar é a cheapadh amhlaidh— | |||||||||||||
[EN] | (i) is deichniúr ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt, agus | |||||||||||||
[EN] | (ii) déanfar an tagairt in alt 1 (1) d'Acht na gCúirteanna, 1977 , do naonúr a fhorléiriú mar thagairt do dheichniúr, agus”. | |||||||||||||
[EN] |
Aisghairm. |
4. —Aisghairtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 20 agus alt 28 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , ailt 2 (1) agus 4 d'Acht na gCúirteanna, 1964 , agus alt 1 (1) d'Acht na gCúirteanna, 1973 . | ||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
5. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1977 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1977, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1973, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin. | |||||||||||||
|