An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID IIII Airnéis-Mhorgáistí)

2 1978

AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978

CUID II

Corparáid an Chairde Talmhaíochta

Meabhrán comhlachais.

[1961, a. 7: 1972, a. 2.]

8. —(1) Luafar cuspóirí na Corparáide ina meabhrán comhlachais ar shlí go mbeidh ar a príomhfheidhmeanna—

(a) (i) airgead a thabhairt ar iasacht agus ar airleacan, faoi réir forálacha an Achta seo,

(ii) scaireanna, stoic, bintiúir, stoic bhintiúir agus urrúis eile de chuid aon chomhlachta chorpraithe a fháil, a fhrithgheallúint, a shealbhú agus a dhíol agus déileáil leo ar shlite eile,

(iii) billí malairte, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a tharraingt, a ghlacadh, a fhormhuiniú, a lascainiú agus a cheannach agus déileáil leo ar shlite eile,

(iv) cibé saoráidí creidmheasa eile is oiriúnach léi a chur ar fáil (lena n-áirítear ráthaíochtaí a thabhairt d'aon duine i ndáil le híoc airgid, agus úis ar an airgead, nó i ndáil le haisíoc airgid a d'íoc an duine sin ar scór iasachtaí, airleacan nó saoráidí creidmheasa eile a thug an duine sin agus i ndáil le híoc úis ar an airgead sin),

(v) gabháil do shaoráidí fruilcheannaigh agus do shaoráidí léasa a chur ar fáil agus stoc a fháil, a dhiúscairt agus déileáil leis ar shlí eile chun na críche sin, agus

(vi) socrú a dhéanamh chun saoráidí creidmheasa a chur ar fáil d'aon duine ag aon duine eile (agus gníomhú mar ghníomhaire d'aon duine i ndáil le hairgead a íoc, a bhailiú agus a ghlacadh maidir leis na saoráidí sin),

chun aon chríche arb é tuairim na Corparáide go ndéanfaidh sí nó gur dóigh go ndéanfaidh sí, go díreach nó go neamhdhíreach, táirgiúlacht talmhaíochta, gairneoireachta nó iascach a mhéadú nó leas ar shlí eile do thalmhaíocht, do ghairneoireacht nó d'iascaigh, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an gCorparáid, agus

(b) taiscí airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a ghlacadh ó aon bhunadh ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gCorparáid agus taiscí airgid a ghlacadh chun iad a shlánchoimeád agus a bhainistí agus, a mhéid is dleathach sin, iontaobhais a fheidhmiú i ndáil leis na hurrúis.

(2) Chun críocha an ailt seo, aon airgead a ghlac an Chorparáid ar taisce in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit don airgead a glacadh iar bhír, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na dtaiscí a ghlacadh.

(3) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ná srian leis na cuspóirí agus na cumhachtaí sin go léir a áireamh ar chuspóirí na Corparáide, mar atá sin ina meabhrán comhlachais, is gá le réasún nó is cuí le haghaidh na bpríomhfheidhmeanna réamhráite a chomhlíonadh go cuí agus atá teagmhasach nó cumhalda leis an gcomhlíonadh sin agus nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo.

Páirt a ghlacadh i dtionscadail talmhaíochta.

[1961, a. 8.]

9. —Féadfaidh an Chorparáid gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) aon scéim nó tionscadal a fhothú, a thionscnamh, a bhainistí nó a mhaoirsiú nó bheith ag gabháil dó nó bheith páirteach ann, is scéim nó tionscadal arb é tuairim na Corparáide go ndéanfaidh sé, nó gur dóigh go ndéanfaidh sé, go díreach nó go neamhdhíreach, táirgiúlacht talmhaíochta, gairneoireacht nó iascach a mhéadú nó leas ar shlí eile do thalmhaíocht, do ghairneoireacht nó d'iascaigh,

(b) foireann chléireachais, theicníochta agus bhainistí le haghaidh scéimeanna agus tionscadail dá dtagraítear i mír (a) a cheapadh agus luach saothair a íoc leo agus cúnamh agus comhairle a thabhairt i ndáil le ceapadh na foirne sin,

(c) an t-airgead go léir nó cuid den airgead is gá le haghaidh aon scéime nó tionscadail dá dtagraítear i mír (a) a sholáthar,

(d) comhaontú le fothaitheoirí nó le tionsonóirí aon scéime nó tionscadail dá dtagraítear i mír (a) an caillteanas go léir nó cuid d'aon chaillteanas a thabhaigh siad i ndáil leis an scéim sin nó leis an tionscadal sin a íoc agus a ghlanadh,

(e) comhlachtaí corpraithe a fhoirmiú nó páirt a ghlacadh i bhfoirmiú comhlachtaí corpraithe chun scéimeanna nó tionscadail dá dtagraítear i mír (a) a fhothú, a thionscnamh, a bhainistí nó a mhaoirsiú, nó bheith ag gabháil dóibh nó bheith páirteach iontu agus chun caipiteal, nó an chuid sin is oiriúnach léi de chaipiteal, aon chomhlachtaí corpraithe den sórt sin a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt,

(f) faoi réir forálacha Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971, caipiteal, nó an chuid sin is oiriúnach léi de chaipiteal, aon chomhlachta chorpraithe a bheidh ag fothú, ag tionscnamh, ag bainistí nó ag maoirsiú scéimeanna nó tionscadail dá dtagraítear i mír (a), nó ag gabháil do scéimeanna nó do thionscadail nó a bheidh páirteach i scéimeanna nó i dtionscadail den sórt sin a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, agus

(g) cabhrú le comhlachtaí corpraithe dá dtagraítear i mír (e) a fhoirmiú, a thionscnamh, a bhunú, a athchóiriú nó a atheagrú, agus sin a urasú, in aon slí is cuí léi.

Stiúrthóirí.

[cf. 1961, a. 10.]

10. —(1) Ní lú ná triúr ná ní mó ná seachtar líon stiúrthóirí na Corparáide (agus an cathaoirleach a áireamh).

(2) Más rud é, an tráth a bheidh ceaptha le hairteagail chomhlachais na Corparáide chun na stiúrthóirí a cheapadh, go sealbhóidh an tAire méid nach lú ná leath chaipiteal eisithe na Corparáide de réir luacha ainmniúil, beidh sé i dteideal tromlach (is é sin an tromlach is lú in aon chás áirithe) na stiúrthóirí a ainmniú.

(3) Cinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí ó am go ham luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile.

Scairchaipiteal.

[cf. 1947, a. 10; 1961, a. 6; 1969, a. 2.]

11. —(1) £20,000,000 arna roinnt ina scaireanna £1 an ceann scairchaipiteal na Corparáide.

(2) Féadfar scaireanna a leithroinnt ar an Aire agus a eisiúint chuige agus féadfaidh an tAire scaireanna a thógáil.

(3) Féadfar, le ceadú an Aire, scaireanna a leithroinnt ar dhaoine eile agus a eisiúint chucu.

(4) Féadfaidh an tAire scaireanna de chuid na Corparáide a cheannach agus a dhíol.

(5) Féadfaidh an tAire, maidir le haon scaireanna a bheidh ina sheilbh, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trí aturnae.

(6) Féadfaidh an tAire, chun an oiread sin d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , a chomhlíonadh a cheanglaíonn go mbeidh seacht gcomhalta ar a laghad ar an gCorparáid i gcónaí, nó chun aon cháilíocht is gá de réir na n-airteagal comhlachais a thabhairt do dhuine atá ceaptha nó le ceapadh ina stiúrthóir, ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:

(a) scair amháin a bheidh i seilbh an Aire de thuras na huaire a aistriú chuig aon duine,

(b) a cheangal ar aon chomhalta den Chorparáid aon scair den sórt sin a bheidh ina sheilbh a aistriú chuig an Aire nó chuig aon duine eile a ainmneoidh an tAire chuige sin.

(7) Déanfaidh gach comhalta (seachas an tAire) den Chorparáid nó ionadaí pearsanta an chomhalta sin aon scaireanna a bheidh aistrithe chuige faoi fho-alt (6) a shealbhú ar iontaobhas don Aire agus beidh sé faoi cheangal dá réir sin gach díbhinn, bónas agus airgead eile a gheobhaidh an comhalta sin ar na scaireanna sin nó ina leith a íoc leis an Aire chun tairbhe don Státchiste agus na scaireanna sin a aistriú, de réir mar a cheanglóidh, agus nuar a cheanglóidh, an tAire air é, chuig an Aire nó chuig duine arna ainmniú chuige sin ag an Aire.

(8) Déanfar gach díbhinn, bónas agus airgead eile a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna a shealbhaíonn sé nó a shealbhaítear ar iontaobhas dó a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste ar cibé dóigh a ordóidh an tAire.

Iasacht a fháil.

[cf. 1961, a. 3; 1972, a. 3, 7.]

12. —(1) Faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh an Chorparáid airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a chruinniú nó a fháil ar iasacht ar aon mhodh is oiriúnach léi ach ní rachaidh an méid airgid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe thar £350,000,000.

(2) Chun críche an ailt seo, aon airgead a chruinnigh an Chorparáid nó a fuair sí ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit don airgead iarbhír a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth an airgid a chruinniú nó a fháil ar iasacht.

(3) I gcás a gcruinneofar airgead nó a bhfaighfear airgead ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, féadfaidh an tAire—

(a) a ghabháil air féin, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-íocfaidh sé as aon chaillteanas a eascróidh as athrú ar an ráta iomlaoide a mhéadódh an costas, in airgead reatha an Stáit, a bhainfeadh le príomh shuim aon airgid a chruinnigh an Chorparáid nó a fuair sí ar iasacht a aisíoc nó le hús ar an airgead sin a íoc, nó

(b) aon ghnóchan a ghlacadh a fhaibhreoidh as athrú ar an ráta iomlaoide agus a laghdódh an costas, in airgead reatha an Stáit, a bhainfeadh leis an bpríomhshuim sin a aisíoc nó leis an ús sin a íoc.

(4) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe maidir le heisiúint nó aistriú aon bhannaí nó urrús eile a eiseoidh an Chorparáid de bhun a cumhachtaí faoin alt seo airgead a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht faoin alt seo a urrú.

(5) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide dréachtaithe ar dhóigh go mbeidh údarás ag an gCorparáid airgead a fháil ar iasacht ar urrús bannaí, bintiúir nó stoc bintiúir a bheidh eisithe aici de réir ghnáthchleachtais cuideachtaí teoranta.

Airleacain ag an Aire.

[1961, a. 11.]

13. —(1) Féadfaidh an tAire airleacain a thabhairt don Chorparáid.

(2) Tabharfar airleacain faoin alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire.

Iasachtaí a ráthú.

[1961, a. 5; 1972, a. 4.]

14. —(1) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Chorparáid go cuí príomhshuim aon airgid a chruinneoidh an Chorparáid nó a gheobhaidh sí ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfaidh an Chorparáid caiteachais theagmhasacha a bhainfidh leis an airgead a fháil ar iasacht a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú i slí gur mó ná £350,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta an méid (más aon mhéid é) príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh íoctha ag an gCorparáid leis an Aire.

(3) I gcás ráthaíocht faoin alt seo a thabhairt nó a bheith tugtha, déanfaidh an Chorparáid, má iarrann an tAire é, cibé urrús a thabhairt don Aire a shonróidh sé chun a áirithiú dó go n-aisíocfar leis aon airgead a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht.

(4) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a inseoidh maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh tráth ar bith roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi bhrí na ráthaíochta agus a bhí gan íoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Déanfaidh an Chorparáid airgead a bheidh íoctha ag an Aire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (agus, ina theannta sin, má iarrann an tAire é, ús air de réir cibé ráta nó rátaí a shonróidh an tAire) laistigh de dhá bhliain ó dháta a íoctha ag an Aire.

(6) I gcás a mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (5) a aisíoc leis an Aire gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(7) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (6) chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chorparáid de bheith faoi dhliteanas don Aire i leith an méid sin agus aisíocfaidh an Chorparáid an méid sin (mar aon le hús air, má éilíonn an tAire é, de réir cibé ráta nó rátaí a shonróidh an tAire) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a shonróidh an tAire agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) I ndáil le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) glacfar le gach tagairt do phríomhshuim i bhfo-ailt (2) agus (4) mar thagairt don méid in airgead reatha an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt,

(b) glacfar leis an tagairt d'airgead i bhfo-alt (5) gur tagairt í don méid arb é, in airgead reatha an Stáit, costas an airgid iarbhír a íocadh é.

Ráthaíocht i gcoinne caillteanas.

[1961, a. 4.]

15. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh sé, go n-aisíocfar go cuí leis an gCorparáid príomhshuim aon airgid a bheidh íoctha ag an gCorparáid ar scór iasachtaí, airleacan, ráthaíochtaí le daoine i ndáil le híoc airgid ag daoine eile nó i ndáil le saoráidí eile creidmheasa (lena n-áirítear saoráidí fruilcheannaigh) a thabharfaidh, a sholáthróidh nó a shocróidh an Chorparáid nó a rachaidh sí faoi aon cheanglais ina leith nó go n-íocfar ús ar an bpríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús, agus

(b) an Chorparáid a chúiteamh, ar scór ráthaíochta faoin alt seo, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh sé maidir le haon chaillteanais a thabhóidh an Chorparáid i ndáil leis na hiasachtaí, leis na hairleacain, leis na ráthaíochtaí nó leis na saoráidí eile creidmheasa sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) a fheidhmiú i slí gur mó ná £10,000,000 an méid nó an méid comhiomlán príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(3) Déanfar airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) I gcás a ndéanfaidh an Chorparáid an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a bheidh íoctha ag an Aire ar scór ráthaíochta faoin alt seo a ghnóthú dá éis sin aisíocfaidh an Chorparáid leis an Aire an méid a gnóthaíodh.

Cuntais.

[1947, a. 19; 1969, a. 5.]

16. —(1) Coimeádfaidh an Chorparáid, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair sí nó a chaith sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe agus, go háirithe, na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Chorparáid cuntais a bheidh á gcoimeád faoin alt seo faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair, den chlár comhardaithe agus d'aon chuntais eile a bheidh á gcoimeád de bhun ordú ón Aire agus de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Tabharfaidh an Chorparáid don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh sé ó am ga ham i dtaobh comhlíonadh a dualgas aici.

(4) Ní dhéanfaidh an Chorparáid, ná ní cheanglófar ar an gCorparáid, aon fhaisnéis a thabhairt faoi fho-alt (3) a nochtfadh gnóthaí aon taisceora nó iasachtaí áirithe nó aon duine a d'iarr iasacht nó a bheidh ag iarraidh iasachta.

Comhaltas den Oireachtas.

[cf. 1965, a. 10.]

17. —(1) I gcás a ndéanfar stiúrthóir ar an gCorparáid a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, scoirfidh sé de bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid ar é do ghlacadh le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ar é a ainmniú don toghchán sin (cibé acu é).

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, chun bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid.

(3) I gcás a ndéanfar duine is fostaí don Corparáid a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé, ar é do ghlacadh le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ar é a ainmniú don toghohán sin (cibé acu é), ar iasacht ó fhostaíocht ag an gCorparáid agus ní íocfaidh an Chorparáid leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCorparáid, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an dáta a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth an ainmnithe sin agus dar críoch an tráth a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir nó a chinnfidh toghchán air nó a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin, cibé acu é.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina fhostaí don Chorparáid.

Foireann a cheapadh.

[cf. 1947, a. 55.]

18. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar ceapacháin chun poist í seirbhís na Corparáide de réir cibé comhshocraíochtaí a áiritheoidh gur daoine oiriúnacha cáilithe a cheapfar a chinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, agus beidh sna comhshocraíochtaí sin foráil go dtabharfar d'iarrthóirí oiriúnacha cáilithe a mbeidh caighdeán eolais acu ar an nGaeilge nach 1ú ná an caighdeán a chinnfidh na stiúrthóirí creidiúint i leith an eolais sin.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1)—

(a) le ceapacháin a dhéanfar i ngnáthchúrsa ardaithe céime, ná

(b) le ceapadh breacfhostaithe, ná

(c) le ceapadh oibrithe tionscail, ná

(d) le fostú daoine chun íosdualgais a dhéanamh.

Luach saothair an phríomh-oifigigh.

[1975, a. 4.]

19. —Íocfaidh an Chorparáid lena príomh-oifigeach cibé luach saothair agus cibé liúntais a chinnfidh an Chorparáid le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntas na foirne.

[Nua]

20. —Ní ghlacfaidh aon athrú éifeacht a dhéanfar ar na téarmaí a beidh i ngníomh ar dháta thosach feidhme an Achta seo, is téarmaí a dhéanann rialú ar phinsin, aiscí, liúntais nó íocaíochtaí eile a dheonú do chomhalta de bhuanfhoireann na Corparáide, lena n-áirítear a príomh-oifigeach, nó ina leith sin, ar é d'éirí as oifig, do scor as oifig nó d'fháil bháis, ná ní ghlacfaidh aon chomhshocraíocht eile, chun sochair de bhreis ar na téarmaí dá dtagraítear thuas a chur ar fáil, éifeacht mura mbeidh toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí leis an athrú nó leis an gcomhshocraíocht sin.

Fianaise ar fhiach atá dlite don Chorparáid.

[1947, a. 53; 1965, a. 8.]

21. —In aon imeachtaí chun an Chorparáid do ghnóthú aon airgid a bheidh dlite don Chorparáid, beidh deimhniú a airbheartóidh a bheith séalaithe le séala na Corparáide á rá go raibh suim shonraithe airgid dlite ar dháta an deimhnithe don Chorparáid de dhuine sonraithe ina fhianaise, aon tráth laistigh de mhí tar éis dáta an deimhnithe agus gan cruthúnas ar shéala na Corparáide ná ar a ghreamú go cuí den deimhniú, go bhfuil an tsuim atá sonraithe sa deimhniú dlite, agus go leanann sí de bheith dlite, don Chorparáid den duine agus ar an gcuntas nó ar na cuntais a shonraítear sa deimhniú.

Athrú ar mheabhrán agus airteagail chomhlachais.

[cf. 1961, a. 14; 1975, a. 6.]

22. —Is dleathach don Chorparáid cibé athruithe is gá a dhéanamh ar a meabrán nó a hairteagail chomhlachais lena gcur ar comhréir leis an Acht seo agus is i cibé foirm a cheadóidh an tAire a dhéanfar na hathruithe sin.