An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978) Ar Aghaidh (CUID II Corparáid an Chairde Talmhaíochta)

2 1978

AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

[1943, a. 3; 1961, a. 8.]

3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “talmhaíocht”—

(a) ainmhithe d'aon saghas (lena n-áirítear éin agus míngeacha) a phórú, a thógáil nó a choimeád,

(b) síolrú éisc,

(c) déiríocht,

(d) féaraíocht ainmhithe,

(e) foraoiseacht,

(f) aon táirge feirme a phróiseáil, a mhonarú, a ullmhú nó a chríochnú lena dhíol, agus

(g) aon táirge feirme a mhargú,

agus forléireofar “talmhaíochta” dá réir sin;

ciallaíonn “an Chorparáid” Corparáid an Chairde Talmhaíochta. Teoranta;

ciallaíonn “feirm” an talamh nó na foirgnimh nó an talamh agus na foirgnimh ar a mbíonn nó ina mbíonn an feirmeoir, a n-úsáidtear an focal ina leith, ag gabháil do ghné éigin den talmhaíocht;

ciallaíonn “feirmeoir” pearsa aonair a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht agus folaíonn sé—

(a) dhá phearsa aonair nó níos mó a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht i gcomhpháirt nó i gcoiteannas,

(b) ionadaí pearsanta éagaigh a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht chun leasa eastát an éagaigh,

(c) iontaobhaí socraíochta a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht chun leasa na ndaoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu faoin tsocraíocht,

(d) aon chomhlacht corpraithe a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht mar phríomhghnó, agus

(e) dhá chomhlacht chorpraithe nó níos mó a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht i gcomhpháirt nó i gcoiteannas mar phríomhghnó;

ciallaíonn “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “socraíocht” an gníomhas, an uacht nó an ionstraim eile. an dearbhú béil nó an forléiriú dlí, a bhfuil an t-iontaobhaí a n-úsáidtear an focal i ndáil leis ina iontaobhaí amhlaidh dá bhua;

tá le “stoc” an bhrí a shanntar le halt 23;

folaíonn “iontaobhaí” iontaobhaí faoi iontaobhas a bunaíodh ó bhéal agus, freisin, iontaobhaí trí fhorléiriú dlí.

(2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán dá éis sin.

An Príomh-Chiste.

[1961, a. 15.]

4. —Is as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis a íocfar an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

Airgead a íocfar leis an Aire a íoc isteach sa Státchiste.

5. —Déanfar airgead a íocfaidh an Chorparáid leis an Aire de bhun aon fhorála den Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire.

Caiteachais.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

7. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

(2) Na hionstraimí go léir a rinneadh faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo leanfaidh siad, má bhíonn siad i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, de bheith i bhfeidhm ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh iad.