An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1977)

16 1977

AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1977

AN SCEIDEAL

An Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta

Alt 34(3).

1. Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha ina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh a fháil, a theachtadh, agus a dhiúscairt.

2. Is é comhdhéanamh na Gníomhaireachta cathaoirleach (dá ngairtear “an cathaoirleach” sa Sceideal seo) agus deich ngnáthchomhalta.

3. Féadfaidh an cathaoirleach éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh a éirí-as éifeacht ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

4. Féadfaidh an tAire tráth ar bith an cathaoirleach a chur as oifig.

5. I gcás a dtiocfaidh an cathaoirleach nó gnáthchomhalta den Ghníomhaireacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach nó ina ghnáthchomhalta den sórt sin ar é theacht i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí, suí sa Teach sin.

6. Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chathaoirleach nó ina ghnáthchomhalta den Ghníomhaireacht.

7. Ceapfaidh an tAire an cathaoirleach i gcáil lánaimsire nó pháirtaimsire agus sealbhóidh an cathaoirleach oifig go ceann cúig bliana ar a mhéid ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

8. Íocfar leis an gcathaoirleach, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus liúntais agus caiteachais a thabhaigh sé, a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

9.    Is mar seo do ghnáthchomhaltaí na Gníomhaireachta—

(a) comhaltaí oibrithe beirt díobh;

(b) comhaltaí fostóirí beirt eile díobh, agus

(c) is é an tAire a ainmneoidh an seisear eile, ar ionadaithe d'eagraíochtaí ban triúr díobh.

10. Is comhalta páirtaimsire gach gnáthchomhalta den Ghníomhaireacht agus, faoi réir an Sceidil seo, sealbhóidh sé oifig go ceann cúig bliana ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

11. Féadfar an cathaoirleach agus gnáthchomhalta den Ghníomhaireacht a rachaidh a dtéarma oifige in éag le himeacht aimsire a athcheapadh.

12. Féadfaidh an tAire gnáthchomhalta den Ghníomhaireacht a chur as oifig tráth ar bith.

13. Féadfaidh gnáthchomhalta den Ghníomhaireacht éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

14. Beidh comhalta den Ghníomhaireacht dícháilithe chun oifig a shealbhú, agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú, má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó chomhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát.

15. Íocfar le gach gnáthchomhalta den Ghníomhaireacht, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé caiteachais a cheadóidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

16. Ceapfaidh an tAire duine de ghnáthchomhaltaí na Gníomhaireachta le bheith ina leas-chathaoirleach ar an nGníomhaireacht agus é d'fheidhm aige gníomhú mar chathaoirleach nuair a bheidh an cathaoirleach as láthair.

17. I gcás a dtarlóidh corrfholúntas i measc na gcomhaltaí oibrithe, na gcomhaltaí fostóirí nó na gcomhaltaí eagraíochtaí ban den Ghníomhaireacht, iarrfaidh an tAire láithreach ar an eagraíocht a d'ainmnigh an comhalta sin cheana duine a ainmniú leis an bhfolúntas a líonadh agus ceapfaidh an tAire an duine a ainmneofar leis an bhfolúntas a líonadh.

18. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh a mheasfaidh sé is gá chun cabhrú leis an nGníomhaireacht chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Sealbhóidh na hoifigigh agus na seirbhísigh a cheapfar amhlaidh oifig ar cibé téarmaí, agus gheobhaidh siad cibé luach saothair, a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí.

19. (1) Tionólfaidh an Ghníomhaireacht cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh sí comhshocraíochtaí a dhéanamh chun a himeachtaí agus a gnó a rialáil.

(2) Féadfaidh socrú a bheith, le ceadú an Aire, sna comhshocraíochtaí sin le go ndéanfaidh coiste de chuid na Gníomhaireachta aon chuid d'fheidhmeanna na Gníomhaireachta a fheidhmiú faoi rialú ginearálta na Gníomhaireachta.

20. Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit chéad-chruinniú na Gníomhaireachta a shocrú nó a cheadú.

21. Cúig chomhalta is córam do chruinniú den Ghníomhaireacht.

22. Ag cruinniú den Ghníomhaireacht—

(a) is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) má bhíonn an cathaoirleach as láthair, nó má bhíonn oifig chathaoirleach na Gníomhaireachta folamh, gníomhóidh leas-chathaoirleach na Gníomhaireachta mar chathaoirleach,

(c) má bhíonn, agus fad a bheidh, an cathaoirleach as láthair, nó má bhíonn oifig chathaoirleach na Gníomhaireachta folamh agus nach mbeidh an leas-chathaoirleach i láthair nó go mbeidh oifig an leas-chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Ghníomhaireacht a bheidh i láthair duine dá líon le bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

23. Beidh vóta amháin ag an gcathaoirleach agus ag gach gnáthchomhalta den Ghníomhaireacht a bheidh i láthair ag cruinniú den Ghníomhaireacht.

24. Déanfar gach ceist ag cruinniú den Ghníomhaireacht a chinneadh le tromlach na vótaí a chaithfear ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

25. Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a comhaltaí.

26. Faoi réir an Sceidil seo, rialálfaidh an Ghníomhaireacht a nós imeachta agus a gnó.

27. (1) Soláthróidh an Ghníomhaireacht, a luaithe is féidir tar éis a bunaithe, séala di féin.

(2) Fíordheimhneofar séala na Gníomhaireachta le síniú chathaoirleach na Gníomhaireachta nó le síniú comhalta éigin eile den Ghníomhaireacht a bheidh údaraithe aici gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Ghníomhaireacht a bheidh údaraithe aici gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Gníomhaireachta agus glacfar i bhfianaise aon doiciméad a bheidh séalaithe leis an séala.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974

1974, Uimh. 15 .

An tAcht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936

1936, Uimh. 2 .

An tAcht Monarchan, 1955

1955, Uimh. 10 .

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1946

1946, Uimh. 26 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23 .

Acht na mBan Cabhartha, 1944

1944, Uimh. 10 .

An tAcht um Mianaigh agus Cairéil, 1965

1965, Uimh. 7 .

An tAcht um Aitribh Oifige, 1958

1958, Uimh. 3 .

Acht na Sicpaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938

1938, Uimh. 4 .

An tAcht um Dhífhostú Eagórach, 1977

1977, Uimh. 10 .